Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
iontas
fuaim: íontach, íontas, ach in iarthar Chonamara bíonn an fhuaim iontas, iontach agus go háirid in amhráin.
rud nó scéal is annamh, nó is áibhéil nó is aduain.
a.
+
Chonaic mé iontas mór i nGaillimh le gairid — rud a ndéanfá ionadh de, cuirim i gcás cineál gluaisteáin nua go mbeadh cáilíocht ar leith ag baint leis nó rud eicín uafásach nó míorúilte
"Chonaic mé, chonaic, chonaic mé iontas mór; Ceann Gainimh ag dul tharam, agus é iompar seoil" (sliocht as an Amhrán Bréagach)
TUILLEADH (3) ▼
Is mór an t-iontas é, cailín a chodail mí as béal a chéile in Meiriceá
Is iomaí iontas faoin domhan — údair ionaidh
Níl mórán iontas in Éirinn — níl mórán rud ann le ionadh a dhéanamh dhíobh
·
Ní cuid iontais ar bith é sin — ní údar ionaidh é (fc. cuid)
Níl aon chuid iontais le feiceáil i nDúthaigh Sheoigheach — níl tada ann go ndéanfá ionadh dhe
+
Níl iontas ar bith anois sna busanna, ach bhíodh an chéad uair a dtáinig siad amach — ní chuireann siad ionadh ar aon duine anois; glacann chuile dhuine leo mar chóineas atá ann agus ní chuimhníonn siad nach raibh siad ann ariamh
Ná bac le iontas a bheith i mbusannaí anois. Ba mhó an t-iontas é dá bhfuireasa — ní déantar ionadh de na busannaí anois. Ba mhó an t-ionadh a dhéanfaí dhá mbeidís gan a bheith ann
TUILLEADH (1) ▼
D'imigh an saol a gcuirfí iontas i dtada — tá an saol athraithe mar ní chuireann aon rud dhá bhfeiceann siad ná dhá gcloiseann siad aon ionadh ar na daoine anois
+
Pádraic — Tá Seáinín ag ól; Micil — Cén t-iontas é?
Cén t-iontas é gan aon airgead a bheith ar bheithígh agus a bhfuil ann díobh
TUILLEADH (7) ▼
Ar ndóigh ní iontas é beatha a bheith daor agus chomh maith agus a íoctar lucht na hoibre
Ní iontas ar bith é sin, ach an oiread leis an scéal ar ball — ní chuirfeadh an scéal nó an rud sin ionadh ar aon duine, ionann is nach gcuirfeadh an scéal a bhí ar siúl tamaillín ó shin
'Sé an t-iontas is mó nach ndeachaigh sé abhaile — ba mhór an t-ionadh nach ndeachaigh sé abhaile
Ní hin é an t-iontas is mó chor ar bith, ach gur fhan sé mar a bhí sé nuair a meabhraíodh dó imeacht
Is iontas é má dhéanann sé siar anocht é in aghaidh na gaoithe (bád nó rothar)
Is iontas sneachta a fheiceáil an tráth seo bhliain
Is beag an t-iontas acub an t-ocras
b.
+
Ní ceart duit iontas ar bith a bheith agat ann. Ní hé an chéad uair aige é dhá dhéanamh sin — níor chóir go gcuirfeadh a ghníomh aon ionadh ort srl.
Ní ceart duit iontas ar bith a bheith agat sa sliabh. Nach as a fáisceadh thú — níor chóir go mba nuaíocht duit é; nach ann a rugadh thú
TUILLEADH (1) ▼
Shílfeá gurb é an chéad uair ariamh a bhfaca sí óltach é leis an iontas a bhí aici ann
+
Ní dhearna mise iontas ar bith di. Nach achrann uilig é (seo é adúirt duine le duine eile faoi fhear a bhí in ainm is achrann a tharraingt)
Ní dhéanfainn iontas ar bith (ceo iontais, a dhath iontais, pioc iontais srl.) dhá dtéadh sé go Sasana — ní chuirfeadh sé aon ionadh orm dá dtéadh sé go Sasana
TUILLEADH (12) ▼
Ní dhéanfainn iontas a dhath (blas, ceo, pioc srl.) dhá mbeadh sé imithe ar maidin
Ná déan a dhath iontais de — ná cuireadh sé aon iontas ort
Más ag déanamh iontais den méid sin atá tú, is furasta leat iontas a dhéanamh — má tá an méid sin ag cur ionaidh ort; is furasta ionadh a chur ort
B'fhearr do dhuine gan iontas a dhéanamh de thada ar an saol seo
Is mór adéarfainn le Pádraic, agus ní dhéanfadh sé iontas ar bith dhe
Is mór adéarfá le iontas a dhéanamh de mhótar roimhe seo, ach níl iontas ar bith iontu ar an saol seo le hais aeroplanes
Shílfeá gur trí chloigeann a bhí orm leis an iontas a bhí sé a dhéanamh dhíom
Déarfá nach bhfaca sé lao ariamh cheana lena ndearna sé d'iontas dó (dhe)
'Sé a rinne an t-iontas den phoitín. Is cosúil nach bhfaca sé ariamh cheana
Mura ndearna sé iontas di ní lá fós é (ní lá go maidin é)
Ná déan iontas ar bith má fheiceann tú ina chlascairt bháistí roimhe mhaidin é
Ní dhéanfainn iontas ar bith dhá mbeadh beithígh lasta amárach, mar 'sé sin an fáth, tá cuid mhaith acu ídithe anois (fc. lasta agus ídithe)
+
Bhuail iontas mé nuair a chuala mé é — tháinig ionadh (iontas) orm srl.
Bhuail iontas é nuair a chonaic sé an solas — tháinig iontas air srl.
TUILLEADH (2) ▼
Bhuail iontas mé, agus tabhair iontas air, nuair a chonaic mé an toirt romham i lár an chosáin — tháinig an-iontas orm nuair a chonaic mé meall nó sonda nó cumraíocht eicín in mo bhealach {{(fc. bhuail)
Sin é an t-iontas is mó faoin mbogha gréine déarfainn féin — rud an-iontach amach is amach é

Féach freisin

iontas in iontrálacha eile (50+)

 
fág
Ara beannacht Dé dhuit. Ní iontas ar bith é sin. Cá bhfágfadh sí an onóir. Ní ón ngaoith a thug sí í sin chor ar bith. Níor sheas aon bhean ariamh ar urlár ba honóraí ná a máthair. Ba in í fhéin muis an onóir dhona.
 
Chonaic mé madadh T. Mh. ag imeacht ag fáinneoireacht (fáinneáil; ag mháinneáil, ag máinneáil) ansin taobh thoir ó mhaidin. Shílfeá gur ag forcamhás ar rud eicínt a bhí sé murab ar na cearca é. Ní bheadh lá iontais orm dhá mbeadh sé ag ithe uibheachaí — ag guairdeall thart ag fairiú; ag dul timpeall (tí, srl.) mar a bheadh sé i gcearcall
 
Is iontas é muis, mura raibh an méid sin tuairisce aici agus chomh caidéiseach agus atá sí.
 
carn
Dheamhan iontas ar bith é sin a bheith carnaithe suas agus chomh ramhar rite is atá sé. Ar ndóigh níl puth dhá anáil aige le saill.
 
ceal 1
B'iontas é mura dtugadh sé sin aisfhreagra ar dhuine — cheal fios, cheal stuaim.
 
clab
Nach mór a chaithfeá clab troisc a ghlaoch uirthi! Dheamhan iontas ar bith gur tháinig cuthach uirthi leat.
 
cleite
A Dhia dhá tharrtháil muis! Is iontas é a bheith díbliú ar mhac A. Uí Ch. Séard deir sé i gcónaí gurb in é an cleite is fhearr ina sciathán fhéin.
 
Ní bheadh iontas ar bith orm arbhar a bheith lofa agus an coimhthíos atá san uair. Ní bhuachfaidh mise aon phínn go deo ar an ngarraí atá ansin thíos agam, arae tá sé scortha as éadan ag an ngála.
 
A Dhia dhá tharrtháil muis! Má bhí sé sin ag cur chomaoine ar aon duine, is iontas é. Dheamhan creagaire gan crochadh ach é sin.
 
Tá marach eicínt ar an saol nó ar na daoine agus an chaoi a bhfuil an uair. B'iontas é anois dhá dteagadh lá breá. Ba mhór i gceist ag seandaoine cothromacan síne na haimsire, ach i nDomhnach, d'fhéadfaí sneachta a chaitheamh ar a lorg anois.
 
I nDomhnach, ní iontas mór é sin a fheiceáil ag ól. Nach é an t-ól a thug sé abhaile leis i dtaobh athar is máthar.
 
baile
Dhá gcloiseadh an dream atá sa mbaile é seo, chuirfeadh sé a sáith iontais orthub — an dream atá sa ruta arb as muide
+
beo 1
Tá na crígheannaí sin suas beo ar fad le broic le gairid anuas. Is iontas é agus a laghad acub agus a bhíodh ann roimhe seo.
TUILLEADH (1) ▼
Má tá aon áit eile beo mar an áit seo, is iontas é. Ní chomhairim go bhfuil.
 
Dheamhan iontas ar bith a dhéanfainnse gur théigh an coca féir sin. Nár fhága sé ina bhratscair ansin thíos é ar feadh coicíse gan breathnú siar air. Bíodh sé buíoch nuair nár lobh sé ar fad.
 
Níl aon iontas ná nár bhreoigh an chruach sin as éadan agus chomh tais agus a bhí sí nuair a rinneadh í. Is beag nach bhfáiscfeá í, bhí sí chomh fliuch sin.
 
bruach
Tá an tobar ag cur thar bruach anois ach dar ndóigh ní iontas é, agus an t-uisce atá caite aige le seachtain.
+
aer
Chuir sé an oiread iontais orm agus dhá dtiteadh an t-aer ar an talamh.
TUILLEADH (1) ▼
Má tá sé faoi bhéal an aeir an té is oilce ná é, is iontas é.
 
aire
Ní iontas ar bith nach mbeireann an teas ar an bhfuacht aige agus a laghad aire agus a thuganns sé dhá ghnaithe (fc. teas)
 
Ní bheadh iontas orm dhá dtagadh sé amach de dhlí go gcaithfeadh chuile fhear talúna pósadh.
 
Bhí forbhás ar an haitín ar a ceann mar sin. B'iontas é go raibh sí in ann a chinnireacht agus an farra a bhí ann. Sin é an faisiún chreidim
 
Níl rud ar bith is mífholláine ná an ceo bradach seo agus an aimsir sheadánach. Ní iontas an tír a bheith tolgtha fhéin agus an aimsir atá ag teacht
 
Chuir sé a sáith iontais ar chuid mhaith daoine an lá a d'imigh sí leis
 
"Chonaic mé, chonaic mé, chonaic mé iontas mór; Ceann Gainimh ag dul tharam agus é ag iompar seoil" (sliocht as an Amhrán Bréagach)
+
ionadh
An té a chonaic iontaí an tsaoil, dúirt sé nár chall do dhuine corraí ó leic an teallaigh s'aige fhéin le iontais a fheiceáil
TUILLEADH (1) ▼
Dhá bhfeictheá iontaí an domhain faoi chéad, ní fhaca tú a leithide siúd d'iontas
 
ith
Ní iontas ar bith leob siúd gan aon ghreim le n-ithe a bheith acu. Céard a chleacht siad ariamh? — ní iontas ar bith orthu nach bhfuil tada le n-ithe acu anois, arae bhíodar ariamh i gcónaí amhlaidh
 
Is iontas é nach n-agródh Dia orthu é agus a bhfuil siad a dhéanamh de chréatúlacht, ach is tuar feirge foighid Dé. Tá muiltí Dé mall ach meileann siad go mín
 
fuin
Brú agus ding uirthi: ag rá nár ith sí aon bhairneach ariamh, agus gurb as bairnigh a fuineadh agus a fáisceadh í! Bhí siad ag fás ar an tairsigh aici. Is iontas nach bhfuil siad ag fás uirthi féin
 
D'ardaigh an bheirt againn gob na curaí agus chuaigh mise fúithi ach dhá mbeadh mo chailleadh den tsaol leis, ní fhéadfainn a fulaingt. D'fhuagair mé air go raibh mé ag dul dhá ligean anuas. Sin é an uair a bhraith sé na clocha — dhá dhaigéad mhóra — agus iad ceangailte ar na seasannaí. 'M'anam nach iontas ar bith nach bhfuil tú in ann a fulaingt,' adeir sé
 
Déanfaidh sé forlach anois. Ní iontas ar bith é má níonn fhéin agus chomh seasta agus a bhí an aimsir leis an fhad seo. Cothromacan síne a mhic ó!
 
Cár éirigh an daigéad de bhallach sin leat. Dar príosta tá béilí maith éisc uirthi ar chuma ar bith. Is iontas go raibh freagairt ar bith sa bpoll inniu agus chomh geal agus atá an lá. Níorbh fhiú liomsa mo shlat a thabhairt síos beag ná mór
 
Bíonn sé ina dhall dúda chuile oíche ag an naoi a chlog. Ach cén t-iontas é. Maraíonn sé sin é féin le uafás oibre i gcaitheamh an lae. Is minic a thiteas sé ina chodladh amuigh sa ngarraí théis a dhinnéir, agus codlaíonn sé uair agus dhá uair go minic. Éiríonn sé ansin agus buaileann daol oibre é, agus shílfeá gurb é an Fathach Mór fadó é ag dul faoi mhuintir an rí . Ní fheicfeá tada ach púir chréafóige ag dul go haer
 
Chonaic mise bó thiar anseo ag N. Mh. Bhí an úth calctha aici. Chinn orthu aon deoir bhainne a fháil uaithi théis a ndíchill. Bhí fear beag ag obair anseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cinnte ar C. agus ar chuile dhuine. Fuair sé ruainnín den wire beag sin a d'fheicfeá ar scloig na mbuidéil lemonade. Dhírigh sé amach é nó go raibh sé chomh díreach le dorú. Sháigh sé suas i chaon dallán den úth é i ndiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé lena láimh ach é a shá leis suas. B'iontas an chaoi a raibh sé in ann é a dhéanamh ach níorbh é a chéad uair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleán ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rá leis. Bhí bleánach dhó (dhe) ar an talamh shular féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
 
Deir siad nach bhfuil daorbhasctha de Mh. chor ar bith inniu. Is iontas sin. An té a d'fheicfeadh tráthnóna inné é, déarfadh sé nach sáródh sé an oíche, dá mbeadh Éire taobh leis. Ach ar ndóigh is gaire cabhair Dé ná an doras
 
deara
Tabhair faoi deara go bhfuil rud eicínt air, ar ala na huaire (fainic nach bhfuil rud eicínt air; tá rud eicínt air). Dhéanfadh páiste an fhoghail atá déanta aige sa ngarraí le coicís. Ní théann sé amach ar aon chor, go n-ársaíonn an mhaidin amach, agus sin iontas d'fhear a bhí ina mhochóireach chomh maith leisean chuile lá ariamh
 
Bhí másaí agus bléin an pháiste ina ndeargán fré chéile ag na claibhtíní agus na pluideoga a chuireadh sí air. An bhfaca tú iontas ar bith ariamh gur mhair sé chor ar bith. Is beag an dochar di náire a bheith uirthi nach dtabharfadh aire thairis sin dhá páiste. 'Sí an tsiléig sin a fhágfas dhá bhfuireasa í
 
deis
Bhí mé istigh tigh S. G. tráthnóna agus go deimhin má bhíos féin, bhí deis chainte (stiúir nó slis chainte) ar Mh. Bhí sé ag scilligeadh bréag mar a bheadh Dia dhá rá leis. Is iontas liom go seasann a theanga dhó chor ar bith ar an gceird siúd
 
Is beag an dochar dhó a bheith dingthe. Is iontas nach leagtha ar fad atá sé. Chaith paicle gasúr an tráthnóna aréir ar fad ag rith de rite reathach faoi, agus ag éirí suas air agus dhá ghuailneáil. Dhá mbeirinnse orthu bheadh scéal acu air. Mo léan géar d'fhan siad uaim
 
Ní iontas ar bith í sin a bheith ina diúilicín. ‘Sí croitheadh an tsacáin í. Deir siad go mbíonn croitheadh an tsacáin cranda i gcónaí, ach chreidim nach bhfuil ansin ach caint freisin ar nós go leor eile
 
Is iontas agus chomh taithithe agus a bhí sé ann gur dhiúltaigh sé an cladach ar fad. Chuile oíche dá mbíodh snáth ar bith isteach, bhíodh sí scoilte aige roimhe lá agus gan dosán féin ag duine ar bith eile. Ach ní dheachaigh sé ann beag ná mór anuraidh, ná i mbliana fós …
 
dligh
Ní bheadh iontas ar bith orm dhá dtugadh sé scaitheamh den drochaimsir uaidh anois. Bhí sí dlite amuigh
 
dlúth 1
Beannacht Dé dhuit a dhuine sin! Deile cén chaoi a mbeadh sí ach mar atá dlúth agus inneach inti. Bhí an corrbhéim ina máthair, agus b'iontas é dá mbeadh sise dhá uireasa. Chonaic mise a máthair ag tarraingt aghaidh an phobail uirthi fhéin …
 
Más fíor don mhisinéara, níl ní ar bith faoin saol chomh dochrach leis an bpoitín. Má tá sé chomh dona sin is iontas go mbeadh aon phlé ag sagairt leis — agus bíonn
 
domhan
Má tá sé faoin domhan inniu an té is oilce ná é sin, is iontas é
 
Is iontas donacht mar sin a theacht air de léim
 
Ní milleán ar bith air a bheith doriartha agus an bhail a cuireadh soir ansin le cupla lá air. Is iontas nach ndeachaigh sé i ngealta ar fad. Fhóbair do na buachaillí báire sin soir a dhul ag diúl air, théis é a bhánú
 
Creid mé dhuit ann go mba báisteach í. Bhí mé ag breathnú amach ar an abhainn, agus níl aon driúillín dhá raibh sí a chur ar an uisce nach raibh chomh mór le tornapa. Ní raibh achar ar bith go raibh na srathachaí siúd sceite. Dheamhan claochmú a tháinig uirthi go ndeachaigh muid a chodladh. D'éirigh mé maidin lá arna mhárach agus mo sháith iontais orm. Bhí loch ann nach raibh ann ag dul a chodladh dhom: an turlach mór siúd siar ón teach
 
droim
Bhí siad ar fad coiglithe thiar i ndeireadh an traipín agus gan tada faoi dhroim an chapaill. Ar ndóigh chaithfeadh sí cliseadh sna harda. Ba é an t-iontas é nach ndeachaigh an traip droim ar ais uileag