Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Doras
/dorṳs/ : /dorəs/
ainm-fhocal, fireann
geineamhnach uathaidh: béal an dorais (/dor′iš/ r caol i gcomhnaí)
uimhir iolraidh: doirse (/dors̅̍ə/ : rs caol le chéile i nGaedhilge Chois Fhairrge agus nach bhfaca mé aon-trácht orra i ndréachta urlabhraidheachta: /dorsə/ freisin); dorais.
bearna i mballa nó i dteach i bhfoirgneamh nó ingabhainn le dhul isteach nó amach ann. Comhla a thugas cuid mhaith daoine ar an bhfráma adhmaid a dhúintear nó a oscluighthear is an mbearnain réamhráidhte agus doras ar an mbearnain fhéin, ach níl luighe ro-mhór ag an gcaint leis an idir-dhealú seo, cé's moite má bhíonn an fráma adhmaid gan a bheith in a áit fhéin is an "doras" (é a bheith tóigthe anuas nó gan é a bheith curtha suas) go dtugtar comhla an uair sin go h-iondamhail air, ach ní igcomhnaí ná baoghal air é ach oiread.
a.
+
An doras dúinte nó an doras iadhta = an doras a bhíos dúinte
An doras oscailte
TUILLEADH (6) ▼
Doras na gaoithe
Doras an fhascaidh
An cúl-doras nó an doras cúil; doras na sráide nó an doras tosaigh = i sráidbhailte nó i mbailte móra, nó ar fhoirginte ar leith fearacht séipéil agus tighthe ósta a bheidís seo i gceist. Is annamh a labhartar orra faoi thighthe tuaithe mar bíonn siad sin i gcleitheamhnas luainneachas na gaoithe
An doras beag, nó an leath-dhoras = doras beag a bhíos istigh 'san doras mór agus nach mbíonn ach ag dul leath bealaigh ó thalamh go fárdoras an dorais mhóir. Bíonn an doras mór oscluighthe agus an doras beag dúinte le cearca agus rl. a choinneál amach agus le páistí a choinneál istigh. Bíonn a leithidí i siopaí agus i ndoirse móra a bhíos i leabaidh geataí go minic freisin
An doras amach agus an doras isteach = bíonn siad i dtighthe pictiúir, faithcheannaí imeartha agus rl.
An doras mór = tighthe a mbeadh níos mó ná doras amháin orra agus ceann aca níos mó nó níos árdnósaighe ná an chuid eile. Ar thighthe móra a bhíos siad go h-iondamhail: maindoor, entrance
·
Ní bhíodh doras ar bith in aon-teach fadó, ach beart (slat) a bhualadh ann mar a fheiceas tú is na bráicíní beaga caorach sin suas i S. Mh. anois = cuimnigheann dream atá beo fós go bhfaca siad é sin is an tír seo. Corr-theach a mbíodh comhla air chor ar bith
Bhíodh C. a bhí annsin thuas i mballa Ch. ag sireoireacht ó theach go teach agus ag ól an uachtair de'n bhainne, 'nuair a bhí muintir an tighe in a gcodladh … Cé'n stró a bhíodh air a dhul isteach agus gan de dhoirse ar na tighthe ach birt shlat, nó fhraoigh. Nach bhféadfadh a rogha duine a dhul isteach agus cé'n aireachtáil a bheadh air
+
Ní fheicfeá mapa le doras ar bith anois. A Dhia agus a Chríosta nach minic a rinne mé iad! (fc. mata mapa, dual)
Céard atá leis an doras? = in aghaidh an dorais
TUILLEADH (3) ▼
Cé'n sórt mála é sin leis an doras dúinte?
Bhí mé leis an doras iadhta ar feadh na h-oíche agus an seoideadh isteach orm
Caithfidh tú doras a chur leis an teach (leis an seomra, leis an ngarrdha mór, leis an tsráid, leis an bhfáil agus rl.) = doras a chur suas ann
+
Níorbh fhiú leis a dhul go doras liom
Tháinic sé go doras, ach ní thiocfadh sé isteach ar bhás an domhain
TUILLEADH (6) ▼
D'airigh mé duine eicínt ag teacht faoi'n doras = in aice an dorais taobh amuigh
Bhí tusa ag teacht faoi dhoras an fhascaidh agus eisean ag dul amach doras na gaoithe. Ach cheapfainnse go mb'eisean a mb'éigin dó doras an fhascaidh a thabhairt air fhéin len a anam = magadh focail
Tá an bus ag dul thar an doras agam 'chuile lá
Seas 'san doras feai'nt a bhfeicfeá é
Nach bhfeicfeá as an doras é?
Tá sé ag imeacht ó dhoras go doras ag iarraidh a chodach
·
Tabhair an doras amach dó; cuir an doras amach é = caith amach é; tabhair bóthar dó
Tá sé in am doras nuadh a dhul air, agus a liachtaighe lá ó a rinneadh an tsean-chomhla sin
+
Ní maith liom duine ar bith a chur ó dhoras = dhá n-iarrfadh duine lóistín na h-oíche níorbh ait liom a eiteach
Duine ar bith a iarrfas lóistín ort choidhchin in onóir Dé agus Mhuire, ná cuir ó dhoras é
TUILLEADH (1) ▼
Níorbh fhurasta leis ceannaidhe ná bean siubhail a chur ariamh ó dhoras. Go dtugaidh Dia a luach dó
+
Tá sé imbéal an dorais agam = is comharsa bhéal dorais liom é
Rugadh i mbéal an dorais agam é
TUILLEADH (16) ▼
Chaith muid scathamh maith i mbéal an dorais agán a chéile
An t-asal ab eadh? Bhí sé i mbéal an dorais annsin ar ball
Cuir amach as béal an dorais é, an diabhlánach
Gabhfaidh mé ag baint ghiosadáin annseo amuigh go fóilleach: is gránna an rud iad i mbéal dorais
Is deas é imbéal dorais muis!
D'fheicfeá a theach as béal an dorais annsin amuigh
Ní hí an t-eallach is fhearr i mbéal dorais ag duine í! Rud ar bith a fheicfeas sí ar sliobarna, beidh sé árduighthe léithe aice ar chaoi ar bith
Is maith an stoc atá imbéal dorais anois agad: feidheall mádraí!
Ní fheicfeá rud ar bith i mbéal dorais is gráinne ná é
Tá scioból mór míllteach déanta aige anois i mbéal an dorais
Nach bhfuil a chuid talmhana uiliog i mbéal a dhoruis
Níl call dó corruighe as béal an dorais aon-lá 'san mbliain le breac a mharbhú. Tá an fhairrge buailte air
Is breagh an ball imbéal dorais í, faoin a cuid seolta móra bocóideacha, bacóideachaí (bád)
Is gránna an ball i mbéal dorais í (bean gan aon-tslacht)
'Chuile bhall imbéal mo dhorais ach é sin (fear nachar thaithnigh leis)
Is lughar liom é ná an diabhal ag teacht ag béal mo dhorais agam
b.
+
Níl bó in a dhoras = níl bó ar a sheilbh
Níl cearc in mo dhoras ag an sladaidhe de shionnach
TUILLEADH (3) ▼
Bhí dath gach bó ar sliabh aige, agus níl bó ná gamhain in a dhoras indiu. Deir siad gur eascainí sagairt a rinne é
Ba leitheadach é cho uain agus bhí rud aige. Ach níl bó ná gamhain in a dhoras indiu
Fear ar bith a bhfuil bó ina dhoras ar an saoghal atá ann, tugadh sé buidheachas le Dia
+
Chuaidh mé go doras an bháis le na liagrachaí sin. = fhobair go bhfuair mé bás leo
Fuair mé ruaig bliain go h-am seo, agus inDomhnach chuir sí go doras an bháis mé
TUILLEADH (3) ▼
Deir daoine nach bhfuil aon-dochar 'san mbruithtíneach. Dar fiadh chuir sí na gasúir se'againne go doras an bháis imbliana
Chuaidh sí sin go doras an bháis an t-am sin leis an bhfiabhras, ach diabhal mé gur shrian sí as in a dheidh sin
Bhí sé go doras an bháis aice. Cuireadh an ola dhú nae trí (a dhó nó a trí) de chuarta air, ach thug Dia as é in a dheidh sin

Doras in iontrálacha eile (50+)

+
Diabhal pléidh a bhéas agamsa le scadáin le mo ló aríst. Feacha an bhail a chuir siad cheana orm … Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Chuir siad go doras an bháis mé. Scadáin lofa a d'ith mé. Agus níor ghlac mé éiseall ná a dhath leo agus mé dhá n-ithe. Ach ní íosfaidh mé aríst díobh le cúnamh Dé. An té a bhuailtear san gceann bíonn faitíos air
TUILLEADH (4) ▼
B'fhada a chaith sí idir fonn agus faitíos, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos uirre san deireadh, agus m'anam ón diabhal go ndeachaidh sí ag an damhsa. Tháinig an t-athair i lár an mheán-oíche thall agus fás fuinnseóige aige, agus thosaigh sé ag gleáradh an dorais leis …
Ní leigfeadh an faitíos dó a dhul taobh amach de dhoras ó a thuitfeadh oíche dhá bhfádh sé Éire bronnta air
Le neart an fhaitiais a bhí air, níor bhain sé cois de rith nó go ndeachaidh sé isteach béal an dorais
Dúin an doras sin faitíos na heirimisce (faitíos na fálach thuas) = faitíos gadaíochta dá bhfágtaí oscailte é
 
Agus le fearasbár siúráilteacht a dhéanamh chuir mé glas ar an doras. Diabhal mé gur goideadh iad in a dhiaidh sin! = to make assurance doubly sure
 
Chuaigh sé amach go doras fearacht's dhá mbeadh rún aige a bhualadh, ach d'fhill sé aríst
 
Sé cinn a fuair tú. Ní fuláir duit sin. Is beag a bhéas le reic agad ach a mbeidh ábhar dorais bainte asta
 
Ní féidir gurb shin fothram gaoithe san doras iata. Feamainn dearg! Nar ba slán ceóil dhuit anois mar ghaoith! Ní iarrfadh muid aon-fheamainn dearg go ceánn seachtain eile
 
fág
Fág an doras, agus ná bíodh chuile dhuine ag breathnú ort
 
Ná cuir an glas ar an doras sin faitíos na fálach. Fanfaidh mé scaithín annseo ar an teallach, agus má airím aon-ghéim ón mbudóig sin, gabhfaidh mé amach aríst. Ní fuláir do bhó ar a céadlaogh áirdeall maith
 
cora
Is mór is fiú nach bhfuil aon-chíos ar a' gcainnt, nó dheamhan mórán duine a gcuirfeadh an cneagaire sin carra chainnte air, muis. Cuirfe mé geall leat nach mórán carra chainnte a chuirfeas sé ar aonduine ag doirse tighthe ósta, lá aonaigh, má bhíonn sé ag (d)ul isteach ag ól béiréiste!
+
faon-
Bhí faon-oscailt ar an doras ("faon-oscailt" adeirtear go minic, ach tá fíonn-oscailt freisin ann) = oscailt bheag; gan é a bheith dúinte ar fad nó é a bheith leath-oscailte
TUILLEADH (6) ▼
Fuair mé faon-oscailt ar an doras agus shiúil mé isteach
Fág an doras ar faon-oscailt (nó faon-oscluithe). Is mór an fionnórtas é ar an meirbheadas seo
Ní dheárna mé ach fíonn-oscailt a thabhairt ar an doras agus mo cheann a chur isteach. Nuair a chonnaic mé an teach bán chrap liom aríst
Tá fíonn-oscal san doras = siunta a dtiocfadh an solas isteach thríd, nó cláirín a bheith imithe as (tabhair faoi deara gur "san" atá san leagan seo agus nach "ar". "Fíonn" adeirtear i gcomhnaí san gcás seo, agus ní "faon")
Céard a rinne an fíonn-oscal sin san doras. Tá an gath gréine isteach ann. An clár atá imithe as? Duine eicínt a thug "pound" dó. Nach bhfuil a fhios agaibh go bhfuil adhmad an dorais sin cho lag leis an luachair?
Tá fíonn-oscal san doras. Ceann de na cláir atá ar bogadh. Ní mór cupla táirne a fháil agus é a dhaingniú, nó brisfidh sé ó chéile ar fad
 
Osclaigí doras an fhascadh. 'Ar ndú' phréachfadh an tseóideadh atá isteach annsin sib. Sé doras na gaoithe é
 
fuaim
Bhí an-fhuaim ag an ngaoith san doras iata
 
fóin
Sin é anois a d'fhóinfeadh ceart san doras údaí, dhá mbeadh sé agam
 
Is fóintiúil an rud siopa a bheith ag béal an dorais agad. Níl agad ach rith amach i gcomhnaí, má theastaíonn aon-cheo uait
 
Is beag an fhairsinge eile a ghabhfadh ar an doras nuair a bheadh sé sách mór
 
Tháinig sí ag an doras ag M. le dhul ag sciollaíocht uirre, ach bhí M. feistithe roimpe = faoi réir í féin le dhul ag troid
 
Tá sé feóthannach go maith anocht. Níor mhór mapa (mata) leis an doras ó thuaidh sin. Tá an-tseóideadh isteach ann. Measann tú an bhfuil mapa ar bith san tír anois?
+
fill
Bhí J. ag filleadh amach (ag dul, ag casadh) san doras ó thuaidh, agus mise ag teacht isteach san doras ó dheas
TUILLEADH (1) ▼
Fill amach an doras sin = dúin é
 
Níl ann ach fleascach, mara leigeadh an mhisneach dó bualadh faoin méid sin! Más mé féin nach bhfuil deaslámhach chor ar bith, chuirfinn doras ar an gcró sin.
 
Níl bó in a dhoras anois ach foirgeach de shean-bhó, nach bhfuil a fhios cén lá le seacht mbliana ar rug sí.
 
fáisc
Ní mór an doras sin a fháisceadh isteach go maith
 
fáth
Cén fáth dúnadh a bhí agad ar an doras sin?
 
fórsa
Chuir sé an capall isteach an doras le fórsa. Ach má chuir bhris sé a hasnachaí. Sin é a raibh de bharr a chuid uafáis aige
 
fuacht
Is fánach an chaoi a nglacfá fuacht annsin idir dhá dhoras na gaoithe
 
Fanadh sé annsiúd ag an doras dúinte anois más breá leis. Gheobhaidh sé cead fuarú ann, agus fuarú go maith freisin. D'iarr mé air a thiacht ag an tine faoi dhó nó trí huaire cheana, agus níor thug sé dhom ach cluais bhodhar
 
Dúin an doras sin. Tá fuar-ghaoth isteach ann
 
Fuartas ar fad é an teach sin, mar bíonn a bhfuil d'fhuinneógaí agus de dhoirse ann béal in áirde
 
fuarú
Nach bhfuil a fhios agad go maith gur le teann donacht a theagas an fuarú allais sin orm! Deile? Marab ea, ní le maith é. Tá sé do mo chothú ar fad anois. Dheamhan agam ach siúl soir cho fada leis an doras nuair a bhéas an sruth liom
+
Bhuail sé fáiméad ar an doras. Shílfeá gurb é dhá chlár an domhain a buaileadh faoin a chéile leis an bhfuaim a bhain sé as = dorna, cic, iarraidh mhaide etc.
TUILLEADH (1) ▼
Níl ann fhéin ach cimleacháinín nach dtiúrfá deich triuf air, ach tá fáiméad de bhean aige, agus ní thiocfadh sí isteach an doras sin. Go deimhin, má thosaíonn sé ag cur a chraicinn dó (dhe), ní stró mór uirri é a cheannsú
 
daba
Díogha ceart é sin agus 'chuile fhear ar a bhaile. Mhair siad sin ariamh ar dhabaí an Tighearna sin a bhí i mbéal an dorais aca, agus tá a shliocht [orthu]: tá béasaí Shasana bealuighthe isteach ionnta, agus ní scarfaidh siad leo go luath
 
Daidhean a leigfeadh an faitíos dó a chois clí ná dheas a chuir taobh amuigh de dhoras
 
dall 3
Tá mé dallta ag an deatach sin. Oscluighidh doras na gaoithe agus b'fhéidir dhó a thabhairt leis
 
Beidh gorta ann an bhliain seo chugainn! Níor mhinic leat an deáscéal a bheith agad! Is goire cabhair Dé ná an doras
 
Is diabhlaí aibéil a tháinig siad sin anuas san saol! Dar príosta chonnaic mise iad muis, agus ní chuirfidís an deachma ar cáirde, ach bíonn a lá féin ag chuile dhuine. Agus sin é an deis a bhfuil siad anois: sirriam ag teacht orra. Is fiú do chuile dhuine an buachaill sin a choinneál ón a dhoras muis, má fhéadann a chumhachta chor ar bith é
 
dearfa
Níl bean ar bith is dearbhtha dhó a iarraidh ná an bhean atá imbéal an dorais aige féin. Gheobhaidh sé í sin, ach m'anam go mbeidh tóraidheacht air shul a gheobhas sé a leithide eile
 
Rug sé greim barr-láimhe ar mo dheasóig agus thialtuigh (théaltuigh) sé leis isteach an doras mé. Níor airigh mé choidhchin nó go raibh mé in mo shuidhe ar chathaoir istigh ins an bpárlús aige. Is beag bídeach nachar thuit mé as mo sheasamh le náire
 
de
Chuir sé an doras dó (dhe) dhá thóin (len a thóin)
 
deilbh 1
"An Crann Deilbh: de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaithtí a dtomhais le riail le fad áirid a bheith ionnta agus leithead áirid is na maidí treasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide treasna. Rinne P. M. Mh. ceann aca dhuinne annseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht is 'chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé cho maith dhuinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go bráth aríst. Ní bheadh na gearrchaileadha sin indon aon-deilbh a dhéanamh … Cur síos an tSnátha ar an gCrann Deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige): an dá chuaille a chur in a seasamh annsin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim agus ag giall an dorais. Ní bheidís cho h-árd leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide treasna a chur suas orra: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach ionnta in eangaí mar a bheadh leabaidh. Bíonn rungaí ar nós dréimre 'san dá mhaide a bhíos in a seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuighe ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht agus nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tighe ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tuinte fada na h-óinsighe a bheith aghad! Annsin tosóchaidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéaduair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) de'n tsnáth — an méid banlá a bhéas le dul 'san eige (aige: /ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcránn agus beidh siad dhá chur sin síos choidhchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóchaidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tiubharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orra ar fiar — ach gan snaoim (snaidhm) ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dteighidh siad go bárr. Anonn treasna annsin agus anuas ar an deis chéadna ar an taobh eile ó runga go runga go dteagaidh siad go talamh. Anall treasna go dtí an áit ar thosuigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéadna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar aoirde na maidí. Scaithtí bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adubhairt sé) mar a fheilfeas dóib. Tugtar céadta 'sa deilbh de'n eige 'léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad h-ocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mara mbeadh ann ach seacht gcéad ní bheadh aon-leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag h-ocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sriongáinín ar an méid sin. Céad a bheadh annsin. Beidh fearas bárr leithid 'san éadach 'léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thogruigheann tú. Chonnaic mé 'chaon chineál aca. Bíonn chúig chlannaí fichead is 'chuile chéad. Ní fuláir fios a bheith agad cé mhéad céad ann shul a bhaineas tú de'n chrann deilbh é. Nach shin é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach in a gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siubhal i gcomhnaí 'gcomhnaí. Ní fheilfeadh dhuit aon-bhuille marbh a leigint in do chuid oibre dhá mbeitheá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. 'San ngeimhreadh bheitheá an lá leis ar fad. … Nuair a thóigtear anuas de'n chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaoim (snaidhm) nó crios ar 'chaon chloigeann dhe annsin, agus déanfaidh tú suas in a throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an eige. Tá sé faoi réir annsin le dhul ag an bhfigheadóir … Gan aimhreas is aon-tsnáth amháin a bhéas ann. Dhá mbriseadh an snáth 'san deilbh, ghreamóchadh sí ar an bpuínte de'n chuid eile de'n tsnáth é. Chuirfeadh sí snaoim (snaidhm) air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
 
Ba mhinic a chuala mé deilín bacaigh fadó. Níl bacach ná bean bhocht ar bith dhá dteagadh faoin doras nach mbíodh deilíní aca, ach is beag na deilíní ná na bacaigh atá ann anois. An méid sin féin tá mé ceapadh nach mbíonn aon-smid Ghaeilge aca