dúch
—/dūx/
—ainmfhocal, fireann agus baineann. Fireann ciall 1 agus 2, baineann ciall 3
1.
lacht a scríobhtar leis.
+–
Buidéal dúigh; braon dúigh
Níl deoir dúigh sa teach
TUILLEADH (8) ▼
Ní bheadh aon striog dúigh de bhrabach ortsa
Dar príosta tá sé ag ídiú dúigh hé brí céard atá sé a scríobh
Nach mór an lear dúigh a cuireadh amú leis an méid sin bréaga — páipéar nuaíocht
Dúch dearg, dúch gorm, dúch dubh
Níl an peann ag tál an dúigh mar is ceart
Ní fhéadfá é a scríobh gan práibeanna dúigh a chur air
Dheamhan mórán dúigh a ídímse sa mbliain a mhic ó. Dhá n-ídínn a laghad de chuile rud agus a ídím de dhúch, déarfadh lucht na siopaí go mba díolaí maith mé
Ní féidir an dúch sin anois a bhaint as an éadach. Chaithfeá an slacht a dhéanamh mo léan!
2.
cineál laicht a chuireas éisc áiride uathu — an láimhíneach cuir i gcás.
+–
An bhfeiceann tú an láimhíneach a dhiabhail! Tá an t-uisce dubh uilig aige le dúch — streall de lacht dubh a chuireas an láimhíneach (breac nó iasc) as féin
Fainic é sin nó is gearr go gcuire sé as do shlacht thú le scuaid dhúigh
TUILLEADH (3) ▼
Dhá mbuaileadh an láimhíneach scuaid dhá chuid dúigh ort, bheadh a fhios agat é. Bheifeá chomh dubh leis an sméir aige agus is deacair a ghlanadh
Deir siad nuair a bhíos bric eile ar a thí gurb in é an uair a dtosaíonn an láimhíneach sin ag cur dúigh uaidh. Ní fhágann sé míor meacan den fharraige ina thimpeall nach mbíonn faoi dhúch aige. Ní léir don iasc eile ansin é. Bhí mé fhéin agus máistir scoile a bhí anseo thuas ar leave tigh J. amuigh ar meath an bhliain cheana. Ná raibh ann mura mbuaileann ceann acu é. 'Caith amach é i dtigh diabhail,' adeirimse, 'ní eallach ar bith é sin le bheith dhá bhuachailleacht sa gcurach.' Diabhal caitheamh! Ag déanamh iontais de na dathannaí a bhí air a bhí sé. 'Oibrigh ort a bhuachaill,' arsa mise i m'intinn féin, 'ní móide go mbeifeá chomh dathúil ar ball.' Ach níor bhac mé níos mó leis. Tháinig muid isteach sa gcaladh ansin thíos. 'An bhfuil tú ag brath air an t-ógánach seo a thabhairt leat,' adeirim féin, agus theann mé siar scaithín ar an trá. 'Caithfidh tú treabhadh nó tiomáilt a dhéanamh, mar tá cúram orm an churach a chur suas.' Ní raibh fios na faillí aige. Beireann mo dhuine bocht ar an láimhíneach, agus ní leis an láimhíneach ab fhaillí é; scaoil sé scuaid as agus bhí an trá faoi dhúch aige suas go dtí an leicín shleamhain údaí sa meathdhuirling. Níor thaobhaigh mo dhuine na curachaí uaidh sin amach
Diabhal mé go mbeadh sí sin ag taoscadh dúigh uaidh chomh tréan agus a d'fheicfeá uisce ag teacht as píopa. Chuala mé fear a bhí sa gcogadh ag rá go raibh cóstaí na Fraince breac ballach leo agus go bhfeicfeá an fharraige feadh t'amhairc dubh lena gcuid dúigh. Chreidfinn é freisin, dhá mbeadh mórán acu abuil a chéile
3.
láib a bhíos i bportaigh agus a mbaintear leas aisti ag dathú olla nó éadaí.
·
Áit ar bith a bhfeicfidh tusa an mearbhall sin sa lagpholl tá dúch ansin. Bíonn mar a bheadh ola ann os a cionn, agus an dúch thíos in íochtar. I seanphortaigh is fhearr a gheofá í. Is mór a tógadh ariamh di thuas ar Dh. an Bh. Sna sean-lagphoill sin atá ag D. Sh. siar ó Ch an Gh. a d'fhaigheadh na trí bhaile seo í. Dhá mbeadh láí nó sluasaid agat, ní raibh call dhuit a dhéanamh ach a cur síos go híochtar agus an láib a thabhairt aníos léithe. Bhíodh muid ag cur feacannaí fada sna lántaí mar bhíodh an-domhain i gcuid de na poill. Nuair a bheadh sí aníos ar bruach agat, chaithfeá an láib a bhaint aisti: ní thabharfá abhaile leat ach an dúch. B'fhurasta a aithinte an dúch. Ní bheadh ort ach a diurnadh agus a tabhairt amach ón gcuid eile den lathach. D'fheicfeá an mearbhall inti i gcónaí. Thugadh muid abhaile le ancaird nó le buicéid nó le tobáin, nó rud ar bith ba thúisce agat í. Chuirfeá síos an olann ansin i bpota in éindí leis an dúch agus d'fhágfá thíos ar feadh an lae uileag í. Níor mhór den olann a bheith bruite as ruaim roimhe sin agus gan gionnóid (deannóid) shalachair a bheith ar a corp. Dhá mbeadh, ní dhathódh do chumhachta í. Ní bheadh aon ghlacadh aici leis an dath. Nuair a bheadh sí ar an tine níor chall di a bheith thar chnag, ach chaithfeá a coinneáil brúite agus measctha. Chaithfeá amach ansin ar chiseoig í agus nífeá aríst ar uisce í. Chuirfeá amach i gcliabh ansin í nó go dtriomaíodh sí. Í a spíonadh ansin. Ba in é an deis le dath dubh a thabhairt uirthi. Dhá mbeifeá ag iarraidh dath buí … (sliocht as cuntas a thug m'athair dom ar dhathú olla)
Ba chorráit a raibh an dúch anseo. Bhí neart di sna lochannaí beaga sin atá suas S. Gh. ach sna seanlagphortaigh atá thuas ansin thuas ar chuid D. a bhaintí anseo í. Níl an láib sin ach in áit áirid. Cineál righin dubh í. Dath dubh a thabharfadh sí ar an olann. Ba chuid súlach an giota a dhéanfaí aisti
·
'Sé an áit a mb'fhearr dhuit speal a bheadh róramhar a chur: i bportach dúigh (/dūhī/). Chuirfeadh sin meirg uirthi agus thanódh sé í. Dhá mbeadh mianach dúigh ná salachar iarainn ann, bheadh sé go maith. Tá an portach sin thuas againne tofa anois. Tá dúch ann. Is furasta a aithinte í
dúch in iontrálacha eile (3)
→
danra
Shílfeá go bhfuil an claibín atá ar an mbuidéal dúigh seo an-docht. Is danra é le scriúáil dhe. Dar príosta cinnfidh sé orm
→
deannóid
Dhá bhfeictheá an collar a bhí air agus chomh geal agus a bhí sé. Agus bhí deannóid de rud eicínt dubh mar a bheadh dúch ann, nó rud eicínt mar sin, abhus ansin air. Thabharfá faoi deara é míle ó láthair
→
deargán
Deargán de dhúch é seo shílfeá. Ní raibh a fhios agam ariamh cheana go scríobhfaí litir le dúch dearg