Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dógh (19)

+
daigh
Tháinic dógh (doigh) bhuilg ar an T. agus b'éigin eirighe as an gcéilidhe agus gan é nach (ach) uair ar siubhal. Ní hé a (ar) mbeannacht a thug muid do bholg an T. an oíche sin ar chaoi ar bith! (doigh bhuilg = pian bhuilg)
TUILLEADH (9) ▼
Bhí dógh bhuilg orm ar feadh an lae indé. Chaith mé an lá ag imeacht ar fud an tighe léithe, mar ní fhéadfainn comhnaí a dhéanamh in áit ar bith
Is olc í an dógh bhuilg sin. Chaith sí an tsíorraidheacht ormsa. Fuair mé fuascailt bhreagh uaithe anois le cúig nó sé de bhlianta. Ní fhágfadh sí siubhal an bhóthair ionnad
Chaith mé an lá indé agus snaidhm reatha ar mo phutógaí ag dógh bhuilg. Fhobair nachar chriog sí mé. Is minic a bhí sí orm cheana; ach ní raibh sí cho gártha siúd ariamh orm. Sílim go mbogfaidh mé soir ag an dochtúr an chéad lá eile, ach is beag 'e mhaith sin. Gheobhaidh mé an buidéal buidhe! Sin é an méid!
Tá dógh (doigh: /dəi/ : /dɛ̄/ : //) ghoile ag dul dom = pian isteach faoi'n gcliabhrach nó imbéal an chléibh. Teagann sí ar dhuine mara mbeidh a chuid bídh ag teacht leis, nó ag feileamhaint dó, nó mara bhféadann sé aon-cheo a dhéanamh thrídh n-a cholainn. Cineál indigestion é
Tá an dógh ghoile sin orm le seachtain, agus má tá féin is olc an éadáil í. Níl aon-lá ó tháinic an caifí bradach sin nach mbaineann sí cupla lá sa tseachtain asam. Is furasta aithinte dhom an lá a dtiocfaidh sí: an lá a n-ólaim an caifí
Chuir mé mé fhéin 'un domblais le poitín indé — poitín dóighte Sh. Dh. — agus tá a shliocht orm indiu, tá dógh ghoile orm ó mhaidin.
Níl neart agamsa ruainnín feola ar bith a ithe nach mbuaileann dógh ghoile mé. Dhá bhfeictheá mé thuas Dia Domhnaigh agus an-"hate" (heat?) ag an gcuid eile ar leota caoirfheola, agus gan agamsa ach driobaillín de scadán agus mé dhá chrinneadh (creinneadh) liom sa gclúid.
Tá dógh croidhe agus dógh ghoile agus dógh bhuilg agus 'chuile dhógh dhá bhfuil ann ag dul dó. Ach is maith atá fhios agam-sa céard atá ag dul dó sin: neart leoistidheacht' agus rístidheacht. Dhá mbeireadh an t-athair ar mhaide 'nuair a thosuigheas sé sin ag fuasaoid, agus tosuighe dhá rúscadh leis aniar ar an dromán, agus é 'ruaigeadh amach in a ghnatha, mise i mbannaí gur beag 'fhuasaoid a bheadh aríst aige. Ach ag peataidheacht leis a bhíos siad in a leabaidh sin
Dógh croidhe (fc. dóghadh)
 
Ní bheadh dlaoitheoigín bharraigh thuas agad. Tá dógh bhuilg ar T. aríst
+
1
Fataí dógh gréineacha (fataí dógh gréine) a bhí ag an gceann céadna chuile lá ariamh mar nach leigfeadh a chuid antláis dó caitheamh leo agus a bhfódú agus a lánú mar is ceart
TUILLEADH (1) ▼
Ní bheidís dógh gréineach againn i mbliana, marach an ceann a lánuigh iad. Bhain sé an lán ceart go leor, tharae nuair a casadh ann mé seachtain in a dhiaidh sin, bhí na clascannaí faoi chréafóig mharbh uiliog. Dheamhan a fhios agamsa ar lánuigh sé chor ar bith iad ach gur bhain sé an lán. Má lánuigh níor chuir sé orra ach daithín. Tá a shliocht orra: dheamhan thiomanta ceann aca nach fata dógh gréine é
 
2
Dógh ab eadh! Dó agus a dó sin a ceathair (greann focail "dógh" agus "dó" ar aon-fhuaim)
+
Dógh ghorm a chuirfeadh bail air sin. Dheamhan riasc dhá fhiadháine nach bhfuil sé in don a thabhairt 'un míneadais
TUILLEADH (2) ▼
Dógh ghorm agus gaineamh gortach a chur air sin agus bheadh sé ag tabhairt chruithneachta duit faoi cheann dhá bhliain
Léan ar do chuid dógh ghorm agad! Cuirfidh mé "cement" ann. D'eile!
 
drann
Ní dhrannfadh sé leis an bhfeoil dhá naomhtaí é. Deir sé go gcuireann sí dógh croidhe air
 
droch-
Is droch-phian í an dógh bhuilg