Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deifireach, deifreach
aidiacht as deifir
bruideamhail, driopásach agus rl. (fc. beo).
+
Déan é go deifreach
Ní mór dhuit a bheith deifireach anois leis
TUILLEADH (4) ▼
Nach hí atá deifreach trathnóna! = deifir uirre
Ní bheidh siad an-deifireach leis mara gcuiridh duine fhéin dlúthas leis
Bhídís an-deifireach le airgead na Gaedhilge blianta eile, ach níor fritheadh annseo fós é
Mara mbí sib deifreach thairis sin, ní bheidh sibh críochnaighthe indiu
+
Imigh leat anois go beo deifreach, agus teirigh síos ann (cuirtear beo agus "deifreach" i gcuingir mar sin)
'Sé atá beo deifireach ar a chois
TUILLEADH (2) ▼
Cé'n chiall nach mbeitheá beo deifireach mar a bheadh gasúr agus gan a bheith ag leigint do'n fhéar fás faoi do chosa
Rinne sé beo deifreach é, deirimse leat, 'nuair a d'aimsigh sé siúd é

Féach freisin