Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dul chuig
·
Tá sé ag dul ag (chuig) an scoil (ag dul ag an Aifreann, ag an teampall, ag an aonach, ag an mbainis agus rl.)
Chuaidh fuagra aige go minic a chuid beithidheach a choinneál de'n talamh sin, ach 's aon-mhaith amháin é. Teigheadh leota de "shummons" aige anois. Ní chomhairleochaidh a mhalrait é
+
Chuaidh mé ag an dochtúr le mo chois = bhí rud eicínt ar mo chois agus chuaidh mé ag an dochtúr nó go mbreathnuigheadh sé uirre
Teirigh ag an dochtúr leis an láimh sin
TUILLEADH (1) ▼
B'éigin dó a dhul ag fear cnámha le na rúitín

Féach freisin

Dul chuig in iontrálacha eile (50+)

 
Sin feánach atá ag dul chuig an damhsa atá ag an sagart. Ar chuala tú céard adúirt S. an Gh. faoi? "Is gradha an saol é! Is gradha muis", adeir sé. "Cuimnímse fhéin — agus ní hé an fhad sin ar an saol mé — go mbíodh sagairt ag sciolladh agus ag scóladh den altóir ar dhuine ar bith a ghabhfadh amach ag damhsa, de shiúl oíche. Anois tá siad dhá bhfuagairt ón altóir, agus ag maoidheachtáil leo a dhul ann, agus mara dteighe, dar fia is cam a bhreathnós siad orra lár na mháireach má chastar leo i mbóthar ná i mbealach iad! Is gradha an saol e! Is gradha sin!
 
Cáid ag dul chuig an gcoláiste sin anois é? … Seacht nó hocht de bhlianta. Agus gan aon-chosúlacht air críoch ar bith a bheith air fós! Eiríodh sé as agus iarradh sé an "dole". Ba é ba samhaoiní dhó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt.
 
Tá fudarnéis ar fud an bhaile seo ó tionnscluíodh an pósadh céanna. Má siad na putaigh fhéin iad, níl siad leath-shásta a dhul chuig an scoil ach ag caint air, agus ag ceapadh go mbeidh oíche mhór aca.
 
Buail isteach ann go fánach mar dhoigh dhe gur soir chuig an S. atá tú ag dul, agus má fhaghann tú deis ar bith tarraing anuas é
 
Shílfeá go mbeadh obair eicínt déanta aige de bharr a chuid ama. Ní hé a cheal muise nach mbíonn fíbín air chuile mhaidin ag dul chuig an ngarraí
 
Nach mór an cam srón birín orm go gcaithfe mé a dhul faoi dhó sa ló chuig an 'bpump', ag iarraidh bairillí uisce, a's neart uisce ar mo chuid talmhana fhéin, ach nach leagfaidís (na beithidhigh) smut air ingeall ar a' gcaile mhineoig. Ach is beag a' locht a bheidheas acu air, ar ball, nuair a theang(mh)óchas an tart tuille leobhtha.
 
ceal 1
Ní ghlacfaidhe é, cheal foghluime. InDomhnach, shíl mé gur chaith sé siúd i bhfad a' dul chuig an scoil!
 
Tá an-chóisir ag dul chuig an damhsa anocht.
 
baile
Má chastar muinntear bhaile na gortan aniar chugainn, is gearr le dhul orra(b) an méid sin. D'íosfaidís siúd an t-Ádh Mhuimhneach
 
Dhá bhfáighteá tada ó'n dochtúr a ghearrfadh na crochaillí sin ort, b'fhiú dhuit a dhul chuige, Dia Céadaoin.
 
beo 1
Níor bheo na gearrchaileadha, go bhfaghaidís cead a dhul chuig an gcéilidhe, ach sílim dhá mhéad fonn a bhí orra(b) a dhul ann, go raibh a dhá oiread fonn orrab a theacht as. Chuala mé nach damhsa a bhí ann, ach achrann
 
bruach
Caithfe mé 'dhul chuig a' dochtúr faoi'n mbruach atá ar shúil an pháiste sin. Tá an-tochas ann, agus is fada liom atá sé a' cothú uirre.
 
buille
Ní raibh aon-chall buille ná bosóg a bhualadh ariamh air, a' dul chuig an scoil, arae bhí sé meabhrach grínn thar aon-duine eile.
+
Caithfe tú 'dhul chuig an scoil de do dheoin (dhiúin) nó do t'aindeoin = caithfe tú a dhul chuig a' scoil má's olc maith leat é; mara bhfuil tú sásta a dhul ann, cuirfear ann thú de'n bhuidheachas.
TUILLEADH (1) ▼
Níl sástuigheacht a' bith orra(b) a dhul chuig an scoil, marach go gcuirtear ann de lom dearg a n-aindeona iad
 
anam
Caithfe mé 'dhul a' cur amach fheamuinne i muinghnín m'anama an tseachtmhain seo chugainn.
+
Má's leat a dhul chuig an spraoi, cuir athrú éadaighe ort fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Mara ndéana athrú beatha aon-mhaith dhuit, caithfe tú 'dhul chuig an dochtúr.
 
fearg
Bhí rún aige a dhul ag íoc (ag ídiú) a chuid feirge ormsa, agus gan mé ag cur chuige ná uaidh
 
flaisc
Má tá fút a dhul 'na bhaile mhóir inniu ná déan flaisc mar a níos tú i gcomhnaí. Ag caitheamh óil chuig bacaigh na tíre!
 
Diabhal a mbíonn siad ro-fhonnmhar ag dul chuig an scoil muis. Tá an máistir óg seo ro-ghéar ar ghasúir laga. Buaileann sé an-ghriosáil orra scaití
 
fuadar
Ní bheadh leath oiread fudair fút ag dul chuig an Aifreann. Mise i mbannaí nar mhiste leat dhá mbeitheá deireannach ag dul annsin. Ach ní fhailleóidh tú do ghnatha má bhíonn aon-phínn agad le dhul chuig an teach ósta. Is olc í do cheird muis. Diabhal bréag nach holc
 
Bhí na cosa ag imtheacht uaidh ag dul ar an mbainis, ach ní imtheochaidís leath chomh maith uaidh ag dul chuig a chuid oibre = bhí an-fhonn go deo ar a dhul chuig an mbainis, ach ní hé an oiread sin funn a bhí air a dhul ag obair
 
imirce
B'fhearr dhuit fanacht ag dul chuig an scoil go ceann cupla bliadhain eile, mara bhfuil bara na h-imirce fút = mara bhfuil fonn aistrighthe ort; imirce caithte in do cheann agad; fonn Ameriocá ort (Ameriocá a bhí igceist sa leagan thuas)
 
lua
Nach beag an luath aige, a dhul chuig an tsochraide = bhí air aige, a dhul ann; bhí chuile dhuine ag dul; ach ní dheacha sé ann. B'fhéidir gurb í an "onóir dhona" a choinnigh as é, nó leisge nó rud eicín mar sin, ach ní chialluigheann an leagan go raibh an tsochraid dlighte dhó ach oiread.
 
Níor fhailligh sé gan a dhul chuig na rástaí. Ba deacair é sin a chur amach in a ghnatha muis
 
fill
Shíl mise go raibh sé dhá chur inniu, agus bhí mé siar cho fada le bóithrín Sh. H. ag dul chuig an tsochraide nuair a bhain an dream sin siar filleadh aniar aríst asam
 
fiú
Níor chuir sé chuige ná uaidh. Go fiú agus rádh leis a dhul abhaile, níor dhúirt sé (níor chuala mé "fiú amháin" agus níl sé san gcaint ach san meid go dtáinig sé ó leabhra nó ó "ghaeilgeóirí". An le goirid a tháinig sé isteach san scríbhinn fhéin?)
 
Nach hé an fleascach é atá bainte amach! A dhul siar chuig céilídh go dtí an Ch. R. Nar mhaire sé a cheird muis!
 
D'fhága mé súileóg fhataí scarha annsin thiar inniu, ar a theacht isteach chuig mo dhinnéar dhom, agus meastú nach raibh chuile shíol ariamh ann tárluithe léithe ag franncach ar feadh agus mé a dhul soir. Istigh i leachta a bhí sí. Bheadh scéal aice air, dhá mbeadh aon-rath leis an madadh, ach níl
 
fód
Céad slán don tsaol a mbíodh an dá fhód móna faoin ascaill againn ag dul chuig an scoil
 
Tá for-chasán isteach ann chuig an tobar. Diabhal duine a bhac sé ariamh faoin a dhul ann. Níor mhiste leis dhá mbeitheá gan an sceach a chur san gcéim go deó. Ach ní hé sin den bhrúisc de chliamhain isteach seo aige é.
 
Ní bheadh breith bonn báis aige gan a dhul chuig an damhsa nó gur chuala sé go raibh sé seo thíos le dhul ann. D'fhuaraigh sé as annsin
 
fuar 2
Is fuar an tsamhaoine a dhul ar cuairt chuige siúd
 
Is fuar-fháilteach an áit a dhul isteach chuici siúd, mara bhfuil pócaí teanna agad
 
Níl neart agam cor ar bith a bhaint asam féin, nach dteagann pian chráidhte isteach faoi mo chaoldruim. Brath mhór atá agam a dhul chuig an dochtúr léithe, ach dheamhan agus móide meabhair a bhainfeadh sé sin aiste ach an oiread liom féin. Is minic nach mbaineann
+
Siúd í a raibh an daighce uirre. Dheamhan corruighe dhá cois a dhéanfadh sí, th'éis gur iarr an mháthair uirre a dhul amach agus na beithidhigh a bhleaghan. Agus chuala mé gurb éard a chuir uirre é in áit nach leigfidís ag céilidhe i nD. Ch. í an oiche roimhe sin. Í a leigean chuig céilidhe go D. Ch. deich míle bealaigh, má tá sé taobh leis.
TUILLEADH (2) ▼
Má theigheann tú di ar an mbealach sin ní chuirfidh tú uirre ach daighce, agus beidh muid gan Murrchadha gan Maghnus annsin. Abair mar seo léithe gur tháinig muid fiche míle bealaigh chuig sochraide agus go bhfuil fiche míle eile le dhul ar ais againn agus go bhfuil "bicycle" briste orainn. Tosuigh ag dilleoireacht. Maistín maith í. Tá na seacht n-aithne agamsa uirre, agus sin é an fáth go mb'fhearr dhuitse a dhul 'un cainte léithe. Ní móide go n-eiteochadh sí thusa faoi dheoch, ach má chaitheann sí in a ceann é, ní thiubharfadh sí deoir do dhiaumhlach
Sin é ceird gasúir i gcomhnuí: daighce orra faoi'n a dhul chuig an scoil. Shílfeá inDomhnach, gur mó an luighe atá ag gasúir anois léithe, ná fadó. 'Ar ndú (ndóigh) ba mhó a bhuailtí orra fadó
 
dalba
Is dalbaí an puicéara sagairt é le theacht in a líon beag ná mór. Go bhfoiridh Dia ar an té a chaithfeas a dhul isteach chuige ag iarraidh tada. Chuirfeadh sé an Naomh Peadar thar barr a chéille
 
Ní fhaca mé aon-dallarán ariamh ba mhó ná é ag dul chuig an scoil. Sháruigheadh sé an máistir ceart. "An bhfeiceann tú an ghruaig sin" adeireadh sé. "Ní raibh oiread agus ribe liath innte nó gur casadh thusa in mo líon"
 
dall 2
Ní fhaca mé aon duine ariamh ba daille (/deʟ′ə/) ná é ag dul chuig an scoil. Chaith G. a dhúracht leis, agus thugadh sé dual na druinne dhó chuile ré solais, ach má thugadh féin, ba aon-mhaith amháin dó é
 
dealg
Níl sé ionrásta a dhul chuig an teach aige anois chor ar bith le deilgne. Bhiorruigh sé an iothlainn le sceacha, agus strachail na gasúir nó an gála anuas aríst iad agus tá an bóithrín druidthe leo anois. Níl a fhios agam cé'n chaoi a seolann siad bó ar bith aca
 
de
Má tá sé le dhul chuig an aonach dheamhan a gcloisim de chainnt aige air anois = ní bhíonn sé ag cainnt air anois
+
deis
Cé'n sórt deis a bhéas agad ag dul chuig an Aifrinn. Na buinn! Diabhal an fearr deis eile. 'Siad a bhí ann shul ar tháinig deis ar bith eile amach
TUILLEADH (1) ▼
Má tá pota le dhul ar an teine sin, ní mór dhaoibh deis bheag a chur uirre. Caith anuas gabhailín mhóna chugam … Nach gann gortach a thug sib isteach í, má tá sib taobh leis an méid sin
 
dlúth 1
"Sé'n dlúth a dheilbhightear ar an gcrann deilbh. Cuirtear an dlúth in a aige chuig an bhfigheadóir. Teigheann an t-inneach in a cheirtlín aige (chuige). Cuirfidh sé an dlúth isteach is an seol annsin. Cuireann sé an dlúth ar fhad an bhréidín 'san bhfigheachán. Caithtear é a chur thríd an tslinn agus thrí na h-úghmachaí. Bíonn an dlúth annsin leis an éadach ar a fhad ag dul ó ghairimin go dtí an ghairimin eile. Casann sé suas an dlúth ar ghairimin an tsnátha. Nuair a bhéas sé ag figheachán annsin, déanfaidh sé próistí beaga de'n inneach. 'Sé an t-ainm atá orra eiteáin, agus beidh sé ag caitheamh na n-eiteáin thríd an dlúth 'léar (de réir) mar a bhéas sé ag figheachán. Nachar chuala tú M. Mh. Ph. ag caint ar chaitheamh an smóil. Sin é é. Bíonn sé ag cur tuintí air, nó ag tuinteáil. Ní mór an t-inneach a chaitheamh is 'chuile áit ar an dlúth i gcruth agus go bhféadfaidh an tslinn é a fháisceadh isteach. Tá clár ar an seol — an láimh-chlár — agus bíonn a láimh ag an bhfigheadóir air, dhá dhoirtim isteach agus amach leis an inneach a chur ar an dlúth agus len a chruadhú. Istigh san gclár sin atá an tslínn. Rudaí iarainn atá 'san tslínn. Fáisceann sí an t-inneach isteach ar an dlúth. Bíonn cláirín ar chiumhais an éadaigh, agus teannann sé isteach é 'san tslínn. Is éascaidheacht dó é sin freisin leis an inneach a chur ar an dlúth. Tá sé 'tarraingt an tuinte, adéarfas sé nó chaith sé an tuint: sin é 'léar (de réir) mar a bhéas sé dhá fhigheachán, beidh sé dhá tharraingt air de'n gharumna. Tá an dhá gharumna ann: garumna an tsnátha agus garumna an abhrais. Is mó an t-inneach nach fuláir do'n dlúth caol ná de dhlúth atá sníomhtha reamhar. Bíonn cuid de'n bhréidín a mbíonn leithead ann thar a chéile léar (de réir) mar a bhéas an tslínn … 'San deilbh a bhíos na clannaí. Sin an dá snáth a chur le chéile — dhá snáth dlútha — nuair a bhéas tú dhá dheilbh. Bíonn easnamh agus lán stéige ann scaithtí freisin". (Sliocht as cuntas faoi éadach a fuair mé ó m'athair)
 
Cá'il dochtúirín sciorta ag dul? An fear a bhfuil sé sin ag dul chuige anois muise is fear é atá ag tabhairt an tuagh bháis in a mhullach féin. Tiúrfaidh sé sin buidéal de thogha na nimhe dhó!
 
Dodaire d'fhear é sin anois atá ar an mbus. Mara mbeidh do chuid airgid i gcúl do ghlaice agad dó, agus a shíneadh chuige ar an bpuínte boise, 'sé a bhíos cantalach. Bhí sé ag dul ag cur S. Sh. Sh. bog te amach as an mbus an lá cheana, in áit a raibh sé ag cinneamhaint dubh agus dubh air a láimh a chur in a phóca ag an mbrughadh. Thug S. Sh. Sh. a dhubhshlán. "Is córa dhuit go mór a gcoinneál dó" adeir sé, "agus gan muid a bheith annseo mar a bheadh 'matcheannaí' i mboiscín"
 
Is doicheallach an chuma atá ar an sliabh sin suas, le dhul suas ag iarraidh móna ann. Ní fheicfidh tú ar a mhalrait aríst é go dtí lá buidhe Bealtaine seo chugainn