Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
daighean
/dəin/
mionfhocal cainte
1.
·
Daighean an mór duit deifir a dhéanamh (níl mé róchinnte gur an .i. daighean an is cóir a scríobh i gcásannaí den tsórt seo. Fuaim /ə/ atá ann)
Daighean an faide é ná an t-achar a chuaigh mise agus J. ag tóraíocht chaorach
+
Daighean blas díom nach raibh báite
Daighean mo chos-sa a ghabhfas ann
TUILLEADH (5) ▼
Daighean thar an teach a ghabhfadh sé ar éadáil
Daighean caite a bhí den (an) phíopa agam go ceann dhá lá
Daighean fiú agus blaiseadh den bhainne a dhéanfadh an lao
Daighean a ligfeadh an faitíos dó a chois clí ná dheas a chur taobh amuigh de dhoras
Daighean mise a ghabhfas ann muis
2.
·
Daighean mura thoir atá an ghaoth aríst!
+
Daighean mé nach dea-uair ar bith í
Daighean mé gur mór an feall é. Fear óg i dtús a shaoil agus a mhaitheasa
TUILLEADH (1) ▼
Daighean mé nach uait a thug mé í (móin). Ach ba bheag nach uait. Dhá mbeireadh an múr orm ag do chruaichse, is inti a rachainn

Féach freisin

daighean in iontrálacha eile (15)

 
Siod é an fear a bhfuil an chló stiúrtha aige ar a chlann iníon, agus nach mbéarfaidh cead dóibh corraí amach thar an tearsa (tairsigh) ó thitfeas oíche. Daighean mé gur aige atá an ceart freisin. Istigh is córa do chuile chailín óg a bheith san oíche.
 
Dhá choitianta dhá mbíonn sé i dteach an ósta muis, tá an saol ag féithiú leis. Daighean mise go bhfuil an oiread bruithshléacht ar a theach agus a bhí ariamh.
 
Rugadh uainín dhom anseo an bhliain cheana ar choraice dhubh na bliana. Ba é an chéad uan óg sa tír é. Ní fhaca tú in do shaol ariamh aon díthreabhach a bhí chomh meirbh leis. Daighean mé gur shrian sé thríd ina dhiaidh sin, dhá dhonacht dhá raibh an uair.
 
beo 2
Ná feicimse ar mo shráid aríst é le mo bheo ná mo mharbh, nó daighean mé má fheiceann, go n-íocfaidh sé ann.
 
Is suarach an éadáil fáiteall na farraige anois. Dheamhan breac ann. Tá siad tarlaithe leo ag na trólars. Ar ndóigh d'fheicinnse fadó nuair a théadh muid amach ar meath go mba geall le dóirthe a bhíodh sé ansin amuigh (iasc). Ach níl a shúil anois ann. Daighean é
 
Ba cheart duit breathnú i ndiaidh na coise sin. Tá tú dhá buachailleacht rófhada. Is ceart di a bheith cneasaithe feasta, ach daighean cosúlacht fós uirthi. Téirigh ag an dochtúr léithe. Is maith í an fhoighid ach is olc í an fhaillí
 
Is deacair le na harraingeachaí sin dealú amach le creatlachaí duine. Is minic a bhain siad mí asamsa. Daighean mé go mbaineadh. Agus níl aon leigheas ó fhlaithis go talamh orthu, ach cead acu a seal a thabhairt
 
Nó go ndéana Dia dearmad dó, daighean sluasaid a gheobhas sé uaimse aríst ná cuid de shluasaid. Is dathúil an scéal é, an feac a bhriseadh inti, agus gan fad méire ag gabháil liom ach í
 
Tá ceann beag ag N. agus ní dhéanann sé suaimhneas ar bith ach ag diúgaireacht leis i gcónaí. Dar brí an leabhair, chuirfeadh sé carghas ort ag breathnú air. Dheamhan suim ar bith aici féin ann. Dúirt mise léithe é a thabhairt siar go bhfeicfeadh an dochtúr é. 'Dheamhan dochtúr muis,' adeir sí, 'ná cuid de dhochtúir. Bíodh sé ag diúgaireacht leis ansin agus a chead sin aige. Nuair a thogrós sé stopadh, stopfaidh sé. Níl cheal ar bith air. Daighean páiste sa tír a fuair a aire sin; ach aon mhaith amháin dom é.' Dheamhan cás ar bith aici ann. 'Sí nach bhfuil an scrupall inti. Shílfeá gurb é an chaoi a mbeadh sí gothúil go bhfaigheadh aon duine caidéis don pháiste, agus níl aon duine dhá bhfeicfeadh é nach gcaithfeadh caidéis eicínt a fháil dó. Scrúdfadh a chuid diúgaireachta na clocha glasa — scrúdfadh sin
 
dona
Agus goideadh an corrán uait! Dona go leor a tháilliúir. Daighean neart air!
 
dream
Daighean (deamhan) mé go bhfuil siad chomh maith le dream ar bith eile le bhóta a thabhairt dóibh
 
Is dóigh go bhfuil dualgais an tsagairt íoctha agatsa. Caithfidh tusa a n-íoc go pointeáilte. Is máistir scoile thú. Daighean (dheamhan) ar íoc mise fós daofa
 
Daighean (dheamhan, diabhal) mé gur ag dul chun míshlaicht atá sí. Níl ainnis ar bith anois inti, té (cé) go raibh sí maith go leor agus í ina girsigh
+
Tá sé ag báisteach go daighean inniu
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé ag báisteach go daighean orm ag teacht aniar. Báitheadh go craiceann mé