Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
téigh chuig
·
Tá sé ag dul ag (chuig) an scoil (ag dul ag an aifreann, ag an teampall, ag an aonach, ag an mbainis srl.)
Chuaigh fuagra aige go minic a chuid beithíoch a choinneáil den talamh sin, ach is aon mhaith amháin é. Téadh leota de shummons aige anois. Ní chomhairleoidh a mhalrait é
+
Chuaigh mé ag an dochtúr le mo chois — bhí rud eicínt ar mo chois agus chuaigh mé ag an dochtúr nó go mbreathnaíodh sé uirthi
Téirigh ag an dochtúr leis an láimh sin
TUILLEADH (1) ▼
B'éigean dó a dhul ag fear cnámha lena rúitín

Féach freisin

téigh chuig in iontrálacha eile (50+)

+
Sin feadhnach atá ag dul chuig an damhsa atá ag an sagart. Ar chuala tú céard adúirt S. an Gh. faoi? 'Is groí an saol é! Is groí muis,' adeir sé. 'Cuimhnímse fhéin — agus ní hé an fhad sin ar an saol mé — go mbíodh sagairt ag sciolladh agus ag scóladh den altóir ar dhuine ar bith a ghabhfadh amach ag damhsa de shiúl oíche. Anois tá siad dhá bhfuagairt ón altóir, agus ag maíochtáil leo a dhul ann, agus mura dté, dar fia is cam a bhreathnós siad orthu lá arna mhárach má chastar leo i mbóthar ná i mbealach iad! Is groí an saol e! Is groí sin!'
TUILLEADH (1) ▼
Ag líonadh feadhnach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. 'Tá fire agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid mónasa,' adeir sé. 'Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orthu muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé'
 
Cáid ag dul chuig an gcoláiste sin anois é? … Seacht nó hocht de bhlianta. Agus gan aon chosúlacht air críoch ar bith a bheith air fós! Éiríodh sé as agus iarradh sé an dole. Ba é ba somhaoiní dhó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt.
 
Tháinig an bullán mór sin aige isteach an bhearna chugam tráthnóna agus thosaigh sé ag bualadh na mbeathach orm. Dheamhan a leithide d'fhudairnéis a chonaic tú ó chuaigh tú in ord Mhuire agus a bhí ann. Shíl mé nach bhféadfainn a chur amach chor ar bith
 
Buail isteach ann go fánach mar dhóigh dhe gur soir chuig an S. atá tú ag dul, agus má fhaigheann tú deis ar bith tarraing anuas é
 
féar
Níor fhás mórán féir faoi mo chosa nó go ndeachaigh mé siar chuige — rinne mé deifir ag dul chuige (le turas nó aistir)
 
Shílfeá go mbeadh obair eicínt déanta aige de bharr a chuid ama. Ní hé a cheal muise nach mbíonn fíbín air chuile mhaidin ag dul chuig an ngarraí
 
ceal 1
Ní ghlacfaí é, cheal foghlama. I nDomhnach, shíl mé gur chaith sé siúd i bhfad ag dul chuig an scoil!
 
Tá mé ag ceapadh go bhfuil sé an-lom an duine bocht, arae feicim a chlann ag dul soir cos-nochta chuig an scoil le bliain.
 
Tá an slua céatach imithe soir, más chuig an show a chuaigh siad uileag nó nach ea.
+
Meas tú nach bhfaightheá buidéal eicínt ón dochtúr a bhainfeadh an chéithireacht sin dhíot, dhá dtéiteá chuige. Ach is beag an baol ort.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan stopadh a tháinig uirthi ó chuaigh sí isteach chuig an aifreann go dtáinig sí amach aríst, ach ag céithireacht chasachta mar sin. Ach dheamhan is móide neart a bhí aici air.
+
Tá an-chóisir ag dul chuig an damhsa anocht.
TUILLEADH (1) ▼
Is millteach an chóisir pháistí atá ag dul chuig an scoil sin thoir anois. Shílfeá nach sílfidís (dtoillfidís) ar fad istigh inti.
 
Níl agamsa ach an méid sin a inseacht do P. Bh., agus feicfidh tú fhéin air, gur gearr go dté an méid adúirt sí abhaile chuige.
+
Rachainn chuig an teach aige dhá mbeadh fios an bhealaigh agam.
TUILLEADH (2) ▼
Má bhíonn do bhealach isteach tigh W. A., tabhair abhaile chugam an cléibhín a d'fhága mé ann i ndearmad Dé Sathairn seo chuaigh thart.
Is olc an bealach atá leis nach dtéann chuig an aifreann
 
Ceannaigh ábhar glac chromnasc má théann tú chuig an siopa. Tá na caoirigh ag déanamh millteanais agus ag imeacht ar chuid chuile dhuine.
 
beo 1
Níl aon tráthnóna beo nach téann sé ag ól a phionta. Amantaí téann sé chuig an teach ósta dhá cheann de ló.
 
Nach air a bhí lom an mhí-áidh mhóir an chéad lá ariamh a ndeachaigh sé (ar phós sé) isteach chuig an mbratainn atá ansin
 
An té a aireos sé sin buille adhartha chor ar bith, leagfaidh sé isteach chuige. 'Sé atá deas air.
 
D'éirigh sé chugam ina bhruithshléacht a mhic ó, ag dul ag baint na bputógaí asam mura dtugainn scilling eile dhó. Ba bheag an baol orm a mh'anam. Thug mé mo cheart dó.
 
buille
Ní raibh aon chall buille ná boiseog a bhualadh ariamh air ag dul chuig an scoil, arae bhí sé meabhrach grinn thar aon duine eile.
+
amach
Níl aon mhaith aige ann go dté sé thar baile amach chuig tarbh. Níl meas ar bith aige ar aon cheo dhá bhfuil ar an mbaile istigh.
TUILLEADH (1) ▼
Chonaic mise an tráth a dtéadh daoine thar pobal, ní áirím thar baile amach, chuig tórraíochaí ag déanamh cleis, ach caitheadh an cheird sin in aer.
 
Is iomaí bliain a bhain sé amach ag dul chuig coláiste agus dheamhan a dhath a d'éirigh leis dhá bharr.
 
ard 2
Chaith sé cheithre bliana ag dul chuig coláiste agus tá sé chomh hard in ealaín agus atá sé i bhfoghlaim dhá bharr.
 
feacht
Chuaigh mé chuige faoi dhó cheana, ach ní bhfuair mé sa mbaile é. B'fhéidir go mbeadh sé romham an feacht seo
 
folamh 1
Má théann tú fhéin isteach chuici agus cupla unsa tae a iarraidh uirthi, dheamhan a ligfidh sí amach folamh thú
 
Diabhal a mbíonn siad rófhonnmhar ag dul chuig an scoil muis. Tá an máistir óg seo róghéar ar ghasúir laga. Buaileann sé an-ghreasáil orthu scaití
 
fuadar
Ní bheadh leath oiread fudair fút ag dul chuig an aifreann. Mise i mbannaí nár mhiste leat dhá mbeifeá deireanach ag dul ansin. Ach ní fhailleoidh tú do ghnaithe má bhíonn aon phínn agat le dhul chuig an teach ósta. Is olc í do cheird muis. Diabhal bréag nach olc
 
Bhí na cosa ag imeacht uaidh ag dul ar an mbainis, ach ní imeoidís leath chomh maith uaidh ag dul chuig a chuid oibre — bhí an-fhonn go deo air a dhul chuig an mbainis, ach ní hé an oiread sin fonn a bhí air a dhul ag obair
 
imirce
B'fhearr dhuit fanacht ag dul chuig an scoil go ceann cupla bliain eile, mura bhfuil bara na himirce fút — mura bhfuil fonn aistrithe ort; imirce caite in do cheann agat; fonn Meiriceá ort (Meiriceá a bhí i gceist sa leagan thuas)
 
Ní rachaidh mé isteach aríst chuige le mo bheo ná mo mharbh, le cúnamh Dé — isteach go dtí siopadóir le earraithe a cheannacht uaidh
 
leaba
Rachaidh mise chuig an aonach in do leabasa — in t'áitse
+
feall 1
An té a dhéanfas an drochrud, ní trua ar bith má theagann sé ar a mhéis fhéin aige aríst. Filleann feall adeir siad. Chonaic mise an scabhaitéara sin thuas ag siúl ar an mbaile ach is furasta cur chuige anois
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh aon tuilleamaí aige siúd le aon duine acu, ná le aon bheirt acu dhá dtéadh sé chuige sin, murach an buille feille. Sin é a d'fhága ar lár é.
 
fill
Shíl mise go raibh sé dhá chur inniu, agus bhí mé siar chomh fada le bóithrín Sh. H. ag dul chuig an tsochraide nuair a bhain an dream sin siar filleadh aniar aríst asam
 
fód
Céad slán don tsaol a mbíodh an dá fhód móna faoin ascaill againn ag dul chuig an scoil
 
Tháinig scamall beag fuarchraicinn san áit a raibh an neascóid, ach níor dhún sé ar fad, agus rinne sé ainfheoil ina bhéal aríst. Chuaigh mé chuig an dochtúr leis gur lansáil sé é, ach ba bheag an mhaith sin. Murach an luibh a bhain N. R. dhom, bhí mo chosa nite
 
Bhí an gaiscíoch mór seo thoir ann agus é féin spréachta. Ach níor cuireadh chuige ná uaidh. Bhí a chead aige fuarú sa gcraiceann ar théigh sé
 
fuar 2
Ní féidir olann a bhaint de ghabhar. Is olc an té a dtáinig tú chuige in do chall. Tá mé fuar folamh a stór: chomh feidheartha leat fhéin
 
Má théann tú di ar an mbealach sin ní chuirfidh tú uirthi ach daidhce, agus beidh muid gan Murchadh gan Mánas ansin. Abair mar seo léithe gur tháinig muid fiche míle bealaigh chuig sochraide agus go bhfuil fiche míle eile le dhul ar ais againn agus go bhfuil bicycle briste orainn. Tosaigh ag dilleoireacht. Maistín maith í. Tá na seacht n-aithne agamsa uirthi, agus sin é an fáth go mb'fhearr dhuitse a dhul chun cainte léithe. Ní móide go n-eiteodh sí thusa faoi dheoch, ach má chaitheann sí ina ceann é, ní thabharfadh sí deoir do Dhia shúlach
 
dalba
Is dalbaí an puicéara sagairt é le theacht ina líon beag ná mór. Go bhfóire Dia ar an té a chaithfeas a dhul isteach chuige ag iarraidh tada. Chuirfeadh sé an Naomh Peadar thar barr a chéille
 
Ní fhaca mé aon dallarán ariamh ba mhó ná é ag dul chuig an scoil. Sháraíodh sé an máistir ceart. 'An bhfeiceann tú an ghruaig sin,' adeireadh sé. 'Ní raibh oiread agus ribe liath inti nó gur casadh thusa in mo líon'
 
dall 2
Ní fhaca mé aon duine ariamh ba daille (/deʟ′ə/) ná é ag dul chuig an scoil. Chaith G. a dhúthracht leis, agus thugadh sé dual na droinne dhó chuile ré solais, ach má thugadh féin, ba aon mhaith amháin dó é
 
Rud damáisteach é an poitín: fágann sé na daoine gan spré, ach breá nach bhfanann muid uaidh. Ní chuireann sé aon fhios orainn murach go dtéann muid féin chuige, murach go dtéann sin. Muid féin is measa
 
daol
Má theangmhaíonn daol leis siúd, is maith gasta a bheas sé ag tabhairt an tsráid amach do Mh. Ní rachainn faoi dhuit go gcaithfidh sé Oíche Nollag seo chugainn faoi shó ann choíchin. Má chaitheann, 'sé a chlochneart é
 
dealg
Chuaigh dealg ina cois inné a mhuirnín agus ní bheidh sí chuici féin go ceann seachtaine