Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dubhlia
/dūl′īə/
ainmfhocal, buineann
áirne beag dubh atá i mbeithigh thiar ar an sclota ar an taobh deas. Gorm mórán atá sí. Is geall le "blue" í. Nuair a baintear as beitheach ní chuirtear aon chaitheamh san dubhlia. Dúil aodh, a deirtear amantaí (spleen).
a.
·
Dhá mbuailteá bó ar an dubhlia thuitfeadh sí marbh nó thuitfeadh sí in a pleibistín ar chuma ar bith. Mharóchthá í go réidh freisin. Níl acmhuinn ar bith ag bó tangachtáil leis an dubhlia aice chor ar bith. Má eiríonn leat bó a bhualadh ar an dubhlia choíchin, agus indán agus go dtuitfidh sí, buail ar an taobh eile í ar an toirt. Ní fhágfaidh sin ceó uirre ach go mbeadh cáithíl bheaga chasacht uirre go ceann míosa b'fhéidir. Ach buail ar an taobh eile í. Mara mbuailidh, beidh siar duit féin
Is fánach an rud a ghortódh an dubhlia ag bó. An iarraidh is lú ar bith dhonódh sin í. Is maith nach mór do dhuine a bheith san áirdeall ag seóladh beitheach dó.
b.
·
Mara leigidh tú dhom buailfidh mé isteach ar an dubhlia thú agus cuirfidh mé ó mhaith na bliana thú, cuirfidh sin = ní feasach dom go h-áirid an bhfuil dubhlia san duine, ach níl san leagan seo ach samhail a deirtear amantaí len a thabhairt le tuiscint gur féidir buille a thabhairt don duine a dhonódh é cho maith leis an mbeitheach

Dubhlia in iontrálacha eile (1)

 
de
Bhuail sé de chloich ar an dubhlia í (bó)