Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deireanas, deireanadas, deireanaí
/d′erɴəs/, /d′erəɴəs/; /d′erɴədəs/; /d′erɴī/, /d′erəɴī/
ainmfhocla; fireann ach amháin deireanaí
ginideach uatha: deireanais, deireanadais
mar ainmfhocal, freagraíonn sé do deireanach = late. Tá deireanas agus deireanadas tréan i gcaint. Is tréine deireanas is dóigh ná deireanadas, ach ní mórán é. Níl deireanaí ann mórán. Déantar riar maith focal ar mhúnla deireanadas .i. meirbheadas, cúthaileadas, fionnuartas, grinneadas srl.
1.
mall sa ló, san oíche, sa mbliain, sa maidin srl.
+
Tá an deireanas ag teacht — tá sé ag éirí deireanach
Is gearr uaidh an deireanas (nó deireanadas) anois
TUILLEADH (10) ▼
Le teacht an deireanais, chuaigh mé abhaile
Ní mór dhuit na beithígh a bheith teáltaithe istigh agat shula mbeire an deireanadas ort (shula bheas sé ina deireanadas, shula dteaga deireanadas ort srl.) — titim na hoíche, nó mall sa ló
Ní am ar bith dhuit an deireanas le bheith dhá dtóraíocht sin. Cuir cipín leo anois
Bhí bundeireanadas maith ann nuair a chonaic mé ag dul tharam é
Níl moill ar bith ar an deireanas an t-am seo — i lár an gheimhridh thall
Bhí deireanas lae ann, agus gan iad ag teacht. Thóraigh muid go híseal agus go hard ina ndiaidh, ach chinn orainn aon amharc a fháil orthu. 'Ní áit buaile ná seanbhaile dhúinn an áit seo níos faide a Ph.,' adeirim fhéin. 'Cá bhfios nach romhainn sa mbaile a bheidís sin.' Agus b'fhíor dhom. Bhí an bheirt gróigthe istigh ar an teallach romhainn
Caithfidh muid imeacht roimh an deireanas
Bhí deireanadas na maidne ann nuair a d'imigh sé
Séard atá agat a dhéanamh, fanacht go deireanas, agus ní aithneoidh aon duine thú
Bhí an deireanas ann nuair a tháinig sé
+
Féadfaidh sibh fanacht scaithín eile. Is beag den deireanas atá ann fós.
Is beag den deireanas a bhí chor ar bith ann ar imeacht dóibh — ní raibh sé an-deireanach
TUILLEADH (1) ▼
Bhí roinnt den deireanas ann, ach má bhí fhéin, níor chuir sin aon treampán orm faoi obair a dhéanamh
+
Sin é a cheird sin i gcónaí: a dhul i chuile áit ar dheireanas na hoíche
Ar dheireanas na hoíche a tháinig sé abhaile, i gcaoi is nach bhfeicfeadh aon duine é
TUILLEADH (3) ▼
Leis an deireanas a tháinig sé
Téann sé amach ag spaisteoireacht leis an deireanas (le deireanas)
Le deireanas a thiocfas an sionnach amach ag sirtheoireacht i gcónaí
+
Tá sé ag dul chun deireanais — ag éirí deireanach
Tá bealach fada roimhe. Tiocfaidh sé chun deireanadais air ar an mbóthar — béarfaidh an deireanadas air ar an mbóthar
TUILLEADH (2) ▼
Teacht an deireanadais a d'fheicfeá ag corraí amach i gcónaí é. Do dhúshlán feic amuigh é i gcaitheamh an lae.
'Sé imeacht an deireanadais aige é i gcónaí — imíonn sé leis an deireanas i gcónaí
+
Thug tú an deireanas leat ag teacht dhuit — tá sé deireanach ort
Ní fhaca mé ariamh fhéin é nach mbeadh an deireanadas aige ag teacht dhó
TUILLEADH (4) ▼
Ná tabhair an deireanadas leat anois. Bí in am
Rug an deireanas orm aniar ag an T. — tháinig an oíche orm
Ní chorróidh sé anois go bhfaighe sé an deireanas ann
Dhá bhfaighinnse an deireanadas ann, bhuailfinn bóthar
+
Shílfeá gur mian leat an deireanas a ligean ort féin aríst. Corraigh amach!
Ná lig an deireanas ort féin anois
TUILLEADH (6) ▼
Nach maith a chaithfeadh sé an deireanadas a ligean air féin ag teacht!
Tá an deireanas air. Chuile lá ariamh!
Bhí cuid den deireanas orm shul má bhí mé sa mbaile — bhí sé mall ach ní raibh sé an-mhall
Bhí deireanas portaigh orm inniu — ní raibh mé ar an bportach nó go raibh sé mall sa maidin; nó, d'fhan mé ann deireanach sa tráthnóna
Is beag den deireanas éirí seo a bheadh ort dá ndéanthá aithris ar do chomharsa bhéil dorais. Is maith moch a bhíos seisean ina shuí chuile lá
Ní raibh sé ariamh gan deireanadas oíche agus lae a bheith air ag dul in áit ar bith. Níor facthas ariamh ar bóthar é nuair a bheadh chuile dhuine ann
2.
 an aimsir le gairid; an saol le gairid, le scaitheamh anuas.
+
An raibh sé anseo le deireanas (nó le deireanaí: sin é an t-aon chaoi ar chuala mé deireanaí) — le gairid, le tamall
Níl le feiceáil di le deireanaí chor ar bith. Meas tú ar ghlan léithe aríst. Dheamhan a cos nó ghlan!
TUILLEADH (3) ▼
Ní raibh mé istigh ann chor ar bith le deireanas. Is beag an iarracht atá orm ann anois faoi rá is nár thaobhaigh mé iad an lá a raibh an meitheal acu. Bheidís sin ar fheabhas dhá bhfaighidís daoine lena gcuid oibre a dhéanamh in aisce dóibh
Tá an iascach caite i dtraipisí le deireanaí ó thosaigh an fuadach ar an móin. Roimhe seo, ghabhfadh fear suas taca Dhomhnach Chrom Dubh agus bhainfeadh sé dhá shleán mhóna le aghaidh na tine. Thriomódh ana na Féile Míchil dó í. Dheamhan buille a ghnídís i gcaitheamh an tsamhraidh ach mathshlua acu thíos ar chuile charraig ansin thíos ag iascach. Is deacair fear a fheiceáil anois ann
Ní chaithim gail ar bith le deireanas. Tá mé éirithe as ar fad. Is beag bídeach nár chaill mé mé féin leis

Féach freisin

deireanas in iontrálacha eile (4)

 
deifir
Tá sé chomh maith dhaoibh imeacht anois agus ní ag cur deifir libh é, ach má ligeann sibh an deireanas oraibh féin, beidh tús na hoíche an-dorcha
 
Más leat fanacht leis sin tá faitíos orm go mbeidh an deireanas ort. Nach bhfuil a fhios agat cé hé sin. Caithfidh sé an lá dhá dhiogáil agus dhá shlíocadh féin. Nuair a bheas uair d'oíche ann feicfidh tú é ag teacht amach agat (chugat) ina phéacóig
 
dream
Is mór an t-ionadh gur lig an dream seo an deireanas orthu féin muis
 
droim
Tá an lá ag dul thar droim agus gan an mhaith dhá déanamh. Nach breá nach meabhrófá dhó cén mheanmna a chas anoir muid. Nó an bhfuil fút é a fhágáil mar sin. Mura gcuire muid bealadh faoi na hioscadaí, beidh an dubh ar an oíche shula bheas muid sa mbaile agus cuimhnigh go gcaithfidh mise freastal do bheithígh fós anocht. Mar sin, má tá rún agat an scéal a thionscailt, déan as láimh é gan níos mó deireanais a ligean ort féin