Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

sásamh (50+)

 
focal
Shíl mé go sceannfaí é. Dhá gcloistheá é ag caint le na hamhais sin thiar. Níl modh focail ar bith aige. Mharóidís an té a bheadh tláth leó, ach diabhal araoid ar bith a chuir siad airsean th'éis nach raibh sé ag tabhairt sásamh ar bith faoin domhan dóibh
 
fág
Sin ní fhágfadh sé go deó ná go brách nó go mbaininnse mo shásamh dhó (dhe), marach amháin
 
Níl maith 'bith dhuit eirighe colgach anois. Má tá sásamh bith le faghail aghad, is ar réidhteach é.
 
cora
Is fada aríst go gcuire an nathuigheadóir sin aon-charra chainnte ormsa, a's a laghad sásamh, a's fuair sé anois. Dhá bhféadadh sé sin dóigh a dheanamh de dhuine, 'sé a mbeadh uaidh é, ach níl acmhúinn aige fhéin ar thada a rádh leis.
 
Sin é an mac atá gan contanás ná carthannas. Dheamhan sásamh a thiubharfad sé do Naomh as na Flaithis.
 
Má shuidhim an seomra sin in aithbhliadhain, dar príosta, ní leis sin é, arae níor mhór duit a bheith in' éadan 'chuile ré soluis, a's mar sin fhéin, ní chíosóchad sé leat é faoi shásamh.
 
Bíodh na póilíos as bealach nó ná bíodh, ach is beag a' sásamh a gheobhfas aon-duine in a n-aghaidh ó'n ngiúistís.
 
beo 1
Ní bhfaighead sé sásamh 'bith thú 'bhualadh. B'fhearr leis thú 'ithe beo beithidheach.
 
binse
Ní bhfuair mé tada de shásamh an bhinnse seo fós — in a bhfuil bainte agam ar chaoi'r bith. Tá 'chaon dárna fód a' sceitheadh orm.
 
bocht 1
Bhí lán a chraicinn d'olc air, a's ba bhocht dó sin — fear a raibh a chuid millte, a's gan sásamh na séanadh le faghail aige faoi.
 
Ní bhfuair muid sásamh 'bith ar an aistear deireannach sin a thug tú de'n phortach. Bodhránach bradach í, gan chuma gan chaoi.
 
bruach
M'anam gurb shin é an áit chéadna, nach bhfuighe sé mórán sásaimh, tagadh bruach air, nó ná tagadh.
 
Beidh an bhrúisc sin ar bheagán sásamh le aon-duine.
 
ailím
Ní raibh aon-sásamh aige ann, nuair a fuair sé an chabhail (cabhail an chairr) go bhfaghadh sé na róthaí, a's 'séard a rinne mé é chaith(eamh) aige idir ailím a's mhádar = an carr a thabhairt dó ar fad.
+
Bhain mé mo shásamh go breagh amach.
TUILLEADH (4) ▼
Is deacair milleán a thabhairt dó má bhaineann sé sásamh amach faoi.
Níl aon-ghoir aige sásamh a bhaint amach, mar ní móide go mbéarfadh sé air siúd le na mharthainn arís.
Tá sé i ladhar a' chasúir anois, agus baineadh sé a shásamh amach, go mbí sé tuirseach.
Bainfe mise a shásamh sin amach as do chraiceann = buailfe mé thú.
 
Is mór a' sásamh íntinne dhom an méid sin eirghe-amach. Tá dhá oiread croidhe agham dhá bharr.
 
Ba mhó an sásamh a bhí ar an saol le linn na seandhaoine. Ní iarrfaidís go deó ach ag innseacht scéalta. Agus ní raibh fiannaíocht agus diabhlaíocht ariamh in éindigh. Is cuma leis an líne atá ann anois é ach a bheith ag bearróireacht agus ag baint fogha agus easbaidh as chuile dhuine. Diabhal áird ar bith a bheadh ar aon-scéal aca. Ba mhór an tsiamsa iad na scéalta muis
 
Ní raibh aon-ghort istigh ar an mbaile ariamh nach raibh foghluithe ag an dream céanna, hébrí cén fál a bheadh air. Agus dheamhan a dhath sásamh a gheobhfá uatha, ach píosa sciolladh a dhéanamh ort
 
Mara bhfagha an fear sin sásamh san gcúirt, níl a fhios agamsa cén fhroisín é = cén scéal é; mara bhfagha sé sásamh is aisteach an scéal é (súisín = "níl a fhios agamsa cén súisín é" — adeirtear go hiondúil mar seo)
 
Bhí a fhios agamsa go raibh fear na clúide ag fáil sásamh ar an scéal, mar chonnaic mé ag cruinniú na liopaí é agus ag cur strainnc siod-mhagúil air fhéin
 
imirt
Bain do shásamh amach anois ó fuair tú ar chlár na h-imeartha é = bain díoghaltas de, ó fuair tú do dheis air; ó thárluigh sé a bheith in áit go bhfuil deis ionnsuighthe air, nó deis chainnte leis.
 
istigh
Thugadar beagán sásamh uatha(b) an uair sin, agus tá sin istigh fós dóibh = níor thugadar mórán sásamh do'n duine nó do'n dream eile, agus ní dhearna an dream eile dearmad ar sin fós.
+
Má bhíonn údar ar bith aige choíchin duit, coinneóidh sé an faltanas istigh go deó go bhfagha sé a shásamh
TUILLEADH (2) ▼
Má tá faltanas aige dhuit ídeóidh sé ort é. Sin é an sórt duine é. Dhá mbeadh sé fiche bliain indiaidh a shásamh, beidh sé ar siúl go bhfagha sé san deireadh é
Tháinig sé isteach annseo ag fuagairt foghlach, agus chreidim go mba bheag leis a bhfuair sé de shásamh. Diabhal blas a rinne sé ach breith ar an gclog agus a bhriseadh as faltanas
 
Tá faobhar air nó go mbaine sé sásamh amach = ní beó é, nó ...
 
Dúirt S. rud eicínt leis, agus ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach a dhul dhá fhuasaoid air (ar Sh.) leis an sagart. Sílim nach aon-bharr-shásamh a fuair sé ón sagart. Tháinig sé abhaile sách bréan dó fhéin ar chaoi ar bith
 
fuil 1
Níor leig sé a chuid fola le aon-fhear ariamh. Ba chruadh an cás é, nó bheadh a shásamh aige sin
+
Droch-rath air, marab air atá an sceaimhínteacht! Céard atá anois air? Mar dhóigh dhe nach bhfuil sé ag fáil a dhóthain óil. Fuair sé an oiread le chuile fhear eile dhá bhfuil annseo anocht, bíodh aige. San gcraiceann ar théigh sé, fuaraíodh sé ann aríst. Fuaraíodh más breá leis, nó leigeadh sé dhó, ach diabhal sásamh a gheobhfas sé uaimse, ná cuid de shásamh
TUILLEADH (1) ▼
Breá ar bhac tú leis duth ná dath, agus d'fhuaródh sé san gcraiceann céanna ar théigh sé ann roimhe sin. Bhuail tusa foracún air, agus beidh sé de shásamh aige ort go bhféadfaidh sé thú a thabhairt chun cúirte. Ara bheinnse dhá lá mo shaoil ag éisteacht len a chuid dodaireacht sin, agus ní leigfinn orm fhéin go gcloisfinn chor ar bith é. Air fhéin a bhíos an t-anró
 
Déarfadh sé go maith annseo é, ach cuirfidh mé geall leat nach n-abróchaidh sé in mo láthair-sa é. Ní abróchaidh a mhaisce, mar tá faitíos air go dtóigfinn é. Sin é a bhfuil aige, Laoi na Mná Móire, agus tá sé cho práidhinneach as sin agus a bheadh cut as póca. Ní bheidh sé ag aon-duine eile nó is cinneamhaint air é. Sin é an fear daoitheamhail i gcomhnuí. Nach mbíodh L. ar an gcaoi chéadna le M. Ní abróchadh sé píosa Fiannuidheachta a bhí aige in áit ar bith dá gcasfaí M. faitíos a dtóigfeadh M. é. Mheabhruigh M. do dhuine eicínt eile a dhul isteach agus é a chur dhá rádh, agus sheas sé féin ins an dorus dúinte ag éisteacht. Chuaidh sé isteach de mhaol a mhainge an oíche dhár gcíonn agus dubhairt sé 'chuile mhíle focal di do L. An uair a chuala L. é, bhí sé indiaidh sásamh ar chuma eicínt. "Tá trí ceathramhnaí nar chuir mé ann" arsa seisean. "Bhí a fhios agam go raibh tú ins an dorus iadhta." Bhrath sé é … Dheamhan ceathramha ná cuid de cheathramha a bhí ar iarraidh ach bhí air (aige) marach eicínt a fháil air …
 
daol
Sháith sé sin fear cheana agus dheamhan ceo a chuaidh air ach bliain. Rinne siad amach gurb as daol a d'eirigh sé dhó. Tá sin breagh go leor ach ba suarach an sásamh é do'n té a raibh a phutógaí ag imeacht in a ghlaic aige. Ní raibh sé indon a gcur ar ais aríst as daol
 
daor 1
Má chu[aidh] sí daor féin ort ba chúig shásamhail í. Is dóigh go raibh tú indiaidh do shásamh a bhaint de'n fhear sháithteach seo thuas
 
Ní iarrfadh sé go deó ach ar an deáchaint sin. Is biadh agus beatha leis í, hé brí cén sásamh a fhaghas sé aisti. Ach sin é an chaoi. Ní h-ionann tréartha do chuile dhuine
 
Is breagh an scéal atá agad: go gcaithfear deachma na sláinte a íoc. Ach ní sásamh mór é sin domsa atá ar chúl mo chinn annsin thiar le coicís, agus mo chuid coirce scrútuighthe cheal a bhainte. Dá mbuaileadh sí mé uair ar bith eile ins an mbliain, ach ní bhuailfeadh, ach go mí-thráthamhail an uair is mó an chruadhóg. Diabhal mé go sílfeá gur h-aisteach an tráth de bhliain ag duine slaghdán a tholgadh: imbrollach an Fhoghmhair. Seo é anois an slaghdán caorach a raibh bean Chonamara ag caint air. Narba hé amháin dó ar chuma ar bith! Cuirim leis í agus ní hí an óige í. Tá mé siar le obair mo bhliana in geall air
 
Is deacrach an scéal é, gan cearc ná eireoig ag gabhail liom nach bhfuil árduighthe leis ag an rálach de shionnach sin, agus gan a dhath sásamh le fáil agam
 
Ní bhfuighidh tú sásamh ar bith air; nó go ndealuighidh an ghrís siúd leis. Is truagh Mhuire é léithe. Ní fhaghann sé suaimneas oíche ná lae uaithe, ach ag tochas go h-acht agus go h-áirid
 
Tae mo chreach! Fuair mé dionnóidín bheag a thiocfadh faoi shúil dreoilín. Marach leisce a fhágáil aca agus fios agam go mbainfí a sheacht luach de dhuine eicínt eile air, d'fhágfainn in mo dhiaidh ar fad é. Ach ní thiubharfainn an oiread dá gcroidhe dóibh agus go mbeadh sé de shásamh aca orm — na cneamhairí bradacha!
 
deasú
Níor thug tú mórán sásaimh dhó. Ach sin é an riocht le cur air. Ro-mhaith a bhí sé aige. Sin é an deasú anois air!
 
de
Ba bhreá an sásamh liom a bheith dhá lascadh de chiceannaí
 
M'anam muise gurb shin é an deilín atá aca, go gcaithfidh siad árdú páidhe a fháil. Is fada anois ag ceasacht páighe iad, agus bhí sé in am roinnt dhá shásamh a thabhairt dóibh
 
Níl sásamh ar bith aige sin a theacht ag cuartaidheacht mara mbeidh na daoine ar dheireadh an pháidrín
 
An lá a raibh mé istigh go deireannach faoi, ní bhfuair mé sásamh ar bith
 
Nach air atá an deisiú istigh ar an teallach. Is agam a bheadh an sásamh anois, splanc dhearg a ghreamú dhá thóin, dhá mbadh rud é a chuirfeadh as a shógh é beagán
 
Cé'n mhaith ins an tubaiste d'fhear a bheith deiseamhail, má bhaineann sé an craiceann dó féin ag saothrú na deise. Is beag an tsamhaoine d'aonduine é féin a chur síos ins an talamh fiche bliain roimh an ám. Ba mhaith le cuid againn sásamh eicínt a bhaint as an saoghal an fhad agus a bheadh muid ann. Is iomdha lá ins an reillic orainn mar adeir an ceann eile
 
diaidh
Is géar atá mé indiaidh mo shásamh a bhaint amach = tá mé ag lorg dioghaltais