Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díobháil
/d′īəwāl′/
ainmfhocal, baineann
ginideach uatha: na díobhála
1.
dochar, mísc, millteanas.
+
Déanfaidh an bháisteach seo díobháil anois. Feicfidh tú dúchan amárach
Is beag an díobháil a rinne sí anseo (toirneach) chor ar bith míle buíochas le Dia, ach deir siad go raibh sí an-ghártha in áiteachaí eile
TUILLEADH (4) ▼
Níl aon lá san aer nach ag déanamh díobhála dhúinn atá sí. Tá bó léithe i mbradaíl, nó tá claíochaí leagtha ag a cuid asail chuile phointe
Fhóbair díobháil a bheith déanta aige, murach chomh héasca agus a tapaíodh é. Tháinig dúrúch air ar fud an aonaigh. Tarbh dubhláidir é, ach bhí fir ansiúd a cheansódh é, go lige Dia slán iad
Níl aon lá le mo chuimhne nach bhfuil an fharraige ag déanamh díobhála ansin thíos, ach diabhal comhla a chuirfidís na dhiaidh sin ann, théis go bhfuil mo theanga caite agam dhá iarraidh orthu. An dea-ghealladh, agus an droch-chomhlíonadh, deile
Rinne an ráig sin díobháil inniu. Dheamhan fear sa tír nach raibh ag cur fhéir isteach inniu
·
Ní dhearna an méid a d'ól sé dochar ná díobháil dó
Mar sin dó gan dochar ná díobháil dúinne! (fc. dochar)
2.
cheal, d'uireasa, easpa (Achréidh).
+
B'éigean dom fanacht sa mbaile díobháil airgid (cheal airgid)
Níor fhéad mé an t-arbhar a bhualadh inniu díobháil cúnta
TUILLEADH (13) ▼
Ní dheachaigh mé ag an mbáire díobháil bicycle le mé a thabhairt ann
Ní chorródh sé amach as an teach díobháil mótair a bheith faoina thóin
Chinn orm an áit a fháil díobháil eolais ─ gan fios an bhealaigh a bheith agam
Ní díobháil eolais a bhí orm ach gan aon fhonn a dhul ann
Ní thógfaí sna peelers é díobháil airde
Ní bhfaighidh duine ar bith acu posta díobháil foghlama
Ní ligfí isteach ann é díobháil Gaeilge. Níl focal Gaeilge ina phluic
Caithfidh sé a bhfágáil amuigh díobháil croithe a bheith aige lena gcur iontu
D'éirigh an mistake sin dó díobháil an litir a léamh mar ba cheart
Cailleadh a chuid beathach ar fad díobháil breathnú ina ndiaidh
Tá na putaí sin aige ina scabhaitéaraí díobháil a smachtú in am
Ní bheidh aon bheet aige díobháil a glanta. Nach raibh plá shalachair inti
Níor thriomaigh fód ar bith den mhóin dúinn i mbliana díobháil a baint sách luath sa mbliain

Féach freisin

díobháil in iontrálacha eile (22)

 
dall 3
Deir tú go bhfuil sé ionann is dall. Muise dalladh gan aon léas air agus dalladh Oisín ina dhiaidh sin, gan dochar ná díobháil dúinne. Ná raibh dall ach é sin
 
deacair 1
Cuirim léan agus deacair orthu agus scéal fada ar an anró acu, agus ná raibh aon duine acu ar an gcomhaireamh ceann bliain ó inniu gan dochar gan díobháil dúinne!
 
Rinne sé díobháil (dochar, místaid, mínós srl.) dom
 
dearg 1
Beidh sé ina achrann dearg ar ball feicfidh tú féin air. Ina chéile dóibh muise agus nár ba réiteach dóibh, gan dochar gan díobháil dúinne!
 
diabhal 2
Tá sé imithe faoi dheireadh thiar thall agus go n-imí an diabhal leis, gan dochar gan díobháil dúinne!
 
díol 2
Go dtuga an diabhal thairis é muis, gan díobháil gan dochar dúinne. Ba díon déirce leis é a fháil an chéad uair, ach anois ó tá a ghaisneas bainte aige as, agus é éirithe as an lathaigh, níl aon mheas aige air. Ar ndóigh, ar aon chor, dhíol sé an déirce ó chuaigh sé sa teach nua
+
dochar
Ní dhearna sé dochar ná díobháil d'aon duine ariamh
TUILLEADH (10) ▼
Is fada fada a bheinnse ag dul an bóithrín shula chuimhneoinn dochar ná díobháil a dhéanamh do do cheapachín phlandaí. Leag ar an dream é a bhíos tugtha síos leis an bhfoghail i gcónaí
Cé a dhéanfadh é ach an dream a ghníos an dochar agus an díobháil i gcónaí? Tá sé de bheith ar na háibhirseoirí sin nach ligfidh siad rud ar bith thartu gan araoid a chur air. Tá seanaithne agamsa orthu sin
Sin rud nach bhfuair aon dhuine ann féin ariamh a rá liomsa, go ndearna mé dochar ná díobháil do bheithíoch a bheadh aige. Ní dhearnas muis. Dhá mbeadh an chloch sa muinchille agam do dhuine, ní ar a bheithíoch a ghabhfainn dhá ídiú. D'ídeoinn air féin é
Mo chuid tubaiste dhó, gan dochar gan díobháil dúinne! — ní mian liom go bhfearfadh aon cheo den eascainí a chuirim airsean, orm féin ná ar aon duine dá mbaineann liom, ná dá bhfuil in aon mhuirín liom go háirid
Brú agus ding air, gan dochar gan díobháil dúinne!
Má tá slaghdán air, go ngreamaí sé dhó muise, gan dochar gan díobháil dúinne!
Bail na codach sin ar an gcuid eile dá bhfuil aige, gan dochar gan díobháil domsa. Dhá bhféadadh sé féin rud a chur as do dhuine, is umhal éasca a dhéanfadh sé é
Ní mór liomsa don bhrútaí caochshrónach sin a bhfaighidh sé gan dochar gan díobháil dúinne, dár gcuid ná dár muintir amuigh ná sa mbaile!
Sin é anois an duine deiridh dhá chuid clainne imithe uaidh. Tá sé fágtha gan Murchadh gan Mánas anois. Tuilleadh diabhail anois aige gan dochar gan díobháil dúinne, dár gcuid ná dár maoin. Ní hin í mo chéad eascainí air muis, agus fearann an eascainí ar chaoi eicínt. Ba bheag an scrupall a bhí aige féin eascainí a dhéanamh ná daoine a dhíbirt. Tá sé faighte faoi na foraí aige féin anois
Go laga Dia é muis, gan dochar gan díobháil domsa. Ní chaoinfidh mórán é os cionn cláir. Má chaoineann, ní hiad mná an Bh. L. iad ar chaoi ar bith. Shaothraigh siad sin an saol aige
 
Ná raibh an séan ort! Le gaoith agus le doininn uainn féin agus ónár muintir thú, gan dochar gan díobháil dúinne
 
drámh
Nach bhfeiceann tú gurb air féin atá an drámh anois, ainneoin ar chaith sé dhá dhúthracht ag déanamh díobhála ar dhaoine eile. Más feall fillfear, adeir siad
 
dris
Nach mé atá sáiteach ab ea? Ní dheachaigh mé fút fós anocht nár thug tú an buille feill dom. Nár thuga tú do láimh glan ó do thóin leat ná do thóin ó na driseachaí, gan dochar gan díobháil do mo chuid cártaíse!
 
duán
Go dtarrthaí Dia sinn! Dheamhan liobar fíonnaigh ariamh ar a mala. Agus is geall le deargadh tiaraí a béal! Sin í an cailín a bhfuil a cuid eochraí uileag ar bharr an duáin aici! Nár thé sé chun tosaigh ná chun tairbhe di muis, gan díobháil gan dochar dúinne
 
dúil
Bheadh a ndúil leis dá mbeadh maith dóibh ann, ach níl. Dheamhan breac a íosfas siad lena marthain (dh)íob gan dochar gan díobháil dúinne. Ba dona iad féin faoin rud a bheadh acu