Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díol
briathar, ainm briathartha, ainmfhocal
1.
an rud a bheadh agat, a thabhairt do dhuine eile ar airgead.
a.
+
Díol ar an bpínn is airde má fhéadann tú
Díolann sé i gcónaí ar an bpínn is airde nó is cinniúint air é
TUILLEADH (11) ▼
Dhíolfadh sé an seanasal sin anois ar phunt
Dhíol sé ar leath a luach í
Dhíol sé a chuid talúna le fear anuas, ar cheithre chéad
Díol le S. í. 'Sé is fhearr a íocfas thú
Is mór faoina luach a dhíol sé an chruach mhóna sin. Dhá ndíoladh sé faoina droim í, nuair a d'éiligh J. a ceannacht, is mó a bheadh aige dhá barr ná mar a rinne sé
Díol leat í má thograíonn tú. Is córa dhuit thú féin a shásamh ná duine ar bith eile
Dhíol mé maith go leor iad. Ar ndóigh is maith an rud do dhuine roinnt dhá shásamh a fháil
Dhíolfadh sé an bullán siúd anois ar shladmhargadh. Tá sé thar bharr a chéille aige ag dul i mbradaíl
Díoladh ar a luach an bhó sin
Dhíoladh sé ó chúig cinn déag go dtí scór bainbh chuile bhliain roimhe seo, ach sílim gur fear bochtaithe anois é — le hais mar a bhí sé ar aon chor
Dhíol mé. Chaith mé uaim iad. Bhí chuile shórt faoi ráta inniu ar an aonach
+
Ní bhfaighidh tú aon díol ar an móin sin — ní cheannóidh duine ar bith uait í
Is beag an díol atá ar rud ar bith anois
TUILLEADH (11) ▼
Níl díol ar thada ó tháinig an cogadh seo le hais an chogaidh a bhí ann cheana
Dhá mbeadh díol ar bheithígh, thógfadh muid iad, ach ní fhiafrófar dhíot ar aonach cá'il tú ag dul leo
Níl rud ar bith is mó a bhfuil díol uirthi ar an saol seo ná móin. An té a thabharfadh aire don mhóin ní fhágfadh sí ar deireadh é
Dhá laghad díol dhá bhfuil ar bheithígh, bheadh na daoine thart uileag murach iad. Céard a d'íocfadh cíos, agus a cheannódh beatha agus éadach?
Tá beagán díol anois ar bhodógaí
Is lú an díol atá anois ar chuile shórt ná a bhí an t-am sin a raibh na beithígh stoptha an bhliain cheana
Ní díol mór é sin — lao
Díol fánach a rinneadh ar an aonach inniu — sea sin
Rinne sé drochdhíol — ní bhfuair sé a sháith ar an rud a bhí sé a dhíol
Bhí an-díol ar bhromaigh ar aonach na Gaillimhe.
Is iomaí díol a rinne sé an lá sin — ól, sweets, maidí milis, brioscaí agus chaon tsórt
+
Tá fataí le díol agam
Tiocfaidh an capall siúd ó dhíol uileag air. Bíonn sí ar chuile aonach aige ach ní bhíonn fear a fiafraithe ann ina dhiaidh sin. Gheobhaidh sé anró uaithi
TUILLEADH (1) ▼
Fanfaidh sí aige ansiúd gan díol nó go dtuga sé anuas ar a luach í. Le margadh a dhéanamh ní mór beirt a shásamh. Is gránna an rud do dhuine a bheith ina scanrachán ar fad
+
Tá sé in am a gcur chun díolta feasta — a gcur dhá ndíol ar an aonach nó ar an margadh
Tá sé thar am na bainbh sin a chur chun díolta, tá sin
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an-mhéid sna turkeys shular cuireadh chun díolta iad
·
"Nuair a labhras an chuach ar sceich gan duilliúr, díol do bhó agus ceannaigh arbhar" (seanchomhairle) — má ghaireann an chuach roimh theacht don duilliúr ar an gcrann, beidh gorta ann an bhliain sin, agus más le duine a chríonnacht a dhéanamh, cuireadh sé beatha i leataobh le haghaidh na coise tinne ar uain nó ar éigean
"Pós ar an gcarn aoiligh agus díol do bhó i bhfad ó bhaile" — má phósann tú do chomharsa bhéal dorais nó bean aitheantais, tuigfidh tú céard a bhaineas di, agus céard iad a suáilcí agus a duáilcí, thar is an bhean thar tír isteach nach bhfuil aithne ar bith agat uirthi. Ar an gcóir chéanna, is feasach do chuile dhuine dhá gcónaíonn in aice leat cén chaoi a bhfuil do bhó, ach ní bheidh a fhios ag an bhfear i bhfad ó bhaile é
b.
 brath a dhéanamh.
+
Dhíol siad sin an tír. Dhíolfaidís a máthair ach airgead a fháil uirthi — rinne siad spíodóireacht nó brath ar dhaoine eicínt nó ar chúis eicínt a bhí ag dul chun sochair don tír
Bean a dhíol é ina dhiaidh sin. Rinne sí scéala air
TUILLEADH (1) ▼
Sa L. a díoladh é. Bhí sé i dteach ann ar a chaomhúint agus cuireadh uisce ina chuid piostail, agus chuaigh fios ar an Arm Dearg ar chúla téarmaí
2.
·
Díol an Choirce, Díol an Ghabhair — cluichí nó cleis (fc. lch 225—229, Obair agus Luadhainn — Ó Gaora)
Díol na mBromach — cleas (fc. bromach)
3.
 íoc; íocaíocht.
+
Is iomaí duine a bheadh ar meisce mura mbeadh aon díol air (seanfhocal) — is iomaí duine a bheadh ar meisce, dá mbeadh gan aon íocaíocht nó díolaíocht a bheith ar an ól. Is annamh anois a bhíos ciall ar bith ar fud na Gaillimhe le díol ach amháin sell. Íoc an gnáthfhocal Gaillmheach ar pay, ach tá díol ann i mbeagán ráití freisin
D'ól sé a bhfuair sé ach níor chaill sé féin mórán leis. Á, ar chuala tú ariamh é; is iomaí duine a bheadh ar meisce mura mbeadh aon díol air
TUILLEADH (5) ▼
D'ólfadh sé a dtuillfeadh sé, ach ní hé féin is measa ina dhiaidh sin. Caitheann sé a mbíonn aige ar shúdairí. Iad sin ag maíochtáil leis mo léan, agus ag gabháil abhaile dallta chuile oíche. Is iomaí duine, arsa tusa, a bheadh ar meisce mura mbeadh aon díol air
Ní mó ná dhá bhfaightheá gan tada é go mbeifeá ar meisce anois. Is mór a bheadh ar meisce mar adeir an fear fadó, mura mbeadh aon díol air. Is gearr le dhul puintín gágach airgid anois i dteach ósta má bhíonn beirt nó triúr abuil a chéile ann
Tá sé sin ina chreagaire chomh mór agus atá as seo go Breatain. Dhá mbeadh sé in éindí leat go Lá Philip an Chleite, ní thairgfeadh sé aon deoir a ghlaoch, ach d'ólfadh sé go súite é. Is mór leis atá amhlaidh. Ach chreidim gurb iomaí duine a bheadh ar meisce mura mbeadh aon díol air
Bhí daoine ar meisce aréir, agus ag troid agus ag bruíon, nach bhfaca aon duine aon deoir ag dul ar a mbéal ariamh cheana. B'fhurasta sin dóibh ar ndóigh: is mór a bhíos ar meisce nuair nach mbíonn aon díol air. Fuair siad in aisce é
Sin iad na carracháin chéanna nach bhfeicfeá mórán meisce orthu murach daoine a bheith ina bpleotaí dhá chaitheamh acu. Tá sé ráite ariamh gur mór a bheadh ar meisce mura mbeadh aon díol air
+
Dhíol sé an déirce — d'éirigh sé as an lathaigh; d'éirigh sé as an donacht, nó as an mbochtaineacht
Ní raibh béilí na hoíche aige sin nó gur phós sé, ach dar fia dhíol sé an déirce ó shin. Is fearr éirí as ná titim ann ina dhiaidh sin
TUILLEADH (5) ▼
Ó rinne siad an teach nua, dhíol siad an déirce. Tá sruth is gaoth leo ó shin
Dar mo choinsias, ní aithneoidís daoine dona ó dhíol siad an déirce. Galántacht agus galamaisíocht uileag ó shin iad. Onóir — onóir dhona!
Má dhíol siad an déirce féin, dheamhan a bhfuil dhíobh mar atá tuilleadh a bhí bocht agus a d'éirigh suas. Cuid den dream seo a fuineadh agus a fáisceadh as an mbochtaineacht, chomh luath agus a éiríos siad as an lathach chor ar bith, ní ligfidh siad orthu féin go bhfeicfidh siad thú. Ach iadsan, diabhal mé go bhfuil siad cainteach carthanach agus nach ndúnfaidh siad a súile ar aon duine, bocht ná saibhir
Dhíol sé an déirce, ach m'anam má dhíol, nach i ngan fhios dá chnámha féin sin. Tháinig sé isteach ansin thuas áit nach raibh slí do choise de thalamh, agus an méid sin féin chomh maolscreamhach leis an bpláta sin. Chuir sé a chuid allais leis. Bhí sé amuigh moch is deireanach ag obair agus ag luain, ag rómhar agus ag fuirseadh. Rinne sé cat agus dhá rioball ann. Ach rinne sé seanfhear dhó (dhe) féin fiche bliain roimh an am freisin
Díolfaidh sé siúd an déirce má ghníonn éadan agus treallús dó é. Dheamhan fear a chonaic mé ariamh a bhuailfeadh faoi chuile rud ach é. Chuaigh mé síos thairis an lá faoi dheireadh agus é ag déanamh láthair mhoirtéil ar an tsráid. 'Cé le aghaidh í,' arsa mise. 'Le aghaidh giall a chur ar an tobar,' adeir sé, 'i gcaoi is go bhféadfar buicéad ar rópa a ligean síos ann nuair a thiocfas an triomach.' Fear ar bith a chuimhneodh ar intreacht den tsórt i mbrollach an earraigh, is fear é a dhéanfas cúis mise i mbannaí!
·
Diabhal a fhios agam an bhfuair sé aon díol ariamh air — díolaíocht, íocaíocht
Má théann tú i mbannaí déan díol (fc. díolaíocht, bannaí)

díol in iontrálacha eile (50+)

+
Ní raibh easpa ná earasbarr agam. Mo dhíol díreach a bhí ann. Nach baileach a thomhais mé anois cén t-éadach a theastódh uaim!
TUILLEADH (6) ▼
Is beag eile a bheadh d'earasbarr nuair a bheadh díol dúcháin eile againn
Tá mo dhíol agam agus tharasbarr
Nach beag an t-earasbarr a bhí agat nuair a bhain tú do dhíol fhéin as an síol!
Tá díol a fhreastail (d'airgead) aige, ach dheamhan farasbarr ar bith (níl pínn d'farasbarr aige)
Deir tú nach bhfuil do dhíol leasaithe agat. M'anam go bhfuil tharasbarr tharamsa agat
Ní raibh earasbarr ar bith ag mo chuid mucsa ar do chuid-se, ach bhí muca tite nuair a dhíol tusa iad. Murach sin, bhuailfeá amach mé
 
Deir siad go bhfuil sé leis an leoraí a dhíol aríst. A fhearacht siúd, ba bheag an ghnaithe a bhí aige dhó luath ná mall
 
Díol an feimíneach de ghamhain sin agat. Sin nó cuir fuafíonaigh ar dhrible an chuid eile. Níl iamh air ach dhá gcangailt
+
fios
Deirimse leatsa go bhfuil fios a ghnaithe aige siúd. Tá sé in ann uibheachaí a dhíol ar an margadh chomh maith le bean ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh a fhios ag aon duine céard a bhí agam ó dhíol mo fhreastail amach
 
focal
Tá sé i bhfocal agamsa le teacht ar páí agam an tseachtain seo chugainn. 'Sé díol an diabhail é má thugann sé uain d'aon duine eile. Ach tá an-sceanadh air. Ní féidir fir fánaí a fháil
 
Ná bac le na Gearmánaigh bochta anois. Tá a ndíol ar a n-aire agus iad foirgthe leis an ocras
 
folach 1
Is daor an ailím folach féin a cheannacht anois ní áirím mála. Deir siad go bhfuil málaí dhá ndíol i nGaillimh ar thrí is sé pínne
 
Ní fhéadfaí gan breith air. Nach raibh sé dhá dhíol rófhollasach! An fear nach bhfaca sé ariamh thabharfadh sé buidéal poitín dó chomh maith leis an té a mbeadh sé ina dhá chuid déag leis
 
Fraiseach mar sin a níos sé i gcónaí má dhíolann sé gamhain ná muic. Dhá mbeadh sé ina ridire, ní sheasfadh airgead leis
 
Thug mise a dhíol de fhreagra air. Ní hé an chéad duine aríst é a chuirfeas mí-aighneas ormsa
 
Nach friochanta atá an laoidín sin. Ní maith a bhí a chosa déanta aige nuair a bhí sé ag breathnú soir thar claí. Má théann sé lena mháthair, is dual dó an bhradaíl a bheith ann. Ba é díol an chlampair í a choinneáil anoir thar an gclaí sin ach oiread
 
Lig de do chuid frogaisí cainte anois! Tá ar ndíol dhi sin cloiste againn.
 
Tá ceart agaibh bhur ndíol den fholéimneach sin a bheith agaibh ó mhaidin. Ní thuirseodh an saol sibh
 
Tá mo dhíol agamsa. Seachain a bhfágfá thú fhéin ar deireadh
 
fág
Fág mo bhealach as sin. Níl mo dhíol bealaigh agam le dhul thart.
 
Chuirfeá J. Mh. amach i bhfáinne anois de bharr an airm. Deir sé nach bhfaigheadh sé leath a dhíol le n-ithe ann. Ba dhiabhaltaí an rampaire é shula ndeachaigh sé isteach
+
féar
Cén uair a bheas na muca sin le díol má fhágann Dia againn iad? Faoi Shamhain seo chugainn. Céard a thógfas na daoine idir dhá am … Faigheann na ba bás an fhad is a bhíos an féar ag fás
TUILLEADH (2) ▼
Tá moill ar mhóin shula mbeidh sí le díol. Faigheann na ba bás an fhad is a bhíos an féar ag fás. Mura dté an uair ar thriomach thairis seo, dheamhan fód móna a bheas in alt a díolta go bhfeice tú achar
Caithfidh mé a ndíol théis mo dhíchill ó tharla nach bhfuil féar tirim ná farae agam dóibh (beithígh)
 
Fuair sé na físeachaí faoin méid adúirt sé. Dheamhan leath cheart a bhí leis. Ní mise a bhí ina dhiaidh air ar chaoi ar bith. Tá a dhá dhíol fad ar a theanga ag an gceann céanna
 
fóir
Go bhfóire Dia ar an duine bocht. Is díol trua é
 
Níor fhága tú do dhíol de chaolóid ann — níor fhága tú do dhíol leithid sa gcaolóid.
 
'Sé díol an diabhail aon cheart a bhaint den charcair sin. Tá sé beo drochmhúinte, agus ar bheagán spleáchais le chuile dhuine.
 
I nDomhnach ba mhaith an díol de charraera an oiread a ithe leat, bail ó Dhia ort, agus dheamhan mórán dhá shlacht ort ina dhiaidh sin!
 
ceal 1
Tá chuile shórt ar fheabhas aige — díol rí má thograíonn sé. Níl de cheal air, ach ceal goile le caitheamh a chur ann, agus cé measa beirthe é, arsa tusa.
 
ceas
Shílfeá go dtiocfá le do dhíol (a ithe), agus gan craos mar sin a dhéanamh agus gan ceas a chur ort fhéin le n-íosfá.
 
Bhí duine againn ar chaon stuaicín agus beirt chinnirí ina cloigeann agus ba é díol an diabhail é dá mbeadh bromach capaill in ann rith ar an méid sin. (capall a cuireadh faoi charr den chéad uair)
 
Ní ghnídís sin buille maitheasa ar bith eile fadó ach ag caoladóireacht agus ag ciseadóireacht, agus ag díol chléibh agus ciseáin i nGaillimh.
 
clab
Tá a dhá dhíol le rá ag do chlab mór.
 
Díol cam ort, le áit do chláirseach de smugairle a chaitheamh, anuas ar ucht mo choise!
 
Dheamhan mórán díol trua í, má tá sí fhéin ag fáil cothromacan síne na huaire anois ó bhean a mic. Dheamhan leath an chirt a dhéanfadh sí léithe, dhá mhéad dhá ndéanadh sí uirthi, arae mharaigh sí fhéin an tseanbhean bhocht a fuair sí sa teach sin roimpi — máthair an fhir.
+
Do dhá dhíol cóipíse atá agat
TUILLEADH (1) ▼
Nach ábhailleach an peata thú! Tá do dhá dhíol cóipíse agat ar fad.
 
baile
Is gearr ó bhaile a chuaigh sé ag iarraidh mná. Níor fhága sé béal a dhorais fhéin. Ach deir siad pósadh ar an gcarn aoiligh, agus do bhó a dhíol i bhfad ó bhaile.
+
bannaí 1
'Sé an rud is luath (luar) liom beo, duine a iarraidh orm a dhul i mbannaí air faoi airgead. Ní bheadh a fhios agat nach thú fhéin a chaithfeadh díol (íoc) a dhéanamh i ndeireadh na cúise.
TUILLEADH (8) ▼
Má théann tú i mbannaí air sin, ort fhéin a bheas díol a dhéanamh as a dheireadh. Chuala tú an cleas a d'éirigh do Sh. Mh. cheana, go mb'éigean dó fiche punt a íoc istigh sa mbainc ar aon láimh amháin. Is mór an t-ionadh nach múinfeadh sin thú! Pléifidh sé siúd leat é má fhaigheann sé in t'amadán aige thú!
Shílfeá nach é an oiread sin fonn a bhí ar an ngiúistís é a scaoileadh amach ar bhannaí, ach ní raibh a dhíol fianaisí ina aghaidh le príosúntacht a chur air. (fonn — ní thagann aon chlaochmú tuisil ar an bhfocal seo sa gcéill seo le idirdhealú a dhéanamh idir é agus fonn = port: "níl mórán fonn air a dhul abhaile" ach "ag gabháil fhoinn".)
Má théann tú i mbannaí, déan díol (díolaíocht amantaí) (seanfhocal); má théann tú i mbannaí ar aon duine, níor dhóchaide beirthe é ná go mbrisfeadh sé an bannaí (más cúrsaí cúirte é), nó nach n-íocfadh sé an t-iasacht (más cúrsaí airgid airleacain é), agus chaithfeása íoc ina leaba ó bheifeá i mbannaí air.
Ar chuala tú ariamh é: má théann tú i mbannaí déan díol (ní cloistear an focal díol, díolaíocht (íoc) i nGaillimh ach i gcorrleagan righnithe mar seo — drochdhíolaí é, caithfidh tú díol a dhéanamh)
Chuala mise ariamh é, má théann tú i mbannaí déan díol, ach tá a fhios agam anois é.
Ní hé is ciontaí ach mise a chuaigh i mbannaí air. Ba chóra dhom a fhios a bheith agam, má théann duine i mbannaí go ndéanfaidh sé díol.
Má théann tú i mbannaí déan díol. Is minic adeireadh P. Mh. Mh., go ndéana Dia grásta air é, agus má deireadh fhéin, bhí údar aige. D'imir S. Ch. ar fhéin faoi airgead a ndeachaigh sé i mbannaí air sa mbainc babhta.
Tá a cheart de bhail anois air má chaitheann sé díol a dhéanamh faoi bheith i mbannaí ar an gcliamhain. Ach is beag a aireos sé é. Tá neart airgid aige.