Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dínáire
gan náire; gan a bheith náireach; míchuibhiúlacht, treallús thar mar is cuibhiúil do dhuine.
+
An bhfaca tú dínáire ariamh go dtí í
Ní raibh tada den dínáire seo fadó ann. Dhá bhfeictí cailín óg ag leadrán ar bhóithrí san oíche an uair sin, mura mbeadh a gnaithe ann, dheamhan brat pósta a ghabhfadh go deo uirthi. Is orthu sin atá cantáil anois
TUILLEADH (2) ▼
Seo é saol na dínáire ar chuma ar bith! Chonaic mé cluiche gearrchailí óga dhá n-únfairt féin thíos ar an trá ansin thíos an lá faoi dheireadh, agus gan folach orthu ach an oiread leis an oíche ar rugadh iad
Cár fhága tú an dínáire? Dar fia, d'iarrfadh sí siúd airgead ar an bPápa dhá gcastaí ina bealach é

Féach freisin

dí-