Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dubhach
/dūx/
ainm-fhocal, fireann agus buineann: fireann: ciall 1 agus 2: Buineann: ciall 3.
Geineamhnach uathaidh: dúbhaigh; dubhaighe
ainmneach iolraidh: dubhchannaí (/dūxənī/).
1.
lacht a scríobhtar leis.
+
Buidéal dubhaigh; braon dubhaigh
Níl deor dubhaigh sa teach
TUILLEADH (8) ▼
Ní bheadh aon sdriog dubhaigh de bhrabach ortsa
Dar príosta tá sé ag ídiú dubhaigh hébrí céard atá sé a scríobhadh
Nach mór an lear dubhaigh a cuireadh amú leis an méid sin bréaga = páipéar nuaidheacht
Dubhach dearg, dubhach gorm, dubhach dubh
Níl an peann ag tál an dubhaigh mar is ceart
Ní fhéadfá é a scríobhadh gan práibeanna dubhaigh a chur air
Dheamhan mórán dubhaigh a ídighim-se sa mbliain a mhic ó. Dhá n-ídighinn a laghad de 'chuile rud agus a ídighim de dhubhach, déarfadh lucht na siopaí go mbadh díolaidhe maith mé
Ní féidir an dubhach sin anois a bhaint as an éadach. Chaithfeá an slacht a dhéanamh mo léan!
2.
cineál laicht a chuireas éisc áiride uatha — an láimhíneach cuirigcás.
+
Bhfeiceann tú an láimhíneach a dhiabhail! Tá an t-uisce dubh uilig aige le dubhach = streall de lacht dubh a chuireas an láimhíneach (breac nó iasc) as féin
Fainic é sin nó is gearr go gcuiridh sé as do shlacht thú le scuaid dhubhaigh.
TUILLEADH (3) ▼
Dhá mbuaileadh an láimhíneach scuaid dhá chuid dubhaigh ort, bheadh a fhios agad é. Bheitheá cho dubh leis an sméir aige agus is deacair a ghlanadh
Deir siad nuair a bhíos bric eile ar a thí gurb shin é an uair a dtosuigheann an láimhíneach sin ag cur dubhaigh uaidh. Ní fhágann sé míor meacan de'n fhairrge ina thimpeall nach mbíonn faoi dhubhach aige. Ní léar do'n iasc eile annsin é. Bhí mé fhéin agus máistir scoile a bhí annseo thuas ar "leave" tigh J. amuigh ar meath an bhliain cheana. Ná raibh ann mara mbuaileann ceann aca é. "Caith amach é i dtigh diabhail" adeirimse "ní eallach ar bith é sin le bheith dhá bhuachailleacht sa gcurrach". Diabhal caitheamh! Ag déanamh iongantais de na dathannaí a bhí air a bhí sé. "Oibrigh ort a bhuachaill" arsa mise i m'intinn féin "ní móide go mbeitheá cho dathamhail ar ball". Ach níor bhac mé níos mó leis. Tháinic muid isteach sa gCaladh annsin thíos. "An bhfuil tú ag brath air an t-ógánach seo a thabhairt leat" adeirim féin, agus theann mé siar scaithín ar an tráigh. "Caithfidh tú treabhadh nó tiomáilt a dhéanamh, mar tá cúram orm an churrach a chur suas". Ní raibh fios na faillighe aige. Beireann mo dhuine bocht ar an láimhíneach, agus ní leis an láimhíneach ab fhaillighe é; scaoil sé scuaid as agus bhí an tráigh faoi dhubhach aige suas go dtí an leicín shleamhain údaidh sa meath-dhúrlinn. Níor thaobhuigh mo dhuine na currachaí uaidh sin amach
Diabhal mé go mbeadh sí sin ag taoscadh dúbhaigh uaidh cho tréan agus a d'fheicfeá uisce ag teacht as píopa. Chuala mé fear a bhí sa gcogadh ag rádh go raibh cóstaí na Fraince breac ballach leo, agus go bhfeicfeá an fhairrge feadh t'amhairc dubh len a gcuid dubhaigh. Chreidfinn é freisin, dhá mbeadh mórán aca abuil a chéile
3.
láib a bhíos i bportaigh agus a mbaintear leas aisti ag dathú olla nó éadaighe.
·
Áit ar bith a bhfeicfidh tusa an mearbhall sin 'sa lag pholl tá dubhach annsin. Bíonn mar a bheadh ola ann as a cionn, agus an dúbhach thíos in íochtar. I sean-phortaigh is fhearr a gheobhfá í. Is mór a tóigeadh ariamh di thuas ar Dh. an Bh. Sna sean lag-phuill sin atá ag D. Sh. siar ó Ch an Gh. a d'fhaghadh na trí bhaile seo í. Dhá mbeadh láighe nó sluasaid agad, ní raibh call dhuit a dhéanamh ach a cur síos go h-iochtar agus an láib a thabhairt aníos léithe. Bhíodh muid ag cur feacannaí fada sna láigheanntaí, mar bhíodh an-domhainn i gcuid de na puill. Nuair a bheadh sí aníos ar bruach agad, chaithfeá an láib a bhaint aiste: ní thiubharfá abhaile leat ach an dubhach. B'fhurasta aithinte an dúbhach. Ní bheadh ort ach a diúrnadh, agus a tabhairt amach ó'n gcuid eile de'n lathach. D'fheicfeá an mearbhall innte i gcomhnaí. Thugadh muid abhaile le ancoird nó le buicéid nó le tubáin, nó rud ar bith ba thúisce agad í. Chuirfeá síos an olann annsin i bpota in éindigh leis an dubhach agus d'fhágfá thíos ar feadh an lae uiliog í. Níor mhór de'n olann a bheith bruithte as ruaim roimhe sin agus gan gionnóid (dionnóid) shalachair a bheith ar a corp. Dhá mbeadh ní dhathóchadh do chumhachta í. Ní bheadh aon-ghlacadh aice leis an dath. Nuair a bheadh sí ar an teine níor chall di a bheith thar chnag, ach chaithfeá a coinneál brúighte agus measctha. Chaithfeá amach annsin ar chiseoig í, agus nighfeá aríst ar uisce í. Chuirfeá amach i gcliabh annsin í nó go dtriomuigheadh sí. Í a spíonadh annsin. Ba shin é an deis le dath dubh a thabhairt uirre. Dhá mbeitheá ag iarraidh dath buidhe … (sliocht as cuntas a thug m'athair dom ar dhathú olla)
Ba chorr-áit a raibh an dubhach annseo. Bhí neart di 'sna lochannaí beaga sin atá suas S. Gh. ach 'sna sean-lag-phortaigh atá thuas annsin thuas ar chuid D. a bhaintí annseo í. Níl an láib sin ach in áit áirid. Cineál roighin dubh í. Dath dubh a thiubharfadh sí ar an olann. Ba chuid súlach an giota a dhéanfaí aiste.
·
Sén áit a mb'fhearr dhuit speal a bheadh ro-reamhar a chur: i bportach dúbhaí (/dūhī/). Chuirfeadh sin meirg uirre, agus thanódh sé í. Dhá mbeadh mianach dubhaí ná salachar iarainn ann, bheadh sé go maith. Tá an portach sin thuas againne tofa anois. Tá dúbhach ann. Is furast aithinte í.

Dubhach in iontrálacha eile (5)

 
Dhá bhfeictheá an "collar" a bhí air agus cho geal agus a bhí sé. Agus bhí dionnóid de rud eicínt dubh mar a bheadh dubhach ann, nó rud eicínt mar sin i bhfus annsin air. Thiubharfá faoi deara é míle ó láthair
 
Deargán de dhubhach é seo shílfeá. Ní rabh fhios agam ariamh cheana go scríobhfaí leitir le dubhach dearg
 
dóid
'Sé a bhí le cuthach indiu. Bhuail J. Ph. dóid de scraith air, agus dhubhaigh sé a éadan fré chéile. Dar leat ba mhó dhá fhonn a bhí air a dhul chun droch-mhúineadha, ach bhí a fhios aige nach ndéanfaí faoi ach magadh
+
dubh 3
Dhá bhliain ó shoin tháinic stolladh amach an t-am seo bhliain agus dhubhaigh sé na sceacha. Bhí an fhlaisc thiar de chuile sceach dóite agus an taobh a bhí thoir di glas. Níor facthas a leithide ó a tháinic an chéad-fhear
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh sí leath cho mór i m'aghaidh nó gur dheasaigh lucht na mbréag léithe. Dhubhaigh siad sin a croí ar fad i m'aghaidh