Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

gráin (27)

 
Tá chuile shórt air ach deá bhéal. Chuirfeadh sé an ghráin ort a bheith ag éisteacht leis. Na h-ailt a bhí a leathnú ar an ngiall aige
+
Tá an dearg-ghráin aige orm
TUILLEADH (1) ▼
Sé mo dhearg-ghráin an cineál dráimh a leagas tú = cuireann sé olc orm
 
Tá deatach dhá bhaint as na sionnaigh ó a tháinic fear an ghunna ar an mbaile. Is géar a thastuigh sin uatha. Bhí an áit bánuighthe aca. Sin é an gléas anois orra: neart gráin a chur ionnta
 
Rinne sé é faoi dheireadh thiar thall 'nuair a bhí muid sáruighthe ag tuineamh leis. Má rinne féin, ní mórán slaicht a chuir sé ar a shaothar. Is mór an ghráin é. B'fhearr liom gan déanamh é anois!
 
Chuir sé gráin agus déistean ar a bhfaca ariamh é agus é ag ithe. Is fiú ór muic le'n 'ais.
+
diaidh
Bhí an oiread ólta aige agus nach raibh sé indon eirghe, ach bhí sé ag imeacht indiaidh a thónach ar fud na cisteanaighe, agus indon a dhul go dtí an leath-bhairille. Ba ghráin shaoghalta é.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mise lá thiar i dT. an Fh. agus mé ag tóraidheacht áit a dtugann siad an D. D. air. Casadh sean-fhear dom ag cros-bhóthar ann. Sean-fhear breagh gaedhealach i gcosamhlacht. "Cé'n áit annseo a bhfuil an D. D." adeirim féin. 'Bhfuil a fhios agad cé'n freagra a thug sé orm. Is beag bídeach nachar thuit mé as mo sheasamh. Cé'n bhrigh ach sean-fhear mar é. "Teirigh indiaidh do shrúine (sróine)" a deir sé "agus déanfaidh sí eolas duit." "Ná raibh maith agad, agus ní hé amháin" adeirimse … B'fhearr ná sin an rud a chuala mise ag fear as D. Fh. a tháinic ag damhsa thuas tigh Mh. Bh. Bhí an ghráin shíorruidhe ag M. B. ar fhear ar bith taobh thiar de'n Ch. Shaghd muid fhéin i bhfear Dh. Fh. é. "Céard a chas thusa annseo indiaidh do mhullaigh" adeir M. B. "Ní indiaidh mo mhullaigh a casadh ann mé, ach indiaidh mo ghléis" adeir an fear aniar
+
Tá an ghráin dhíobhálach aige ar an ól = an ghráin shiorraí shaolta; an dearg-ghráin (níor chuala mé ach leis an bhfocal gráin é)
TUILLEADH (8) ▼
Tá an ghráin dhíobhálach aige orm. Is luaghar leis mé ná an sioc a lobhfadh na fataí
Beannacht Dé dhuit! Tá an ghráin dhíobhálach aige sin ar an dream thuas, ní nach iongnadh. D'imir siad ceart críochnuithe air an uair siúd faoi'n úachta.
'Chuile bhall aige muise ach é sin. Tá an ghráin dhíobhálach aige air. Ná déan a shamhailt leis. Leagfadh sé é
Tá an ghráin dhíobhálach agam ar nathaíocht de'n tsórt sin. Ag iarraidh a bheith ag flith-mhagadh faoi 'chuile dhuine agus nach bhfuil dóigh-mhagaidh ar bith san tír is mó ná é féin
Scread-mhaidne air an smaoiseachán! Tá an ghráin dhíobhálach agam ar a phus mór. Ní bhíonn ádh ná amhantar orm in áit ar bith dhá gcastar liom é
Bhíodh an ghráin dhíobhálach aige sin ar mhná fadó. Ní bheadh goir ar bith agad a dtarraint anuas as a chomhair. Ach chuir na Cáiteannaí an Chluain Mhuimhneach (buidhneach?) air. Is ann atá móin dhá dóghadh dhó anois. Is beag é a fhoghail i ngort ná ingarraí ó a thaithigh sé san teach sin
Tá an ghráin dhíobhálach aca ar an talamh thuas anois. Ní fhanfaidh siad ala na h-uaire ann mara mbeidh duine eicínt ag fosaíocht leo. Shílfeá muise gur maith an túmsacht (tomsacht, tiomsacht) atá ann fós. Uabhar atá ar na diabhail!
Bhí an ghráin dhíobhálach aige féin agus ag an sagart ar a chéile go dtí le fíor-ghairid ach tá siad ina dhá gcuid déag le chéile anois ó phós sé. Tá an ágóidín de bhean siúd aige indon duine ar bith a bhréagadh. Sí atá deas air! 'Ar ndú caitheadh sí crúib airgid aige agus bréagfaidh sin é. Níl aon-ghnaoidhiúlacht ann anois ach an t-airgead
 
B'éigin dom na cearca fré chéile a dhíogáil indé. Ba mhór an ghráin iad timcheall tighe agus cho cuiltheach agus a bhí siad.
 
Níor rugadh ariamh aon-fheithideach is díomhaoinighe ná is lugha déantús maitheasa ná é. Chuirfeadh sé an ghráin chríochnuighthe ort ag breathnú air sa ngarrdha.
 
dóigh 1
Beannacht Dé dhuit! Bhí sé cho maith leigean dó. Tá a chuid scoile sin ar iarraidh anois. Féachadh dóigh agus an-dóigh leis, ach b'aon-mhaith amháin é. Buaileadh dual na druinne air, fuair sé éadach nuadh; bicycle, "sweets", chuile mhíle rud. Ghabhadh sé ann lá nó dhó, ach ghlacadh sé an ghráin annsin uirre aríst, agus do cheann finne ní chuirfeadh amach é. Bhí S. ag rádh go ndíbreochadh sé amach ar an móin imbliana é agus go mb'fhéidir go múinfeadh sin é
 
An rud is doilighe le duine ná a bhás cá bhfios dó nach hé lár a leasa é. Is minic a chuala tú ariamh é. Ba shin é a fhearacht ag Brighid é. Bhí a muintir ag iarraidh a cur soir tigh J. Ph., agus bhí gráin an tsaoghail aice air, arae bhí sí "ag comhrádh" le mac a bhí annseo thiar ag C. Ní Ch., agus 'séard a bhí sí féin ag iarraidh a dhéanamh éalughadh leis go Meiriocá. Ach fuair a muintir amach uirre é, agus th'éis go leor anonn agus anall chuaidh sí tigh J. Ph. Níl aon-bhean ins an taobh seo go Gh. indiu atá in a suidhe cho te léithe. Tá deis agus talamh aice. Tá postaí ag a clann. Déarfá go raibh an t-ádh uirre ceart. An fear a bhí sí féin ag iarraidh a phósadh, marbhuigheadh i Meiriocá é leath-bhliain th'éis a dhul ann dó
 
Tá dosadáin móra raithnighe ag fás thríob. Is mór an ghráin iad
 
Ná bí doscudhach le na putaigh a mháistir. Is dona an rud a bheith ro-dhoscudach leo. Glacfaidh siad gráin ar an scoil uilig … Níl mé dhá shamhailt leat a dhuine chroidhe. Dar a shon go n-abróchainnse go raibh tú droch-mhúinte, ach bíonn na putaigh ag banrán in a dheidh sin
 
Ní beatha mhaith do'n dranndal iad sin. D'íosfainn iad marach amháin: faoi cheann chúig nóiméad, bheinn ag screadach ar fud an tighe le doigheachaí. Sin é mo ghráin ar "sweets"
 
dúil
Ní bheadh aon-mhaith aige ann go bhfaghadh sé an píopa. Fuair sé faoi dheireadh agus faoi dheoidh é le 'chuile sháruigheacht. Chuaidh sé ar a chaitheamh nó gur chuir sé urlacan air féin leis. B'éigin a thabhairt abhaile. Bhíodh fonn múisc' air le 'chuile choisméig (coiscéim). Cuireadh a chodladh é. Uaidh sin amach níor éiligh sé an píopa. Ghlac sé an ghráin air. Chuir sin de'n tobac é. Bhain sé an dúil as go ndeacha sé i dtalamh
 
Níor chaith sé aon-ghráinne tobac ariamh ach tá sé an-dúlaidhe ins an snaoisín. Is mór an ghráin é. Ní fheicfidh tú in áit ar bith é gan an bosca salach sin tarraingthe amach aige, agus smaois cho ruadh air!
 
Eirigh as an gcaint sin anois. Is mór an ghráin é seo thall má theigheann sé ar ghársamhlacht, agus ní mórán tsiocair a bhíos uaidh