Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

deir tú (50+)

 
Airíonn an giorria sin nach bhfuil aon chú agamsa. Deirimse leat dhá mbeadh go mbeadh sé faiteach thairis sin. Agus deir tú liom go raibh sé amuigh i nGarraí na hIothlann. Sách gar do na tithe a mhaisce. Gabhfaidh scaoll ansin gan mórán achair muis má mhairimse.
 
Téirigh ag an dochtúr leis an taobh sin agat faitíos na timpiste. Deir tú go bhfuil an phian ag smearadh amach. Sin dea-chosúlacht. Deir siad má smearann an phian gur comhartha é nach bhfuil aon easna briste. Ach ní bheadh a fhios agat. Is fhearr a dhul roimhe in am
 
Deir tú nach bhfuil do dhíol leasaithe agat. M'anam go bhfuil tharasbarr tharamsa agat
 
focal
Deir tú leis an lá faoi dheireadh a thosaigh ag tabhairt cor na bhfocal don mháistir. Nach mór an éisteacht a bhí ag an máistir leis nár thosaigh dhá ghreasáil. Dheamhan greasáil muis. 'Sé an chaoi ar thosaigh sé ag gáirí
 
Framsóg mná a fuair sé. Ach deir tú léithe ar chuma ar bith a chuaigh i gcois dhá leith ar an gcapall! A dhiabhail nach í an marcach í!
 
Deir tú nach ea. Fágaim le m'ais gurb ea muis — sea go dearfa
 
Ón gcosúlacht a chuir sé air fhéin, deir tú leat fhéin go ndéanfadh sé cat is dá rioball, ach ba gearr le dhul é ina dhiaidh sin, nuair a féachadh amach é.
+
baile
Diabhal an féidir go ndearna Seán cleas chomh tútach sin! Anois céard deir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
TUILLEADH (1) ▼
Deir tú leis atá ag iarraidh fanacht sa mbaile ar fad anois (.i. ón scoil)
+
Deir tú léithe a bhí i mbéal an bhealaigh romham le tosaí ag sciolladóireacht orm.
TUILLEADH (1) ▼
Deir tú leis nach bhfaca dhom i mbealach ná i ndearmad, ón lá ar rug mé air ag bleán mo chuid beathach.
 
beo 1
Ní raibh firnéad an bhéil bheo acub, ó dhuine liath go leanbh, nach raibh amuigh in mo dhiaidh. Deir tú gurb ait a chruthaigh mé agus na haobha a thabhairt uathub chor ar bith.
 
binse
Bliain a raibh mé ag baint thoir ar phortaigh bharr na gC., deir tú le nead easóige a fuair mé sa mbinse. M'anam péin go bhfuair! Ach ba portaigh tirime iad.
 
biorach 2
Deir tú leis an suc de lao sin nach leagfadh smut ar aon deoir bhainne ó cuireadh an bhiorach air. Ach ólfa sé ar ball é, feicfidh tú fhéin air, nuair a theannfas an t-ocras leis.
 
breá
Deir tú go mba cheart dom iad a bheith curtha agam. Is breá é do scéal.
 
Deir tú leis a thosaigh ag broimseálacht os comhair an tí!
 
Deir tú léithe a bhí buailte orm sa gcruinniú, ach dheamhan a cos a d'aithin dhíom théise sin. Is deacair a rá nach bhfuil sí sin caoch.
 
Deir tú leis an seanfhear a buaileadh síos oíche an chleamhnais go míthráthúil. Cailleadh é seachtain ina dhiaidh sin agus b'éigean an pósadh a chur siar go ceann míosa.
+
buille
Deir tú leis a thairg buille a bhualadh orm.
TUILLEADH (1) ▼
Deir tú leis nár chorraigh go raibh sé ar bhuille an chloig, agus sách drogallach a bhí sé ag gabháil amach an uair sin fhéin.
 
Deir tú leis an mbuinneán de choca a rinne mé inné a d'iontaigh.
 
amuigh
Deir tú leis adúirt liom go dtabharfadh sé go dtí Lá Samhna dhom lena bhfuil amuigh orm aige a íoc.
 
Máire: Cailleadh Seán Mór ar maidin.; Bríd: Cér deir tú! I bhfad uainn an anachain is an urchóid!
 
Deir tusa nach bhfuil fataí in áit ar bith chomh maith agus atá in do bhaile fhéin. Sin í fianaise ghiolla bhréige ar a bhean. Ar ith tú aon fhata dhá bhfuil anoir anseo
+
Deir tú nach gcuirfeadh púdar an leic sin thoir in aer. Cheapfainnse go gcuirfeadh. Tá dromán folláin aici. Nach bhfuil sí ina clár reatha ar fad? Níl sí siúnáilte chor ar bith. Ní féidir púdar a chur in aghaidh siúnta i leic. Dhá gcuirfeá, ní bhainfeadh sé di ach screamhóigín
TUILLEADH (1) ▼
An té atá ag ceannacht uibheachaí, is minic a gheobhas sé cuid nach mbeidh folláin. Ní móide go gcreidfeá mé faoi seo, ach an t-am a raibh mé i Sasana fuair mé ubh le mo bhéilí lá ann, agus nuair a bhris mé í, deir tú leis an éan a léim agam (chugam) amach!
 
Deir tú leis an gcailín a d'imigh uaim. Tá mé in mo bhambairne ceart na laethantaí seo. Níorbh fhiú trumpa gan teanga í, agus ina dhiaidh sin féin, b'fhearr ann ná as í. Ní airítear foscadh na toime nó go mbaintear í, adeir siad
 
Deir tú leo inniu a raibh an soipín feamainn lofa sin fostaithe acu, agus tórainneachaí déanta inti, le faitíos a dtógfadh aon duine eile í
 
fraigh
An bhfeiceann tú an chloich mhóir sin thoir a bhfuil fraigh eibhinn uirthi? Deir siad go raibh teach nó bothán eicínt ag sagart fúithi sin sa drochshaol
 
Deir tú leis (an sagart) a d'fhuagair inniu go raibh deich míle fhichead punt d'fhiacha ar an séipéal. 'Caithfidh chuile cheann tí sa bpobal deich bpunt a chur ann,' adeir sé. 'Agus tabharfaidh sin anois cnáimh le crinneadh dhaoibh'
 
fuaim
Chomh luath agus adúirt an seanfhear an chaint sin, bhí a fhios agamsa nach dtabharfadh sé an talamh ar cíos aríst do na 'C Thuathalánaigh. 'B'fhearr dhuit a thabhairt domhsa,' arsa mise ar an bpointe. Agus thug. Éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac. Deir siad ariamh é
 
fóin
Tuige nár chaith tú chuige na cupla pínn féin. Deir siad go bhfónfadh rud ar bith d'fhear nochtaithe
 
ionadh
Deir tú leis nár tháinig a dhath ionadh air nuair a chuala sé an scéal
 
feadh
Deir tú le Francach a chonaic mé an lá cheana ag siúl siar ar feadh chíor an tí. M'anam gur shiúil go binn
 
fia
Ar ith tú fiafheoil ariamh? … Deir siad go bhfuil sí an-bhlasta
 
fill
Deir tú go mbeidh tú ag filliúint chun an bhaile mhóir amárach faoina bheith slán duit, agus dúinn thrína chéile
 
M'anam muise go bhfuair tú amach an ceann a chuireas é fhéin thar a fhulaing. Mise a bhí faoin mbara inné in éindí leis. Dheamhan dhá mhéaróig uirthi againn. Deir tú leis ina dhiaidh sin a chuireadh suas ar a cheathrú chuile uair í le athghreim a bhreith. Sin é atá airdeallach air fhéin!
 
Deir tú leis an mbaile s'againne a raibh bogfhuarlaigh ann inné, agus gan deoir ar bith agaibhse. Nach leatromach a chaith sí í!
 
feire
Deir tú le céard a bhí sé a iarraidh? Deil. Theastaigh uaidh feire a thógáil ar thobán. Is fada ón stuaim an stocaireacht, adeirim féin: a theacht ag iarraidh deil anseo. ’Ar ndóigh ní deil a thógfas duit é ar aon chor
+
Má thugann tú fiacail leat as do dhrad, nó má thiteann fiacail asat, deir siad gur ceart salann a chur inti, a cur isteach i smeachóid, agus a caitheamh siar thar chúl do chinn in ainm an Athar, an Mhic agus an Sprid Naomh (ach 'nár imí uainn ach thú,' nó 'brú agus ding ort' adeir daoine eile. Coinníonn cuid de na daoine fiacla a thitfeadh mar sin. Cuireann siad i dtaisce iad, agus deir siad go mba cheart a gcur i gcónra le duine, ach ní fhaca mé dhá dhéanamh ariamh é)
TUILLEADH (1) ▼
Tá tusa dall. Deir tú gur fiacla ballach atá aici. M'anam más ea muis gur drad Gaillmheach é
 
Tá fuarchruit ar an duine bocht ó bhuail an rud sin é. Deir an dochtúr gur fabhtach atá cnáimh an droma agus go bhfuil sé ag liocadh isteach. Céard a dhéanfadh é sin? Eiteann meas tú? … Is gearr a mhairfeas sé agus an deis siúd air
 
fuacht
Breá nach gcuireann tú do bháscóta ort fhéin faoin mbáinín agus ní bheifeá ag eitealla mar sin le fuacht. Deir siad gurb é fuacht na slinneáin a bhreacas na loirgní
 
Deir tú go raibh sé an-mheirbh inniu. Bhí fuarú breá gaoithe ar an bhfarraige. Sin é an áit nach mbainfeadh na cleabhair leat ar chaoi ar bith.
+
abair
Deir tú leis a d'imigh abhaile inniu what do you think of him going home today! (Rud mar sin a bhíos i mBéarla na hÉireann)
TUILLEADH (5) ▼
Deir tú léithe nach bpósfadh é! Nár fhaighe sí níos fhearr é muis!
Deir tú le A. atá ar meath ó mhaidin, agus láithreachán móna ansiúd thuas aige agus í gan tógáil as a scaradh fós i mbliana!
Deir tú liom ar chinn sé dubh is dubh orm aon feaig a fháil istigh ar shlata an bhaile sin inniu! Tá mé scrúdta!
Deir tú leis an gcuain a cailleadh, adeir sí. Shílfeá nach ligfeadh an náire dhi é sin a rá, lá is gur lig sí chun báis le amhgar í
Deir tú leis a bhí ar an bportach inniu roimh lá. A Dhia dhá tharrtháil muis! Is cor sa saol é sin