Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
doicheall
ainmfhocal, fireann
fuaim: f caol ar an ch i doicheall agus i doicheallach
1.
scáth; scóchas.
+
"Is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn" — "is minic faitíos mór ar bheagán fearainn"; is minic a bhíos drogall nó scáth mór roimh rud eicínt agus nuair a theagas sé, ní bhíonn sé leath chomh dona is a ceapadh roimh ré, fearacht daoine a mbeadh faitíos orthu go ndéanfadh sé an-tuairt bháistí agus go millfeadh sí gach uile rud, agus gur beag an bhrí í ina dhiaidh sin ach a dteagann sí
Bhí an t-an-drochghotha air, ach ní dhearna sé brí ina dhiaidh sin. Is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn
TUILLEADH (7) ▼
Shíl muid nach mbeadh aon seamaide féir ag gabháil linn nach mbeadh ina aoileach nuair a thosaigh sé ag caitheamh corrbhraon. Bhí cion chúig choca mhóinéir istigh ar an iothlainn agus gan slám dó (de) buailte os cionn a chéile againn an áit a raibh muid ag iarraidh na garrantaí i bhfad ó láthair a tharlú isteach sula dtosaíodh muid ag cocadh. Is muid a bhí in anchaoi ceart, ach féacha míle buíochas le Dia, gur imigh sé thart gan faice a dhéanamh. Ar chuala tú ariamh é: is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn
Bhí chuile dhuine rite anall as Sasana ar an gcéad iarraidh. Síleadh an uair sin go marófaí iad as éadan. Ach ba ghearr aríst go raibh an choisíocht chéanna anonn acu, agus níor maraíodh mórán acu ó shin. Ní cheapaim go bhfuil duine ar bith as an ruta seo maraithe ná ar iarraidh. Dhá dhonacht dá raibh sé, ní raibh sé baol air chomh dona is a rinne daoine amach i dtosach. Is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn arsa tusa
B'fhurasta a gcur amach ainneoin a raibh d'fhaitíos ag na daoine rompu. Níl aird acu siúd ar thada ach a ngnaithe féin a dhéanamh. Shuigh an sagart óg thíos ar an tinteán théis an aifrinn mar a dhéanfadh fear den bhaile. Ní raibh call dúinn a leathoiread téisclim ná anró a chur orainn féin, ach bíonn duine ag iarraidh chaon tsórt a bheith ar deil ina dhiaidh sin. Is minic doicheall mór ar ndóigh ar bheagán fearthainn. Mo chreach mhaidne ghéar muis, dhá mba ag M. Ph. a bheadh an sagart, 'sí nach gcuirfeadh an easonóir uirthi féin. 'Tá sé chomh maith aigesean agus atá sé againn féin,' adeir sí an trip deiridh. Sin í an cailín agat!
Bhí an-chaint ansin go mbeadh cogadh ann anuraidh, nuair a bhí na Poncáin ag iarraidh na gcaltaí ar de Valera. Diabhal aithne a bhí orthu timpeall anseo nach raibh siad landáilte sa gC. Ach faoi cheann seachtaine, níor fhan smid ar bith faoi. Diabhal an focal. Sin é an doicheall mór ar bheagán fearthainn. Ara bhí ealaín eicínt eile acu féin ann freisin le dallach dubh a chur ar na daoine. Sin í a gceird sin i gcónaí
Má b'fhíor go raibh chuile Éireannach i Sasana le tógáil agus le cur amach sa gcogadh den bhuíochas. Diabhal Éireannach ar bith a tógadh ar a shon sin mura raibh a chiontsiocair féin leis. Duine ar bith a bhí ag iarraidh fanacht as an arm b'fhurasta dhó a dhéanamh. Chonaic mise é. Is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn adeir siad. Ba é sin a fhearacht ag na hÉireannaigh i Sasana é. Bhí an tÉireannach in ann a rogha rud a dhéanamh i Sasana. Nach raibh na Sasanaigh ag creathadh ina gcraiceann rompu
Shíl mé go mbeadh sé ina ghleadhradh cheart. Bhí T. ag cur goití air fhéin, agus ag síneadh na lámha, agus níor thaise den fhear thall é: bhí sé ag caitheamh corrsmugairle tirim amach agus ag cur cor ina bhéal. Agus ar ndóigh bhí an chosmhuintir ann ansin, agus iad féin líofa chuig tosaí. 'Sé an faitíos is mó a bhí ormsa go mbrisfidís a raibh sa teach. Murach sin, níor mhiste liom dá mbeidís ag bualadh tuí shrathair ar a chéile go ceann seachtaine. Ach shuaimhnigh siad ar an toirt ina dhiaidh sin, théis an scanradh a bhí orm féin. Is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn mar adúirt an ceann eile
Diabhal mé cupla bliain ó shin go gcuireadh an dream sin a bhíodh ag léamh na nuaíochtaí (páipéir) lán a gcruite d'fhaitíos ar na daoine. Bhí chuile shórt ar a ghainne agus ar a dhaoirse. Ní bheadh tada le fáil faoi cheann bliana. Dá seasadh an cogadh dhá bhliain, bheadh gorta ann, agus daoine ag fáil bháis. Ach tá sé ar srúl (siúl) cheithre bliana anois agus dheamhan duine a fuair bás le amhgar míle buíochas le Dia. Is minic an doicheall mór ar bheagán fearthainn ann freisin
2.
drogall; daoithiúlacht; bodaíl.
+
"Comhfhad a théas fuacht agus teas; Comhfhad a théas fuath agus grá; Ach téann an doicheall go smior; agus ní scarann as go brách" (Rann faoin doicheall í seo. Níl duáilce ar bith a chinnfeadh ar an doicheall. Bhí an córtas agus an fáilte ag rith ariamh le Gaeil. Ní taise le lucht labhartha na Gaeilge inniu é)
'Sé an doicheall an rud is measa ar bith. Sháraigh sé chuile shórt eile. Nár chuala tú ariamh é: téann an doicheall go smior agus ní scarann leis go brách.
TUILLEADH (3) ▼
Nach olc é an doicheall go sábhála Dia sinn! Téann sé go smior. Ar ndóigh sé an peaca is measa amuigh é mar sin
Sin é adeireadh N. Th. i gcónaí. 'Mhaithfinn drochmhúineadh agus drabhlás agus díth céille do dhuine,' adeireadh sé. 'Mhaithfinn créatúlacht agus géaradas dó. Ach tá rud amháin nach maithfinn d'aon duine agus sin é an doicheall. Téann an doicheall go smior'
Níl aon rud faoin domhan is luar liom ná doicheall mar sin. Téann an doicheall go smior adeir siad
+
Tá doicheall eicínt air faoi láthair. Níl focal den chaint aige. Chas sé liom ansin thíos aréir agus níl ann ach gur bheannaigh sé dhom
Céard a chuir an doicheall air linn. Bhíodh sé breá suáilceach roimhe seo. Ach níl sé amhlaidh le gairid. Oibríodh sé leis anois. Níor chuir muide chuige ná uaidh
TUILLEADH (4) ▼
Tá doicheall eicínt aríst air muis. Ach sin é an chaoi a mbíonn an bodach sin i gcónaí. Ní túisce leat ná in t'aghaidh é. Tá sé chomh luathintinneach leis an ngaoith agus chomh bundúnach le múille
Nach diabhaltaí an doicheall a bhíos uirthi i gcónaí thar is duine ar bith eile. Níl aon duine sa tír nach gcuirfidh aighneas lách ar an mbóthar ort, ach caithfidh sí i gcónaí a bheith ina duine inti féin. Nuair a bhíos fonn láíochta uirthi, bheadh sí ag dul siar in do bhéal, ach ar an toirt boise aríst bheadh stainc uirthi. Is diabhlaí an chaoi a mbíonn cuid de na daoine
Tá an doicheall uirthi. Sin é an rud atá uirthi, agus ar chuile dhuine dár bhain léithe. Bhí neart dó (de) iontu sin ariamh. Ach fág iad lena n-anó féin. Ní beag dhóibh rud dá bhfuil orthu. Diabhal é muis
Ach cé uaidh a dtug siad an doicheall siúd chor ar bith. Bhí athair agus máthair shuáilceach chainteach acu sin. Is mór adéarfadh duine le galántacht, ach ní galántacht ar bith é, mar 'sé an chaoi chéanna a bhfuil siad le chuile dhuine
+
Tá doicheall an tsaoil aige le na daoine ar an saol seo. Meas tú nach éard a d'fheicfeá a dhéanamh é anois, má bhíonn tú ag déanamh air, ag dul trasna, faitíos castáil duit. Níl a fhios agam beirthe ná beo cén fáth é. Caithfidh sé siúd céapar dó féin a bheith aige i gcónaí
Tuige an doicheall sin a bheith acu le clann Sheáin. Ní bheadh a fhios ag aon duine beo. Ach sin é a mbealach, agus is gránna an bealach é freisin
TUILLEADH (9) ▼
Níl údar doichill ar bith aici linne, murach an doicheall a bheith inti. Agus ó tá sé sin inti, ní fhágfaidh sé í. Is furasta a aithinte cérb as ar thug sí é freisin. Ó Chlainn Mhac Confhaola. De Chlainn Mhac Confhaola a máthair
Má tá doicheall aici leat, tá rud agatsa le déanamh: a dhul amach thairti agus do phort feadaíola thuas agat, mar a bhíodh ag B. Ph. Sh. chuile uair dá gcastaí an bhean leis an t-am a raibh siad in árachaigh a chéile. Diabhal focal bréige ann. Port chomh croíúil agus a chuala tú ariamh. Dhá mba aon bhean eile faoin domhan í, sciorrfadh na cosa uaithi ag damhsa leis
Ní raibh sé aon lá ariamh féin nach mbeadh doicheall an tsaoil aige le sagairt. Fear agus píce ní chuirfeadh ag an bhfaoistin é thar uair sa mbliain
Tá an-doicheall aige le chuile chineál duine den tsórt sin: póilí, máistir scoile, sagart, ganger bóthair, saighdiúir, fear posta nó fear ar bith a bhfeicfidh sé sórt culaithe ar bith air. Síleann sé gurb in iad atá ag bánú na tíre, lena dtarraingíonn a gcuid éadaigh d'airgead. Ní chreidfeadh sé nach bhfaigheann máistrí scoile agus sagairt a gcuid éadaigh in aisce freisin. Is beag an ghair a bheadh agat an rud sin a chur amach as a cheann. Bíonn daoine ag cumadh dhó as éadan freisin …
Bhí an-doicheall ag S. Mh. Mh. — go ndéana Dia trócaire air — le leabhra agus le páipéir nuaíochta. Ní raibh aon lá den ádh ar an saol ó thosaigh siad sin ag teacht amach adeireadh sé. 'Is beag a chogadh ná an marú a bhíodh ann fadó,' adeireadh sé, 'nuair nach raibh focal scoláireachta ar aon duine. 'Sí an scoláireacht a d'fhága an saol mar atá sé'
Is iontach an doicheall atá aige le curachaí, ach m'anam ar ndóigh, go bhfuil a údar aige … Cheal nár chuala tú é. Nár chaith sé uair i bhfarraige cheana siar ó Ch. Bh. T. D'iontaigh an churach ar thriúr acu. Báitheadh duine — mac le M. Th. Sh. a bhí ansin thiar. Tháinig an bheirt eile slán, ar na maidí rámha. Sin é an doicheall atá aige le na curachaí
An bhfaca tú aon fhear ariamh, d'fhear atá ina fhorránach chomh láidir leis, a bhfuil an oiread doichill le troid aige leis. Dheamhan páiste in do thír nach bhfuil in ann fadhb sa bpus a thabhairt dhó. D'éireofá ina mhullach agus dheamhan araoid a chuirfeadh sé ort ina dhiaidh sin. Uair ar bith a bhfeicfidh sé achrann ag tosaí, ligfidh sé leis fhéin ar an bpointe
Má tá an oiread sin doichill leis an ól aige, nach breá nach gcaithfeadh sé amach an deartháir. Dheamhan oíche dhá n-éiríonn ar a shúil nach dteagann sé abhaile agus gan cois faoi. Ach is beag dhá chuid cluanaíochta é sin. Ní in aghaidh an óil atá sé ach crás croí atá air aon phínn a chaitheamh
Shílfeá go mbíonn sé ag déanamh sórt doichill liom le gairid. Níl sé chomh laethúil agus a bhíodh sé
·
An bhfuil sibh i ndoicheall le chéile chomh mór sin agus nach dtógfadh duine agaibh litir le tabhairt don cheann eile. Is dona an chomharsanacht é sin
Chuaigh sí amach tharainn gan an smid féin a labhairt linn as doicheall
3.
mífhlaithiúlacht; uireasa féile, oinigh nó fáilte.
a.
+
Ní thiocfaidh mé isteach aige chor ar bith. Bheadh doicheall aige romham — ní bheadh aon fháilte aige romham; ní chuirfeadh sé aon chóir orm, ná ní thabharfadh sé aon óstachas dom
Tiocfad muis! Meas tú an dtiocfainnse isteach i dteach a bhfuil doicheall ann romham. Baol orm
TUILLEADH (11) ▼
Ní bhfuair muid tada ann ach an doicheall. Dheamhan láimh féin a croitheadh linn ná fáilte a cuireadh romhainn. Bhí siad chomh gruamánta, agus gan smid den chaint acu … Bail ó Dhia ort! Tae muis! Bhí cosúlacht mhór orthu siúd go deimhin, a dhul ag réiteach dhúinn. D'imigh linn ar an dá luath is a bhfuair muid an deis
Má fheicim go mbeidh doicheall ar bith aici romham, is gearr gasta a fhanfas mise aici, ach bóthar a bhualadh aríst
Sin é an faisean atá acu sin ariamh. Níl duine ná deoraí dhá dtéann isteach acu nach mbíonn an doicheall chéanna acu roimhe. Cheapfá gurb é an chaoi a mbíonn siad go mb'fhearr leo nach dtaobhódh aon duine iad
Éirigh as an mbanrán sin anois. Ní raibh aon doicheall thairis sin aige romhainn. Facthas domsa go mb'fháiltí go mór é ná mar is iondúil leis. Ní doicheall ar bith a bhíos air ach is duine dorcha é
Cén chaoi a bhféadfadh sé aon trácht a fháil. An bhfeiceann tú an doicheall a bhíos air roimh chuile dhuine. Meas tusa an caoi d'óstóir a bheith mar sin. Cén chúram atá ar aon duine a thaobhachtáil mura dtograí siad é
Is beag den doicheall sin a bheadh romhainn aici sin dhá mbeadh dalladh airgid againn agus muid a bheith in ann a híoc ar an tairne. Cuirfidh mise geall leatsa gurb í a bheas meangach leis an té nach dtéann chuici ach go hannamh. Beidh mo léan, mar bíonn sí ag tnúthán lena mealladh ó na siopaí eile chuici féin
M'anam nach bhfuil fear ar bith nach bhfuil doicheall aige roimh fhear próiseannaí. An t-uisce bruite a d'fhaighidís fadó
Deir sé nach gcuirfeadh sé a chois chlí ná dheas isteach thar an tairsigh aríst go deo acu leis an doicheall a bhí acu roimhe Dé Domhnaigh seo caite. Is beag nár dhúirt siad leis go mb'fhearr leo go bhfanfadh sé uathu. Ní dhearna sé dhá mhionóid moille ann gur ghlan sé leis gan greim gan blogam
Bhí an oiread doichill romham ann agus dhá mba tincéara nó gadaí mé. Ach beidh a shliocht orthu. Is fada aríst le cúnamh Dé go bhfeice siad mise ar a dteallach
Is túisce a thabharfadh an diabhal leis é muise ná a thiocfainnse go dtí é — giolla bradach an doichill. Ar ndóigh níor chuir sé sin fáilte roimh aon duine ariamh
Go ndéana Dia grásta air muis, ba bheag an doicheall é roimh an té a bhuailfeadh isteach aige. Dhá mba é an fear ab fhaide amach uaidh in Éirinn é, ní ligfeadh sé amach é gan an chomaoin chéanna a chur air agus a chuirfeadh sé ar a dheartháir. Níor fhéad aon fhear ariamh a rá gur fhága sé tí M. Bh. Mh. faoi thart ná faoi ocras
b.
+
Chuaigh sé go dtí leac an doichill aige; bhris sé leac an doichill aige; bhris sé leicín an doichill aige — chuaigh sé go dtí áit nach raibh aon fháilte roimhe, ná nár cuireadh aon chomaoin air
Feicfidh tú mise ag dul go dtí leac an doichill anocht: siar tigh S. Mh. Caithfidh mé leathmhaide rámha a iarraidh air, faighim é nó ná faighim. Is dóigh nach bhfaighidh. Briseadh maide orainn an lá faoi dheireadh a raibh muid amuigh
TUILLEADH (4) ▼
Is lena dhul go dtí leac an doichill dom é muis a dhul ar cuairt chuige sin. Nach beag a bheadh le déanamh aige. Is suarach an blas a bheadh aige sin ar mo leithidse de scráibín bualadh isteach ar cuairt aige. B'fhéidir gurb é an bulldog mór siúd a shaighdfeadh sé ionam
Chuaigh tú go dtí leicín an doichill ag M. aréir. Chonaic mé thú ag cnagairt ar an doras aige. An bhfuair tú aon aird … Dar mo choinsias má fuair, is tú an chéad duine a lig sé isteach le seal
Brath mhór atá agam a dhul go dtí leicín an doichill ag M. L. Is dóigh go ruaigfeadh sé mé. Meas tú an ruaigfeadh. M'anam muise dhá dtugadh sé aon obainn air nach mbeadh aige ach a leath. Deirimse leat go dtabharfainnse sciúradh na seanchuinneoige dhó, ar iontú an tsoip
Ní hiúd é an ribín réidh le dhul go dtí leac an doichill aige. 'Sé an chéad mhaith a dhéanfas sé fiafraí dhíot céard atá tú a iarraidh. Ní bheidh ach faonoscal ar an doras aige, agus fanóidh sé féin taobh istigh. Dheamhan beannú ná beannú a rinne sé d'aon fhear ariamh
+
An bhfuil a fhios agat cá ndeachaigh mé ag briseadh leicín an doichill aréir: suas tigh Mh. Shíl mé go gcaithfeadh sé amach mé ach diabhal caitheamh. Buntsuáilceach go leor liom a bhí sé shula d'imigh mé
Mo choinsias is dar m'anam, is ag briseadh leac an doichill a bheas sé ag dul má théann sé ag iarraidh na hiníne air siúd. Nach bhfuil a fhios agatsa go maith nach meas atá ag S. Mh. Sh. ar leathghabháltas talúna. Ní mór leis siúd ceithearnach dá inín a mhic ó
TUILLEADH (4) ▼
Bhrisfinn leicín an doichill aige dhá mb'fheasach dom go bhfaighinn amharc ar an inín siúd nach gcorraíonn amach. Deir siad gur mór an áilleacht í. Ní fhaca mé ariamh í, agus tá mé i ndiaidh a feiceáil i gcónaí. Nach mór an feall nach bhfuil aon teacht i láthair inti. Bheadh candáil ar a leithide anois. Tá cailíní deasa na tíre scuabtha go Sasana
Brisfidh sé leac an doichill ag bean óg eicínt i mbliana. Chítear dom go bhfuil an-rachmall mná dhá bhualadh le gairid. Téann sé ag na céilíochaí as cnámh éadain anois
Is gearr gairid go mbrisfidh mise leac an doichill ag an sáirsint seo thíos. Buailfidh mé iarraidh ar dhoras an bheairic agus déarfaidh mé form dole a chur amach agam nó troid. Tá mé ag breathnú ar dhaoine agus iad ramhraithe le dole le trí bliana. Dar mo choinsias, ní bheidh mise ar deireadh níos mó ach an oiread le duine
Ní bheadh misneach ar bith agat a dhul soir agus leicín an doichill a bhriseadh ag J. N. Iarrfaidh mise dhuit í. Th'anam ón diabhal, imigh leat agus faigh buidéal fuisce agus gluaisfidh an cúpla againn siar. Tá smearachán ghaoil aige liomsa. Mura dtuga sé aon ugach dúinn, buailfidh muid pléasc ar an gclog nua a cheannaigh siad
+
Sin é an lá ar casadh ar leac an doichill mise. B'éigean dom a dhul isteach ag iarraidh deis deasaithe bicycle ar Th. É. Dhá bhfeictheá an grúscán a chuir sé as. 'A,' 'A,' 'A,' adeireadh sé agus a mhéir faoina chluais aige. 'Ag an diabhal go raibh tú,' adeirim féin
Deirimse leat gur iúd í leac an doichill. Fanadh chuile fhear as an bpríosún. Mar adeir an t-amhrán: "Siúd é an príosún agus ná téigí ann". Nach beag an scrupall a bhíos i bhfear ar bith a chuirfeadh bean bhocht isteach ansiúd. Tá siad ann. Chonaic mé iad. Duine ar bith a chaithfeas stráisiún ansiúd, tá a pheiriacha thairis
TUILLEADH (3) ▼
Chuala mise ariamh caint ar leicín an doichill ach siúd é an áit a bhfuil sí, thíos san easpaicil. Go bhfóire Dia orainn, is caillte an áit é. Gheobhaidh tú stiallóigín aráin agus braoinín tae nach dtabharfá do sheacht mallacht air, agus sin é do lón go dtí an t-am céanna lá arna mhárach. 'Sé a mh'anam, scáth an dinnéar agus an bricfeasta a bhíos ann. Tá na créatúir bhochta atá istigh ann ag saothrú an tsaoil. Go bhféacha an tAthair Síoraí orainn, is mór an díol trua duine ar bith atá fágtha istigh ansiúd
Ní bheidh tú ar leicín an doichill choíchin nó go dté tú go Sasana. Dhá mbeifeá ann a mhic ó, bheadh a fhios agat é. Bheifeá ansin ar lóistín i seomra gan aon aithne agat ar an té a bheadh sa seomra ba ghaire dhuit. Chaith mé féin agus fear as na F. seacht mí ar lóistín i seomra agus bhí Sasanach lena (ár) n-ais sa teach céanna, agus níor bheannaíomar ariamh dhá chéile
Leac an doichill! Má tá tú dhá tóraíocht, téirigh siar ar bhaile na C. D. Sin é an áit a bhfuil sí. Níl dhá theallach ar bith ann ag caint lena chéile. Diabhal focal bréige ann. Tabhair gearradh éadain anois suas dóibh thú féin go bhfeice tú an bhfuil. Nach é an té a phósfadh isteach ina lár a bheadh i ladhar an chasúir? 'Sé a bheadh ar leac an doichill ar chaoi ar bith
c.
+
Fáilte an doichill a cuireadh roimhe — fáilte nárbh fháilte chor ar bith í, doicheall a bheith romhat i leaba fáilte, agus in áit b'fhéidir a mbeifeá ag tnúthán le fáilte. Seo í Fáilte an DoichillFáilte an Duine Dhoichealla (doicheallaigh): "Fáilte romhat agus nár ba ea; Suigh síos — mura bhfuil deifir ort —; Agus ar ndóigh tá; Fan go lá —; Tá na fataí seo donite, dobhruite, dochurtha síos; Tá an tincéara i gCorcaigh; tá an pota ag ligean thríd (tá an pota i mBaile Átha Cliath); Agus níl fataí ar bith is gaire dhuit ná do chuid fataí féin"
Fáilte an doichill a bheas romhat ansiúd mura mbí airgead agat. Is cam a bhreathnós bean an leanna ar phócaí folmha bocht
TUILLEADH (3) ▼
Fear ar bith a thiocfas dhá hiarraidh siúd agus gan trí chéad punt aige, 'sé fáilte an doichill a bheas roimhe. Gabháltas mór talúna agus teach nua agus planda breá de bhean: nach fiú trí chéad punt an méid sin. Sílimse gur fiú
An té nach dtarraingeoidh braonachaí fuisce agus bronntanais aici siúd, ní bheidh roimhe aici ach fáilte an doichill. An bhfeiceann tú an ghairm atá roimh Ph. J. ann. Is maith an fáth muis. Tá sé sin suas anuas B. chuile ré solais ag tarraingt fuisce chuici. Cuirfidh mise geall leat nach mórán suáilce a bheas aici linne nuair a bhuaileas muid isteach aici. Tá baol uirthi
M'anamsa má thaobhaíonn an duine uasal sin an teach seo feasta gurb í fáilte an doichill a bheas roimhe, agus ní thuilleann sé a malrait. Is beag an dochar dhó náire féin a bheith air: ag teacht isteach i dteach ar bith leis an méid a chloiseas sé ann a tharraingt go dtí an chéad duine eile agus a dhá oiread a chur air. Sin í a cheird muise. Nach gránna an béas é ag buachaill óg. Fhóbair mise an oíche cheana muise — murach gur casadh S. isteach — an bhróig a thabhairt dó. Ach bhí cás agam a dhul ag tosaí siúite ar bith agus S. istigh
d.
+
Ag brú ar an doicheall — ag dul as cosa i dtaca go dtí áit (nó duine) a bhfuil a fhios agat nach bhfuil aon fháilte romhat; ag déanamh mórtachais le duine agus gan aon iarracht ná aon ghnaoi aige ort
Ní thaobhóidh mé chor ar bith iad. Má thaobhaím is ag brú ar an doicheall a bheas mé
TUILLEADH (12) ▼
Fanóidh mé as ar fad. Ní maith liom a dhul ag brú ar an doicheall. Is maith is feasach domsa nach bhfuil aon ghnaoi acu sin orm
Dar fia muise má tá tú ag brath ar dhul siar ansin is ag brú ar an doicheall a bheas tú deirimse leat. Meas tú an bhfuil meas ansin ar fhear do bhaile. Diabhal an oiread is a bheadh ar shalachar do bhróige. Is fhearr an aithne atá agamsa orthu ná agatsa. Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Tá an dream siúd chomh suimiúil agus nach bhfuil aird ar bith acu ar a (ár) leithidí s'againne … Oibrigh ort a mhic ó. Déan do chomhairle féin, ach cuimhnigh go bhfuil mise dhá rá leat: beidh aiféala ort
Is fada síos a ghabhfainn agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair! Bhí mé cheana thíos ann ar bhainis Ph. N. agus dhá mbeadh breith ar m'aiféala agam, ní thabharfainn an tabhairt orm fhéin. Agus ba mhór liom a bheadh amhlaidh. Ba ag brú ar an doicheall ceart dúinn a dhul ann. Níor fiafraíodh cá dtáinigeamar, go raibh muid cupla uair ann, agus an uair sin féin ba suarach a caitheadh linn. Aon ghloine amháin fuisce a fuair mé ar feadh na hoíche. Dar lán an leabhair sin é an méid, agus ní mé an t-aon duine a bhí amhlaidh: dá bhfaigheadh T. Ph. cead a chomhairle féin, bhí sé ag dul ag déanamh brosna don teach. Ba é a dhéanamh leis é. Ní raibh an tine féin ann.
Ba in é féin a dhul ag brú ar an doicheall, a dhul isteach go dtí iad sin. Tá mé ag ceapadh nár fhéad aon fhear ariamh a rá go bhfuair sé cupán tae ann. Dhá gcastaí ann thú faoi chéad agus iad ag ithe, ní thairgfeadh siad a dhath dhuit. Ba iad an dream ba ghortaí iad a shiúil ariamh talamh ná féar. Bhí a shliocht orthu: d'fhága siad cistí airgid ina ndiaidh
A muise a mhuirnín, má théann tú siar go R. Mh. gabhfaidh tú ag brú ar an doicheall. Thug an tincéara fhéin a mhallacht dó: ceathrú cloch fhataí a bhí aige théis soláthar trí lá, agus ina cheann sin, goideadh an sádar (solder) uaidh. Nach gann a chuaigh an saol orthu go mb'éigean dóibh a dhul ag fiachadh ar an tincéara. Ach cén neart a bhí acu air. Ar ndóigh níl ní dhár dhealbh an ghrian ann ach breaclachaí agus clochair
Fanadh sé as muran leis a dhul ag brú ar an doicheall. Meas tú an mbeidh fáilte ansiúd roimhe. Ní bheidh muis … Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid gaoil! B'fhearr leo siúd go fada nach mbeadh gaol ar bith acu leis. Nach séanann siad é áit ar bith a bhféadann siad. Gaol mo chreach! Bíodh rud agat! Sin é an gaol a fhónfas duit!
Níorbh ait liom ariamh a dhul ag brú ar an doicheall mura gcinneadh an saol críochnaithe orm. Dhá dtéinnse isteach ansin, is beag an fháilte a bheadh romham, agus ní thiocfaidís ar chúla an chlaí lena inseacht dom ach oiread. Meas tú an éistfinnse leo do mo mhaslú go spleách mar sin. Baol orm. Chaithfinn díom féin agus ba chuma liom ina mná ná ina bhfir iad, ach thabharfainn gearradh éadain orthu — gearradh éadain mar a thug Féilim do chac an mhadadh. Diabhal a leithide de rúscadh a fuair aon dream ariamh ina saol mar a gheobhaidís dá n-ionsaínnse iad. Dhá laghad gnaoi dá bhfuil acu orm, níl a leathoiread agam orthu, ná ní raibh ariamh
Níl fear ag brú ar an doicheall go dté sé go Baile Átha Cliath. Chuamar ann anuraidh ag an mbáire, agus chaitheamar an oíche ag guairdeall thart ar fud na sráideannaí ag tóraíocht áite a d'fhágfadh istigh muid. Diabhal mé go sílfeá gur in aisce a bhíomar dhá éileamh. Bheifeá ag bualadh leathuair ar an doras gan fáir gan freagra a fháil. Nuair a thiocfadh duine go dtí an doras féin, ní thabharfaidís air ach faonoscal. 'What do you want,' agus chuile dhuine acu agus iad chomh míchéatach. Choimirce an diabhail do Bhaile Átha Cliath fré chéile! Nuair a bhí streoillín streille déanta againn den oíche, agus muid sáraithe ag siúl, sea a casadh fear linn a thug chuig a theach féin muid …
Dar fiagaí muis, ní ag brú ar an doicheall a dhul chuige. Tá fáilte agus caint agus carthanas le fáil uaidh. Dar mo choinsias is mór an tsuáilce an chaint. Thiocfá isteach ag cuid de na daoine agus ní labhróidís faoi dhó leat ó ghabhfá ann go n-imeofá as aríst. Ní hé sin dósan é a mh'anam. Ní sa gcarthanas a chaill sé é ar chaoi ar bith
Ná téadh muid ag brú ar an doicheall an ea. Dheamhan an mó ná dhá mbeadh an V2 cocáilte istigh aige orainn anois go bhfanadh muid uaidh. Cén bheann atá againn air faoina dhul tamall ar cuairt. Nach ligfeadh fear ar bith bulc gearrbhodaigh scaitheamh isteach ag déanamh airneáin. Mura mbeidh seisean ar nós gach duine, ní bhfaighidh sé féin mórán suaimhnis muis. Coinneofar corrmhéaróigín buailte ar an doras aige
Mura bhfuil airgead ar bois agat, ná taobhaigh siopaí na G. Má thaobhaíonn, is ag brú ar an doicheall a bheas tú. Siúd é an áit deiridh ag duine le dhul mura bhfuil pócaí teanna agat. Ná bac leis an bhfear folamh. Níl siad siúd dhá iarraidh. Is beag é a n-iarracht air. Tá sé a fhearacht ag an bhfear fadó: "Pócaí folmha bocht, buailidís bóthar agus gheobhaidh siad seantáin amach faoin tír"
Chuaigh mé ag brú ar an doicheall agus tháinig an doicheall amach i m'aghaidh. Ní leasainm ar bith air siúd an doicheall a thabhairt air. Dhá bhfeictheá an chaoi ar tháinig sé aníos as an gclúid nuair adúirt muid go raibh muid ag cruinneáil (cruinniú) airgid. Chuile bhall aige siúd ach an té a bheas ag cruinneáil airgid
4.
píobán an doichill: an píobán a dtéann an bheatha síos ann nuair a théas sí le anáil duine. Bíonn sé ag casacht nó go gcuireann sé aníos aríst í. Sa bpíobán réidh atá aici a dhul. (wind pipe)
+
Chaithfeadh sé a Sheáin, gur píobán an doichill a chuaigh sé sin. Feictear dhom gur chaith tú an-fhada leis. Breá nach n-ólfá suas de ghorta gharta do phionta mar a ghníos mise agus a bheith faoi réir le haghaidh ceann eile
Nuair a bhíos an píobán réidh calctha air, tá sé siúd in ann é a chur síos píobán an doichill. Murach go bhfuil, ní bheadh sé in ann an oiread de scaird a ól. Mo chroí ón diabhal, nach dtoillfeadh sé i ndabhach
TUILLEADH (5) ▼
Bhí sí ró-antlásach ag an mbia. Chuir sí an iomarca suas in éindí, agus chuaigh sé lena hanáil síos píobán an doichill. Chinn sé uirthi é a chur aníos, agus sheas sé ina muineál. Thosaigh siad ag bualadh boiseogaí sa dromán uirthi, ach dheamhan maith a bhí ann. Ní rug an sagart ar an mbean bhocht. Cnáimh a bhí sa ngeampa feola a chuir sí suas, a chniog í. Is maith nár mhór do dhuine a bheith ar a airdeall féin ag ithe a bhéilí. D'fheicfeá daoine agus bheidís chomh huafásach sin aige agus nach ndéanfaidís ach a shlamairt. Is mór an chontúirt é sin go sábhála Dia sinn. Ar aon chor, ní bhíonn aon mhaith sa mbeatha leis an ithe sin a thabhairt uirthi
Ná bac le píobán an doichill aige siúd! Níl an doicheall roimh bhia ná ól ag aon phíobán dá bhfuil aige siúd — agus leis an ól go mór mhór! Chuile shórt ach doicheall! Dhá n-óladh sé siúd thrína pholláirí é, gheobhadh sé an bolg amach, ná bíodh faitíos ort
Is deacair le rud a dhul síos sa bpíobán sin — píobán an doichill — mura mbeadh an iomarca anbhá ort ag slogadh. Má ghníonn tusa réiteach leat féin, mise i mbannaí nach dtiocfaidh aon cheo síos píobán an doichill
Deiseal! Deiseal! Glac t'ionú, agus ná bíodh an oiread sin uafáis ort. Shílfeá nach bhfuil breith bonn báis agat go mbeidh an greim deireanach slogtha agat. Ní hé a ghoid ná a fhuadach uait a dhéanfar. Ach tá a fhios agam go maith céard atá ort: fonn bóithreoireachta agus rabhaiteála (fc. rabhait). Is fada leat go mbeidh tú amuigh aríst
Chreidim go bhfuil an dá bhealach ann — an Daingean agus an Ceann — mar adeir an bádóir. 'Sé an píobán réidh píobán na beatha, agus an píobán eile — píobán an doichill — ceann na hanála

Féach freisin

doicheall in iontrálacha eile (9)

 
déan 1
Déanfaidh tú rud go deimhin. Ar chuala tú ariamh é: is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn. Sin é a fhearacht agatsa é. Gaotaireacht uileag thú
 
Deiseal! Dia leat! Cuir aniar é! M'anam gur scanraigh mé gur síos píobán an doichill a chuaigh sé agus go seasfadh sé thíos ann — deiseal adeirtear má théann rud le anáil duine, nó scaití má bhíonn sé ag sraofairt. Ach Dia linn is mó adeirtear le sraofairt (nó Dia leat), agus deiseal le duine nó beithíoch a bhfuil treampán eicínt sa muineál air faoi rud a ligean síos
 
díol 2
Má fhéachann tú le dhul isteach an tráth seo d'oíche, tá faitíos orm gur ag brú ar an doicheall a bheas tú. Ní thabharfaidh sé aon deoch duit ach tabharfaidh sé drochdhíol cainte ort. Mar sin, fan uaidh
 
Diabhal fear faoin mbogha bán is doicheallaí ná é le tarraingt air. Doicheall uileag é. Téirigh isteach aige moch nó deireanach agus is é an cás céanna é. Bíonn gruaim air i gcónaí i gcónaí
 
dóigh 1
Dúirt mé liom féin nár mhaith an dóigh dhom imeacht ar bholg folamh, agus dhá mhéad doicheall dá raibh romham, go bhfanfainn go bhfeicinn an dtairgfí aon ghreim le n-ithe dhom. Tairgeadh agus mo sháith.
 
I nDomhnach muise, is maith an scaitheamh aríst go bhfeice tú mise ag briseadh leicín an doichill aige
 
Ní ghabhfaidh mé isteach ansin le droimdhiúltú a fháil. Is maith atá a fhios agamsa cén fháilte a bheas romham ansin. Ní maith liom a dhul ag brú ar an doicheall nó go gcinne orm
 
Go bhfóire Mac Dé ar do cheann a mhic ó — go n-inseodh sí sin tada dhuit. Ní inseodh ná aon duine dhá dream. Bhí an doicheall agus an dúnáras go smior iontu
 
Téann an doicheall go smior — go dtí an smior. Tabhair faoi deara nach mbíonn an t-alt go hiondúil in ainmfhocal i ndiaidh ag dul go