Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Iongantas
fuaim = íontach, íontas, ach in Iarthair Chonamara bíonn an fhuaim ionntas iontach agus go h-áithrid in amhráin.
rud, nó scéal is annamh, nó is áidhbhéil nó is aduain.
a.
+
Chonnaic mé iongantas mór inGaillimh le goirid = rud a ndéanfá iongnadh de, cuirimigcás cineál gluaisteáin nuaidh, go mbeadh cáilidheacht ar leith ag baint leis, nó rud eicín uathbhásach nó míorbhúilte.
Chonnaic mé, chonnaic, chonnaic mé iongantas mór; ceann gainimh 'dul tharm, agus é iomchur seoil (sliocht as an Amhrán Bréagach)
TUILLEADH (3) ▼
Is mór an t-iongantas é, cailín a chodail mí as béal a chéile in Ameriocá.
Is iomdha iongantas faoi'n domhan = ughdair iongnadh
Níl mórán iongantas in Éirinn = níl mórán rud ann le iongnadh a dhéanamh dhíob.
·
Ní cuid iongantais ar bith é sin = ní ughdar iongnadh é (féach cuid)
Níl aon chuid iongantais le feiceál indúthaigh Sheoigheach = níl tada ann, go ndéanfá iongnadh dhe.
+
Níl iongantas ar bith anois is na busanna, ach bhíodh an chéad-uair a dtáinic siad amach = ní chuireann siad iongnadh ar aon-duine anois; glacann 'chuile dhuine leo mar chóimhneas atá ann, agus ní chuimhnigheann siad nach raibh siad ann ariamh.
Ná bac le iongantas a bheith imbusannaí anois. Ba mhó an t-iongantas é dá bhfuireasbha = ní déantar iongnadh de na busannaí anois. Ba mhó an t-iongnadh a dhéanfaidhe, dhá mbeidís gan a bheith ann.
TUILLEADH (1) ▼
D'imthigh an saol a gcuirfí iongantas idtada = tá'n saoghal athruighthe, mar ní chuireann aon-rud dhá bhfeiceann siad, ná dhá gcloiseann siad aon-iongnadh ar na daoine anois.
+
Pádraic — Tá Seáinín ag ól; Micil — Cé'n t-iongantas é?
Cé'n t-iongantas é, gan aon airgead a bheith ar bheithidhigh agus a bhfuil ann díobh.
TUILLEADH (7) ▼
Ar ndóigh ní iongantas é, beatha a bheith daor agus chomh maith agus íoctar lucht na h-oibre.
Ní iongantas ar bith é sin, ach an oiread leis an scéal ar ball = ní chuirfeadh an scéal nó an rud sin iongnadh ar aonduine, ionann's nach gcuirfeadh an scéal a bhí ar siubhal tamaillín ó shoin.
Sé'n t-iongantas is mó nach ndeacha sé abhaile = ba mhór an t-iongnadh nach ndeacha sé abhaile.
Ní h-in é an t-iongantas is mó chor ar bith, ach gur fhan sé mar bhí sé, nuair a meabhruigheadh dó imtheacht.
Is iongantas é, má dhéanann sé siar anocht é, in aghaidh na gaoithe (bád nó rothar.)
Is iongantas sneachta a fheiceál an tráth seo 'bhliadhain
Is beag an t-iongantas aca(b) an t-ocras.
b.
+
Ní ceart duit iongantas ar bith a bheith agad ann. Ní hé an chéad uair aige é ghá dhéanamh sin = níor chóir go gcuirfeadh a ghníomh aon-iongnadh ort etc.
Ní ceart duit iongantas ar bith a bheith agad sa sliabh. Nach as a fáisgeadh thú = níor chóir go mbadh nuaidheacht duit é; nach ann a rugadh thú.
TUILLEADH (1) ▼
Shílfeá gurab é an chéad uair ariamh a bhfaca sí óltach é, leis an iongantas a bhí aice ann.
+
Ní dhearna mise iongantas ar bith di. Nach achrann uilig é (seo é adubhairt duine le duine eile faoi fhear a bhí in ainm's achrann a tharraingt)
Ní dhéanfainn iongantas ar bith ([ceo] iongantais, a dhath iongantais, pioc iongantais agus rl), dhá dteigheadh sé go Sasana = ní chuirfeadh sé aon-iongnadh orm, dá dteigheadh sé go Sasana.
TUILLEADH (12) ▼
Ní dhéanfainn iongantas a dhath (blas, ceo, pioc etc.) dhá mbeadh sé imthighthe ar maidin.
Ná déan a dhath iongantais de = ná cuireadh sé aon-iongantas ort.
Má's ag déanamh iongantais de'n méid sin atá tú, is furasta leat iongantas a dhéanamh = má tá an méid sin ag cur iongnadh ort; is furasta iongnadh a chuir ort.
B'fhearr do dhuine gan iongantas a dheanamh de thada ar an saoghal seo.
Is mór adéarfainn le Pádraic, agus ní dhéanfadh sé iongantas ar bith dhe.
Is mór adéarfá le iongantas a dhéanamh de mhótar roimhe seo, ach níl iongantas ar bith ionnta ar an saoghal seo, le h-ais 'aeroplanes'
Shílfeá gur trí chloigeann a bhí orm leis an iongantas a bhí sé a dhéanamh dhíom.
Déarfá nach bhfaca sé laogh ariamh cheana le na ndearna sé d'iongantas dó (dhe)
Sé a rinne an t-iongantas de'n phoitín. Is cosamhail nach bhfaca sé ariamh cheana é.
Mara ndearna sé iongantas di, ní lá fós é (ní lá go maidin é)
Ná déan iongantas ar bith, má fheiceann tú in a chlasgairt bháistighe roimhe mhaidin é.
Ní dhéanfainn iongantas ar bith, dhá mbeadh beithidhigh lasta ambáireach, mar sé sin an fáth, tá cuid mhaith acu ídighthe anois (féach lasta agus ídighthe)
+
Bhuail iongantas mé, nuair a chuala mé é = tháinic iongnadh (iongantas) orm etc.
Bhuail iongantas é nuair a chonnaic sé an solas = tháinic iongantas air etc.
TUILLEADH (2) ▼
Bhuail iongantas mé, agus tabhair iongantas air, nuair a chonnaic mé an toirt rómham i lár an chasáin = tháinic an-iongantas orm, nuair a chonnaic mé meall nó sonnda nó cumraidheacht eicín in mo bhealach (féach bhuail)
Sin é an t-iongantas is mó faoi'n mbogha gréine déarfainn féin = rud an-iongantach amach a's amach é.

Féach freisin

Iongantas in iontrálacha eile (48)

 
Is iongantas é muis, mara raibh an méid sin tuairisce aice a's chomh caidéiseach a's tá sí.
 
carn
Dheamhan iongantas a' bith é sin a bheith cárnuighthe suas, a's chomh reamhar righte a's atá sé. (D)ar ndóigh níl puth dhá anáil aige, le saill.
 
ceal 1
B'iongantas é, mara dtugadh sé sin aisfhreagra ar dhuine — cheal fios, cheal stuaim.
 
clab
Nach mór a chaithfeá clab truisc a ghlaodhach uirre! Dheamhan iongantas a' bith gur tháinic cuthach uirre leat.
 
cleite
A Dhia dhá thárrtháil muis! Is iongantas é 'bheith díbliú ar Mhac A. Uí Ch. 'Séard deir sé i gcomhnuidhe, gurb shin é an cleite is fhearr in a sciathán fhéin.
 
Ní bheadh iongantas a' bith orm, arbhar a bheith lobhtha a's an coimhightheas atá 'san uair. Ní bhuachfa (bhuadhfa) mise aon-phighinn go deo ar a' ngarrdha atá annsin thíos agham, arae tá sé scuirthe as éadan ag a' ngála.
 
A Dhia dhá thárrtháil muis! Má bhí sé sin a' cur chumaoine ar aon-duine, is iongantas é. Dheamhan cneagaire gan crochadh, ach é sin.
 
Tá marach eicínt ar a' saoghal nó ar na daoine, a's an chaoi 'bhfuil an uair. B'iongantas é anois, dhá dteagadh lá breagh. Ba mhór i gceist ag sean-daoine cothromacan síne na h-aimsire, ach inDomhnach d'fhéadfaí sneachta a chaitheamh ar a lorg anois.
 
InDomhnach ní iongantas mór é sin a fheiceál ag ól. Nach hé an t-ól a thug sé abhaile leis i dtaobh athar a's máthar.
+
beo 1
Tá na crícheannaí sin suas beo ar fad le bruic le goirid anuas. Is iongantas é, a's laghad aca(b) a's bhíodh ann roimhe seo.
TUILLEADH (1) ▼
Má tá aon-áit eile beo mar an áit seo, is iongantas é. Ní chomhairim go bhfuil.
 
Dheamhan iongantas a' bith a dhéanfainnse gur théith an coca féir sin. Nar fhága sé in a bhrat-scair annsin thíos é ar feadh coicíse, gan breathnú siar air. Bíodh sé buidheach nuair nar lobh sé ar fad.
 
Níl aon-iongantas, ná nar bhreoidh an chruach sin as éadan, a's chomh tais a's bhí sí, nuair a rinneadh í. Is beag nach bhfáiscfeá í, bhí sí chomh fliuch sin.
 
bruach
Tá'n tobar a' cuir thar bruach anois, ach dar ndoigh ní iongantas é, a's a' t-uisce atá caithte aige, le seachtmhain.
 
aer
Má tá sé faoi bhéal an aeir an té is uilce ná é, is iongantas é.
 
aire
Ní iongantas a' bith nach mbeireann a' teas ar a' bhfuacht aige, agus a laghad aire agus thuga(nn)s sé dhá ghnaithe (féach teas).
 
Ní bheadh iongantas orm dhá dtagadh sé amach de dhlighe, go gcaithfeadh 'chuile fhear talmhana pósadh.
 
Chonnaic mé, chonnaic mé, chonnaic mé, iongantas mór; Ceann gainimh' dul tharm a's é ag iomchur seoil (sliocht as an amhrán bréagach)
 
ionadh
Dhá bhfeictheá iongantaighe an domhain faoi chéad, ní fhaca tú a leithide siúd d'iongantas.
 
ith
Ní iongantas ar bith leo(b) siúd, gan aon ghreim le n-ithe a bheith acu. Céard a chleacht siad ariamh? = ní iongantas ar bith orra nach bhfuil tada le n-ithe aca anois arae, bhíodar ariamh igcomhnuidhe amhla.
 
Cá'r eirigh an daigéad de bhallach sin leat. Dar príosta tá béilí maith éisc uirre ar chuma ar bith. Is iongantas go raibh freagairt ar bith ins an bpoll indiu agus cho geal agus atá an lá. Níorbh fhiú liomsa mo shlat a thabhairt síos beag ná mór
 
Bíonn sé in a dhall dúda 'chuile oíche ag an naoi a chlog. Ach cé'n t-iongantas é. Marbhuigheann sé sin é féin le uathbhás oibre i gcaitheamh an lae. Is minic a thuiteas sé in a chodladh amuigh ins an ngarrdha th'éis a dhínnéir, agus codluigheann sé uair agus dhá uair go minic. Eirigheann sé annsin agus buaileann daol oibre é, agus shílfeá gurb é an Fathach Mór fadó é ag dul faoi mhuintir an Rí. Ní fheicfeá tada ach púir chréafóige ag dul go h-aer
 
Chonnaic mise bó thiar annseo ag N. Mh. Bhí an úgh calctha aice. Chinn orra aon-deor bhainne a fháil uaithe th'éis a ndichill. Bhí fear beag ag obair annseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cínnte ar C. agus ar 'chuile dhuine. Fuair sé ruainnín de'n "wire" beag sin a d'fheicfeá ar scluig na mbuidéil "lemonade". Dhírigh sé amach é nó go raibh sé cho díreach le dorugha. Sháith sé suas is 'chaon dollán de'n úgh é indiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé len a láimh ach é a sháthadh leis suas. B'iongantas an chaoi a raibh sé indon é a dhéanamh ach níorbh é a chéaduair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleaghan ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rádh leis. Bhí bleaghánach dhó (dhe) ar an talamh shul'ár féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
 
Deir siad nach bhfuil daor-bhasctha de Mh. chor ar bith indiu. Is iongantas sin. An té a d'fheicfeadh trathnóna indé é, déarfad sé nach sáróchadh sé an oíche, dá mbeadh Éire taobh leis. Ach 'ar ndú (ndóigh) is goire cabhair Dé ná an dorus
 
deara
Tabhair faoi deara go bhfuil rud eicínt air, ar ala na h-uaire (fainic nach bhfuil rud eicínt air; tá rud eicínt air). Dhéanfadh páiste an fhoghail atá déanta aige ins an ngarrdha le coicís. Ní theigheann sé amach ar aon-chor, go n-ársuigheann an mhaidin amach, agus sin iongantas d'fhear a bhí in a mhochóireach cho maith leis-sean 'chuile lá ariamh
 
Bhí másaí agus bléin an pháiste in a ndeargán fré chéile ag na claibhtíní agus na pluideoga a chuireadh sí air. An bhfaca tú iongantas ar bith ariamh gur mhair sé chor ar bith. Is beag an dochar di náire a bheith uirre nach dtiubharfadh aire thairis sin dhá páiste. 'Sí an tsiléig sin a fhágfas dhá bhfuireasbhaidh í
 
deis
Bhí mé istigh tigh S. G. trathnóna agus go deimhin má 'bhíos féin bhí deis chainte (stiúir nó slis chainte) ar Mh. Bhí sé ag scilligeadh bréag mar a bheadh Dia dhá rádh leis. Is iongantas liom go seasann a theanga dhó chor ar bith ar an gceird siúd.
 
Is beag an dochar dhó a bheith dingthe. Is iongantas nach leagtha ar fad atá sé. Chaith paicle gasúr an trathnóna aréir ar fad ag rith de rithte-reathach faoi, agus ag eirghe suas air agus dhá ghuailneáil. Dhá mbeirinnse orra bheadh scéal aca air. Mo léan géar d'fhan siad uaim
 
Ní iongantas ar bith í sin a bheith in a diúilicín. Sí craitheadh an tsucáin (tsacáin) í. Deir siad go mbíonn craitheadh an tsucáin crannda i gcomhnaí, ach chreidim nach bhfuil annsin ach caint freisin ar nós go leor eile
 
Is iongantas agus cho taithighthe agus a bhí sé ann gur dhiúltaigh sé an cladach ar fad. 'Chuile oíche dá mbíodh snáth ar bith isteach, bhíodh sí scoilte aige roimhe lá agus gan dosán féin ag duine ar bith eile. Ach ní dheacha sé ann beag ná mór anuiridh, ná i mbliana fós …
 
dlúth 1
Beannacht Dé dhuit a dhuine sin! D'eile cé'n chaoi a mbeadh sí ach mar atá dlúth agus inneach innte. Bhí an corr-bhéim in a máthair, agus b'iongantas é dá mbeadh sise dhá fhuireasbhaidh. Chonnaic mise a máthair ag tarraint aghaidh an phobail uirre fhéin …
 
Má's fíor do'n mhisinéara, níl nídh ar bith faoi'n saoghal cho docharach leis an bpoitín. Má tá sé cho dona sin is iongantas go mbeadh aon-phlé ag sagairt leis — agus bíonn
 
domhan
Má tá sé faoi'n domhan indiu an té is uilce ná é sin, is iongantas é
+
droim
Bhí siad ar fad coiglighthe thiar indeireadh an "traipín" agus gan tada faoi dhruim an chapaill. 'Ar ndú' chaithfeadh sí cliseadh ins na h-árda. Badh é an t-iongantas é, nach ndeachaidh an traip druim ar ais uiliog
TUILLEADH (1) ▼
Agus tá sé de dhruim tighe faoi dheireadh. B'fhada an seasamh aige é. 'Sé atá sé a thuaradh dhó féin le fiche bliain: sreothuidhthe na tíre istigh aige de shiubhal oíche agus lae, agus é ag caitheamh óil aca. 'Sé an t-iongantas é, nach fadó an lá ab éigin dó a shiopa a dhúnadh
 
Meastú an bhfuil sé ar dhromchlár an domhain indiu aon-fheithideach is measa croidhe ná é. Má tá muise, is iongantas é
 
Cneamhaireacht! Níl iongantas ar bith ormsa faoin a gcuid cneamhaireacht' sin. Tá sé sin sa dualgas aca. Níor fhága a n-athair ná a n-uncaileachaí tada in a ndiaidh ariamh mara mbeadh sé te ná trom
 
dán
Má bhí indán agus go raibh an scéal sin amhlaidh, is iongantas é, nachar chuala muid smid ariamh faoi. Ach sílimse nach bhfuil ann ach pait a chum duine eicínt. Is beag an stró ar na buachaillí báire siúd i mbéal an dorais aige a chumadh
 
Ní dhéanfaidh tú iongantas ar bith dhe (dhó freisin) ach a bhfeicidh tú é
 
Ní iongantas ar bith dhó a bheith mí-stuama agus gan é déanta ar an obair chor ar bith fós. Tóigfidh sé scathamh air a theacht isteach uirre. Is námhaid í an cheird gan a foghluim bíodh a fhios agad
+
Má ghníonn sé an oiread sin déirce (má thugann sé an oiread sin déirce uaidh) is iongantas nach gcloisfeadh na daoine é cheana
TUILLEADH (1) ▼
Maran de dhéirce a rinne sé uirre é, is mór an t-iongantas gur chuir sé an chruach sin scór. Níorbh fhiú tada len a leath í
 
Tá an bodach sin droch-mhúinte (m maon. Béim an ghotha ar an gcéad siolla) díbheirgeach ach d'eile cé'n chaoi a mbeadh sé. Ní fhaca muid aon-duine dhá chineál ar a mhalrait ariamh. Níor casadh bó ná gamhain ar chuid a athar ariamh nachar mharbhuigh sé. Ach thug M. Mh. giorrachan saoghail dhó ins an deireadh, agus ba bheag an scéal é 'ndéanaidh Dia grásta air. 'Sé an t-iongantas é, nacharbh fhadó roimhe sin a rinneadh leis é. Bhí an baile faoin a chosa ceart aige. Bhascadh sé a mbíodh aca
 
Dá mbreathn(uigh)theá grinn, cheapfá go mbeadh díogarnach bheag lae ann, ach sin é an méid. Ba díogarnach fhánach é. Chuir sé iongantas an domhain orm fear a fheiceál thuas annsin an tráth sin. Dar mo choinsias bhí roint bheag scátha do mo bhualadh, níl aon-mhaith dhom a dhéanamh ach an ceart. Ach d'aithin mé é ar an toirt agus ar labhair sé
 
díol 2
Is díol náire do'n cheathramha (cupla baile fearainn) an bhail a chuaidh ar an duine bocht sin, thíos annseo ar an mbóthar: é a rubáil agus gan snáth éadaigh a fhágáil thuas ar a chraiceann. Is diabhluidhe an t-iongantas nach bhfeicfeadh duine eicínt dhá dhéanamh é
 
Níl de mhuinghnín an tsaoghail aige anois ach an bhó, agus an dubhradán suaidhte de bhulán siúd, agus is furasta cur aca (chuca) sin. Má bheireann droch-gheimhreadh orra is mór m'fhaitíos nach sáróchaidh siad é. B'iongantas é dá sáruigheadh agus cho mór agus a chuaidh an mhí seo caithte tríotha
 
Seo dhuit do shean-dúda brocach. Is iongantas nach gcailleann sé thú le súghlach. Buail amuigh faoi'n gclaidhe é nó is gearr a bhéas tú beo aige
 
Chuaidh an ruaig sin thríd go mór. 'Ar ndú' ní iongantas sin ach oiread agus a ghoirdeacht agus ó bhí ruaig eile cheana air. Faghann sé ruaigeannaí móra le goirid, agus m'anam nach h-iad a d'fheilfeadh dhó ach an oiread le duine.