Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Díobháil
/d′īəwāl′/
ainm-fhocal, buineann
geiniúnach uathaidh: na díobhála.
1.
dochar, mísc, millteanas.
+
Déanfaidh an bháisteach seo díobháil anois. Feicfidh tú dubhachan i mbáireach
Is beag an díobháil a rinne sí annseo (toirneach) chor ar bith míle buíochas le Dia, ach deir siad go raibh sí an-ghártha in áiteachaí eile
TUILLEADH (4) ▼
Níl aon-lá san aer nach ag déanamh díobhála dhuinn atá sí. Tá bó léithe i mbradaíl, nó tá claidheachaí leagtha ag a cuid asail 'chuile phuínte
Fhobair díobháil a bheith déanta aige, marach cho h-éascaidh agus a tapuigheadh é. Tháinic dúrúch air ar fud an aonaigh. Tarbh dubh-láidir é, ach bhí fir annsiúd a cheansóchadh é, go leigidh Dia slán iad
Níl aon-lá le mo chuímne nach bhfuil an fharraige ag déanamh díobhála annsin thíos, ach diabhal comhla a chuirfidís na dheidh sin ann, th'éis go bhfuil mo theanga caithte agam dhá iarraidh orra. An deá-ghealladh, agus an droch-choimhlíonadh, d'eile
Rinne an ráig sin díobháil indiu. Dheamhan fear san tír nach raibh ag cur fhéir isteach inniu
·
Ní dheárna an méid a d'ól sé dochar ná díobháil dó
Mar sin dó gan dochar ná díobháil duinne! (fc. dochar)
2.
cheal, d'fhuireasbhaidh, easbaidh (Achréidh).
+
B'éigin dom fanacht san mbaile díobháil airgid (cheal airgid)
Níor fhéad mé an t-arúr a bhualadh inniu díobháil cúnta
TUILLEADH (13) ▼
Ní dheachaidh mé ag an mbáire díobháil "bicycle" le mé a thabhairt ionn (ann)
Ní chorródh sé amach as an teach díobháil mótair a bheith faoin a thóin
Chinn orm an áit a fháil díobháil eolais = gan fios an bhealaigh a bheith agam
Ní díobháil eolais a bhí orm ach gan aon-fhonn a dhul ionn
Ní thóigfí sna "peelers" é díobháil airde (áirde)
Ní bhfuighidh duine ar bith acu posta díobháil foghluime
Ní leigfí isteach ionn (ann) é díobháil Gaeilge. Níl focal Gaeilge in a phluic
Caithfidh sé a bhfágáil amuich díobháil croithe a bheith aige len a gcur ionnta
D'eirigh an "mistake" sin dó díobháil an leitir a léigheamh mar ba cheart
Cailleadh a chuid beitheach ar fad díobháil breathnú in a ndiaidh
Tá na putaí sin aige in a scaibhtéaraí díobháil a smachtú in am
Ní bheidh aon-"bheet" aige díobháil a glanta. Nach raibh pláigh shalachair innte
Níor thriomaigh fód ar bith de'n mhóin dúinn i mbliana díobháil a baint sách luath san mbliain

Féach freisin

Díobháil in iontrálacha eile (18)

 
deacair 1
Cuirim léan agus deacair orra agus scéal fada ar an anró aca, agus ná raibh aon-duine aca ar an gcomhaireamh ceann bliain ó indiu gan dochar gan díobháil duinne!
 
dearg 1
Beidh sé in a achrann dearg ar ball feicfidh tú féin air. In a chéile dóib muise agus nár ba réiteach dóib, gan dochar gan díobháil duinne!
 
diabhal 2
Tá sé imithe faoi dheireadh thiar thall agus go n-imí an diabhal leis, gan dochar gan díobháil dúinne!
 
díol 2
Go dtugaidh an diabhal thairis é muis, gan díobháil gan dochar duinne. Ba díon déirce leis é a fháil an chéad-uair, ach anois ó atá a ghaisneas bainte aige as, agus é eirighthe as an lathaigh, níl aon-mheas aige air. 'Ar ndú 'ar aon-chor dhíol sé an déirce ó a chuaidh sé ins an teach nuadh
+
dochar
Ní dhearna sé dochar ná díobháil d'aonduine ariamh
TUILLEADH (10) ▼
Is fada fada a bheinnse ag dul an bóithrín shul (dh)a chuimhneóchainn dochar ná díobháil a dhéanamh do do cheapaichín phlandaí. Leag ar an dream é a bhíos tugtha síos leis an bhfoghail i gcomhnuí
Cé a dhéanfadh é ach an dream a ghníos an dochar agus an díobháil i gcomhnuí? Tá sé de bheith ar na h-aidhbheirseoirí sin nach leigfidh siad rud ar bith tharta gan araoid a chur air. Tá sean-aithne agamsa orra sin
Sin rud nach bhfuair aon-dhuine ann féin ariamh a rádh liomsa, go ndearna mé dochar ná díobháil do bheithidheach a bheadh aige. Ní dhearnas muis. Dhá mbeadh an chloch ins an muinchille agam do dhuine ní ar a bheithidheach a ghabhfainn dhá ídiú. D'ídeochainn air féin é
Mo chuid tubaiste dhó, gan dochar gan díobháil duinne! = ní mian liom go bhfearfadh aon-cheo de'n eascainidhe a chuirim airsean, orm féin ná ar aonduine dá mbaineann liom, ná dá bhfuil in aon-mhuirghín liom go h-áirid
Brughadh agus ding air, gan dochar gan díobháil dúinne!
Má tá slaghdán air, go ngreamuighidh sé dhó muise, gan dochar gan díobháil duinne!
Bail na codach sin ar an gcuid eile dá bhfuil aige, gan dochar gan díobháil domsa. Dhá bhféadadh sé féin rud a chur as do dhuine, is umhal éascaidh a dhéanfadh sé é
Ní mór liomsa do'n bhrútaidhe caochshrónach sin a bhfuighidh sé gan dochar gan díobháil duinne, dár gcuid ná dar muintir amuigh ná ins an mbaile!
Sin é anois an duine deire dhá chuid cloinne imighthe uaidh. Tá sé fágtha gan Murrchadha gan Mánus anois. Tuilleadh diabhail anois aige gan dochar gan díobháil duinne, dar gcuid ná dar maoin. Ní shin í mo chéad eascainidhe air muis, agus fearann an eascainidhe ar chaoi eicínt. Ba bheag an scruball a bhí aige féin eascainidhe a dhéanamh ná daoine a dhíbirt. Tá sé faighte faoi na foraí aige féin anois
Go lagaidh Dia é muis, gan dochar gan díobháil domsa. Ní chaoinfidh mórán é as cionn cláir. Má chaoineann ní h-iad mná an Bh. L. iad ar chaoi ar bith. Shaothruigh siad sin an saoghal aige
 
Ná raibh an séan ort! Le gaoith agus le doininn uainn féin agus ón ar muintir thú gan dochar gan díobháil duinne
 
drámh
Nach bhfeiceann tú gurb air féin atá an drámh anois, aindeoin ar chaith sé dhá dhúracht ag déanamh diabhála (díobhála) ar dhaoine eile. Má's feall fillfidhear, adeir siad
 
duán
Go dtárruighidh Dia sinn! Dheamhan liobar fíonnaigh ariamh ar a mal. Agus is geall le deargadh tiaraighe a béal! Sin í an cailín a bhfuil a cuid eochraí uiliog ar bharr an dubháin aice! Nar theighidh sé 'un tosaigh ná 'un tairbhe di muis, gan díobháil gan dochar duinne