Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Doicheall
ainm-fhocal; fireann.
Fuaim — f. caol ar an ch i "doicheall" agus i doicheallach
1.
scáth; scóchas.
+
"Is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn" = "is minic faitíos mór ar bheagán fearainn"; is minic a bhíos drugal nó scáth mór roimh rud eicínt agus an uair a theagas sé, ní bhíonn sé leath cho dona agus a ceapadh roimh-ré, fearacht daoine a mbeadh faitíos orra go ndéanfadh sé an-tuairt bháistighe agus go millfeadh sí gach uile rud agus gur beag an bhrigh í in a dhiaidh sin, ach a dteagann sí
Bhí an t-an-droch-ghothadh air, ach ní dhearna sé brigh in a dheidh sin. Is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn
TUILLEADH (7) ▼
Shíl muid nach mbeadh aon-seamaide féir ag gabhail linn nach mbeadh in a aoileach an uair a thosuigh sé ag caitheamh corr-bhraon. Bhí cion chúig choca mhóinfhéir istigh ar an iothlainn agus gan slam dó (de) buailte as cionn a chéile againn in áit a raibh muid ag iarraidh na garrantaí i bhfad ó láthair a thárlú isteach sul a dtosuigheadh muid ag cocadh. Is muid a bhí in anchaoi ceart, ach feacha míle buidheachas le Dia gur imigh sé thart gan faice a dhéanamh. Ar chuala tú ariamh é: is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn
Bhí 'chuile dhuine rithte anall as Sasana ar an gcéad iarraidh. Síleadh an uair sin go mar(bhóchth)aidhe iad as éadan. Ach ba ghearr aríst go raibh an choisidheacht chéadna anonn aca, agus níor marbhuigheadh mórán aca ó shoin. Ní cheapaim go bhfuil duine ar bith as an ruta seo marbhuighthe ná ar iarraidh. Dhá dhonacht dá raibh sé, ní raibh sé baoghal air cho dona agus a rinne daoine amach idtosach. Is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn arsa tusa
B'fhurasta a gcur amach aindeoin a raibh d'fhaitíos ag na daoine rómpa. Níl áird aca siúd ar thada ach a ngna féin a dhéanamh. Shuidh an sagart óg thíos ar an teinteán th'éis an Aifrinn mar a dhéanfadh fear de'n bhaile. Ní raibh call duinn a leath-oiread téisclim ná anró a chuir orainn féin, ach bíonn duine ag iarraidh 'chaon tsórt a bheith ar deil in a dheidh sin. Is minic doicheall mór 'ar ndú' ar bheagán fearthainn. Mo chreach mhaidne ghéar muis, dhá mbadh ag M. Ph. a bheadh an sagart, 'sí nach gcuirfeadh an easonóir uirre féin. "Tá sé cho maith aige-san agus atá sé againn féin" adeir sí "an trip" deireadh. Sin í an cailín agad!
Bhí an-chaint annsin go mbeadh cogadh ann anuiridh, an uair a bhí na punncáin ag iarraidh na gcaltaí ar Devalera. Diabhal aithne a bhí orra timcheall annseo nach raibh siad "landáilte" ins an gC. Ach faoi cheann seachtaine, níor fhan smid ar bith faoi. Diabhal an focal. Sin é an doicheall mór ar bheagán fearthainn. Ara bhí ealadhain eicínt eile aca féin ann freisin le dallach dubh a chur ar na daoine. Sin í a gceird sin i gcomhnuí.
Má b'fhíor go raibh 'chuile Éireannach i Sasana le tógáil agus le cur amach ins an gCogadh de'n bhuidheachas. Diabhal Éireannach ar bith a tóigeadh ar a shon sin mara raibh a chionntsiocair féin leis. Duine ar bith a bhí ag iarraidh fanacht as an Arm b'fhurasta dhó a dhéanamh. Chonnaic mise é. Is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn adeir siad. Badh é sin a fhearacht ag na h-Éireannaigh i Sasana é. Bhí an t-Éireannach indon a rogha rud a dhéanamh i Sasana. Nach raibh na Sasanaigh ag creathadh in a gcraiceann rómpa
Shíl mé go mbeadh sé in a ghleáradh cheart. Bhí T. ag cur goithtí air fhéin, agus ag síneadh na lámha agus níor thaise de'n fhear thall é: bhí sé ag caitheamh corr-smugairle tirm amach agus ag cur cor in a bhéal. Agus 'ar ndú' bhí an chos-mhuintir ann annsin, agus iad féin líomhtha chuig tosuighe. 'Sé'n faitios is mó a bhí ormsa go mbrisfidís a raibh ins an teach. Marach sin níor mhiste liom dá mbeidís ag bualadh tuighe shrathair ar a chéile go ceann seachtaine. Ach shuaimhnigh siad ar an toirt in a dheidh sin, th'éis an scanradh a bhí orm féin. Is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn mar adubhairt an ceann eile.
Diabhal mé cupla bliain ó shoin go gcuireadh an dream sin a bhíodh ag léigheamh na nuaidheachtaí (páipéir) lán a gcruite d'fhaitíos ar na daoine. Bhí 'chuile shórt ar a ghainne agus ar a dhaoirse. Ní bheadh tada le fáil faoi cheann bliana. Dá seasadh an cogadh dhá bhliain, bheadh gorta ann, agus daoine ag fáil bháis. Ach tá sé ar srubhal (siubhal) cheithre bliana anois agus dheamhan duine a fuair bás le amhgar míle buidheachas le Dia. Is minic an doicheall mór ar bheagán fearthainn ann freisin
2.
drugal; daoitheamhlacht; bodaighil.
+
"Comhfhad a theigheas fuacht agus teas; Comhfhad a theigheas fuath agus grádh; Ach teigheann an doicheall go smior; agus ní scarann as go bráth." (Rann faoi'n doicheall í seo. Níl dubháilce ar bith a chinnfeadh ar an doicheall. Bhí an córtas agus an fáilte ag rith ariamh le Gaedhil. Ní taise le lucht labhartha na Gaedhilge indiu é)
'Sé an doicheall an rud is measa ar bith. Sháruigh sé 'chuile shórt eile. Nar chuala tú ariamh é: teigheann an doicheall go smior agus ní scarann leis go bráth.
TUILLEADH (3) ▼
Nach h-olc é an doicheall 'sábhálaidh Dia sinn! Teigheann sé go smior. 'Ar ndú' sé an peacadh is measa amuigh é mar sin
Sin é adeireadh N. Th. i gcomhnuí. "Mhaithfinn droch-mhúineadh agus drabhlás agus dithcéille do dhuine" adeireadh sé. "Mhaithfinn créatúlacht agus géireadas dó. Ach tá rud amháin nach maithfinn d'aonduine agus sin é an doicheall. Teigheann an doicheall go smior"
Níl aon-rud faoi'n domhan is lughar liom ná doicheall mar sin. Teigheann an doicheall go smior adeir siad
+
Tá doicheall eicínt air faoi láthair. Níl focal de'n chaint aige. Chas sé liom annsin thíos aréir agus níl ann ach gur bheannuigh sé dhom
Céard a chuir an doicheall air linn. Bhíodh sé breagh subháilceach roimhe seo. Ach níl sé amhlaidh le goirid. Oibrigheadh sé leis anois. Níor chuir muide chuige ná uaidh
TUILLEADH (4) ▼
Tá doicheall eicínt aríst air muis. Ach sin é an chaoi a mbíonn an bodach sin i gcomhnuí. Ní túisce leat ná in t'aghaidh é. Tá sé cho luath-intinneach leis an ngaoith agus cho bundúnach le múille
Nach diabhaltaí an doicheall a bhíos uirre i gcomhnuí thar agus duine ar bith eile. Níl aon-duine ins an tír nach gcuirfidh aighneas lághach ar an mbóthar ort, ach caithfidh sí i gcomhnuí a bheith in a duine innte féin. An uair a bhíos fonn lághaigheachta uirre bheadh sí ag dul siar in do bhéal, ach ar an toirt boise aríst bheadh stainc uirre. Is diabhlaí an chaoi a mbíonn cuid de na daoine
Tá an doicheall uirre. Sin é an rud atá uirre, agus ar 'chuile dhuine dár bhain léithe. Bhí neart dó (de) ionnta sin ariamh. Ach fág iad len a n-an-shógh féin. Ní beag dhóib rud dá bhfuil orra. Diabhal é muis
Ach cé uaidh a dtug siad an doicheall siúd chor ar bith. Bhí athair agus máthair shúbháilceach chainteach aca sin. Is mór adéarfadh duine le galántacht, ach ní galántacht ar bith é, mar sé an chaoi chéadna a bhfuil siad le 'chuile dhuine
+
Tá doicheall an tsaoghail aige le na daoine ar an saoghal seo. Meastú nach shéard a d'fheicfeá a dhéanamh é anois, má bhíonn tú ag déanamh air, ag dul treasna, faitíos castáil duit. Níl a fhios agam beirthe ná beo cé'n fáth é. Caithfidh sé siúd "céapar" dó féin a bheith aige i gcomhnuí
Tuige an doicheall sin a bheith aca le clann Sheáin. Ní bheadh fhios ag aon-duine beo. Ach sin é a mbealach, agus is gránna an bealach é freisin.
TUILLEADH (9) ▼
Níl údar doichill ar bith aice linne, marach an doicheall a bheith innte. Agus ó atá sé sin innte, ní fhágfaidh sé í. Is furasta aithinte cé'rb as ar thug sí [é] freisin. Ó Chloinn Mhac Confhaola. De Chloinn Mhac Confhaola a máthair
Má tá doicheall aice leat, tá rud agadsa le déanamh: a dhul amach thairti agus do phort feadghaile thuas agad, mar a bhíodh ag B. Ph. Sh. 'chuile uair dá gcastaí an bhean leis, an t-am a raibh siad in árachaí a chéile. Diabhal focal bréige ann. Port cho croidheamhail agus a chuala tú ariamh. Dhá mbadh aon-bhean eile faoi'n domhan í, sciorrfadh na cosa uaithe ag damhsa leis
Ní raibh sé aon-lá ariamh féin nach mbeadh doicheall an tsaoghail aige le sagairt. Fear agus píce ní chuirfeadh ag an bhfaoisidín é thar uair ins an mbliain.
Tá an-doicheall aige le 'chuile chineál duine de'n tsórt sin: póilidhe, máistir scoile, sagart, "ganger" bóthair, saighdiúir, fear posta nó fear ar bith a bhfeicfidh sé sórt culaithe ar bith air. Síleann sé gurb shin iad atá ag bánú na tíre, le na dtarraingigheann a gcuid éadaigh d'airgead. Ní chreidfeadh sé nach bhfaghann máistirí scoile agus sagairt a gcuid éadaigh in aisce freisin. Is beag an ghoir a bheadh agad an rud sin a chur amach as a cheann. Bíonn daoine ag cumadh dhó as éadan freisin …
Bhí an-doicheall ag S. Mh. Mh. — go ndéanaidh Dia trócaire air — le leabhra agus le páipéir nuaidheachta. Ní raibh aon-lá de'n ádh ar an saoghal ó thosuigh siad sin ag teacht amach adeireadh sé. "Is beag 'e chogadh ná an marbhú a bhíodh ann fadó" adeireadh sé "an uair nach raibh focal scoláireacht' ar aonduine. 'Sí an scoláireacht a d'fhága an saoghal mar tá sé."
Is iongantach an doicheall atá aige le currachaí, ach m'anam 'ar ndú, go bhfuil a údar aige … Cheal nar chuala tú é. Nar chaith sé uair i bhfairrge cheana siar ó Ch. Bh. T. D'ionntuigh an churrach ar thriúr aca. Báitheadh duine — mac le M. Th. Sh. a bhí annsin thiar. Tháinig an bheirt eile slán, ar na maidí rámha. Sin é an doicheall atá aige le na currachaí
'Bhfaca tú aon-fhear ariamh, d'fhear atá in a fhorránach cho láidir leis a bhfuil an oiread doichill le troid aige leis. Dheamhan páiste in do thír nach bhfuil indon fadhb 'sa bpus a thabhairt dhó. D'eirochthá in a mhullach agus dheamhan araoid a chuirfeadh sé ort in a dheidh sin. Uair ar bith a bhfeicfidh sé achrann ag tosuighe leigfidh sé leis fhéin ar an bpuínte
Má tá an oiread sin doichill leis an ól aige, nach breagh nach gcaithfeadh sé amach an dearbhráthair. Dheamhan oíche dhá n-eirigheann ar a shúil nach dteagann sé abhaile agus gan cois faoi. Ach is beag dhá chuid cluanuigheacht' é sin. Ní in aghaidh an óil atá sé ach crádhas croidhe atá air aon-phighinn a chaitheamh
Shílfeá go mbíonn sé ag déanamh sórt doichill liom le goirid. Níl sé cho laetheamhail agus a bhíodh sé
·
An bhfuil sib indoicheall le chéile cho mór sin, agus nach dtóigfeadh duine agaibh leitir le tabhairt do'n cheann eile. Is dona an chomhursanacht é sin
Chuaidh sí amach tharainn gan an smid féin a labhairt linn as doicheall
3.
mí-fhlaitheamhlacht; fhuireasbhaidh féile, oinigh nó fáilte.
a.
+
Ní thiocfaidh mé isteach aige chor ar bith. Bheadh doicheall aige rómham = ní bheadh aon-fháilte aige rómham; ní chuirfeadh sé aon-chóir orm, ná ní thiubharfadh sé aon-óstachas dom
Tiocfad muis! Meastú an dtiocfainnse isteach idteach a bhfuil doicheall ann romham. Baoghal orm
TUILLEADH (11) ▼
Ní bhfuair muid tada ann ach an doicheall. Dheamhan láimh féin a craitheadh linn ná fáilte a cuireadh romhainn. Bhí siad cho gruamánta, agus gan smid de'n chaint aca … Bail ó Dhia ort! Tae muis! Bhí cosamhlacht mhór orra siúd go deimhin, a dhul ag réidhteach dhuinn. D'imigh linn ar an dá luath agus a bhfuair muid an deis
Má fheicim go mbeidh doicheall ar bith aice rómham, is gearr gasta a fhanfas mise aice, ach bóthar a bhualadh aríst
Sin é an faisean atá aca sin ariamh. Níl duine ná deoruidhe dhá dteigheann isteach aca nach mbíonn an doicheall chéadna aca roimhe. Cheapfá gurb é an chaoi a mbíonn siad go mb'fhearr leo nach dtaobhóchadh aonduine iad
Eirigh as an mbanrán sin anois. Ní raibh aon-doicheall thairis sin aige romhainn. Facthas domsa go mb'fháiltighe go mór é ná mar is iondamhail leis. Ní doicheall ar bith a bhíos air ach is duine dorcha é.
Cé'n chaoi a bhféadfadh sé aon-trácht a fháil. An bhfeiceann tú an doicheall a bhíos air roimh 'chuile dhuine. Meas tusa an caoi d'ostóir a bheith mar sin. Cé'n chúram atá ar aon-duine a thaobhachtáil mara dtogruighidh siad é
Is beag de'n doicheall sin a bheadh romhainn aice sin dhá mbeadh dalladh airgid againn agus muid a bheith indon a h-íoc ar an tairnge. Cuirfidh mise geall leatsa gurb í a bheidheas meangach leis an té nach dteigheann chuice ach go h-annamh. Beidh mo léan, mar bíonn sí ag tnuthán len a mealladh ó na siopaí eile chuice féin
M'anam nach bhfuil fear ar bith nach bhfuil doicheall aige roimh fhear próiseannaí. An t-uisce bruithte a d'fhaghaidís fadó.
Deir sé nach gcuirfeadh sé a chois chlí ná dheas isteach thar an tairsigh aríst go deo aca leis an doicheall a bhí aca roimhe Dé Domhnaigh seo caithte. Is beag nar dhubhairt siad leis go mb'fhearr leo go bhfanfadh sé uatha. Ní dhearna sé dhá mhionnóid moille ann gur ghlan sé leis gan greim gan blogam
Bhí an oiread doichill romham ann agus dhá mba tincéara nó gaduidhe mé. Ach béidh a shliocht orra. Is fada aríst le congnamh Dé go bhfeicidh siad mise ar a dteallach
Is túisce a thiubharfadh an diabhal leis é muise ná a thiocfainnse go dtí é — giolla bradach an doichill. 'Ar ndú' níor chuir sé sin fáilte roimh aonduine ariamh
Go ndéanaidh Dia grásta air muis, ba bheag an doicheall é roimh an té a bhuailfeadh isteach aige. Dhá mbadh é an fear ab fhuide amach uaidh in Éirinn é, ní leigfeadh sé amach é gan an chumaoin chéadna a chur air, agus a chuirfeadh sé ar a dhearbhráthair. Níor fhéad aon-fhear ariamh a rádh gur fhága sé tighe M. Bh. Mh. faoi thart ná faoi ocras
b.
+
Chuaidh sé go dtí leac an doichill aige; bhris sé leac an doichill aige; bhris sé leicín an doichill aige = chuaidh sé go dtí áit nach raibh aon-fháilte roimhe, ná nar cuireadh aon-chumaoin air
Feicfidh tú mise ag dul go dtí leac an doichill anocht: siar tigh S. Mh. Caithfidh mé leath-mhaide rámha a iarraidh air, faghaim é nó ná faghaim. Is dóigh nach bhfuighidh. Briseadh maide orainn an lá faoi dheireadh a raibh muid amuigh
TUILLEADH (4) ▼
Is len a dhul go dtí leac an doichill dom é muis a dhul ar cuairt chuige sin. Nach beag a bheadh le déanamh aige. Is suarach an blas a bheadh aige sin ar mo leithid-se de scráibín bualadh isteach ar cuairt aige. B'fhéidir gurb é an "bulldog" mór siúd a shaghdfadh sé ionnam
Chuaidh tú go dtí leicín an doichill ag M. aréir. Chonnaic mé thú ag cnagairt ar an dorus aige. An bhfuair tú aon-áird … Dar mo choinsias má fuair, is tú an chéad duine a leig sé isteach le seal
Brath mhór atá agam a dhul go dtí leicín an doichill ag M. L. Is dóigh go ruaigfeadh sé mé. Meastú an ruaigfeadh. M'anam muise dhá dtugadh sé aon-obainn air nach mbeadh aige ach a leath. Deirimse leat go dtiubharfainnse sciúradh na sean-chuinneoige dhó, ar ionntú an tsuip
Ní shiúd é an ribín réidh le dhul go dtí leac an doichill aige. 'Sé'n chéad-mhaith a dhéanfas sé fiafruighe dhíot céard atá tú a iarraidh. Ní bheidh ach faon-oscal ar an dorus aige, agus fanóchaidh sé féin taobh istigh. Dheamhan beannú ná beannú a rinne sé d'aon-fhear ariamh
+
An bhfuil a fhios agad cá ndeacha mé ag briseadh leicín an doichill aréir: suas tigh Mh. Shíl mé go gcaithfeadh sé amach mé ach diabhal caitheamh. Bun-tsubháilceach go leor liom a bhí sé shul dhá d'imigh mé
Mo choinsias 's dar m'anam is ag briseadh leac an doichill a bhéas sé ag dul, má theigheann sé ag iarraidh na h-inghine air siúd. Nach bhfuil a fhios agadsa go maith nach meas atá ag S. Mh. Sh. ar leath-ghabhaltas talmhana. Ní mór leis siúd céithearnach dá inghin a mhic ó
TUILLEADH (4) ▼
Bhrisfinn leicín an doichill aige dhá mb'fheasach dom go bhfuighinn amharc ar an inghin siúd nach gcorruigheann amach. Deir siad gur mór an áilleacht í. Ní fhaca mé ariamh í, agus tá mé indiaidh a feiceál i gcomhnuí. Nach mór an feall nach bhfuil aon-toidheacht i láthair innte. Bheadh candáil ar a leithide anois. Tá cailíní deasa na tíre scuabtha go Sasana
Brisfidh sé leac an doichill ag bean óg eicínt imbliana. Chítear dom go bhfuil an-rachmall mná dhá bhualadh le goirid. Teigheann sé ag na céilidheachaí as cnámh éadain anois
Is gearr goirid go mbrisfidh mise leac an doichill ag an seairsint seo thíos. Buailfidh mé iarraidh ar dhorus an bhearraic agus déarfaidh mé "form dole" a chur amach agam nó troid. Tá mé ag breathnú ar dhaoine agus iad reamhruighthe le dole le trí bliana. Dar mo choinsias ní bheidh mise ar deireadh níos mó ach an oiread le duine
Ní bheadh misneach ar bith agad a dhul soir agus leicín an doichill a bhriseadh ag J. N. Iarrfaidh mise dhuit í. Th'anam ó'n diabhal imigh leat agus fagh buidéal fuisce agus gluaisfidh an cúpla againn siar. Tá smearachán ghaoil aige liomsa. Mara dtugaidh sé aon-ugach duinn, buailfidh muid pléasc ar an gclog nuadh a cheannuigh siad.
+
Sin é an lá ar casadh ar leac an doichill mise. B'éigin dom a dhul isteach ag iarraidh deis deasuighthe "bicycle" ar Th. É. Dhá bhfeictheá an grúscán a chuir sé as. "A", "A", "A" adeireadh sé agus a mhéir faoin a chluais aige. "Ag an diabhal go raibh tú" adeirim féin
Deirimse leat gur shiúd í leac an doichill. Fanadh 'chuile fhear as an bpríosún. Mar adeir an t-amhrán: "Siúd é an príosún agus ná teigidh ann". Nach beag an scruball a bhíos i bhfear ar bith a chuirfeadh bean bhocht isteach annsiúd. Tá siad ann. Chonnaic mé iad. Duine ar bith a chaithfeas stráisiún annsiúd, tá a pheirfhiacha thairis.
TUILLEADH (3) ▼
Chuala mise ariamh caint ar leicín an doichill ach siúd é an áit a bhfuil sí, thíos ins an aspuicil. Go bhfóiridh Dia orainn is caillte an áit é. Gheobhaidh tú stiallóigín aráin agus braoinín tae nach dtiubharfá do sheacht mallacht air, agus sin é do lón go dtí an t-am céadna lá'r na bháireach. 'Sé a mh'anam scáth an dinnéar agus an bricfeasta a bhíos ann. Tá na créatúir bhochta atá istigh ann ag saothrú an tsaoghail. Go bhféachaidh an t-Athair Síorruidhe orainn is mór an díol-truaighe duine ar bith atá fágtha istigh annsiúd
Ní bheidh tú ar leicín an doichill choidhchin nó go dteighidh tú go Sasana. Dhá mbeitheá ann a mhic ó bheadh a fhios agad é. Bheitheá annsin ar lóistín i seomra gan aon-aithne agad ar an té a bheadh ins an seomra ba ghoire dhuit. Chaith mé féin agus fear as na F. seacht mí ar lóistín i seomra agus bhí Sasanach len a(r) n-ais ins an teach céadna, agus níor bheannuigheamar ariamh dhá chéile
Leac an doichill! Má tá tú dhá tóruigheacht, teirigh siar ar bhaile na C. D. Sin é an áit a bhfuil sí. Níl dhá theallach ar bith ann ag caint lena chéile. Diabhal focal bréige ann. Tabhair gearradh éadain anois suas dóibh thú féin go bhfeicidh tú an bhfuil. Nach hé an té a phósfadh isteach in a lár a bheadh i ladhar an chasúir? 'Sé a bheadh ar leac an doichill ar chaoi ar bith
c.
+
Fáilte an doichill a cuireadh roimhe = fáilte nacharbh fháilte chor ar bith í, doicheall a bheith romhat i leabaidh fáilte, agus in áit b'fhéidir a mbeitheá ag tnuthán le fáilte. Seo í fáilte an doichill nó fáilte an duine dhoichealla' (doicheallaigh): "Fáilte romhat agus nar badh eadh; Suidh síos — mara bhfuil deifir ort —; Agus 'ar ndú tá; Fan go lá —; Tá na fataí seo do-nighte, do-bhruithte, do-churtha síos; Tá an tincéara i gCorcaigh; tá an pota ag leigean thríd (Tá an pota i mBaile Átha Cliath); Agus níl fataí ar bith is goire dhuit ná do chuid fataí féin"
Fáilte an doichill a bhéas rómhat annsiúd mara mbí airgead agad. Is cam a bhreathnóchas bean an leanna ar phócaí falamha bocht
TUILLEADH (3) ▼
Fear ar bith a thiocfas dhá h-iarraidh siúd agus gan trí chéad punt aige, 'sé fáilte an doichill a bhéas roimhe. Gabhaltas mór talmhana agus teach nuadh agus plannda breagh de bhean: nach fiú trí chéad punt an méid sin. Sílimse gur fiú
An té nach dtarraingeochaidh braonachaí fuisce agus bronntanais aice siúd, ní bheidh roimhe aice ach fáilte an doichill. 'Bhfeiceann tú an ghairm atá roimh Ph. J. ann. Is maith an fáth muis. Tá sé sin suas anuas B. 'chuile ré soluis ag tarraint fuisce chuice. Cuirfidh mise geall leat nach mórán subháilce a bhéas aice linne an uair a bhuaileas muid isteach aice. Tá baoghal uirre
M'anamsa má thaobhuigheann an duine uasal sin an teach seo feasta gurb í fáilte an doichill a bhéas roimhe agus ní thuilleann sé a malrait. Is beag an dochar dhó náire féin a bheith air: ag teacht isteach i dteach ar bith leis an méid a chloiseas sé ann a tharraingt go dtí an chéad duine eile agus a dhá oiread a chur air. Sin í a cheird muise. Nach gránna an béas é ag buachaill óg. Fhobair mise an oíche cheana muise — marach gur casadh S. isteach — an bhróig a thabhairt dó. Ach bhí cás agam a dhul ag tosuighe siúite ar bith agus S. istigh
d.
+
Ag brughadh ar an doicheall = ag dul as cosa idtaca go dtí áit (nó duine) a bhfuil a fhios agad nach bhfuil aon-fháilte romhat; ag déanamh mórtachais le duine agus gan aon-iarracht ná aon-ghnaoi aige ort
Ní thaobhóchaidh mé chor ar bith iad. Má thaobhuighim is ag brughadh ar an doicheall a bhéas mé.
TUILLEADH (12) ▼
Fanóchaidh mé as ar fad. Ní maith liom a dhul ag brughadh ar an doicheall. Is maith is feasach domsa nach bhfuil aon-ghnaoi aca sin orm.
Dar fiadh muise má tá tú ag brath ar dhul siar annsin is ag brughadh ar an doicheall a bhéas tú deirimse leat. Meastú an bhfuil meas annsin ar fhear do bhaile. Diabhal an oiread agus a bheadh ar shalachar do bhróige. Is fhearr an aithne atá agamsa orra ná agadsa. Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Tá an dream siúd cho suimeamhail agus nach bhfuil áird ar bith aca ar a (ar) leithidí se'againne … Oibrigh ort a mhic ó. Déan do chomhairle féin, ach cuimhnigh go bhfuil mise dhá rádh leat: beidh aithmhéala ort.
Is fada síos a ghabhfainn agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair! Bhí mé cheana thíos ann ar bhainis Ph. N. agus dhá mbeadh breith ar m'aithmhéala agam ní thiubharfainn an tabhairt orm fhéin. Agus ba mhór liom a bheadh amhlaidh. Ba ag brughadh ar an doicheall ceart dúinn a dhul ann. Níor fiafruigheadh cá dtáiniceamar, go raibh muid cupla uair ann, agus an uair sin féin ba suarach a caitheadh linn. Aon-ghloine amháin fuisce a fuair mé ar feadh na h-oíche. Dar lán an leabhair sin é an méid, agus ní mé an t-aon-duine a bhí amhlaidh: dá bhfaghadh T. Ph. cead a chomhairle féin, bhí sé ag dul ag déanamh brosna do'n teach. Badh é a dhéanamh leis é. Ní raibh an teine féin ann.
Badh shin é féin a dhul ag brughadh ar an doicheall, a dhul isteach go dtí iad sin. Tá mé ag ceapadh nar fhéad aon-fhear ariamh a rádh go bhfuair sé cupán tae ann. Dhá gcastaí ann thú faoi chéad agus iad ag ithe ní thairgfeadh siad a dhath dhuit. Badh iad an dream ba ghortaighe iad a shiubhail ariamh talamh ná féar. Bhí a shliocht orra: d'fhága siad cistí airgid in a ndiaidh.
A muise a mhuirnín, má theigheann tú siar go R. Mh. gabhfaidh tú ag brughadh ar an doicheall. Thug an tincéara fhéin a mhallacht dó: ceathramhadh cloch fhataí a bhí aige th'éis soláthar trí lá, agus in a cheann sin goideadh an "sádar" (solder) uaidh. Nach gann a chuaidh an saoghal orra, go mb'éigin dóib a dhul ag fiachadh ar an tincéara. Ach cé'n neart a bhí aca air. 'Ar ndú níl nidh dhá'r dhealbh an ghrian ann ach breaclachaí agus clochair
Fanadh sé as maran leis a dhul ag brughadh ar an doicheall. Meastú an mbeidh fáilte annsiúd roimhe. Ní bheidh muis … Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid gaoil! B'fhearr leo siúd go fada nach mbeadh gaol ar bith acu leis. Nach séanann siad é áit ar bith a bhféadann siad. Gaol mo chreach! Bíodh rud agad! Sin é an gaol a fhoghanfas duit!
Níorbh ait liom ariamh a dhul ag brughadh ar an doicheall mara gcinneadh an saoghal críochnuighthe orm. Dhá dteighinnse isteach annsin, is beag an fháilte a bheadh romham, agus ní thiocfaidís ar chúla an chlaidhe len a innseacht dom ach oiread. Meastú an éistfinnse leo do mo mhaslú go spleadhach mar sin. Baoghal orm. Chaithfinn díom féin agus ba chuma liom in a mná ná in a bhfir iad, ach thiubharfainn gearradh éadain orra — gearradh éadain mar a thug Féidhlim do chac an mhadadh. Diabhal a leithide de rúscadh a fuair aon-dream ariamh in a saoghal mar a gheobhaidís dá n-ionnsuighinnse iad. Dhá laghad gnaoi dá bhfuil aca orm, níl a leath-oiread agam orra, ná ní raibh ariamh
Níl fear ag brughadh ar an doicheall go dteighidh sé go Baile Átha Cliath. Chuadhamar ann anuiridh ag an mbáire, agus chaitheamar an oíche ag guairdeall thart ar fud na sráideannaí ag tóruigheacht áit' a d'fhágfadh istigh muid. Diabhal mé go sílfeá gur in aisce a bhíomar dhá éiliú. Bheitheá ag bualadh leath-uair ar an dorus gan fáir gan freagra a fháil. Nuair a thiocfadh duine go dtí an dorus féin, ní thiubharfaidís air ach faon-oscal. "What do you want" agus 'chuile dhuine aca agus iad cho mí-chéadtach. Choimirce an diabhail do Bhaile Átha Cliath fré chéile! An uair a bhí streoillín streille déanta againn de'n oíche, agus muid sáruighthe ag siubhal, 'seadh a casadh fear linn, a thug chuig a theach féin muid …
Dar fiaguidhe muis ní ag brughadh ar an doicheall a dhul chuige. Tá fáilte agus caint agus carthannas le fáil uaidh. Dar mo choinsias is mór an tsúbhailce an chaint. Thiocfá isteach ag cuid de na daoine agus ní labhróchaidís faoi dhó leat ó ghabhfá ann go n-imeochthá as aríst. Ní hé sin dó-san é a mh'anam. Ní ins an gcarthannas a chaill sé é ar chaoi ar bith
Ná teigheadh muid ag brughadh ar an doicheall an eadh. Dheamhan an mó ná dhá mbeadh an V2 cocáilte istigh aige orainn anois go bhfanadh muid uaidh. Cé'n bheann atá againn air faoi'n a dhul tamall ar cuairt. Nach leigfeadh fear ar bith bulc gearrbhodaigh scathamh isteach ag déanamh áirneáin. Mara mbeidh seisean 'nós gach duine, ní bhfuighidh sé féin mórán suaimhnis muis. Coinneochthar corr-mhiaróigín (méaróigín) buailte ar an dorus aige
Mara bhfuil airgead ar bois agad ná taobhuigh siopaí na G. Má thaobhuigheann is ag brughadh ar an doicheall a bhéas tú. Siúd é an áit deire ag duine le dhul mara bhfuil pócaí teann' agad. Ná bac leis an bhfear falamh. Níl siad siúd dhá iarraidh. Is beag é a n-iarracht air. Tá sé a fhearacht ag an bhfear fadó: —"Pócaí falmha bocht, buailidís bóthar agus gheobhaidh siad seantáin amach faoi'n tír"
Chuaidh mé ag brughadh ar an doicheall agus tháinig an doicheall amach i m'aghaidh. Ní leas-ainm ar bith air siúd an doicheall a thabhairt air. Dhá bhfeictheá an chaoi ar tháinig sé aníos as an gclúid, an uair adubhairt muid go raibh muid ag cruinneál (cruinniú) airgid. 'Chuile bhall aige siúd ach an té a bhéas ag cruinneál airgid
4.
Píobán an Doichill: an píobán a dteigheann an bheatha síos ann an uair a theigheas sí le anáil duine. Bíonn sé ag casacht nó go gcuireann sé aníos aríst í. Ins an bpíobán réidh atá aice a dhul. (wind pipe)
+
Chaithfeadh sé a Sheáin, gur píobán an doichill a chuaidh sé sin. Feicthear dhom gur chaith tú an-fhada leis. Breagh nach n-ólfá suas de ghort an gharta do phionta mar a ghníos mise agus a bheith faoi réir le h-aghaidh ceann eile
An uair a bhíos an píobán réidh calctha air, tá sé siúd indon é a chur síos píobán an doichill. Marach go bhfuil, ní bheadh sé indon an oiread de scáird a ól. Mo chroidhe ó'n diabhal nach dtuillfeadh sé indabhach
TUILLEADH (5) ▼
Bhí sí ro an-tlásach ag an mbiadh. Chuir sí an iomarca suas in éindigh, agus chuaidh sé len a h-anáil síos píobán an doichill. Chinn sé uirre é a chur aníos, agus sheas sé in a muineál. Thosuigh siad ag bualadh bosógaí ins an dromán uirre, ach dheamhan maith a bhí ann. Ní rug an sagart ar an mbean bhocht. Cnáimh a bhí ins an ngeampa feola a chuir sí suas, a chriog í. Is maith nar mhór do dhuine a bheith ar a áirdeall féin ag ithe a bhéilí. D'fheicfeá daoine agus bheidís cho h-uathbhásach sin aige agus nach ndéanfaidís ach a shlamairt. Is mór an chontabhairt é sin 'sábhalaidh Dia sinn. Ar aon-chor ní bhíonn aon-mhaith ins an mbeatha leis an ithe sin a thabhairt uirre
Ná bac le píobán an doichill aige siúd! Níl an doicheall roimh bhiadh ná ól ag aon-phíobán dá bhfuil aige siúd — agus leis an ól go mór-mhór! 'Chuile shórt ach doicheall! Dhá n-óladh sé siúd thrín a pholláirí é, gheobhadh sé an bolg amach, ná bíodh faitíos ort.
Is deacair le rud a dhul síos ins an bpíobán sin — píobán an doichill — mara mbeadh an iomarca an-bháthadha ort ag slugadh. Má ghníonn tusa réidhteach leat féin, mise i mbannaí nach dtiocfaidh aon-cheo síos píobán an doichill
Deiseall! Deiseall! Glac t'ionbhadh, agus ná bíodh an oiread sin uathbháis ort. Shílfeá nach bhfuil breith bonn báis agad go mbeidh an greim deireannach sluigthe agad. Ní hé a ghoid ná a fhuadach uait a dhéanfar. Ach tá a fhios agam go maith céard atá ort: fonn bóithreoireachta agus rabhtála ("routeála". fc. rabht). Is fada leat go mbeidh tú amuigh aríst
Chreidim go bhfuil an dá bhealach ann — an Daingean agus an Ceann — mar adeir an bádóir. 'Sé'n píobán réidh píobán na beatha, agus an píobán eile — píobán an doichill — ceann na h-anála.

Féach freisin

Doicheall in iontrálacha eile (8)

 
déan 1
Déanfaidh tú rud go deimhin. Ar chuala tú ariamh é: is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn. Sin é a fhearacht agadsa é. Gaothtaireacht uiliog thú
 
Deiseal! Dia leat! Cuir aniar é! 'M'anam gur scanruigh mé gur síos píobán an doichill a chuaidh sé agus go seasfadh sé thíos ann = deiseall adeirtear má theigheann rud le anáil duine, nó scaithtí má bhíonn sé ag sraothfairt. Ach "Dia linn" is mó adeirtear le sraothfairt (nó Dia leat), agus "deiseal" le duine nó beithidheach a bhfuil treampán eicínt is an muineál air faoi rud a leigean síos
 
díol 2
Má fhéachann tú le dhul isteach an tráth seo d'oíche, tá faitíos orm gur ag brughadh ar an doicheall a bhéas tú. Ní thiubharfaidh sé aon-deoch duit ach tiubharfaidh sé droch-dhíol cainte ort. Mar sin fan uaidh
 
Diabhal fear faoi'n mbogha bán is doicheallaighe ná é, le tarraingt air. Doicheall uiliog é. Teirigh isteach aige moch nó deireannach agus is é an cás céadna é. Bíonn gruaim air i gcomhnuí, i gcomhnuí
 
dóigh 1
Dubhairt mé liom féin nar mhaith an dóigh dhom imeacht ar bholg falamh, agus dhá mhéad doicheall dá raibh romham, go bhfanfainn go bhfeicinn an dtairgfí aon-ghreim len ithe dhom. Tairgeadh agus mo sháith.
 
InDomhnach muise, is maith an scathamh aríst go bhfeicidh tú mise ag briseadh leicín an doichill aige
 
Ní ghabhfaidh mé isteach annsin, le druim-dhiúltú a fháil. Is maith atá a fhios agamsa, cé'n fháilte a bhéas romham annsin. Ní maith liom a dhul ag brughadh ar an doicheall nó go gcinnidh orm.
 
Teigheann an doicheall go smior = go dtí an smior (tabhair faoi deara nach mbíonn an t-alt go h-iondamhail in ainm-fhocal indiaidh "ag dul go")