Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
doras
/dorṳs/, /dorəs/
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: béal an dorais /dor′iš/ (r caol i gcónaí)
uimhir iolra: doirse /dors̅̍ə/ (rs caol le chéile i nGaeilge Chois Fharraige agus nach bhfaca mé aon trácht orthu i ndréachta urlabhraíochta: /dorsə/ freisin); dorais.
bearna i mballa nó i dteach, i bhfoirgneamh nó i ngabhainn, le dhul isteach nó amach ann. comhla a thugas cuid mhaith daoine ar an bhfráma adhmaid a dhúntar nó a osclaítear sa mbearnain réamhráite, agus doras ar an mbearnain fhéin, ach níl luí rómhór ag an gcaint leis an idirdhealú seo, cé is moite má bhíonn an fráma adhmaid gan a bheith ina áit fhéin sa doras (é a bheith tógtha anuas nó gan é a bheith curtha suas) go dtugtar comhla an uair sin go hiondúil air, ach ní i gcónaí ná baol air é ach oiread.
a.
+
An doras dúnta nó an doras iata — an doras a bhíos dúnta
An doras oscailte
TUILLEADH (6) ▼
Doras na gaoithe
Doras an fhoscaidh
An cúldoras nó an doras cúil; doras na sráide nó an doras tosaigh — i sráidbhailte nó i mbailte móra, nó ar fhoirginte ar leith fearacht séipéil agus tithe ósta a bheidís seo i gceist. Is annamh a labhartar orthu faoi thithe tuaithe mar bíonn siad sin i gcleithiúnas luaineachas na gaoithe
An doras beag, nó an leathdhoras — doras beag a bhíos istigh sa doras mór agus nach mbíonn ach ag dul leath bealaigh ó thalamh go fardoras an dorais mhóir. Bíonn an doras mór osclaithe agus an doras beag dúnta le cearca srl. a choinneáil amach agus le páistí a choinneáil istigh. Bíonn a leithidí i siopaí agus i ndoirse móra a bhíos i leaba geataí go minic freisin
An doras amach agus an doras isteach — bíonn siad i dtithe pictiúir, faicheannaí imeartha srl.
An doras mór — tithe a mbeadh níos mó ná doras amháin orthu agus ceann acu níos mó nó níos ardnósaí ná an chuid eile. Ar thithe móra a bhíos siad go hiondúil: maindoor, entrance
·
Ní bhíodh doras ar bith in aon teach fadó, ach beart (slat) a bhualadh ann mar a fheiceas tú sna bráicíní beaga caorach sin suas i S. Mh. anois — cuimhníonn dream atá beo fós go bhfaca siad é sin sa tír seo. Corrtheach a mbíodh comhla air chor ar bith
Bhíodh C. a bhí ansin thuas i mballa Ch. ag sirtheoireacht ó theach go teach agus ag ól an uachtair den bhainne nuair a bhí muintir an tí ina gcodladh … Cén stró a bhíodh air a dhul isteach agus gan de dhoirse ar na tithe ach birt shlat, nó fhraoigh. Nach bhféadfadh a rogha duine a dhul isteach agus cén aireachtáil a bheadh air
+
Ní fheicfeá mapa le doras ar bith anois. A Dhia agus a Chríosta, nach minic a rinne mé iad! (fc. mata, mapa; dual)
Céard atá leis an doras? — in aghaidh an dorais
TUILLEADH (3) ▼
Cén sórt mála é sin leis an doras dúnta?
Bhí mé leis an doras iata ar feadh na hoíche agus an seoide isteach orm
Caithfidh tú doras a chur leis an teach (leis an seomra, leis an ngarraí mór, leis an tsráid, leis an bhfáil srl.) — doras a chur suas ann
+
Níorbh fhiú leis a dhul go doras liom
Tháinig sé go doras, ach ní thiocfadh sé isteach ar bhás an domhain
TUILLEADH (6) ▼
D'airigh mé duine eicínt ag teacht faoin doras — in aice an dorais taobh amuigh
Bhí tusa ag teacht faoi dhoras an fhoscaidh agus eisean ag dul amach doras na gaoithe. Ach cheapfainnse go mb'eisean a mb'éigean dó doras an fhoscaidh a thabhairt air fhéin lena anam — magadh focail
Tá an bus ag dul thar an doras agam chuile lá
Seas sa doras féint a bhfeicfeá é
Nach bhfeicfeá as an doras é?
Tá sé ag imeacht ó dhoras go doras ag iarraidh a chodach
·
Tabhair an doras amach dó; cuir an doras amach é — caith amach é; tabhair bóthar dó
Tá sé in am doras nua a dhul air, agus a liachtaí lá ó rinneadh an tseanchomhla sin
+
Ní maith liom duine ar bith a chur ó dhoras — dhá n-iarrfadh duine lóistín na hoíche níorbh ait liom a eiteach
Duine ar bith a iarrfas lóistín ort choíchin in onóir Dé agus Mhuire, ná cuir ó dhoras é
TUILLEADH (1) ▼
Níorbh fhurasta leis ceannaí ná bean siúil a chur ariamh ó dhoras. Go dtuga Dia a luach dó
+
Tá sé i mbéal an dorais agam — is comharsa bhéal dorais liom é
Rugadh i mbéal an dorais agam é
TUILLEADH (16) ▼
Chaith muid scaitheamh maith i mbéal an dorais ag a chéile
An t-asal ab ea? Bhí sé i mbéal an dorais ansin ar ball
Cuir amach as béal an dorais é, an diabhlánach
Gabhfaidh mé ag baint ghiosadáin anseo amuigh go fóilleach: is gránna an rud iad i mbéal dorais
Is deas é i mbéal dorais muis!
D'fheicfeá a theach as béal an dorais ansin amuigh
Ní hí an t-eallach is fhearr i mbéal dorais ag duine í! Rud ar bith a fheicfeas sí ar sliobarna, beidh sé ardaithe léithe aici ar chaoi ar bith
Is maith an stoc atá i mbéal dorais anois agat: feidheal madraí!
Ní fheicfeá rud ar bith i mbéal dorais is gráinne ná é
Tá scioból mór millteach déanta aige anois i mbéal an dorais
Nach bhfuil a chuid talúna uileag i mbéal a dhorais
Níl call dó corraí as béal an dorais aon lá sa mbliain le breac a mharú. Tá an fharraige buailte air
Is breá an ball i mbéal dorais í, faoina cuid seolta móra bocóideacha bacóideachaí (bád)
Is gránna an ball i mbéal dorais í (bean gan aon tslacht)
Chuile bhall i mbéal mo dhorais ach é sin (fear nár thaitnigh leis)
Is luar liom é ná an diabhal ag teacht ag béal mo dhorais agam
b.
+
Níl bó ina dhoras — níl bó ar a sheilbh
Níl cearc in mo dhoras ag an sladaí de shionnach
TUILLEADH (3) ▼
Bhí dath gach bó ar sliabh aige, agus níl bó ná gamhain ina dhoras inniu. Deir siad gur eascainí sagairt a rinne é
Ba leitheadach é chomhuain is a bhí rud aige. Ach níl bó ná gamhain ina dhoras inniu
Fear ar bith a bhfuil bó ina dhoras ar an saol atá ann, tugadh sé buíochas le Dia
+
Chuaigh mé go doras an bháis le na liagrachaí sin — fhóbair go bhfuair mé bás leo
Fuair mé ruaig bliain go ham seo, agus i nDomhnach chuir sí go doras an bháis mé
TUILLEADH (3) ▼
Deir daoine nach bhfuil aon dochar sa mbruitíneach. Dar fia chuir sí na gasúir s'againne go doras an bháis i mbliana
Chuaigh sí sin go doras an bháis an t-am sin leis an bhfiabhras, ach diabhal mé gur shrian sí as ina dhiaidh sin
Bhí sé go doras an bháis aici. Cuireadh an ola dhó nó trí de chuarta air, ach thug Dia as é ina dhiaidh sin

doras in iontrálacha eile (50+)

+
Diabhal plé a bheas agamsa le scadáin le mo ló aríst. Féacha an bhail a chuir siad cheana orm … Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Chuir siad go doras an bháis mé. Scadáin lofa a d'ith mé. Agus níor ghlac mé éiseal ná a dhath leo agus mé dhá n-ithe. Ach ní íosfaidh mé aríst díobh le cúnamh Dé. An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air
TUILLEADH (4) ▼
B'fhada a chaith sí idir fonn agus faitíos, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos uirthi sa deireadh, agus m'anam ón diabhal go ndeachaigh sí ag an damhsa. Tháinig an t-athair i lár an mheán oíche thall agus fás fuinseoige aige, agus thosaigh sé ag gleadhradh an dorais leis …
Ní ligfeadh an faitíos dó a dhul taobh amach de dhoras ó thitfeadh oíche dhá bhfaigheadh sé Éire bronnta air
Le neart an fhaitís a bhí air, níor bhain sé cois de rith nó go ndeachaigh sé isteach béal an dorais
Dún an doras sin faitíos na heirimisce (faitíos na fálach thuas)— faitíos gadaíochta dá bhfágtaí oscailte é
 
Agus le farasbarr siúráilteacht a dhéanamh chuir mé glas ar an doras. Diabhal mé gur goideadh iad ina dhiaidh sin! to make assurance doubly sure
 
Chuaigh sé amach go doras fearacht is dhá mbeadh rún aige a bhualadh ach d'fhill sé aríst
 
Sé cinn a fuair tú. Ní foláir duit sin. Is beag a bheas le reic agat ach a mbeidh ábhar dorais bainte astu
 
Ní féidir gurb in fothram gaoithe sa doras iata. Feamainn dearg! Nár ba slán ceoil dhuit anois mar ghaoith! Ní iarrfadh muid aon fheamainn dearg go ceann seachtain eile
 
fág
Fág an doras, agus ná bíodh chuile dhuine ag breathnú ort
 
Ná cuir an glas ar an doras sin faitíos na fálach. Fanfaidh mé scaithín anseo ar an teallach, agus má airím aon ghéim ón mbodóig sin, gabhfaidh mé amach aríst. Ní foláir do bhó ar a céad lao airdeall maith
+
Ar a theacht faoin doras dhom, chuala mé an chantaireacht istigh agus staon mé nóiméad go bhfeicinn cé a bhí ann.
TUILLEADH (1) ▼
Murach go raibh mallú (mathshlua) mór istigh, ní bheadh an oiread siod cantaireachta le cloisteáil ann agus an doras dúnta.
 
Bhí carcair mhór de sheanfhear thiar ag an doras iata agus é ag gnúsacht aniar as an áit nach raibh sé ag fáil cead aon amhrán a rá. Ba é an drochpheata é, leabharsa!
 
cleite
Ó chuala mé an cleite comhrá a bhí istigh ar a theacht faoin doras dom, ghread liom aríst. Is beag a bheadh le déanamh ag duine oíche airneáin a chaitheamh ag éisteacht le spruschaint den tsórt sin.
 
Bhí coinicéar de chailligh mhóir as Conamara gróigthe thíos ar an teallach ann, agus í ag cur púir thobac go doras dúnta. Is mé a bhí ina dhiaidh uirthi, arae bhí mo theanga bheag amuigh d'uireasa gail an uair chéanna.
 
cora
Is mór is fiú nach bhfuil aon chíos ar an gcaint nó dheamhan mórán duine a gcuirfeadh an creagaire sin cara chainte air muis. Cuirfidh mé geall leat nach mórán cara chainte a chuirfeas sé ar aon duine ag doirse tithe ósta lá aonaigh má bhíonn sé ag dul isteach ag ól béiréiste!
 
Chomhuain is a bhí an dá sheanfhear bhochta sin ansin ag béal an dorais aige, chaith sé a shaol ag meabhrú do lucht cuarta chuile bhiorán dá bhféadfaidís a dhéanamh orthub a dhéanamh dhóibh. Dheamhan duine sa tír anois nach ag déanamh bioráin air fhéin atá. Níorbh é leathchóir Dé é mura dteagadh cothromacan síneadh na huaire ar ais air fhéin.
 
Níl ar ár gcuid cearc ach éanachaí cuideáin chuile lá san aer. Tá na trí theach eile i mbéal an dorais againn, agus tá na cearca ag déanamh imirce chuile ré solais. 'Sé an chaoi mbíonn sé amantaí, cinneann orainn iad 'aithneachtáil thar a chéile. Ach arsa tusa, 'ní ghabhann caraid cuid a chéile'.
 
Tá cóineas maith againne ar an mbealach sin, arae tá buailteoir i mbéal an dorais againn.
 
baile
Is gearr ó bhaile a chuaigh sé ag iarraidh mná. Níor fhága sé béal a dhorais fhéin. Ach deir siad pósadh ar an gcarn aoiligh, agus do bhó a dhíol i bhfad ó bhaile.
+
Bhí mé leath bealaigh isteach an doras nuair a ghoin m'aire mé, agus loic mé aríst.
TUILLEADH (1) ▼
Is gearr nach mbeidh aon bhealach isteach an doras aige, tá sé ina bhruithleach chomh mór sin — réiteach, nó fairsinge
+
beart
Ní bhíodh doirse ar bith ar na tithe fadó. Beart slat nó rud eicínt mar sin a chuirtí in áit na comhla.
TUILLEADH (4) ▼
D'fheicfeá na bearta dhá gcur sna doirse fós faoi shliabh dhá mbeadh cróín nó bráicín gamhna nó caorach ann.
Sin é an chaoi a raibh sé dhá thógáil fhéin — ag teacht isteach sna tithe san oíche agus ag ól an uachtair ar na hancaird. Ach b'fhurasta a theacht isteach sna tithe an uair sin. Ní bheadh ní dhár dhealbh an ghrian le do bhacadh cé is moite de na bearta a bhíodh sna doirse.
Is fada a chaith bráicín thuas ansin thuas ag M. Ph. Mh. Mh. agus gan de chomhla dorais air ach beart.
Óra nach beag an scrupall é, beart mar sin a dhéanamh ar a chomharsa béal dorais!
 
Dheamhan isteach an doras sin a thiocfadh sé anois, tá sé ina chráisiléad chomh mór sin.
+
biorach 2
Ní ligfidh mise biorachaí thar mo dhoras, chomhuain is a bheas tada agam.
TUILLEADH (1) ▼
Tá biorachaí ag teacht ag mo dhoras (.i. ag dul tharam) ar feadh na hoíche agus gan gair agam drannadh leob
+
bocht 1
Tháinig bean bhocht chuig an doras agus d'iarr sí déirce in onóir Dé agus Mhuire.
TUILLEADH (2) ▼
Níor chuir sí bean bhocht ón doras ariamh gan lóistín na hoíche a thabhairt di.
Is bocht an chaoi do do chomharsa béil dorais gan beannú dhuit sa mbóthar.
 
Ní fhéadfá corraí amach thar bhéal an dorais nach mbeidh sé ina bhoideoide romhat.
 
borr
Thosaigh an cat ag borradh ar an teallach go raibh sé ag cur taobháin an tí amach dhe. 'Más mar sin é,' adeir sé, ag dul amach an doras dó, 'ormsa a thitfeas an oidhríocht anois' (sliocht as mionscéilín faoi chat)
 
Chuaigh mé go dtí giall an dorais, ach nuair a chonaic mé an brogús sin thiar istigh, d'fhill mé ar mo sháil aríst.
 
"Dhéanfainn cosán aicearra (aicearrach) go doras tí mo stóirín" (líne as amhrán)
 
Tá sé ina chónaí buailte orm. Is comharsanaí béal-dorais muid.
 
buille
Dhá mbeadh tada ar fónamh agamsa, ní ligfinn do shean-naoi thar mo dhoras gan buille na speirthe a thabhairt dó, ach bhí mé fuar folamh mar is minic liom a bheith
+
ainm
Is deacair a dhul i mbannaí air má thug sé ainm contráilte uaidh agus é ag béal an dorais acub; bhain sé barr dhá bhfaca tú ariamh má thug sé an t-ainm contráilte do na gardaí agus é ina chónaí ar ghort an bhaile acub — níl rud ar bith ag cinniúint air srl
TUILLEADH (1) ▼
Tá ainm siúinéara ansin thiar i gCois Fharraige agus ní bheadh líosta dorais déanta aige in imeacht seachtaine
+
Tháinig mé faoin doras gan aireachtáil agus dheamhan bréag nach breá an streancán de phort a bhí Micilín a chasadh
TUILLEADH (1) ▼
Buaileadh lofar (lofachar?) eicínt gan aireachtáil isteach sa mbéal orm as doras tí ar an mBalla Fada.
+
airigh
D'airigh mé an choisméig ag teacht faoin doras agus shíl mé gurb é Pádraig a bhí ann ag teacht ó chuairt
TUILLEADH (1) ▼
D'airigh mé ag cur dhe é agus mé ag dul thar an doras tráthnóna — chuala mé ag caint go tréan, nó ag troid é, agus mé ag dhul thar a dhoras tráthnóna
+
amach
Chuaigh sé thar baile amach ag tabhairt cuiríochaí agus rinne sé oirille ar an dream a bhí i mbéal an dorais aige (fc. oirille)
TUILLEADH (2) ▼
Más ag iarraidh spré atá tú, níl call duit a dhul thar baile amach. Tá sí i mbéal an dorais agat.
Chuir sé turraic ann agus chuir sé dhe amach é gur buaileadh in aghaidh ghiall an dorais é.
 
Ní thiocfadh sé taobh amuigh de dhoras d'uireasa a chóta agus bíodh an lá chomh meirbh agus go gcuirfeadh an fiach dubh a theanga amach.