Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dicheall (29)

 
diaidh
Is maith an dicheall do na daoine a bheith indiaidh a chéile chor ar bith agus an aimsir a bhí ann le fada. Tá 'chuile dhuine ag fuasaoid slaghdáin, agus má tá féin is beag an dochar dóib. B'uair mhí-nádúrtha í. Níor thada eile í
+
"Is leor do Mhór a dicheall" = is leor do dhuine a dhicheall a dhéanamh; ní féidir le duine a dhéanamh ach a dhicheall
TUILLEADH (22) ▼
Ní fhéadaimse a dhéanamh níos mó. Is leor do Mhór a dicheall, arsa tusa
Shaothruigh mé go maith é, ní as ucht mé féin dhá rádh é, ach chinn orm de mo bhuidheachas. Ach nach leor do Mhór a dicheall, mar adeir an ceann eile
Dhá mbeadh sé léithe ó shoin deamhan a mhíle dicheall a thiubharfadh gaoth di
Go gcuiridh Dia an t-ádh ort! Is beag an dicheall a rinne tú leis. Dhá ndéantá ní mar sin a bheadh sé
Dhá ndéanadh sibh an dicheall sin i gcomhnaí, bheadh rud agaibh, ach leigfidh sib a (bhur) maidí le sruth anois aríst go ceann míosa
Is dona na gnaithí a bhí oraibh an dicheall sin a dhéanamh le cuid aonduine. Dá mba bé (dá mba é) a (bhur) gcuid fhéin a bheadh ann, mise imbannaí gur beag an baoghal a bheadh oraibh a dhéanamh
Dicheall fánach é a dhicheall sin. Ní chuirfidh sé a lúth amach deirimse leat
Déanadh sí a dícheall faoi chéad, agus is beag an ghoir a bhéas aice uirre siúd — ar inghin J. Th. Dicheall suarach é a dicheall le h-ais inghin J.
Sin é an dicheall suarach, a dhicheall sin!
Sin é an dicheall mar siúd, a dhicheall sin! Ní bheadh a dhíol féin móna bainte aige in imeacht ráithe, ní áirighim in imeacht mhíosa!
Is maith an dicheall dom (orm) na cearca a choinneál as an ngarrdha sin thoir = 'sé mo dhóthain go binn é le déanamh
Is maith an dicheall air (dhó) móin a choinneál isteach dhá mbeadh gan tada eile a bheith ar a aire
Dar príosta ba mhaith an dicheall duit caint a choinneál leis agus a raibh le rádh aige. Is mór an t-iongnadh nach mbeadh sé tuirseach uair eicínt di
Ba mhaith an dicheall dhom salann a choinneál tarraingthe aige as G. ar feadh na bliana anuiridh. Ní raibh cinneadh go deo lé'r ith sé d'fheoil agus d'iasc
Is maith an dicheall dom pighneachaí a choinneál caithte amach lib. Tá trálach (tálach) in mo láimh le uair dhá gcaitheamh amach annseo, agus sibse dhá gcrapadh. Tá mé bánuighthe agaibh. Cáit cúig ionntuighthe thú féin asta, a chomhursa
Dar diaguidhe is maith an dicheall di an mhóin a scaradh. Agus tá scaradh fada uirre freisin
An uair a bhí siad uilig cruinn ba mhaith an dicheall di arán a choinneál fuinte leo, ba mhaith sin
Is maith an dicheall do T. a bheith ag tarraint mhóna do mhac Ph. Sh. Agus tá sé ag fágáil a chuid oibre féin annsin gan déanamh
Is maith an dicheall di a gcumhdach ar fad — cheithre dhuine dhéag aca. Cé'n bhrigh ach tá an chuid is sine aca cho h-ámhuilleach len a bhfaca tú ariamh, agus an chuid is óige an-chantalach
Is maith an dicheall do'n Ghearmánach coc a thabhairt dóib ar fad. Tá a bhfuil aca ann in a mhullach. Is gearr a thiubharfas anois. Tá sé ar na preaba deireannacha cheapfainn. B'ait é, agus seasamh an fhad sin féin
Ba mhaith an dicheall duit freastal dóib ar fad. Cé'n bhrigh, ach ní shásóchadh a bhfaca tú ariamh cuid aca sin. Ní bheadh uatha ach údar casaoide
Is maith an dicheall dom rith síos agus aníos ag siopaí 'chuile ré soluis le tobac a fháil duitse. Meas tú an bhfuil tada eile ar m'aire, ach a bheith ag "tendáil" ortsa. Is maith é mo luach saothair muis. Gheobhaidh tú féin feasta é ar mo shonsa nó troiscfidh tú. Is fadó an lá a bhí agam é a dhéanamh leat
 
Cuirfidh mé geall leat má dhéanann tusa do sheacht míle dicheall agus má chuireann tú 'chuile chnámh ag gabhail leat faoi dhíocas, go gcinnfidh ort-sa a ghníomh-seisean a dhéanamh. Tá sé breagh go leor agad a bheith ag rádh nach hé an oiread sin móna a bhain sé, ach feiceamuist bain thusa ná aon-fhear in do thír an oiread. Thiubharfadh an méid sin cnámh le creinneadh do J. Gh. an lá ab fhearr a bhí sé, agus b'ait an sleaghdóir é
 
Tá sé cho dúrainneach le aon-chríostuidhe dhá bhfaca mise ariamh. Má theigheann beithidheach thar claidhe isteach ar a chuid, is olc an peata é. Diabhal níos measa. Bhí diabhlánach de bhó bhradach agam annseo uair. Le M. Ph. Uí Dh. a dhíol mé í, agus mé reicthe aice ag dul imbradghail. Bhí an-tseasamh ag a raibh ar an mbaile léithe. Níl lá ar bith nach dteigheadh sí ar dhuine eicínt, agus ba mhinic a rinne sí foghail freisin. Ach le 'chuile chamánaí ar chuma ar bith, ní dheacha sí air-sean ach lá amháin. Bhí maol-bhearna leagtha igclaidhe Gharrdha an tSléibhe an áit a raibh siad ag cur isteach coirce as an lá roimhe sin, agus ní mórán tóigeál (tógáil) a thug siad uirre. Casadh an bhó ann ar chaoi ar bith. Níor léithe ab fhaillighe é 'ar ndú'. Isteach léithe ar an gcoinnleach, áit nach bhféadfadh sí mórán millteanais a dhéanamh. Ní raibh sí chúig nóiméad ann an uair a rug sé uirre. Rinne sé a sheacht míle dicheall í a bhascadh, ach bhí sí siúd í féin sáthach aigeanta. Anuas leis annseo in a theine bhruithte ag fuagairt foghlach agus dlighe orm féin de ghort an gharta. 'Sé a thug fúm. D'éist mé féin. 'Ar ndú' mar adeir an fear fadó bíodh an chluais bhodhar ag fear na foghlach. Agus bhí na seacht ndiabhail ar an mbó. Ach in a dhiaidh sin agus uiliog scáth ar mhill sí airsean, bhí aige a leigean thairis. B'fheasach dó go raibh fúm a díol ar aon-nós, ach a bhfaghainn an té a thóigfeadh uaim í. Ach tá sé cho dúrainneach sin agus go gcaithfeadh sé an ailp sin a bhaint asam faoi gur tanguigheadh (teangmhuigheadh) chor ar bith leis féin
 
droim
Is diachta dhuit do bholg a bheith thiar in do dhruim agad ar scáth an t-achar ó d'ith tú gliúrach (gleorach) cheana. Is maith an dicheall do dhuine beatha a choinneál caithte agad
+
Bhí mé ar mo shean-dicheall ar feadh an lae, ach chinn sé dubh agus dubh orm é a chríochnú in a dheidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhéadfaidh do shean-dicheall a chur as sin