Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deireanach
/d′erɴəx/, /d′erəɴəx/
aidiacht
1.
 ar deireadh; deireadh; lastly.
a.
+
Céard a rinne tú leis an leabhar dheireanach a bhí agat? — an ceann deiridh; an ceann a bhí agat faoi dheireadh. I leaganachaí den tsórt seo, níl aon idirdhealú ag deireadh agus deireanach le chéile, cé gur minice deireadh le ainmfhocal measaim ná deireanach. Ach bíonn áiteacha nach n-abrófaí deiridh le ainmfhocal .i. an ceann deireanach den lá, an baile deireanach srl.
Sin é an béilí deireanach seanfhataí i mbliana. Tá siad ídithe anois
TUILLEADH (11) ▼
Bainfidh muid an béilí deireanach as an iasc inniu. Ba mhór an seasamh aige é
Tá an fata deireanach ite agat, má bheirim ort istigh ansin aríst
Cáid ó d'ól tú an ghloine dheireanach phoitín?
An píopa deireanach a bhí agam, chaill mé é
An scian dheireanach a chuaigh síos ann, níor chuir siad abhaile fós í
Seo é an mallach deireanach den fheamainn anois
Tá an fód deireanach dhá chuid móna caite
Tiocfaidh an ceann deireanach den lá fliuch (fc. ceann)
Tá sé in am ag an gceann deireanach a bheith ar fáil feasta (litir, bó, gluaisteáin, daoine srl.)
Seo í an litir dheireanach (an litir a tháinig scaitheamh ó shin; nó, an ceann nach dtiocfaidh litir ar bith eile ina dhiaidh, late: last)
Ar an dá luath is ar dhúirt sé an focal deireanach amach leis
+
Níl an rud sin le feiceáil ar na saoltaí deireanacha seo chor ar bith — le gairid
Cogadh ar fad an domhan ar na saolta deireanacha seo
TUILLEADH (5) ▼
Níl tada le fáil ar na saoltaí deireanacha seo ach dalladh báistí. Maidir le tada eile, níl sé ann
Sílim go bhfuil neart feaigs le fáil aríst ar na saoltaí deireanacha. Bhí an áit an-bhuailte ina dtaobh tá mí ó shin
Lig sé faoi go mór ar na saolta deireanacha seo. Chonaic mise é sin, agus ba deacair mí-aighneas a chur air. Ba é an drochmhac é!
Meas tú cár thug sé a aghaidh? Ní chloisfeá scéal ná scuan faoi ar na saolta deireanacha seo, hé brí cár chroch sé a sheolta
Níl trácht ag aon duine ar boxty ar na saoltaí deireanacha seo, théis nach mbíodh seamsán ar bith ann fadó ach é. Ba bhreá é freisin le bolg duine a líonadh
+
Chonaic mé é an lá deireanach — an lá faoi dheireadh (fc. deireadh)
Dúirt mise leis an lá deireanach gan mé a thaobhachtáil níos mó agus ní fhaca mé ó shin é
TUILLEADH (1) ▼
Ab in é an rud a bhí sé ag iarraidh an lá deireanach? Muise nár ba é amháin dó le caoi a bheith air!
b.
+
Cén uair a bhí sé anseo go deireanach? — an uair dheiridh a raibh sé anseo (cén uair a bhí sé anseo deireanach? — when was he here late)
An lá a raibh mé istigh go deireanach faoi, ní bhfuair mé sásamh ar bith
TUILLEADH (8) ▼
Cáid ó casadh dhuit go deireanach é
Ní fhaca mé é ón lá a raibh mé i nGaillimh go deireanach
Nuair a bhí slaghdán orm go deireanach, tháinig sé anuas anseo ag breathnú orm agus a bhuidéal fuisce aige
Cén áit i Sasana a raibh tú go deireanach? … an raibh páí mhaith ansin?
Cén teach ar an mbaile seo a raibh an sagart go deireanach ann? … Tá dhá bhliain eile air mar sin shula bheas sé againne
Iníon le P. Ph. as R. a bhí aige an chéad uair. Cén bhean a bhí pósta aige go deireanach?
Ara nach mbíonn sé ar an tsiúite sin i gcónaí. Cé leis a raibh sé ag troid go deireanach? … An-ghiota de bhuachaill a mh'anam
Ní raibh mé ar an bportach go deireanach le coicís ó inné. Agus níor thug mé liom ach bord na cruibeach. Déarfá nach bhfuil muid ag ídiú mórán móna
2.
mall; fada amach; late.
a.
+
Tá sé deireanach — mall sa ló
Is deireanaí ag teacht inniu é ná inné
TUILLEADH (20) ▼
Ar fhan sé deireanach aréir?
Bhí sé buille deireanach sa maidin nó go dtáinig sé
Níl gnaithe ar bith aige sin a dhul ar cuairt. Fuiríonn sé ródheireanach
Tá sé deireanach anois le crainnte a chur
Nach deireanach a fhanann sé sa ngarraí!
Chonaic mé ag teacht anoir deireanach é. Meas tú an raibh sé i nG. — leis an gcomhthráth; le titim na hoíche
Tá an bus deireanach inniu
Tá an cíos deireanach le seachtain — tá an lá cairde caite le seachtain
Beidh an t-airgead sin deireanach ó inniu amach
Tá na rates deireanach le coicís. Tá sé thar am a n-íoc
Beidh an Carghas an-deireanach i mbliana — amach i bhfad
Ná bí deireanach anois leis an móin — teara in am léithe
Ní rud duit a bheith deireanach leis an airgead sin dhá íoc. Fear maith a bhéarfadh duit é
Ná fág deireanach é. Déan é in am
Bíonn an fear deireanach ar deireadh i gcónaí — ní éiríonn mórán de rud ar bith a bhíos ag imeacht leis
Beidh tú deireanach mura gcuire tú bealadh faoi t'ioscadaí
Tá sé an-deireanach san oíche
Bhí sé dubhdheireanach sa mbliain lena gcur
Ba mhaith deireanach inné — théis an seacht a chlog go hard — nuair a chuaigh sé siar
Cén t-am é? … Nach maith deireanach é!
+
Is maith deireanach a lig sé air féin é agus gan corraí go dtí anois
Más libh imeacht anocht, ná ligidh ródheireanach oraibh féin é
TUILLEADH (2) ▼
Is diabhlaí deireanach a ligeas sé air féin i gcónaí é
Nach deireanach a lig tú ort féin é?
+
Tá sé deireanach agam imeacht anois ó tharla nár imigh mé ó mhaidin
Tá sé deireanach agat anois a bheith dhá rá — rómhall
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé an-deireanach agat a dhul amach anois
Beidh sé deireanach ort ach a mbeidh tú sa mbaile
Nach é a bheas deireanach air agus an t-aistir atá roimhe!
Tá sé deireanach ort bail ó Dhia ort. Céard a chuir an mhoill ort?
Tá sé an-deireanach air anocht hé brí cár fhan sé
·
Tá sé ag fás deireanach — ag éirí deireanach. Chuala mé an leagan seo ag seandaoine a bhí d'uireasa Béarla, agus bhíodh sé acu i seanscéalta. Ní mheasaim gurb é an Béarla growing late a bhí ag dul i gcion orthu. Tá sé ionann is seargtha anois, agus ag éirí deireanach ina leaba
+
Bíonn sé amuigh moch is deireanach
Bíonn sé ar bóthar moch is deireanach
TUILLEADH (4) ▼
Ní fhéadfadh sé sin gan rudaí a fheiceáil. Bíonn sé amuigh moch is deireanach
Tá sí moch is deireanach i m'éadan. Maidir le suaimhneas, níl a leithide agam
Más moch deireanach anois é caithfear a dhul ann
Sin é a mhaith agus a mhaoin sin: moch is deireanach ag léamh páipéir
+
"Is fearr go deireanach ná go brách" (seanfhocal) — is fhearr an mhoill fhéin ná gan an rud a theacht i gcrích chor ar bith; "is fhearr súil le muir ná súil le ithir"
Tháinig sé faoi dheireadh dhá fhada go dtí é, ach is fhearr go deireanach ná go brách, arsa tusa
TUILLEADH (4) ▼
Tá chúig bhliana fós uirthi sin shula bheas sí ina máistreás. Is fada an fanacht é, ach dhá mbeadh sí amuigh, choinneodh sí deoladh leis. Is fhearr go deireanach ná go brách, ach deir siad freisin go bhfaigheann na ba bás an fhad is a bhíos an féar ag fás
Dar liom féin go bhfuil corrcheann acu ag teacht. Níl siad loicthe ar fad. Shíl mé nach dtiocfadh aon cheann acu go sleibhe. Ach is fhearr go deireanach ná go brách ar ndóigh
Shíl mé dheamhan súil a leagfainn ar an aon phínn dhe go brách. Bhí sneachta caite agam ar a lorg. Ach is maith anois fhéin é. Is fhearr go deireanach ná go brách, arsa tusa
Agus tá duine clainne aici faoi dheireadh! Is fhearr go deireanach ná go brách, mar adeir an ceann eile
b.
+
Chuaigh mé ag an aifreann deireanach (late masslast mass)
Cén chaoi a bhfuil an cur deireanach ag cruthú dhuit?
TUILLEADH (4) ▼
Ar an mbus deireanach a bhí tú aníos? — an bus deiridh; nó bus a bheadh ann mall sa ló
Tá gealach dheireanach ann anois — deireanach san oíche
M'anam gur túisce a bheas na fataí deireanacha isteach i mbliana ná na fataí luatha
Tá sé ar na preaba deireanacha (fc. preaba)
3.
+
Níl aon chaoi ar Sheán bhocht. Tá sé deireanach — ag tarraingt ar an mbás; níl i ndán éirí dhó, ach b'fhéidir dó maireachtáil scaitheamh eile
Cén meas a d'fhéadfadh a bheith ag duine ar bith air? Nach furasta a aithinte go bhfuil sé deireanach. Siúd ní fhágfaidh sé
TUILLEADH (8) ▼
Deir sí seo thíos go bhfuil sé deireanach, ach ní minic dea-scéal ag an gceann céanna. Diabhal mé go gceapfainnse go bhfuil sé an-spleodrach thar is mar a bhí sé le seachtain
Níl aon tsúil acu leis, agus níl aon tsúil le bheith leis ach oiread. Tá sé deireanach déarfainn. Tá scéin an bháis idir a dhá shúil
Déarfainn rud eicínt leis go dtí inné, ach tá sé deireanach cheapfainn. Tháinig scamall ar na súile aige le cupla lá. Níl aon aithne aige anois ach aithin dhona. Níor aithin sé J. C. tráthnóna
Tá mo dhuine bocht deireanach, agus is mór an scéal sin. Ach céard a éireos dhá áilín?
Níl mórán lúid ann. Is beag é. Ach ní cheapfainn go bhfuil sé deireanach. B'fhéidir go srianfadh sé as, ach beidh liostachas fada air
Tá sé deireanach. Sin é biseach an bháis atá air anois. Gheobhaidh sé rud le déanamh agus an tseachtain a shárú
Bhuail sé in éineacht é. D'aithin mé air tráthnóna Dia Domhnaigh go mba fear é a bhí deireanach. Bhí a shliocht air. Bhásaigh sé Déardaoin
Tá sé ag goid an bhealaigh leis. Sin é an méid. Tá sé deireanach. D'aithneodh dall gan súil é

Féach freisin

deireanach in iontrálacha eile (62)

+
dáil
Bhí sí i ndáil le ar na preaba deireanacha shul má tháinig an sagart
TUILLEADH (1) ▼
Ba i ndáil le ar an leaba a chaith sé na blianta deireanacha fré chéile
 
dán
Tá mé ag dul amú ar an aithrí sin. Níl sí ag luí le dán chor ar bith anois dom. Is fadó an lá ó dúirt mé í go deireanach
 
danra
Mo chreach mhaidne, tá a bhfuil sa teach ansiúd chomh danra le chéile faoi bhuille ar bith oibre a dhéanamh: dar leat féin gur ag comórtas le chéile a bheidís, go bhfeicidís cén duine acu ba deacra a chur amach agá n-a chuid oibre. Gróigfidh fear acu é féin ar an teallach agus déanfaidh fear eile agus fear eile an cleas céanna, nó nach mbeidh áit ag míoltóig ina ngaire. Níl go dona ann ach an díthreabhach bocht is athair dóibh atá amuigh moch deireanach ag saothrú. Sin é an díol trua ar chaoi ar bith
 
Ag dul chun deacracht a bheas sé an mhóin a thriomú lá ar bith feasta. Tá sé buille deireanach sa mbliain
+
Sin é an ceann deireanach déanach — an ceann deiridh ar fad; an ceann deireanach críochnaithe; the very last one. Níor chuala mé déanach sa gcaint ach ina chuingir le deireanach mar sin. Ní mheasaim go bhfuil sé ann ar a aghaidh féin
TUILLEADH (8) ▼
Seo é an lá deireanach déanach agam istigh anseo choíchin
Chaith mé an phínn dheireanach dhéanach a bhí agam leis, agus sin é m'ómós agus mo bhuíochas anois faoi dheireadh thiar
Ba é an fear deireanach déanach é a tháinig. Bhí an altóir ar fad tógtha roimhe
Sin é an fód deireanach déanach a gheobhas sé sa teach seo. Téadh sé agus baineadh sé í feasta más breá leis. Tá cúnamh aige féin chomh maith agus atá againne
Sin í an ubh dheireanach dhéanach anois sa teach, agus gan a fhios cén uair a bheas ach oiread. Tá na cearca fré chéile gaibhte ó bhreith
Casadh liom lá i nG. í, agus í in ainriocht. Ní fhaca tú duine ar bith ariamh ba bhoichte béal ná í. Thug mé mo phunt deireanach déanach di, mar rinne mé trua di. Meas tú arbh iontaí liom an sneachta dearg ná an lá aonaigh a bhí chugat, í a fheiceáil ag ceannacht cuingir bhullán ansin thoir. Ní fhaca mise aon amharc ar mo phunt ó shin
An feaig deireanach déanach a bhí agam scar mé leis ar ball. Bhí an leota seo thuas ag imeacht scrúdta, agus banlámh dhá theanga amuigh. Chaith mé aige é!
Ainneoin a raibh acu anseo scaitheamh, sin í an ceann deireanach déanach anois. Chuaigh scaipeadh orthu anonn is anall. Ní bheadh grásta Dé agat sa teach seo nach dtabharfaí uait é
 
Ní féidir go bhfuil sé chomh deireanach sin. Tá sé ag déanamh ar an naoi
+
Peaitch bocht, tá sé ar na preaba deireanacha. Tá déanta lena bhás
TUILLEADH (1) ▼
Is ait an mac é an saol gan doubt ar bith. Tá siad déanta lena bhás anocht, agus nach bhfuil sé ach arú aréir go deireanach ó chonaic mé ag caitheamh léim fhada ansin thíos é, agus má bhí féin, níor náire dhó sin. Ní raibh aon fhear ansin in ann a dhul fhoisceacht go mbeannaí Dia dhó
 
dearg 1
Cén uair ar hathraíodh na pluideogaí ar an bpáiste seo go deireanach. Dheamhan é le dhá lá! Tá sé dearg uileag an créatúr. Nach é an náire bhruite é
 
dearmad 1
Thug sé sinseáil dhearmaid dhom ón lá deireanach — sinseáil a bhí aige a thabhairt dom an lá deireanach
 
Ná dearmad anois a theacht in am. Ní fheilfidh sé dhúinn a bheith deireanach
+
Lig tú buille deireanach ort féin é. I ndeireadh na bliana a rugadh thú siúráilte go leor. Ach i dtús na bliana a rugadh S. anseo bail ó Dhia air. Bhí sé istigh nuair a bhí an bheadaíocht bheag sin ann
TUILLEADH (1) ▼
Is mór a chuaigh sé chun deiridh ó chonaic mise go deireanach é. Tá sé ina scairíneach ag an obair
+
Níl le feiceáil di le deireanaí chor ar bith. Meas tú ar ghlan léithe aríst. Dheamhan a cos nó ghlan!
TUILLEADH (1) ▼
Tá an iascach caite i dtraipisí le deireanaí ó thosaigh an fuadach ar an móin. Roimhe seo, ghabhfadh fear suas taca Dhomhnach Chrom Dubh agus bhainfeadh sé dhá shleán mhóna le aghaidh na tine. Thriomódh ana na Féile Míchil dó í. Dheamhan buille a ghnídís i gcaitheamh an tsamhraidh ach mathshlua acu thíos ar chuile charraig ansin thíos ag iascach. Is deacair fear a fheiceáil anois ann
 
deis
Ní thugann an t-aifreann deireanach seo deis do dhuine a dhul in aon áit. Dhá n-abraíodh sé leis an am nua féin é, ba mhór ab fhiú do na daoine é — ba mhór sin
 
Cheal nach bhfuil tú deisithe fós? Shoraidh dhíot! Beidh muid deireanach ag an aifreann
 
deoir
Oiread agus an deoir ní fhaca ar mo bhéal ó d'fhága mé seo go deireanach
+
dia 2
Beidh an ceann deireanach den tSatharn in mo chónaí agam
TUILLEADH (1) ▼
Thug sé an Mháirt leis, ach b'fhurasta a aithinte air go raibh sé deireanach. Bhásaigh sé tráthnóna Dé Céadaoin.
+
diaidh
Níl in Peadar ach na cheithre eite anois. Tá sé tugtha anuas go mór ó chonaic mise go deireanach é. Ach is mór an t-ionadh go bhfuil sé i ndiaidh a chéile chor ar bith agus chomh gar don bhás agus a bhí sé. Shíl mé nach srianfadh sé thríd go brách
TUILLEADH (1) ▼
Níl breathnú i ndiaidh aon cheo ag S. anois. Tá sé ag fágáil chuile shórt fúthu féin. Bhí sé in am aige ciall a theacht dó, agus gan a bheith dhá shárú féin scáth a bhuíochais. Is fhearr go deireanach ná go brách mar sin féin
+
Théis a díchill, bhí sé fánach aici. Ab é siúd ru! Ní fhágfaidh sé siúd an teach ósta ar chomhairle aon duine nó go mbeidh an chianóig dheireanach caite aige
TUILLEADH (1) ▼
Is maith an dícheall don Ghearmánach coc a thabhairt dóibh ar fad. Tá a bhfuil acu ann ina mhullach. Is gearr a thabharfas anois. Tá sé ar na preaba deireanacha cheapfainn. B'ait é agus seasamh an fhad sin féin
 
díle 1
Má ghníonn sé díle bháistí anocht, agus tá sé féin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile nó déanfaidh, beidh an ghlaicín fhéir sin ina chiseach. Nach bhfuil sé chomh maith dhúinn é a bhualadh ar a chéile. Ní bheidh muid ala an chloig leis, má tá sé deireanach orainn féin
 
dílis
Níl cianóg rua den airgead sin nár chruinnigh sí go dílis, ag tabhairt chrácamais di féin moch is deireanach. M'anam nach i ngan fhios dhá cnámha atá sé aici, nach ea sin
+
Lig mé rófhada orm féin é. 'Sé a raibh ann díogarnach lae agus mé ag fágáil L. Tá a fhios agat féin go (gur) maith deireanach é sin taca na Féile San Seáin. Anuas go díreach ag an bhF. M. a bhí mé nuair a tolladh an bicycle orm. Shantaigh mé a dhul isteach tigh M. Dh. go bhfaighinn deis deasaithe, ach dheamhan é. Chuimhnigh mé freisin sreangán a fháscadh uirthi, ach le chuile chamánaí, bhí mé anuas ag na hI. gan tada a dhéanamh ach ag siúl de réir mo choise. Ag cruach mhóna a d'airigh mé an rud. Nár lige Dia go ndéanfainn bréag, ach ba é an sonda ab áibhéile é a chonaic mé i gcaitheamh mo shaoil …
TUILLEADH (1) ▼
Beidh sé ann ó ló, ach ní bheidh tada le reic aige … Naoi míle ab ea. Díogarnach fánach lae a bheas aige nuair a bheas sé sa mbaile. Is deireanach a d'fhága sé air fhéin é ach an oiread le scéal
 
Fuair mé fags agus ní den díogha a bhfuair mé ach oiread. Breathnaigh orthu sin. Togha an Gold Hake amach thar chuntar T. J. Dúirt mé leis nach nglacfainn na Poncánaigh; go raibh siad ródhaor, agus ar aon chor nach raibh siad ag taitneachtáil liom. Chuir sé a láimh isteach faoin gcuntar. ''Sé an bosca deireanach déanach é,' adeir sé. 'Tá mé do m'fholmhú féin. Ná caintigh le aon duine gur uaimse a fuair tú iad, nó sceanfadh ar eitigh mé ó thráthnóna mé'
 
díol 1
Dhíol sé an déirce, ach m'anam má dhíol, nach i ngan fhios dá chnámha féin sin. Tháinig sé isteach ansin thuas áit nach raibh slí do choise de thalamh, agus an méid sin féin chomh maolscreamhach leis an bpláta sin. Chuir sé a chuid allais leis. Bhí sé amuigh moch is deireanach ag obair agus ag luain, ag rómhar agus ag fuirseadh. Rinne sé cat agus dhá rioball ann. Ach rinne sé seanfhear dhó (dhe) féin fiche bliain roimh an am freisin
+
díol 2
Chonaic T. s'agaibhse i dteach ósta i mBaile Átha Cliath é an t-am a raibh T. thuas. Bhí sé seo thiar a bhí in éindí leis ag rá an Draighneán Donn. Bhí beirt fhear thall ar a n-aghaidh — strainséaraí — ag ól. Thosaigh an P. ag flithmhagadh: 'Níl a fhios acu sin céard atá muid a rá ach an oiread le asail,' adeir sé. D'iontaigh fear acu ar an bhfear eile, agus arsa seisean de ghlanGhaeilge: 'I gC. a chuala mé an t-amhrán sin go deireanach.' Arbh eisean nó iadsan díol an mhagaidh
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh sé ag déanamh ball séire ormsa oíche anseo a ndeachaigh sé thart deireanach. Bhí seanasal dubh agam an uair sin agus é thiar ansin thiar i ngarraí an bhóthair. Bhí seanasal eile ag J. Th. sa ngarraí ó thuaidh. Sheol sé anuas é agus isteach in mo gharraíse agus deir tú le céard a rinne sé, ach driobaill an dá asal a cheangal dhá chéile le píosa róipín. Murach gur éirigh lena hasail a bheith an-tsean agus an-tsocair, diabhal mé go mbeadh an dá dhrioball tarraingthe amach ón dúid acu as a chéile ar maidin, mar chuir sé an ceangal cráite orthu. D'fhan mar sin go ceann seachtaine agus siar liom féin oíche agus níor chónaigh mé ariamh gur thug mé a chapall amach glan as an ngarraí, agus as go brách liom gur fhága mé thuas in éindí le na caiple féaraigh ar chuid M. Ph. í. Rug mé ar bhromach réidh go leor, agus as go brách liom anuas aríst gur fhága mé istigh thiar sa ngarraí aige é, an áit a raibh an capall. 'Bailíodh leat,' anois arsa mise. Bhí cupla uair lae ann feadh is mé a bheith sa mbaile. Ba é déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh an mhaidin sin ar chaoi ar bith
+
díth
Tá díth na céille ort má phósann tú fós. Tá sé luath go leor agat. B'fhéidir gur aiféala a bheadh ort nuair a bheadh sé deireanach agat. ina dhiaidh a fheictear don Éireannach a leas
TUILLEADH (1) ▼
Mura bhfuil airgead aige, ní de dhíth a shaothraithe é. Bíonn sé amuigh moch is deireanach. Ach tá an mífhortún air ach an oiread le duine
 
diúg
Aníos ag forcamhás ar thobac a tháinig an codaí sin anois. Ach gheobhaidh sé tobac ar mo shonsa. Go deimhin is deas na gnaithí a bheadh orm a dhul ag síneadh mo phíopa aige sin nó go ndiúgadh sé an gráinne deireanach as. Rófhada a fuair sé in m'amadán mé. Faigheadh sé tobac anois i muráite eicínt eile
 
dlús
Mura dté dlús le na meaingeals muis, níl ghnaithe ar bith a dhul dhá gcur. Tá sé buille deireanach cheana féin, ach má ligeann sibh an tseachtain seo tharaibh beidh sé thar am
 
do- 2
Bhí an capall sin a bhí go deireanach ag P. Sh. buille docheansaithe. Is beag nár chinn air a thaithiú le na mótars chor ar bith
 
Deiseal! Deiseal! Glac t'ionú, agus ná bíodh an oiread sin uafáis ort. Shílfeá nach bhfuil breith bonn báis agat go mbeidh an greim deireanach slogtha agat. Ní hé a ghoid ná a fhuadach uait a dhéanfar. Ach tá a fhios agam go maith céard atá ort: fonn bóithreoireachta agus rabhaiteála (fc. rabhait). Is fada leat go mbeidh tú amuigh aríst
 
Diabhal fear faoin mbogha bán is doicheallaí ná é le tarraingt air. Doicheall uileag é. Téirigh isteach aige moch nó deireanach agus is é an cás céanna é. Bíonn gruaim air i gcónaí i gcónaí
 
Is mise a bhí drithleach an t-am a raibh an chóisir bhainseachaí anseo ar an mbaile againn. D'ól mé ionlaos phocaide. Ní le linn na mbainseachaí féin is mó a d'ól mé é, ach bhíodh searrachaí beaga eile ann nuair a bhíodh na ráigeannaí móra thart. An lá théis bhainis T. Sh. chaith mé féin agus é féin agus M. B. an lá thuas sa teach aige ag críochnú an tsearróigín a d'fhan d'fhuílleach ón oíche roimhe sin. Chuaigh mé síos tráthnóna deireanach le gráinne tobac a fháil. Bhí sé ina oíche dhubh orm ag Airdín an Fh. Diabhal mé gur thosaigh na claíochaí ag teacht amach romham ar an mbóthar, agus go raibh chuile shonda dhá raibh mé a fheiceáil ag baint geit asam. Tabhair fear drithleach orm! Bhí mé tuilleadh agus mí shula bhí mé agam féin ceart
+
droim
Is fada an lá mé ag gealladh go dtabharfainn mo dhroim don ól, ach tá sé déanta agam faoi dheireadh. Is fhearr go deireanach ná go brách ar ndóigh
TUILLEADH (1) ▼
Meas tú an féidir droim díbeartha a chur chor ar bith ar an sionnach. Tá an baile — an tír arsa tusa — sladta aige. Céard adeir tú leis a d'ardaigh leis cearc den tsráid ansin inné go deireanach, os comhair mó dhá shúl. Airíonn sé go bhfuil púdar gann. Murach sin is beag den tsirtheoireacht seo a bheadh air in aice na dtithe
 
dubh 2
Ná lig deireanach anois é. Níl aon ghnaithe dhuit a dhul ag déanamh cleas na hoíche faoi dheireadh: a theacht agus an dubh ar an oíche
 
dubh- 5
Tá an bóthar siúd dubhdheasaithe ó bhí mise air go deireanach
 
dúid
Bhain mótar an ceann ó bhun na dúide de lacha liom an lá deireanach. D'fhuagair mé cúiteamh air, ach dheamhan lá aird a thug sé orm. 'Is fairsing atá an tír agat agus gan a ligean ar an mbóthar,' adeir sé
 
Gabhfaidh an Chincís amach an-fhada sa samhradh, mar bhí an Inid deireanach
+
Théis a (ár) ndinnéir, ghabhamar ar scaradh na feamainne agus ní mó ná réidh a bhí muid tráthnóna deireanach
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé thar am fios a dhul ar an sagart dó sin. Nach bhfeiceann sibh go bhfuil sé ar na preaba deireanacha
 
Chuaigh sé amach ar fad as an droim ó chonaic mise go deireanach é. Is gearr go mbeidh sé cromtha
+
A Dhia dhá tharrtháil! Bhí an cunús seo thiar ag an aifreann inniu. Is cosúil go bhfuil sé ag dul chun diagantachta faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh). Is fhearr go deireanach ná go brách, arsa tusa
TUILLEADH (1) ▼
Bheadh sé ag dul chun míosa sílim ó bhí sé anseo go deireanach. Thug sé cúl ar fad dúinn théis nár chuir muid araoid ar bith air, ach bhíodh na gearrchailí ag déanamh bothae críochnaithe dhó (dhe)
 
T'anam ón dacs é, níor thug tú an méid sin dó. Ní raibh aon phunt ag dul dó: dhá chrú tá cupla mí ó shin, agus dhá sheanchrú anois, agus thug tú gualach aige an uair dheireanach. Scriosadóir é má bhain sé an oiread sin díot. Tá rud le déanamh leis: a dhul ag gabha eicínt eile
 
Chuaigh an bhodóig sin in ordú ó chonaic mise go deireanach í