Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
draoib
ainmfhocal, baineann
ginideach uatha: draoibe
lathach, puiteach, clábar, greallach, múnlach locháin tar éis báistí.
+
Tá tú faoi dhraoib ar fad
Níl duine ar bith a thiocfas an bóithrín sin nach mbeidh faoi dhraoib
TUILLEADH (7) ▼
Bhí draoib an bhóthair uileag air
Thit sé agus bhí sé faoi dhraoib na sráide fré chéile
Thit sé sa draoib agus milleadh é ar fad
Ní bheidh tú sásta anois go gcuire tú draoib ar do chulaith nua. Cén sórt sraimleacháinín thú fhéin thar ghasúr ar bith. Sin é féin thú
Baineadh truisle as agus síneadh sa lochán é — lochán den draoib dhubh sin. Níor fágadh oiread agus puintín bioráin ó mhullach a chinn go bonn a choise nach raibh ina bhogeimhin
Bhí sé chomh dallta agus nach raibh a fhios aige céard a bhí sé a dhéanamh: fear ar bith a chaith é féin siar, agus a thosaigh dhá únfairt féin i ndraoib na sráide. D'áitigh mé féin dhá chiceáil lena chur ina shuí ach ní raibh aon mhaith ann
Sin é an sórt spágachán é. Is maith an dícheall do dhuine glantachán ina dhiaidh áit ar bith a leagfaidh sé a chois. Tugann sé draoib an bhaile leis i gcónaí ar a bhróga

Féach freisin

draoib in iontrálacha eile (4)

 
Ní fheicfeá tada ar an mbóthar feadh t'amhairc ach deannach. Bhí sé ag éirí ina cheathannaí nuair a thiocfadh mótar ar bith. Dhallfadh sé thú agus mhillfeadh sé do chuid éadaigh. Na bóithrí sin a gcónaíonn an t-uisce orthu agus a bhíos faoi dhraoib ar feadh an gheimhridh, bíonn siad faoi dheannach mar sin i gcaitheamh an tsamhraidh. Níl na bóithrí steamrolláilte mar sin chor ar bith mura mbeidh bualadh mór orthu go díreach
 
deis
An bhfeiceann tú an deis atá air anois: a chuid éadaigh uileag faoi dhraoib agus é ag eitealla leis an bhfuacht. Is mór dhá fhonn atá ormsa anois deis a chur ort a bheadh deich n-uaire níos measa, mura deas an chaoi duit a theacht isteach mar sin agus do chulaith nua ghlan ina bogeimhin agat
 
dreas 2
Choimirce an diabhail don lorry sin. Chuir sé dreas draoibe orm
 
dúil
Ní raibh de dhúil agam ann ach an oiread is a bheadh agam sa draoib sin amuigh