Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dinglis
ainmfhocal, baineann
tuiseal ginideach uatha: dinglise
fuaim: n ar lár ar an Achréidh agus g le srónaíl. Déantar g den d tosaigh scaití ar an Achréidh freisin
cineál drithlíní a bhíos i nduine agus má theangmhaítear leo, tosaíonn sé ag preabadh agus ag léimneach. Bíonn siad i ngach uile áit i ndaoine; i ndaoine eile ní bhíonn siad ach i bpoill a n-ascalla, ina n-ioscadaí, i mboinn a gcos srl.
a.
+
Tá dinglis ionam
Nach inti atá an dinglis
TUILLEADH (5) ▼
Cuirfidh mé dinglis ionat
Chuir sé dinglis ionam
Chuaigh dinglis ann agus léim sé den stól — cuireadh dinglis ann
An ndeachaigh dinglis ariamh i mbonnaíochaí do chos
Ní fhaca tú a leithide de dhinglis i nduine ar bith ariamh agus atá ann
+
Tá sé faoi dhinglis fré chéile
Tá sé ag dul as a chranna cumhachta le dinglis
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn cuid de na daoine gan dinglis ar bith
b.
+
Tá sé ag cur dinglise in inín Mh. Bh. anocht — dhá cláradh; ag suirí léithe
Is deacair dinglis a chur inti sin. Tá sí an-ghiongach
TUILLEADH (2) ▼
Nár bhreá an rud a bheith ag cur dinglise inti. Thitfeadh sí agat in aon chuaille amháin — marbh ar fad!
Níl aithne ar bith agat uirthi! Is minic muise a chuir tú dinglis inti, más in é do scéal!

Féach freisin

dinglis in iontrálacha eile (3)

+
Níl ort ach do láimh a leagan ar a ghualainn agus éireoidh sé de chothrom talúna le dinglis. Ní fhaca mise aon duine ariamh is dinglisí ná é. Is mó dinglis é ná N. agus tá sin sách dona
TUILLEADH (1) ▼
An-fhear dinglise é. Ní bheadh ort ach do lámha a chur amach mar sin, mar dhóigh de go raibh tú ag cur dinglise ann, agus thosódh sé ag léimneach ar fud an tí. Is gránna an rud a bheith chomh dingliseach sin
 
Nach drithleach an mhaise di é. Níl ort ach do láimh a chur ina gaire agus éireoidh sí de chothrom talúna ar an toirt. Diabhal an dinglis é ach an oiread. Is iomaí duine a bheadh dingliseach nach mbeadh ar an gcaoi siúd