Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dúlia
/dūl′īə/
ainmfhocal, baineann
airne beag dubh atá i mbeithígh thiar ar an sclota ar an taobh deas. Gorm mórán atá sí. Is geall le blue í. Nuair a baintear as beathach, ní chuirtear aon chaitheamh sa dúlia. dúil aodh, adeirtear amantaí (spleen).
a.
·
Dhá mbuailteá bó ar an dúlia thitfeadh sí marbh, nó thitfeadh sí ina pleibistín ar chuma ar bith. Mharófá í go réidh freisin. Níl acmhainn ar bith ag bó teangachtáil leis an dúlia aici chor ar bith. Má éiríonn leat bó a bhualadh ar an dúlia choíchin, agus i ndán is go dtitfidh sí, buail ar an taobh eile í ar an toirt. Ní fhágfaidh sin ceo uirthi ach go mbeadh cáithíl bheaga chasacht uirthi go ceann míosa b'fhéidir. Ach buail ar an taobh eile í. Mura mbuaile, beidh siar duit féin
Is fánach an rud a ghortódh an dúlia ag bó. An iarraidh is lú ar bith dhonódh sin í. Is maith nach mór do dhuine a bheith san airdeall ag seoladh beathach dó
b.
·
Mura lige tú dhom, buailfidh mé isteach ar an dúlia thú agus cuirfidh mé ó mhaith na bliana thú, cuirfidh sin — ní feasach dom go háirid an bhfuil dúlia sa duine, ach níl sa leagan seo ach samhail adeirtear amantaí lena thabhairt le tuiscint gur féidir buille a thabhairt don duine a dhonódh é chomh maith leis an mbeathach

dúlia in iontrálacha eile (1)

 
de
Bhuail sé de chloich ar an dúlia í (bó)