Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dodaíl
ainmfhocal, baineann
stainciúlacht, contráilteacht, gruamántacht, doshástacht. Is cinnte mar ghníomh, agus is aibéisí, é doddodaíl. Bheadh capall ag gabháil le dod nuair a bheadh sí ag éirí in airde agus ag stealladh, ach d'fhéadfadh sí gan a bheith chomh dona sin le dodaíl.
+
Shílfeá go bhfuil dodaíl inti. Níor mhian léithe mé a ligean ina gaire lena bleán i dtosach nó go dtug mé cupla failm di a shuaimhnigh í. Ní cheannódh muide í gan marach eicínt a bheith uirthi. Tá an smál sin orainn i gcónaí. Bhí, chuile lá ariamh
Má théann sí chun dodaíola ort, ná bac leis an mbuarach ach buail cupla cniogaide aniar ar an dromán uirthi agus b'fhéidir go gcuirfeadh sin chun míneadais í. Mura gcuire, fág ansin í go tráthnóna gan tada le n-ithe, agus b'fhéidir go múinfeadh an t-ocras í
TUILLEADH (4) ▼
Bhí dubhdhodaíl uirthi anocht. Thug sí cic don tsoitheach agus chuir sí in aer é. B'éigean dom an bhuarach a chur uirthi ansin nó ní fhéadfainn striog a thabhairt uaithi. Is cailín críochnaithe í
Lig de do chuid dodaíola anois a raibiléara, nó beidh rud ar a shon agat … Ó a dhiabhail álainn, an ceaintín bainne dóirte aici. Is mór an carghas é, théis m'anró. Diabhlánach ceart í, go maithe Dia dhom é!
Nach diabhlaí an dodaíl a bhíos orthu thar is beithígh na tíre. Feicimse ar fud an bhaile iad agus dheamhan cruóg buarach a bhí ariamh dóibh. Bíonn a gcuid beithíoch breá sásta i gcónaí. Ach ní choinneodh R. na rópaí bhuaraigh leis an teach seo
Má fheiceann tú aon rún aici a dhul ar dhodaíl, ceangail scothach a driobaill dá hioscaid agus feicfidh tú féin air go bhfaighidh tú bainne uaithi mar sin. Sin é a ghníos muid féin léithe, ach ní bhfuair muid anró ar bith uaithi le fada
·
Dodaíl an óil a bhí air. Ní chuimhneoidh sé ar a dhath dhó (de) sin amárach. Bíonn a dhonacht fhéin san ól, agus ní mar a chéile a théas sé do chuile dhuine
Dar príosta muise, bhí fear in aice liomsa agus dodaíl dhá bhualadh chomh maith le duine. Chuir mé féin aithne air uair nó dhó stuaim a choinneáil ar an bhfoighid, ach murach chomh héasca agus a stopadh an scliúchas, bheadh sé istigh ina cheartlár

Féach freisin

dod

dodaíl in iontrálacha eile (1)

 
Tá an bhó seo imithe amach, nó mura bhfuil, níl aon deoir bhainne ag teacht thrí na dalláin. Muran dodaíl atá uirthi. Más ea féin is minic minic léithe