Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
doineann
ainmfhocal, baineann
ginideach uatha: doininne
an fhoirm thabharthaigh — doininn — is minice i gcaint
 drochuair; gairfean; uair mhór; uair dheannachtach; báisteach agus fearadh gráin; gála agus báisteach. (fc. sluaslua le doininn).
+
Tá an-doineann ann le seachtain
Tá sé ag déanamh an-doininn le scaitheamh
TUILLEADH (7) ▼
Tá tú réidh le dhul ann ar an doininn seo. Caith as do cheann é
'Sí an doininn seo a fhágfas arbhar réidh. Ná bac anois leis. Tá tú as aon cheo a bhailiú air
Is millteach an aimsir í míle buíochas le Dia, le doininn agus gairfean. Chuile lá ag baint fharasbarr dhá chéile
Más soininn nó doininn é amárach, gabhfaidh an ghlaicín féir sin isteach. Diabhal baol ormsa a bheith dhá bhuachailleacht amuigh sa móinéar sin níos faide. Aon chás amháin é ar aon chor. Níl aon athrú i ndán don uair
Ní féidir buille maitheasa a dhéanamh ag doininn agus ag fuacht
Sháraigh sé doininn an gheimhridh, tá sé chomh dona sin
Ní amach anseo ar an doininn agus ar an dubhluachair atá agat a bheith dhá dhéanamh. Is fhearr duit go fada é a dhéanamh anois fhad is atá sé ag tabhairt ana uaidh go breá
+
Le gaoith agus le doininn uainn féin agus ónár muintir thú — sin é adéarfá nuair a d'fheicfeá fiach dubh, nó dhá gcloisteá ag screadach é
Ná raibh an séan ort! Le gaoith agus le doininn uainn féin agus ónár muintir thú, gan dochar gan díobháil dúinne
TUILLEADH (2) ▼
An bhfeiceann tú an fiach dubh? Le gaoith agus le doininn uainn féin agus ónár muintir thú, agus ná raibh aon cheo dhár gcuid sinne in do bhéal
Bhí cupla fiach dubh ansin thuas inniu agus iad ag screadach chomh hard agus a bhí ina gceann. Le gaoith agus le doininn uainne iad ar chaoi ar bith. Ní eallach maith iad sin ag taithiú in acar linn. Is olc rud a bheith ar a leabhar ag an bhfiach dubh.

Féach freisin

doineann in iontrálacha eile (1)

 
Ní bheidh aon cheo de bharr na móna mura bhféada duine caitheamh léithe dólámh. Fadó, ní bheadh call duit a dhéanamh ach a baint agus thriomódh sí uaithi féin, ach tá a fhios ag mo chroí go dtigeann an oiread doininne anois sa samhradh agus nach mór giollacht mhaith féin a thabhairt di, nó ní thriomóidh sí