Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dathúil
aidiacht
slachtmhar; go breá; scéimhiúil; snúúil.
+
Tá sí dathúil
Bean an-dathúil í
TUILLEADH (11) ▼
Tá sí buille dathúil, ach níl sí sách dathúil aige siúd. Spéir na gréine nach mór dó
Tá sí dathúil, ach ní i ngan fhios di féin é. Tá sí leitheadach dhá réir
Is dathúil go deo an buachaill óg é, bail ó Dhia agus ó Mhuire air
Tá sí bundathúil, ach nach bhfuil siad uileag mar sin?
Bean an-dathúil í as a ceannaghaidh
Go deimhin muise níl sí dathúil ná tada mar é. Tá sí rórua. Gile na ruacha an ghile gan bhuíochas, adeir siad
Is dathúil liom í le bualadh fúithi déarfá
Tabhair dathúil uirthi!
Dhá mbeadh sí chomh dathúil le Deirdre, ná le Helen fhéin hé brí cén sórt bean a bhí inti, is beag an mhaith di sin d'uireasa an spaigín
Is dathúil an gearrchaile d'inín atá aige, bail agus beannú uirthi!
Is breá dathúil an fear a fuair sí lena hais féin. Níl inti fhéin ach suaróigín
+
"Is minic gránna geanúil agus dathúil dona" (seanfhocal) — is minic an té atá gránna go mbíonn sé go lách síodúil soilíosach, agus an té atá dathúil go mbíonn sé olc, beagmhaitheasach, táiriúil
Tá sí sách dathúil ag fear ar bith. Agus tá cuntanós aici le na daoine rud nach bhfuil ag cuid mhaith dhá samhail. Is minic, adeir siad, gránna geanúil agus dathúil dona
TUILLEADH (1) ▼
Cé le aghaidh a dteastaíonn bean dathúil uaidh
+
Tá culaith dhathúil ort anois, go bhfága Dia lena caitheamh thú
Is dathúil an t-éadach é sin, mura bhfuil i ndán is go dtréigfidh sé
TUILLEADH (2) ▼
Tá teach dathúil anois aige, ach dar príosta, ba dathúil an chrúib airgid a chaill sé leis freisin
Sin bó dhathúil bail ó Dhia uirthi, agus tá an-úth bhainne aici i gcosúlacht

dathúil in iontrálacha eile (8)

 
Dar príosta tá sé ag sioc go daingean agus cupla iomaire mheaingeals ansiúd thíos agam gan clúdú ná a dhath. Is dathúil an chaoi a bheas orthu ar maidin
 
Rinne tú deargán críochnaithe den chathaoir. Dhá mbeadh plúirín agat anois, agus brat dó a chur os a chionn sin, bheadh sí go dathúil!
 
Nó go ndéana Dia dearmad dó, daighean sluasaid a gheobhas sé uaimse aríst ná cuid de shluasaid. Is dathúil an scéal é, an feac a bhriseadh inti, agus gan fad méire ag gabháil liom ach í
 
dorn
Rinne sé dorna méire leis an mbean a bhí roimhe amach ar an tsráid. D'iontaigh sí thart agus dheamhan easna dhó nár thosaigh ag sméideadh uirthi. Lady mhór a bhí inti, de bhean bhreá dhathúil. Ní raibh faitíos ar bith orm féin, ach go bhfaigheadh sí tógtha an bheirt againn. Ní raibh cás ar bith agam annsan — 'sé a bhí sé a thuaradh dó féin ar aon nós — ach ní raibh aon dúil mhór agam féin a dhul sa mBlackhole
 
Ná tabhair d'fhaisean duit féin mar sin a phutacháin, a bheith ag dradgháire, nó greamóidh sé dhuit! Dhá bhfeictheá tú féin anois. Go deimhin agus go dearfa, is breá dathúil í do cheannaghaidh!
 
dreach
Tá dreach breá dathúil air
 
dúch
Deir siad nuair a bhíos bric eile ar a thí gurb in é an uair a dtosaíonn an láimhíneach sin ag cur dúigh uaidh. Ní fhágann sé míor meacan den fharraige ina thimpeall nach mbíonn faoi dhúch aige. Ní léir don iasc eile ansin é. Bhí mé fhéin agus máistir scoile a bhí anseo thuas ar leave tigh J. amuigh ar meath an bhliain cheana. Ná raibh ann mura mbuaileann ceann acu é. 'Caith amach é i dtigh diabhail,' adeirimse, 'ní eallach ar bith é sin le bheith dhá bhuachailleacht sa gcurach.' Diabhal caitheamh! Ag déanamh iontais de na dathannaí a bhí air a bhí sé. 'Oibrigh ort a bhuachaill,' arsa mise i m'intinn féin, 'ní móide go mbeifeá chomh dathúil ar ball.' Ach níor bhac mé níos mó leis. Tháinig muid isteach sa gcaladh ansin thíos. 'An bhfuil tú ag brath air an t-ógánach seo a thabhairt leat,' adeirim féin, agus theann mé siar scaithín ar an trá. 'Caithfidh tú treabhadh nó tiomáilt a dhéanamh, mar tá cúram orm an churach a chur suas.' Ní raibh fios na faillí aige. Beireann mo dhuine bocht ar an láimhíneach, agus ní leis an láimhíneach ab fhaillí é; scaoil sé scuaid as agus bhí an trá faoi dhúch aige suas go dtí an leicín shleamhain údaí sa meathdhuirling. Níor thaobhaigh mo dhuine na curachaí uaidh sin amach
 
Chuaigh sé thríom é a fhostú, cor a chur ina láimh agus an tsinseáil a bhaint dhe gan bhuíochas. Ba dathúil an scéal é: mo chuid sinseála a choinneáil, agus é a shéanadh ansin, agus í i gcúl a ghlaice aige i gcaitheamh an achair. Nach spleách uaidh an chneámhaireacht a dhéanamh