Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deifreach
aidiacht as deifir
broidiúil, driopásach srl. (fc. beo).
+
Déan é go deifreach
Ní mór dhuit a bheith deifreach anois leis
TUILLEADH (4) ▼
Nach í atá deifreach tráthnóna! — deifir uirthi
Ní bheidh siad an-deifreach leis mura gcuire duine fhéin dlús leis
Bhídís an-deifreach le airgead na Gaeilge blianta eile, ach níor frítheadh anseo fós é
Mura mbí sibh deifreach thairis sin, ní bheidh sibh críochnaithe inniu
+
Imigh leat anois go beo deifreach, agus téirigh síos ann (cuirtear beo agus deifreach i gcuingir mar sin)
'Sé atá beo deifreach ar a chois
TUILLEADH (2) ▼
Cén chiall nach mbeifeá beo deifreach mar a bheadh gasúr agus gan a bheith ag ligint don fhéar fás faoi do chosa
Rinne sé beo deifreach é, deirimse leat, nuair a d'aimsigh sé siúd é

Féach freisin

deifreach in iontrálacha eile (25)

+
beo 1
Chuaigh sé abhaile go beo deifreach.
TUILLEADH (14) ▼
Corraigh leat anois go beo deifreach agus ná bí ag moilleadóireacht ansin tíos (níos) faide.
Mura dté tú siar a chodladh go beo deifreach, roinnfidh mise an tslat leat.
Bí beo deifreach leis anois.
Is beo deifreach uaidh é fhéin a ghléas.
Mura i ndán is go n-imí tú anois go beo deifreach, imeoidh tú ar ball agus thú in aiféala.
Fág seo go beo deifreach go dté muid abhaile.
B'fhearr dhuit thú fhéin a réiteach go beo deifreach más leat a dhul 'na scoile inniu.
Cuir an teach faoi réir go beo deifreach anois nó beidh na strainséaraí isteach orainn.
D'éagóir (d’éagcóir Dé?) dhuit nach dtéann amach in do gharraí go beo deifreach as sin, ach is cosúil gur beag an fonn maitheasa atá ort.
Téirigh síos faoi dhéint na mbeithíoch go beo deifreach. Fainic an ndéanfaidh aon mhoill faoi bhealach anois nó beidh sé ina oíche ort.
Caith siar an méid sin go beo deifreach go mbeidh muid ag baint coisméige as.
Deasaigh an rothar sin go beo deifreach nó beidh sé thar am orainn.
Siúil uait go beo deifreach anois, muran leat an oíche a chaitheamh anseo.
Ara a fhleascaigh, beir air go beo deifreach nó beidh sé imithe uait.
 
aníos
Aníos leat as sin go beo deifreach
 
Bain díot anuas an cóta sin anois go beo deifreach agus ná bí ag imeacht dhá mhilleadh
 
Leag ort fhéin anois a fhleascaigh. Scar amach í go beo deifreach (móin). Is maith fonnmhar a ghabhfá amach go barr scartha dhá mbeadh bean romhat amuigh ann!
 
ith
Tá sé beo deifreach ag ithe (beo scioptha, beo tapa, mear srl.)
+
Deifrigh leat!
TUILLEADH (2) ▼
Deifrigh amach!
Dheifrigh sé go maith. Murach gur dheifrigh, ní bheadh sé anseo anois
 
Níor thaitnigh an ceann céanna ariamh liom. Tá an iomarca dintiúirí cainte ar fad aige. Ní fhéadfá samhail ar bith a thabhairt dó ag scoilteadh cainte ach duine de na seanphóilíos thíos ar R. D. a cheannaigh cruib mhóna anuraidh uaim. Dheamhan aithne a bhí air nach fear a bhí tógtha aige faoi rud eicínt a ghoid. D'ionsaigh air faoin móin. Cá'il an locht nach raibh uirthi. Ag iarraidh mé a ghiorrú sa margadh a bhí sé. 'Tá an-fhonn ortsa caint a scoilteadh,' arsa mise, 'ach mo choinsias is dar m'anam, mura n-íoca tú mise go beo deifreach, go scoiltfidh mise clár na baithise agat … '
 
dligh
Ní dhlíonn duine ar bith faoi chaolachaí an tí seo, ná aon duine dhá bhfuil ag tarraingt ann ach oiread, do chuid achrainn uait a T. Téirigh agus déan do chuid achrainn leis an dream a dhlíos duit é — an dream a chuir puiteach ar an bpus agat gairid ó shin. Ach mise i mbannaí nach mbainfidh tú leo sin. Ach tá mé ag tabhairt warning anois duit crapadh leat as seo chomh beo deifreach agus atá in do chosa, agus má thagann tú aríst go deo ag cur choc orainne, ní imeoidh tú chomh saor agus atá tú ag imeacht anocht
 
droim
Cuireadh droim díbeartha air uileag as an tír seo. An t-am a raibh sé tugtha síos faoin ngearrchaile sin thoir, chuaigh an sagart go dtí é agus d'fhuagair sé air a bheith ag imeacht go beo deifreach nó go gcuirfeadh sé féin ag imeacht é. Go deimhin, níorbh áirge mhór ar bith i bpobal é