Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

adúirt (12)

 
Ní bheadh a fhios agad barainneach a raibh sé dháiríre nós mara raibh (nó mara raibh). Idir shugradh agus dáiríre a bhí sé sílim. Tá sé cho bréagach leis an bhfear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás ar aon-nós
 
Ar chuala tú céard adúirt sé? Níl fios a labhartha aige ar chuma ar bith. Nó is aige atá sé ach nach bhfuil aon-chuíbhiúlacht ann. "Bhris mé an dallán innte leis an gcéad-shacadh den chleith chábáin" adúirt sé. Anois a bhfuil biseach agad? Is mór adéarfá le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
 
Ní ar dheádesign ar bith adúirt sé é sin leat. Ag iarraidh thú a chur i mbealach do bhasctha atá sé. Diabhal ceó eile
+
deamhan 1
Dheamhan ceo féin adúirt sé
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan "is dona a rinne tú é" ná amháin adúirt sí leis an inín
Dheamhan sea ná ní h-ea adúirt sé ach a dhul amach
 
Déantas na fírinne leat níl a fhios agam cé adúirt é = (de) déanta na fírinne (Spidéal)
 
Nach bhfuil a fhios agad go maith nach h-aon deárud adúirt sé. Ba mhinic leis!
 
deas 1
"Nach deas adúirt plandóigín na gcíocha míne bán; Ar fháisciú (fáisceadh) a dhá láimhin agus barrú a cúig méar; Ag cur scáth ar an gcás len a raibh sí ann i bpéin; Scéal cráite air, is láidir an snaoisín é" (ó Bheartla Ruadh Ó Fhlaithbheartaigh, Camas. Nuair a tháinic Tomás Láidir 'Ac Coistealbha isteach ag athair Úna Bhán dhá h-iarraidh fuair sé ag gol roimhe í. Bhí fear eile istigh dhá h-iarraidh. D'iarr an t-athair uirre sláinte an té ba mheasa léithe faoi'n domhain a ól, agus dúirt sí go mba é Tomás Láidir 'Ac Coistealbha é. Nuair a dúirt sí sin buaileann an t-athair iarraidh ar an mbéal uirre, agus thosuigh sí ag gol. Ach nuair a cheisnigh Tomás í faoi fhá a guil, dúirt sí go mba pinse snaoisín ba chiontsiocair leis. Annsin rinne Tomás giota de'n amhrán)
+
diabhal 1
Diabhal drúcht na báisteach adúirt sé sin le aonduine ariamh
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal "thú ná mé" (faice) adúirt S. T. a bhí ag gabhail le cuthach
 
Céard adúirt dochtúirín sciorta leat = ainm-droch-mheasúil ar dhochtúr a bheadh in ainm agus a bheith gan aon-mhaith