Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Draoib
ainm-fhocal, buineann
geineamhnach uathaidh = draoibe
lathach, puiteach, clabar, greallach, múnlach locháin tar éis báistighe.
+
Tá tú faoi dhraoib ar fad
Níl duine ar bith a thiocfas an bóithrín sin nach mbeidh faoi dhraoib
TUILLEADH (7) ▼
Bhí draoib an bhóthair uiliog air
Thuit sé agus bhí sé faoi dhraoib na sráide fré chéile
Thuit sé ins an draoib agus milleadh é ar fad
Ní bheidh tú sásta anois go gcuiridh tú draoib ar do chulaith nuaidh. Cé'n sórt sraimleacháinín thú fhéin thar ghasúr ar bith. Sin é féin thú
Baineadh truisle as agus síneadh ins an lochán é — lochán de'n draoib dhubh sin. Níor fágadh oiread agus puintín bioráin ó mhullach a chinn go bonn a choise nach raibh in a bhog-eibhinn
Bhí sé cho dallta agus nach raibh a fhios aige céard a bhí sé a dhéanamh: fear ar bith a chaith é féin siar, agus a thosuigh dhá ionnfairt féin i ndraoib na sráide. D'áitigh mé féin dhá chiceáil len a chur in a shuidhe ach ní raibh aon-mhaith ann
Sin é an sórt spágachán é. Is maith an dícheall do dhuine glantachán in a dhiaidh áit ar bith a leagfaidh sé a chois. Tugann sé draoib an bhaile leis igcomhnaí ar a bhróga

Féach freisin

Draoib in iontrálacha eile (6)

 
fliuch 2
Tá sé cho fliuch leis an draoib (leis an aoileach agus rl.)
 
beann
Crap suas binn do ghúna, nó beidh sé míllte ag a' draoib.
 
Ní fheicfeá tada ar an mbóthar feadh t'amhairc ach deannach. Bhí sé ag eirghe in a cheathannaí an uair a thiocfadh mótar ar bith. Dhallfadh sé thú agus mhillfeadh sé do chuid éadaigh. Na bóithrí sin a gcomhnuigheann an t-uisce orra agus a bhíos faoi dhraoib ar feadh an gheimhridh bíonn siad faoi dheannach mar sin i gcaitheamh an tsamhraidh. Níl na bóithrí "steamrolláilte" mar sin chor ar bith mara mbeidh bualadh mór orra go díreach
 
deis
'Bhfeiceann tú an deis atá air anois: a chuid éadaigh uiliog faoi dhraoib agus é ag eitealladh leis an bhfuacht. Is mór dhá fhonn atá ormsa anois deis a chur ort a bheadh deich n-uaire níos measa, mara deas an chaoi duit a theacht isteach mar sin agus do chulaith nuadh ghlan in a bog-eibhinn agad
 
dreas 2
Choimirce an diabhail do'n "lorry" sin. Chuir sé dreas draoibe orm
 
dúil
Ní raibh de dhúil agam ann ach an oiread agus a bheadh agam ins an draoib sin amuigh