Diaidh (i ndiaidh)
—abairt réamh-fhoclach nó réamh-fhocal dúbalta.
—Fuaim: ia ach amháin ins an dá leagan; in a dheidh sin, in a dheidh sin fhéin, in a dheidh sin agus uilig (= tar éis sin, aindeoin sin, pé aca sin, cé go bhfuil sin amhlaidh agus rl.). Fuaim ei (feic, beir agus rl.) a bhíos ar iai ins an dá leagan sin. Deirtear dhéidh i leabaidh dhiaidh in amhráin go minic
—
a.
tar éis, iar.
+–
Is maith an earradh é sin indiaidh slaghdáin
Ní cuíbheamhail an rud le déanamh é indiaidh sochraide
TUILLEADH (14) ▼
'Sé an chéad bhall é a chonnaic mé indiaidh eirghe dhom
Indiaidh imeacht di a fritheadh é
Tá sí indiaidh cloinne aríst = indiaidh páiste
Dhá mbeinnse cho críonna roimhe agus a bhí mé in a dhiaidh, is fada go mbeadh mo láimh ann, ach ní fhaghann duine ar bith a chomhairleachan in aisce chreidim
Ní raibh fhios agam é go dtí ina dhiaidh sin. Bhí sé buille mall annsin = tar éis sin; taréis an ruda
Dhá bhfanainn go dtí in a dhiaidh sin, bhí agam, ach níor fhan. In a dhiaidh a fheictear do'n Éireannach a leas i gcomhnaí
Breagh nachar fhan tú go dtí in a dhiaidh sin agus bheadh breith mhaith agad air
Fuair mé amach in a dhiaidh sin nachar dhubhairt sé é chor ar bith ná gan diabhal rádh, ach bréag a dhul air
Is fada in a dhiaidh sin go ndearnadh é sin
Dubhairt Mac Dé nuair a bheadh an dá mhíle seo caithte (suas go dtí 2000 A.D.) nach raibh a fhios cé's mó a bheadh in a dhiaidh ná roimhe
Indiaidh an méid sin ar fad cé'n bhail atá anois air. Nach bhfuil sé i gcruth a dhul ag iarraidh a chodach. Chuala mise ariamh é gur mairg a bheadh go h-olc agus go bocht in a dhiaidh
Ná bíodh faitíos ort. Rachaidh mise faoi dhuit nach gcloisfidh tú aon-cheo in a dhiaidh sin. Tá sé indon a bhéal a choinneál ar a chéile, ní hé sin do thuilleadh é
D'imigh gasúr de thamhnóig shléibhe thuas annsin an bhliain cheana. Dheamhan a fhios agam nach as L. é. Ceann eicínt de na tamhnachaí iargcúlta sin ar chaoi ar bith. Ní raibh sé ach h-aon déag nó dó dhéag de bhlianta. Tháinig sé abhaile deich mbliana ina dhiaidh sin, agus níor aithin duine ar bith é, nó gur leig sé a aithne leo. Shíl siad gur báidhte nó marbh a bhí sé le na cianta roimhe sin. Bhí dalladh airgid aige
Bonn an aoin seo thoir atá sé a fháil. Is gearr go dteighidh sí amach ag spaisteoireacht di fhéin anois, ar theacht do'n trathnóna, indiaidh a luirgne a bhreacadh ins an teine ó mhaidin. Nach h-í inghean an duine bhoicht í!
b.
ingeall ar, de bharr.
+–
Is beag atá aige indiaidh na saighdiúir = bhí sé scathamh ins na saighdiúir, ach níl mórán dhá mbarr aige
Shílfeá go mbeadh pighneachaí eicínt thairis sin aige indiaidh Shasana, nó an raibh tada aige? Ba é cuid an bheagáin é déarfainn
TUILLEADH (6) ▼
Sin é an chaoi a bhfuil sé anois indiaidh a shaoghail, gan luach a bhéilí aige
Is beag a bhéas agad indiaidh do shaoghail má fhanann tú annsin. B'fhearr dhuit imeacht go fada
Ná bac le tada a bheith ag duine indiaidh na móna. Dheamhan ceo a bheadh agad go bráth ina diaidh
Ní bheidh mórán ag duine ar bith indiaidh na talmhana, ach do dhá cheann ins an talamh, ó mhaidin go faoithin agus gan cuid an fhiuntais agad ina dheidh sin indeireadh na bliana
Bíonn sprus mór airgid anois indiaidh na móna ó a thosuigh an cogadh. Roimhe sin dheamhan mórán a bhíodh dhá barr ná cuid de mhórán
Duine ar bith atá i gcleitheamhnas cairrgín, 'sé cuid an bheagáin a bhéas ina dhiaidh aige. Níorbh fhiú do dhuine a bheith dhá mheárú féin le rudaí de'n tsórt sin ar scáth a luach saothair
+–
Ní fhaca mé an oiread sin de bhrabach in a diaidh riamh cheana = dá barr; níor fritheadh an oiread sin brabaigh uirre ariamh
Is beag 'e bhrabach a gheobhas tú in a dhiaidh sin, deirimse leat. 'Chuile phighinn ag dul ins an stoca.
TUILLEADH (2) ▼
Ní bhfuighidh bean an ósta aon-bhrabach in a dhiaidh nó d'athruigh sé. 'Ar ndú' mo léan níor athruigh
Ní raibh an chianóg ruadh (de bhrabach) agamsa ariamh in a dhiaidh
c.
le druim, le ponnt.
+–
Tá na tighthe i ndiaidh a chéile
Bhí na daoine in aon-scuaidrín amháin indiaidh a chéile ar an tsráid
TUILLEADH (16) ▼
Leag mé annsin indiaidh a chéile iad. Tá siad corruighthe aríst agaibh
Abair indiaidh a chéile iad
Cuir indiaidh a chéile annsin ar an mbord iad, go bhfeiceamuid cé aca is mó
Tá scór bráithlíní indiaidh a chéile amuigh ar an gclaidhe aice.
Bhí cho maith le scór mótair indiaidh a chéile ann, má bhí sé taobh leis
An bhfuil tusa indon na strácaí a chomhaireamh ins an tuighe sin. Sílimse go bhfuil naoi stráca indiaidh a chéile ann
Bheadh doiséine ann, dá mbeidís indiaidh a chéile — ach níl
Cé'n chiall nachar chuir sé na h-iomrachaí oinniúin indiaidh a chéile agus na meacna a choinneál asta féin. Ní fhaca mé an ceann céadna ariamh féin, nach gcaithfeadh sé cóirí catha a bheith aige nach mbeadh ag aon-duine eile
Tá sé siúd indon a raibh de righthe ariamh in Éirinn a chur indiaidh a chéile
Níl ceathramhnaí an amhráin chor ar bith indiaidh a chéile aige. Tá siad thrín a chéile
Cheal nach bhfuil siad agad indiaidh a chéile. Tá siad sin ar fad thrín a chéile
Chaithfidís seasamh annsiúd indiaidh a chéile nó go nglaoidhtí orra. Bhí muid préachta ag fanacht ann
An bhfuil tú indon an t-amhrán sin a rádh indiaidh a chéile? = ins an gcaoi a bhfuil sé, agus gach ceathramha in a h-áit féin
Bhí sé agam ar fad tamall, ach níl mé indon dhá fhocal dó (dhe) a chur indiaidh a chéile anois. Tá an chuimne uiliog imighthe uaim
Níl aon-aithrighe a rinneadh ariamh nach raibh sé indon a chur indiaidh a chéile. Ba bhreagh uaidh píosa cainte a rádh
'Sé a bhí indon an scéal a chur indiaidh a chéile. Mar adeireadh sé féin, ní dhá changailt ná dhá chomh-changailt a bhíodh sé, ach dhá chur amach go tóin an tighe
+–
Dar príosta tá an t-amhrán sin indiaidh a chéile go maith hébrí cé a rinne é (déanta go maith). Ní hé filí (file) Bh. na mB. a rinne é sin, ab é?
'Sé atá indon an phait de bhréag a chur indiaidh a chéile (a chumadh). Dá mbeadh sé indon a dhul amach agus gnatha a dhéanamh cho maith in a gharrdha, ba mhór ab fhiú dhó é
TUILLEADH (3) ▼
Níl sé indiaidh a chéile ná baoghal air chomh mhaith agus a chuirfeadh M. indiaidh a chéile é. Tá M. tógtha ag déanamh amhráin.
Go deimhin tá sé indon biadán agus cúl-chaint agus bréaga a chur indiaidh a chéile. Nímé an bhfuil sé indon a phaidreacha a chur indiaidh a chéile leath cho maith. Ní beo é mara mbeidh sé ag coireamhaint ar dhuine eicínt
Níl sé indon dhá fhocal cainte a chur indiaidh a chéile, ní áirighim "speech" fada a dhéanamh
+–
"Indiaidh a chéile a dhéantar na caisleáin" = "I leabaidh a chéile a dhéantar na caisleáin"; ní féidir gach uile shórt a dhéanamh de rith agus de léim. Caithfidh duine foighid a bheith aige, agus a ionbhadh a ghlacadh, agus oibriú leis de réir a chéile; "Rome was not built in a day"
Glac t'ionbhadh a dhuine sin. Nach breagh nach gcuirfeá stuaim ar an bhfoighid. Indiaidh a chéile a dhéantar na caisleáin
TUILLEADH (2) ▼
Is diabhlaí an t-uathbhás a bhíos ort. Nach bhfuil a fhios agad go ndéanfaidh mé é, ach a mbeidh mé réidh go dtí é. Indiaidh a chéile a dhéantar na caisleáin. Níl aon-tsástuigheacht agadsa ann mara ndéantar 'chuile shórt de léim
Ní beag dhuinn a bhfuil muid a dhéanamh faoi láthair, agus gan bacadh le teach. Indiaidh a chéile a dhéantar na caisleáin. Déanfar an teach ach a bhfaightear an deis amach annseo faoi'n a bheith slán do na daoine
·
Beidh tú ag teacht isteach uirre indiaidh (i leabaidh) a chéile. Deir siad gur teanga chruadh í an Ghaedhilge le foghluim
d.
in diaidh a chéile = beo, ar marthainn, ag coinneál le chéile, ionchaithte, gan a bheith in a cheirteachaí amach agus amach.
+–
Níl ann ach go bhfuil sé indiaidh a chéile anois. Ní fhaca mé duine ar bith ariamh, is mó a d'ídigh ná é le goirid. Níl bior-eanga féin air
Is maith an mhaise aige é agus é bheith indiaidh a chéile chor ar bith agus cho maith agus a shaothruigh sé an tinneas sin le bliain. Marach cho láidir agus a bhí sé, is fadó a bheadh sé scuabtha. Ach bhí sé an-roighin
TUILLEADH (10) ▼
Ara a dhearbhráthair mo chroidhe thú, is beag nachar ghiorruigh sé liom. Dheamhan a leitheid de ruaig a chonnaic mise i gcaitheamh an tsaoghail ariamh. 'Sé a bhfuil ann go bhfuil mé indiaidh a chéile chor ar bith aige
Tá sí indiaidh a chéile ar éigin anois. 'Sé a bhfuil ann é. 'Ar ndú' is beag an dochar di agus an aois atá aice. Nach bhfuil sí bord ar bhord leis an gcéad
Ní féidir go bhfuil an sean-"tseaicéad" sin indiaidh a chéile fós. Dar mo choinsias is mór an seasamh aige é. Tá dhá chulaith caithte agamsa ó a fuair tusa é sin. Thug tú an-aire dhó. Marach gur thug is fadó a bheadh sé ag ceannaidhe (fear ceirteachaí)
Fuair sé an leabhar sin tá trí seachtainí ó shoin, agus níl a dhath di indiaidh a chéile anois aige. Sin é an diabhlánach agad. Nach beag an tsuim atá aige, cá bhfuighfear airgead
Níl an tsean-chrupach siúd ach indiaidh a chéile. Mara bhfuil aon-cheann aige thairti siúd, tá sé d'fhuireasbhaidh bó — tá sin. Ní sháróchaidh sí siúd geimhreadh eile go deo
Is maith an dicheall do na daoine a bheith indiaidh a chéile chor ar bith agus an aimsir a bhí ann le fada. Tá 'chuile dhuine ag fuasaoid slaghdáin, agus má tá féin is beag an dochar dóib. B'uair mhí-nádúrtha í. Níor thada eile í
Theangmhuigh an toirneach leis agus níl ann ach go bhfuil sé indiaidh a chéile ó shoin. Ná bac thusa le balla ar bith a scríobfaidh an cailín sin leis. Scoilteann sí ar fad é. Ach bhí muid saor go leor míle buidheachas le Dia nach ndearna sí thairis sin de dhamáiste
Is maith atá an sean-bhicycle sin ag cruthachtáil agus é a bheith indiaidh a chéile fós. Is maith an t-achar agad é sin anois. Ní mheasaim go mbeidh sé i bhfad eile indiaidh a chéile muis. Tá cosamhlacht an-chraithte anois air
Níl in Peadar ach na cheithre eite anois. Tá sé tugtha anuas go mór ó a chonnaic mise go deireannach é. Ach is mór an t-iongnadh go bhfuil sé indiaidh a chéile chor ar bith agus cho gar do'n bhás agus a bhí sé. Shíl mé nach srianfadh sé thríd go bráth
Is diadhachta do'n leabaidh chéadna a bheith indiaidh a chéile chor ar bith agus an macnas agus an eirghe-in-áirde a bhíos orra sin innte 'chuile oiche. Dheamhan aithne orra nach amuigh ar na cnocáin a bhíos siad. Beidh a shliocht orra: ar feadh iad an leabaidh sin a bhriseadh, codlóchaidh siad ar an talamh, agus comhairleochaidh sin iad, feicfidh tú féin air.
e.
ar sháil.
+–
Bíonn a bhean in a dhiaidh aniar ins 'chuile áit = len a shála, in a chosamar
Tá a mhadadh in a dhiaidh aniar
TUILLEADH (9) ▼
Níor bhreathnuigh mé tharm ariamh go raibh mé ag dul isteach dorus an tighe ósta, agus sin é an uair a chonnaic mé in mo dhiaidh aniar é. Nachar thúatach an mhaise dhó anois mé a leanacht mar sin
Cuirfidh sí siúd na póilíos in do dhiaidh aniar má chuireann tú aon-araoid uirre. 'Sí atá deas air
Bhí dhá mhíle de thosach agam air, ar a laghad ar bith, agus cé a d'fheicfinn in mo dhiaidh aniar ag dul isteach ag ceann Bhóthar na T. ach é. Ba mhaith an deifir a rinne sé sin
Chuir sí an-náire ar Ch. Chaith sí an lá in a diaidh aniar ar fud na G. ag sciolladóireacht uirre. Ní scarfadh sí uaithe ar ór ná ar airgead
Cé a bheadh in mo dhiaidh aniar ag dul isteach ag an Aifreann indiu ach é. Chuaidh sé ar a ghlúine le m'ais, agus go maithidh Dia dhom é, níor dhubhairt mé a dhath de m'urnaighe ach ag cogarnaighil leis ar feadh an Aifrinn. Tá sé malluighthe, agus níl aon-duine dhá mbíonn in a aice nach mbíonn malluighthe cho maith leis féin
B'aisteach an rud é sin, nacharbh aisteach. Deir sé gur chuala sé an choisméig (coiscéim) in a dhiaidh aniar aníos ar feadh an bhóithrín uilig. Sheas sé míle uair, agus sheasadh an choisméig freisin. Chinn air duine ná deoruidhe a fheiceál luath nó mall
Bhí sé in a diaidh aníos an bóithrín anocht
Nach raibh sé in do dhiaidh anoir
Beidh sé in do dhiaidh amach as an séipéal agus tapuigh é
+–
Tá a chois in a diaidh i gcomhnaí = fear a bheadh mór le bean agus a chothóchadh an tsáil aice
Níl goir aice a dhul taobh amach de dhorus nach bhfuil a chois in a diaidh
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhaca aonduine í i mbóthar ná i mbealach le cúig nó sé de bhlianta nach bhfeicfí eisean agus cois in a diaidh aige
+–
Ní raibh sé ariamh nach mbeadh cois indiaidh na h-uaisle aige = ag cuimilt leis an uaisle; fonn caidrimh leis an uaisleacht
Bhí cois indiaidh na h-uaisleacht' aige 'chuile lá ariamh
TUILLEADH (2) ▼
Ó, tuige nach mbeadh. Ghreamuigh dhó cois indiaidh na h-uaisle a bheith aige.
Caithfidh sé an chois a choinneál indiaidh na h-uaisle i gcomhnaí. Sin é a bhuac
+–
Tháinic sé anoir an bóthar agus cois indiaidh na cois' eile aige = ag siubhal go roighin, go támáilte, go tuirseach nó go tomhaiste; ag siubhal ar nós chuma liom faoi'n áit a mbeadh sé ag dul nó faoi an obair a mbeadh a phlé léithe an uair sin
Tháinic M. Ph. Sh. anoir indiu agus cois indiaidh na cois' eile aige. Déarfainn gur fear é a raibh braoinín ar bord aige
TUILLEADH (4) ▼
'Bhfeiceann tú anuas é; agus cois indiaidh na cois' eile aige. Síos tigh B. atá sé ag dul anois. Chuir an bhean amach ann é gan bhuidheachas. Is furasta aithinte air gur beag a fhonn atá air a dhul ann
'Bhfeiceann tú an chaoi a bhfuil cois indiaidh na cois' eile aige. Meastú an tuirseach atá sé. Is maith an scathamh go mbeidh sé ins an mbaile ar an deis sin
Tá drugal an mhíádha air a dhul siar anois ins an áit a bhfuil sé ag dul: tigh na deirbhshíre. Feacha an chaoi a bhfuil cois indiaidh na cois' eile aige. Choinneochadh adhastar sneachta as anois é. Ní bhíonn grásta ar bith aige a theacht anoir thar cheann an bhóithrín chor ar bith … aisteamhlacht. 'D'eile?
Déarfainn leis an gcaoi a bhfuil cois indiaidh na cois' eile aige nach lughar leis an sioc ná a dhul 'na chladaigh. Bíonn an-drugal aige roimh an gcladach i gcomhnaí. Guróir an-fhuar é. Dar príosta muis' níl an fheamainn an-te indiu
f.
ar chúl.
+–
Tá sé in mo dhiaidh-sa
D'airigh sé rud eicínt in a dhiaidh ar an mbóthar.
TUILLEADH (4) ▼
Is gearr in mo dhiaidh é. Níl a fhios agam nach h-é is goire dhom
Ní raibh sé mórán le míle in a diaidh. Is diabhlaí nachar scóth sé í
Bhí sé ag breathnú in a dhiaidh (in a dhiaidh siar)
D'fhéach sé in a dhiaidh siar agus chonnaic sé an fear ag teacht
+–
Tá sé ag teacht agus a thóin in a dhiaidh = duine a bheadh tuirseach seangthuighthe nó craiplighthe
'Bhfeiceann tú anoir é agus a thóin in a dhiaidh. Féachfaidh an spealadóireacht é
TUILLEADH (2) ▼
Tháinic sé trathnóna agus a thóin in a dhiaidh, th'éis a bheith trí lá imighthe dó. Is furasta aithinte air gur beag 'e chodladh a rinne sé ó shoin, má rinne sé néal ar bith. Nach bhfuil a fhios agad go maith gur le ól agus le ragairne a bhí sé sin ó shoin
Má spréidheann tú an méid sin coirce, tiocfaidh tú abhaile trathnóna agus do thóin in do dhiaidh. Dar mo choinsias tá stróic mhaith ins an méid sin
+–
Níl sé ach ag tarraint a chosa in a dhiaidh, de bharr a lae = tá sé buailte suas ins na cosa de bharr saothar an lae; tá sé tuirsighthe
Is beag le go raibh mé indon mo chosa a tharraint in mo dhiaidh abhaile. Sháruigh an t-aistir ar fad mé
TUILLEADH (2) ▼
M'anam a Dhia agus do Mhuire! Tá mé seangthuighthe. 'Sé a bhfuil mé indon a dhéanamh mo chosa a tharraint in mo dhiaidh. Dar fiadh, ní gan uí gan ó fataí a chur
Má tá tú indon do chosa a tharraint in do dhiaidh chor ar bith, ní loicfidh tú anocht. Beidh an-oiche ann — oíche go maidin. Tara uait ann!
+–
Fág do dhiaidh é
D'fhága sé an bhoichteanacht in a dhiaidh an lá ar phós sé = thug sé cúl do'n bhoichteanacht
TUILLEADH (6) ▼
Náire ortsa go deimhin! Is fadó an lá a d'fhága tú indo dhiaidh í = is fadó an lá ó a scar tú léithe
Ná caintigheadh sí ar náire liomsa. Is fadó an lá ó a d'fhága sí ina diaidh í
Fuair tú amach an té a mbeadh gnaoidheamhlacht ann. Mo chreach mhaidne, is fadó a d'fhága sé in a dhiaidh a raibh de ghnaoidheamhlacht ag siubhal leis. Diabhal a raibh de chailleadh air shul a phós sé, ach bhí sé bocht an uair sin. Cho luath agus a thosuigh an saoghal ag féithiú leis, chaith sé an bhoigshíneadh in aer
Do dhubhshlán an bhoichteanacht a shamhlú anois leis. Is maith an scathamh ó a d'fhága sé in a dhiaidh í. Dhíol sé an déirce mar adeir an ceann eile.
D'eirigh sé as an nathaidheacht sin. D'fhága sé in a dhiaidh í. Níl a fhios agam nach bhfuair sé a sháith di. Bhí sé ag tarraint an iomarca siothmálachaí air féin len a chuid deagh-chainte. Is maith an bannaí ar an teanga a mhic ó, corr-chriogaide a fháil
D'fhága sé an tsleamchúis sin ina dhiaidh an lá ar phós sé. Is fear sáthach críonna ó shoin é. Mhúinfeadh an bhean siúd aige ciall do na luchain. Mhúin sí ciall dósan ar aon-chor
+–
"Is fhearr breathnú amháin romhat ná dhá bhreathnú in do dhiaidh" (sean-fhocal) = is fhearr duit cuimhniú ar an rud atá fút a dheanamh, i riocht agus gurb í do chríonnacht a dhéanfá, ná a bheith in aithmhéala faoi agus é déanta agad. Ní miste dhuit cé'n smaoitiú a dhéanfas tú annsin air, bíonn an anachain déanta
Ní anois atá agad a bheith ag cuimniú air. Breagh nachar bhreathnuigh tú romhat shul a ndearna tú é. Is minic a chuala tú gur fearr breathnú amháin romhat ná dhá bhreathnú in do dhiaidh
TUILLEADH (7) ▼
Tá sé mall agad anois fios a bheith agad céard a bhí agad a dhéanamh, agus an rud déanta. B'fhearr dhuit breathnú amháin romhat an uair sin, ná dhá bhreathnú in do dhiaidh anois
Sásuigh thú féin go maith anois agus ná bí in aithmhéala aríst. Má ghníonn tú an pósadh uair amháin, níl aon-scaoileadh indán duit mara scaoilidh an bás thú, 'sábhálaidh Dia sinn. Mar sin, breathnuigh romhat go maith. Deir siad gur fearr breathnú amháin romhat ná dhá bhreathnú in do dhiaidh, agus go dtugann an duine dona dubh-léim. Má cheapann tú nach bhfeileann an bhean duit, fág 'do dhiaidh í. Sin é a bhfuil in a thimcheall
Níor bhreathnuigh sé roimhe féin in am. Anois bíodh sé ag breathnú in a dhiaidh go mbeidh sé tuirseach. 'S aon-mhaith amháin dó é
Marar bhreathnuigh sé roimhe, féadfaidh sé breathnú in a dhiaidh anois, ach sin é a bhfuil de mhaith dhó ann. Ní fheicfidh sé aon-sciúrtóg dhá chuid airgid go h-éag. Is maith nach mór do dhuine a bheith ins an áirdeall air féin ag plé le cneamhairí
Níor bhreathnuigh sé roimhe nó in a dhiaidh, ach imeacht leis gan méir a bhaint dhá shrón gur shiubhail sé isteach ins an teach
Ná breathnuigh romhat ná in do dhiaidh anois go dteighidh tú ann agus go bhfaghaidh tú é sin domsa
Níor bhreathnuigh sé in a dhiaidh amháin. Sin é an fear nach raibh mórán cumha air indiaidh an bhaile
+–
Céard atá muid a dhéanamh? Ag cruinniú romhainn agus ag bailiú in ar ndiaidh, a dheirbhshiúr = déarfadh dream nó duine é a bheadh ag cruinniú airgid, nó lucht iarrtha a gcodach etc.
Ag cruinniú romhainn agus ag bailiú in a' (ar) ndiaidh atá muid ó mhaidin. Má 'seadh féin is beag atá dhá bharr againn
TUILLEADH (2) ▼
Céard adeir tú! Ag cruinniú romhaib agus ag bailiú in' u' (bhur) ndiaidh! Tá faitíos orm nach bhfuil mórán le cruinniú ná le bailiú agaibh uaimse, ní ag ceasacht ar Dhia é, ach ní bheidh mé gortach faoi'n mbeagán féin
Tá muid ag cruinniú romhainn agus ag bailiú in ar ndiaidh ó mhaidin indiu; agus 'sé a bhfuil againn fós coróin. Tá faitíos orm nach mórán gnaoi atá ag muintir na h-áite seo ar a' (ar) gcuid spóirteannaí. Dhá dteigheadh fear thart l'aghaidh "elections" nó rud mar sin, is maith teann an spaga a bheadh trathnóna aige.
+–
D'fhága sé go leor airgid in a dhiaidh = len' udhachta; tar éis báis a fháil
An raibh mórán in a dhiaidh meastú? Cupla céad?
TUILLEADH (3) ▼
Sílim gur beag a bhí indiaidh Sheáin, ach bhí sé indiaidh an dearbhráthar eile — lán mála dhe
Tá tú ag déanamh airgid as éadan agus fágfaidh tú in do dhiaidh uiliog ar ball é. Dheamhan pighinn dhe a thiubharfas tú leat ach an oiread liomsa
D'fhága sé saidhbhreas na saidhbhreas in a dhiaidh, agus tá a chuid daoine muintreacha ag scliúchas faoi ó shoin. Is minic, 'ar ndú' a leig béal na h-uaighe rud le béal na truaighe
+–
Ní fheicfidh muid é sin, ach b'fhéidir go bhfeicfeadh an dream a thiocfadh in a' (ar) ndiaidh é
Ní chuirfidh mise mórán anró orm féin ag réidhteach talmhana. Déanadh an dream a thiocfas in mo dhiaidh a rogha rud = na línte atá le theacht
TUILLEADH (6) ▼
Ní raibh aon-rath air féin ná ar a chlann in a dhiaidh
D'fhan siad mar sin, agus a gclann in a ndiaidh
Chonách sin ort agus ar do chlann in do dhiaidh
Ní bheidh lá foráis air ná ar a chlann in a dhiaidh, mar fuair sé an t-airgead cho mí-dhlisteanach sin
Beidh feamainn ann indiaidh a bháis. Shílfeá nach mbeadh sé cho sanntach sin ag an saoghal
Diabhal bacadh a dhéanfas mise air, ná cuid dhe bhacadh: oibrigheadh sé leis. Beidh talamh ann indiaidh a' (ar) mbáis. Fágfamuid in ar ndiaidh uilig é, fágfaidh sin
g.
gan aon-duine in a dhiaidh: duine ar bith le obair a dhéanamh.
+–
Tá sé féin ag obair ar na bóithrí, agus gan aon-duine in a dhiaidh ins an mbaile ach an stóicín sin, nach bhfuil indon mórán a dhéanamh fós
Ní fhéadfainn an teach a fhágáil agus gan aonduine in mo dhiaidh. Cé a sheolfas bó nó gamhain?
TUILLEADH (9) ▼
Níl duine ar bith indiaidh an duine bhoicht sin, agus caithfidh sé a dhul ag saothrú in a dheidh sin
Nach maith an chiall agamsa é, nach bhfuil in mo dhiaidh ach girrseaichín nach bhfuil indon freastal ar bhó ná ar ghamhain
Is furasta dhó sin a bheith ag boithreóireacht, agus triúr riadairí in a dhiaidh. Ní hé sin don té é nach bhfuil duine ná deoraidhe in a dhiaidh
Dá mbeadh aon-duine in mo dhiaidh ghabhfainn in éindigh leat ar an bpuinte, ach níl ag baile ach mé féin
Má imigheann tusa cé a bhéas in do dhiaidh?
Ba deacair é sin a choinneál ins an mbaile roimhe seo, ach níl aonduine ina dhiaidh anois
Níor chás liom é dhá mbeadh aonduine in mo dhiaidh, ach níl ná geinealach an bhéil bheo — níl sin
Is lag lúbach an mhuirín atá in a diaidh — an bhean bhocht = máthair a fuair bás
Cailleadh óg í agus áilín ar aon-chéill in a diaidh
h.
greamuighthe, i bhfastódh.
+–
Bhí sí indiaidh Chloinn Mhac Confhaola sin ariamh = bhí an eitinn ionnta; ghreamuigh an eitinn dóib
Bhí an tsaint indiaidh an dream céadna 'chuile lá ariamh. Ba mhian leo a dhá láimh a chuir timcheall ar an saoghal agus é a bheith acu féin ar fad.
TUILLEADH (7) ▼
Ní raibh aon-lá ó rugadh an chéad-fhear aca, nach raibh an deagh-chaint indiaidh na n-Éamuinn sin. Ar chuala tú aon-nathuigheadóir beo mar Joe sin. Bhuel ní raibh tada dhá thais ag Pádraig, agus, 'ar ndú sean-Éamonn féin, deir an dream a chonnaic é nach raibh cinneadh go deo leis
Ní raibh aon-duine ar an bhfeadhain aca sin ar 'chuile thaobh nach raibh buadhannaidheacht eicínt de'n tsórt sin in a dhiaidh. Shílfeá dheamhan mórán ainis a bhí ionnta, agus in a dheidh sin féin d'eirigh fir thar cíonn le 'chuile dhuine aca … Bail ó Dhia ar do chuid spré. Cá bhfuighidís spré. Ní raibh a leithide aca. Ach bhí siad indon na fir a fhastú pé aca sin é
Tá an t-ól igcomhnaí indiaidh na Maidhceannaí. Is faisean é a bhí aca uiliog
Ní fhaca mé aon-duine de na Loideáin chéadna ariamh nach mbeadh an criotán sin ina dhiaidh. Bhí sé in a lionnán (leannán) ag Micil, agus ní fhaca tú Peait aon-lá ins an mbliain — an lá a mbeadh an fiach dubh ag cur a theanga amach cho maith le chuile lá eile — bheadh slócht air
Tá an nathaidheacht in do dhiaidh igcomhnaí. Níor scar sí ariamh leat. Dheamhan é muis ná go dteighidh na h-ordógaí ort
Nach diabhaltaí atá an ghaisce in a dhiaidh igcomhnaí. Tá muis, agus beidh. Ní bheadh sé beo, mara mbeadh an áibhéil bheag sin aige. Ach dheamhan dochar ann thairis. Duine soilgheasach é lá an anshógha
Mise imbannaí go bhfuil an forú in a dhiaidh. Is dual dó sin mar bhí sé indiaidh a athar féin
i.
in a bhéal, in a bhárr.
+–
Nach leis féin a chuid talmhan. Cé a thiocfas in a dhiaidh air? = cé a thiocfas in a bhéal (nó in a bharr) air; cé a éileóchas a bhaint dhe
Coinnigheadh sé a udhachta. Tuige nach gcoinneochadh. Níor chuala muide go raibh duine ar bith ag iarraidh a dhul in a diaidh air. Ní bheadh aon-ghoir ag aonduine a dhul in a diaidh air, ar aon-nós. Tá siad ro-fhada amach ingaol uaidh
TUILLEADH (3) ▼
Diabhal aithne air leis an gcaint atá air, nach duine eicínt atá ag iarraidh a dhul indiaidh an gharrdha sin air. 'Sé an frae é go deimhin. Ní fiú do sheacht mallacht é
Tá sé mall aca anois a dhul ina dhiaidh air, agus é dhá bhliain ann. Dhá dtapuighidís é an uair a tháinic sé isteach ins an ngabhaltas i dtosach, b'fhéidir go n-eireochadh leo a chur as amach, ach an rud a theigheas i bhfad, mar adeir an sean-fhocal teigheann sé i roighineadas
Coinnigh do shean-dúda lobhtha. Níl duine ar bith ag dul in a dhiaidh ort. Is suarach an éadáil é ar aon-chor ag aon-duine.
j.
igceann, idteannta.
+–
Cuir thú féin anois i ndiaidh an méid sin = cuir tuilleadh (cainte, airgid agus rl.) in a cheann sin
Dubhairt mise an méid sin de'n amhrán. Cuir thú féin in a dhiaidh sin anois
TUILLEADH (14) ▼
Sin é a bhfuil agamsa anois. Cuir thú féin in a dhiaidh sin
M'anam nach bhfuil mise indon cur in a dhiaidh sin, ná aon-fhear eile ins an teach sílim
"'Sóra mhóra mhóra agus óra mhíle grádh; tá bricíní in a mbuilcíní i bpluicíní mo ghrádh". Cuir thú féin in a dhiaidh sin anois
Thug sé gob géar do J. agus ní raibh J. indon cur in a dhiaidh = ní raibh sé indon a sháith de fhreagra a thabhairt dó
Cuirigidh in a dhiaidh sib fhéin anois = dúirt sé cupla líne d'amhrán agus d'iarr sé ar an gcomhlódar an chuid eile a rá ón áit ar eirigh sé féin as
Cuir in a dhiaidh sin anois thú fhéin má tá tú indon
Thug an mac go leor airgid as Sasana, agus chuir an t-athair in a dhiaidh, nó gur cheannuigh siad an talamh sin thuas a bhí ag P.K. Ba dona an áit ar chuir siad a seacht gcéad mar sin féin: é a shíneadh amach ar na caochphuill agus ar na cíocraí sin = chuir an t-athair in a dhiaidh; chuir sé in a cheann; thug sé an oiread do'n mhac, agus a bhí easbadhach air leis an talamh a cheannacht
Tá leath-choróin agamsa. Cuir thú féin in a diaidh, agus fágh leath-ghalún. Déanfaidh sin muid. Imeochaidh muid ar an dá luath agus a mbeidh an deoir deireadh dhe sin ólta
Thug M. deich bpunt dom agus chuir mé féin in a dhiaidh gur cheannuigh mé an bhó sin. Má cheannuigh féin b'olc an ceannacht a rinne mé, ní ag ceasacht ar Dhia é. Tá sí ag dul ó dháir ó'n lá ar ceannuigheadh í
Ní raibh a ndóthain aca féin leis an teach a chríochnú, ach chuir an deirbhshiúr siúd atá imighthe in a dhiaidh, agus críochnuigheadh annsin é. Chosain sé, idir 'chaon tsórt, trí chéad agus dá fhichead punt. Ba diabhaltaí an lab airgid é
Níl aon-mhaith in do dheich bpunt. Is mór eile a chuirfeas tú in a dhiaidh shul a thiubharfas mise an bhudóg duit. Ceann an eadh? Cuirfidh tú péire féin in a dhiaidh, agus slad-mhargadh a bhéas agad in a dheidh sin
Chúig phunt fhichead … Cuirfidh tú dhá phunt eile in a dhiaidh, agus tuilleadh agus dhá phunt. Seacht bpunt fhichead coróin. Sin é a fuair mé orra, gan cianóig aige ná uaidh
An bhfuil sé céad míle go Baile Átha Cliath, adeir tú. Cuirfidh tú scór eile in a dhiaidh. Tá sé sé scóir agus mílte corra. Ba mhaith an choisméig é ag duine dhá chois
Naoi seachtainí go dtí an lá cáirde. Ní mór duit coicís eile a chur in a dhiaidh. Tá sé aon-tseachtain déag ó arbhú indé. Chomhair mé aréir é
k.
imbealach a …
+–
Seod (seo) briseadh uaire ceart. Tá sí (an ghaoth) imithe síos indiaidh a tóna aríst = bhí sí ó thuaidh agus chuaidh sí ó dheas. Sén t-údar indiaidh a tóna gurbh ó dheas a bhí sí an chéad-uair sul a ndeachaidh sí ó thuaidh. Nuair a bhí sí ó thuaidh annsin, bhí a tóin mar a bheadh sí ó dheas
Tá an ghaoth chéanna an-luainneach. Nuair a bhéas sí thiar diabhal mé nach mbeidh sí achar ar bith nó go dteighidh sí soir indiaidh a tóna aríst ar ais = thoir a bheadh sí an chéaduair
TUILLEADH (1) ▼
Bhí lom gaoithe adtuaidh ann ag an trí a chlog ar maidin, ach ba ghearr go ndeachaidh sí indiaidh a tóna ó dheas
+–
Tá sé indon imeacht indiaidh a thónach ar fud an tighe ach ní fhaca mé é ag iarraidh a dhul ag lámhacán fós. Is fhearr leis ag tónachán leis mar sin
Bhí an oiread ólta aige agus nach raibh sé indon eirghe, ach bhí sé ag imeacht indiaidh a thónach ar fud na cisteanaighe, agus indon a dhul go dtí an leath-bhairille. Ba ghráin shaoghalta é.
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sé ag dul siar indiaidh a thónach ariamh ariamh nó gur tháinic sé salach ar an mbuirdín a raibh na piontaí againn, agus chuir sé in aer é. Mo léan géar níor thairg sé deoch eile a thabhairt duinn in a n-omós, ná na gloineadhachaí a íoc le bean an ósta. Bhí sé spleadhach go leor, ach ba i ngan-fhios dhá phóca sin
Níor chomhnuigh sí ag dul indiaidh a tónach gur leag sí brúisc de'n chlaidhe. Amach léithe annsin agus as go bráth léithe ins na feire glinte. Ní fhaca tusa siubhal faoi rud ar bith ariamh mar a bhí fúithe. Shíl mé nach mbeadh a tuairisc in Éirinn ná in Árainn trathnóna
Níl dorus ar bith indon seasamh léithe. Pé'r bith caoi ins an domhan a gceangluighim í, ionnsuigheann uirre ag dul indiaidh a tóna, nó go bhfaghaidh sí leigean ar an dorus. Tiubharfaidh sí na cosa deireadh annsin dó, agus chaithfeadh sí an oíche ar fad dhá chiceáil nó go mbrisead sí é ar uain nó ar éigin
+–
caithte amach indiaidh a bhéil = cromta nó claonta amach; gan é a bheith díreach, ach an cloigeann nó an t-éadan roimh an gcuid eile de'n cholainn i gcomhnaí, agus é ag siubhal.
Ar ndú' ní thiubharfadh aonduine beo a inghean dó. Tá sé caithte amach indiaidh a bhéil ar fad. 'Sé mac J. T. Mh. déanta é. Dheamhan bean a gheobhas ceachtar aca go bhfaghaidh Pól a shúil
Tá sé cho caithte amach indiaidh a bhéil agus atá mé féin, atá in mo shean-fhear chríon liath, th'éis nach bhfuil annsan ach fear óg. Shílfheá go ndíreóchadh sé é féin thairis siúd. Téarma a bhí a thabhairt ins an arm dó. Dhíreochadh neart maide annsin é
TUILLEADH (2) ▼
Tá tóin siar aisti, agus í caithte amach indiaidh a béil, agus crom-shlinneán uirre … Céard nach bhfuil uirre, ní ag baint fogha ná easbaidh aisti é
Is fhearr liom caithte amach indiaidh mo bhéil féin, na basaighil a bheith ionnam mar atá ionnadsa. 'Séard a theastóchadh uaitse treabhsar a dhéanamh duit, nach mbeadh air ach aon-chois amháin. Chlúdóchadh sé do chuid basaighle
+–
D'fhéach sé indiaidh a chúil = bhreathnuigh sé siar thairis
Is minic é ag breathnú indiaidh a chúil
TUILLEADH (8) ▼
Indiaidh a chúil a bhí sé ag dul
An bhfuil tú indon scríobhadh indiaidh do chúil = siar
Chuir sé indiaidh mo chúil mé nó go raibh mé amach an dorus aige. Scaoil sé amach annsin mé, ach ar an dá luath agus ar scaoil nach gcuireann sé tuiric ionnam, agus nach gcuireann sé anuas ar chúl mo chinn ar an tsráid mé. Deirimse leatsa nachar éiligh mise a dhul isteach níos mó. Ní raibh aon-mhothú ionnam go ceann leath-uaire ar aon-chor
Chuirfeadh fear ar bith indiaidh a chúil é, ach cá'il an té atá indon breith isteach air, ná dorna a sheasamh dhó
'Séard atá agaibh a dhéanamh an comhra a bhrughadh indiaidh a chúil agus a cheann a thabhairt amach mar seo. Is fusa sin a dhéanamh leis i dtosach ná a bheith ag iarraidh a ionntú 'nuair a bhéas sibh dhá thabhairt amach an dorus
Bhuail faitíos mé leis an gcaoi a raibh sé dhá chur indiaidh a chúil, gur rún a bhí aige é a leagan ar shlatrachaí a dhroma ins an teine
Dheamhan a fhios agam ach an oiread leatsa céard a bhí sé ag iarraidh a dhéanamh leis an gcarr, agus dheamhan agus móide a raibh fhios aige féin é dhá dteigheadh sé go dtí sin, ach bhí sé dhá chur indiaidh a chúil ariamh ariamh go ndeacha an seafta isteach i bhfuinneoig J. Th. Sin é an uair a thosuigh na h-ollghártha istigh
Bhí an-spóirt ar an bportach indiu. Rug J. ar bharra T. Sh. agus bhí sé ag ealadhain leis agus hébrí cé'n chaoi ar eirigh leis é a chur indiaidh a chúil, nachar thuit sé síos ins an bportach. Chuaidh T. Sh. ingeallta. Dar an leabhar dá mbeireadh sé ar J. ghabhfadh sé síos i mullach an bharra
+–
D'imigh leis indiaidh a chinn roimhe = gan áit áirid ar bith a bheith aige le dhul, ach imeacht roimhe le toildheona Dé (chonnaic mé [an] leagan imbéal a chinn roimhe, ach indiaidh a chinn roimhe atá againne)
Chaith an t-athair amach é gan oiread agus a bheannacht a thabhairt dó, agus d'imigh leis indiaidh a chinn roimhe. Casadh ag obair ag céithearnach láidir é a raibh inghean aige. Birín aon-tsúil a bhí ins an inghean agus nachar ghlac sí grádh dhó, agus nachar phós sí é. Tháinig sé ar ais annseo ar cuairt suim achair blianta in a dhiaidh sin, agus é in a dhuine uasal. Ba mhaith an mhalrait aige sin é. Deir siad gur fearr an t-ádh ná eirghe go moch
TUILLEADH (8) ▼
Ghread leis indiaidh a chinn roimhe. Bhí an oíche ag teacht air agus an lá ag imeacht uaidh nó gur tháinig sé go dtí teach scolóigín a bhí chois an bhóthair
Níl aige le déanamh anois ach imeacht indiaidh a chinn roimhe ag tóraidheacht a fhortúin mar a ghnídís fadó. Is beag an tsamhaoine dhó ar aon-chor fanacht annsiúd níos fuide
An ag imeacht indiaidh do chinn romhat atá tú, nó céard a thug an bealach seo thú
Imighim indiaidh mo chinn romham mar sin scaithtí, ag fálróid liom.
Ná cuirigidh an iomarca araoid air. Tá sé dubh-stuacach. Dheamhan a fhios agaibh nach imeacht indiaidh a chinn roimhe a dhéanfadh sé. Dhéanfadh ar an toirt, dhá gcaitheadh sé in a cheann é. Is air nach mbeadh an mhoill
Chaith sé an oíche ag imeacht indiaidh a chinn roimhe ins na sráideannaí, agus gan aon-fháil aige ar a theach lóistín nó go ndéanadh sé lá. Níorbh fhéidir áit ar bith a dhéanamh amach ann ag an dubhachan eile sin — an "black-out"
Is minic ariamh a ghlan fear leis indiaidh a chinn roimhe agus ní fhaca sé aon-lá de'n ádh ariamh ach é. B'fhéidir go dtiocfadh an té sin abhaile blianta in a dhiaidh sin agus é in a ridire. Ní bheadh sé ach beo bocht, dhá bhfuirigheadh sé ins an mbaile i gcomhnaí
B'fhearr dhom imeacht indiaidh mo chinn romham, agus gan an baile a thaobhachtáil aríst go bráth ná a bheith ag iarraidh a bheith baint cheart amach ins an teach sin, nuair nach féidir aon-cheart a bhaint daob (díob)
+–
Cuireadh amach indiaidh a mhullaigh ins an bhfairrge é = caitheadh amach é, agus ba é a chloigeann a chuaidh ins an bhfairrge ar dtús; head-foremost
Chuir sé indiaidh a mhullaigh amach ar an tsráid é. Tá an-ghearradh annsin ar a ghruaidh slán an tsamhail. Bhí sé sáthach maith aige, agus an sceaimhínteacht a bhí air féin
TUILLEADH (4) ▼
Caitheadh indiaidh a mhullaigh de'n bhicycle é, agus fhobair gur briseadh a bhaithis in éadan an chlaidhe. Ba mhaith a chuaidh sé as nach rinneadh (ndearnadh) a lá. Dhá mbeadh sé scaithín eile le fánaidh, níl a fhios agam cé'n chaoi a mbeadh sé aige
Chuir sé tuiric ionnam, agus caitheadh indiaidh mo mhullaigh mé isteach i dtom neanntóg atá ar cholbh an bhóthair ann. Bruitheadh agus loisceadh mé ceart críochnuighthe. Bhí sé ag faire ariamh, nó gur tháinic sé fúm gan aireachtáil, agus gan fios rúin ná soiscéil agam. Beidh a shliocht air: ní ghabhfaidh leis. Tiubharfaidh mise an buille feill dó-san, agus gan cuimne ar bith aige air
Is fánach an tsiocair a bhí aige. Dheamhan blas ach iad a bheith amuigh ag déanamh spraoi ingarrdha atá annsiúd chois an bhóthair trathnóna Domhnaigh. Bhí seisean ag rith, agus cuireann duine de na gearr-bhodaigh — mac le P. É — cois roimhe. Caitheadh amach indiaidh a mhullaigh é, agus rug splinnc cloiche a bhí aníos ar an talamh annsin air, slán an tsamhail. Níor mhair sé achar ar bith. Sin é an áit is éalannaighe in do cholainn — an chamóig ara. Tá contabhairt ar dhuine i gcomhnaí, má fhaghann sé priocadh ar bith annsin
Bun crainn a thruisleáil mé agus a chuir in diaidh mo mhullaigh isteach i gcrích mé. Níor fágadh liobar leathair ná liobar éaduigh orm ach níor chás dom é agus a theacht cho saor sin as. Tá an áit ar fad faoi bhunannaí crainnte agus faoi chlocha, agus is fánach an chaoi a bhfuigheadh duine droch-threascairt ann. Ní leithne an t-aer ná an timpiste adeir siad
+–
a dhul indiaidh a mhullaigh ins an bpósadh = a dhul ann go giorraisc, nó gan breathnú roimhe.
Chuaidh sé indiaidh a mhullaigh ann agus tuilleadh ghéar de'n diabhal aige! Ní raibh sé gabhthach le comhairle, agus tá a shliocht air anois. Bainfidh sí siúd deatach as. Ní raibh breith bonn báis aige nó go bpósfadh sé í sin. Spéir na gréine a bhí innte a mhic ó, má b'fhíor dó féin. Déanfaidh sí siúd spéir na gréine dhó (dhe) shul a bhéas sí réidh leis
Bíodh foighid agad. Níl maith ar bith dhuit a dhul indiaidh do mhullaigh ann. Glac staidéar. Nachar chuala tú ariamh é go bhfuil iasc ins an bhfairrge cho maith agus a gabhadh fós
TUILLEADH (1) ▼
Fainic anois a dtiocfá indiaidh do mhullaigh ann. Tabhair ionbhadh dhuit féin, agus ná bí in aithmhéala aríst. In a dhiaidh a fheicthear do'n Éireannach a leas. Níl aon-mhaith insan obair sin. Do leas romhat agus go mbeiridh tú air, mar adeireadh M. Ph. Mh. fadó
+–
Bhreathnuigh sé orm indiaidh a leicinn = leathtaobhach, taobh a leicinn; side glance
'Bhfaca tú an t-amharc mí-chéadtach a thug sé orm indiaidh a leicinn 'nuair a rinne mé a shamhlú leis go mbadh cheart dó iasacht an bhicycle a thabhairt dom le dhul go dtí damhsa cros-bhóthair ar an mB. Á. Shílfeá gur méir a chuir mé faoin a shúil. 'Ar ndú mo léan, 'chuile shórt aige sin ach damhsa cros-bhóthair!
TUILLEADH (7) ▼
Ní bhreathnóchaidh sé díreach chor ar bith ort ach indiaidh a leicinn. Ní fhaca mise a leithide de phúcaighil ar aon-duine ariamh. Do dhubhshlán, déan amach céard atá in a intinn aon-uair.
'Bhfuil a fhios agad an fear sin thuas ag T. Mh.: an luisneachán mór sin a bhfuil an chlaon-fhéachaint ann agus a bhíos i gcomhnaí ag breathnú indiaidh a leicinn ort. Chreidim nach bhfuil aon-neart aige air sin, gurb í an chlaon-fhéachaint is cionntaighe leis. Súile corr-cáimín a bhaist P. Ú. air: mar dhóigh dhe go bhfuil a shúile mar bheadh maide corr cáimín ann. Diabhal mé gur duine fáilidhe é sin, agus nach gcreidfeá ach cho gnaoidheamhail agus atá sé le duine ar bith a mbeadh aon-bheann aige air
Níl a fhios agam an mbeidh sé an-fhada anois go dtugaidh póilí Á. geábh aniar indiaidh mádraí nach bhfuil íoctha. Chonnaic mé é ag breathnú indiaidh a leicinn orm indiu, agus mé ag dul amach thairis. Ní mór daoib a bheith ar 'u' (bhur) son féin — duine ar bith a bhfuil madadh aige nach bhfuil íoctha
'Bhfaca tú ariamh é ag caitheamh amach smugairlí indiaidh a leicinn. Ní bhíonn sé ach ag ealadhain, ach chuir sé déistean ar ghaedhilgeoir a bhí annseo anuiridh. Ní fhéadfad sí fanacht ins an áit a mbeadh sé chor ar bith
Tá sé thíos annsiúd ag cur deatach amach as an sean-dúda indiaidh a leicinn, agus ag innseacht faoi "bhliain annseo a raibh garrdha an tS. curtha agam, agus nach raibh aon-fhata ann ní ba mhó na cubharláin lá Fhéile San Seáin, agus go raibh siad cho mór le turnapaí Domhnach Chrom Dubh." Má tá an scéal sin cloiste agam uair, tá sé cloiste agam míle uair
Bhreathnuigh sé orm indiaidh a leicinn, agus shílfeá gur brath mhór a bhí aige beannú dhom, ach níor bheannuigh ina dheidh sin. Is minic ar an deis sin le goirid é. Is fada leis go mbeannuighidh mé dhó, ach dheamhan beannú muis, ná cuid de bheannú, dhá gcailleadh sé síol a chlainne ag súil leis. Fuaraigheadh sé anois ins an gcraiceann céadna ar théigh sé ann cheana
Ní bhreathnóchadh sí díreach ort ar bhás an domhain, ach ag iarraidh thú a dhearcadh indiaidh a leicinn ingan fhios.
+–
ag dul indiaidh a leath-taoibhe = sideways
Bhí sé ag dul indiaidh a leath taoibhe nó go ndeacha sé síos ins an trínnse atá ar cholbh an bhóthair
Nuair a bhaintear geit ar bith aisti, níl a dhul ar a cúl ná ar a h-aghaidh aice ach indiaidh a leathtaoibhe go dteighidh sí ins an gclaidhe. Tá an míádh mór uirre, tá sí cho giogach sin
TUILLEADH (7) ▼
Dhá dteagadh sé isteach idteach anois, agus dhá seasadh sé ar an taobh sin, tá sé d'fhaisean aige a bheith ag dul indiaidh a leathtaoibhe go bráth go mbeidh sé thall ar an taobh eile. Ní chuimnigheann sé air féin leis an bhfalrach a bhíos ann ag ceartú dhuit. Leag duine de na gearrbhodaigh an cíléirín roimhe i lár an teallaigh lá a raibh sé istigh annseo, agus níor airigh sé go bráthach é go dtáinic sé salach air, agus baineadh treascairt as, agus shíl mé go raibh sé basctha istigh ar an teallach againn, mar caitheadh anonn ins an gclúid thall é
Tabhair faoi deara é má fheiceann tú ag "bacsáil" aríst é. Cuirfidh mé geall leat, nach dteigheann sé an ionga féin ar a chúl ná ar a aghaidh, th'éis go mbíonn sé ag corruighe. Ag dul indiaidh a leathtaoibhe i gcomhnaí a thugas sé an iarraidh do'n fhear eile, agus tá iarraidh mharbhthach aige freisin, an uair a thogróchas sé é
Níl gnatha ag aon-duine a dhul a chodladh in aon-leabaidh leis sin, mar bhfágaidh sé an leabaidh faoi féin. Tosuigheann sé ag coigilt agus ag rómhar agus ag dul in diaidh a leathtaoibhe, nó nach mbeidh agad ach binnín bheag bhídeach amuigh ar colbh. Má thugann tú cead a chinn dó annsin, an chéad áit eile a mbeidh tú, ar an talamh. Cé'n bhrigh ach go dtosuighidh sé ag srannadh. Shílfeá a dhearbhráthair ó gurb í "Johanny Mary na dtrí gcrann" mar adeir an t-iascaire "a bheadh ag seoltóireacht i mullach an tighe".
Cuireadh an churrach isteach indiaidh a leathtaoibhe ar an gcarraig, agus dheamhan ar h-ionntuigheadh í th'éise sin. Marar h-ionntuigheadh bhí an tseamair Mhuire aca. Dhá dteigheadh sí oiread na fríde eile isteach bhí lá soir déanta orra
Dhá mbeitheá ag siubhal an bhóthair bonn ar aon léithe, diabhal easna di nach mbeadh ag sníomh ar chuma eicínt indiaidh a leathtaoibhe nó go gcuireadh sí isteach ar an móinín bán thú. Ní thugann sí féin faoi deara chor ar bith é. Ba deacair dhi agus an síorádh a bhíos uirre
An bhfeiceann tú an áit a bhfuil lorg an rotha. Níl sé orlach ó bhruach. Ba bheag eile muis a ghabhfadh sé indiaidh a leathtaoibhe ins an am a mbeadh sé thíos ins an bhfiodán. Dar dia-guidhe muise, dhá dteigheadh sé síos, ní chuirfeadh Goll Mac Móirne aníos aríst é. Diabhal cur ná cuid de chur
Aithnighim go maith air go mbeidh sé ag dul indiaidh a leathtaoibh mar siúd, nó go dteighidh sé isteach dorus Ph. Sin í an chluanaidheacht atá air. Ag iarraidh sciorradh isteach inganfhios mar dhóigh dhe. Nachar chuíbheamhla dhó go fada bualadh isteach agus a phionta a ól ná a bheith ar an aisiléaracht bheag sin
+–
D'fhéach sé indiaidh a ghualann = siar thar a ghualainn, nó i leathtaobh thar a ghualainn
Hébrí cé'n breathnú a thug mé indiaidh mo ghualann nach bhfaca mé in a phlíoma annsin é, ag féachaint idir an dá shúil orm. "Shíl mé gur fhága mé thusa in mo dhiaidh ins an mbaile" arsa mise. "Ní h-amhlaidh" arsa seisean. "Tusa a d'fhága mise in mo dhiaidh ins an mbaile"
TUILLEADH (6) ▼
Shílfeá muise, go raibh imní air, go mbeadh na buachaillí báire a bhí thiar ag doras an tseomra ag cláradh na mná, mar thugadh sé corr-bhreathnú cráidhte siar in diaidh a ghualann. Sin é an sórt duine é. Dar leis, tá 'chuile dhuine ins an bhfaire ar an mbean. Ní len a breaghaichte é muis, ach an oiread liom féin
Tá faitíos air go bhfuil aon-cheo dhá chaitheamh inganfhios air ins an seomra. Feacha an deis atá air ag breathnú indiaidh a ghualann. Is diabhlaí an conuas fir é. D'ólfadh sé tae eile anois aríst dhá bhfaghadh sé é, th'éis nach bhfuil sé ach indiaidh eirghe ó tae
Cuirfidh mise ó bhreathnú indiaidh do ghualann thú, má theighim síos cho fada leat. Scread mhaidne ort a ghiolla na buinnighe, is beag a mhillfí ort, nuair a chuirfeá ins na gath scití é. Is beag a bhéarfadh air fuagairt orainn anois, scáth aithgiorra a dhéanamh thrí phóicín de thalamh bán. Dhá mbeadh casán trín a chuid cuir mar tá thríd an gcur se'againn féin, bheadh údar clamhsáin aige.
Airigheann sé seo soir priocadh in áit eicínt. An bhfeiceann tú ag breathnú indiaidh a ghualann é.
Bhí sé i gciúin-chomhrádh liom thíos ag ceann an bhóthair, agus ní fhaca tú aon-fhear go h-iomaidh ba spleodaraighe ná é. Maidir le scéalta bhí siad aige: bás na caillighe, pósadh na mná óige, cogadh, aontaigh agus eile. Ach hébrí cé'n dearcadh a thug sé indiaidh a ghualann, nach bhfaca sé T. Sh. ag déanamh againn (chugainn) aníos. Níor fhan sé leis an bhfocal a bhí ar a theanga a chríochnú, ach baint as soir an bóthar. Níl trust ar bith aige as T. ó'n oíche fadó ar ionnsuigh sé é ag teacht aniar ó'n R.
Tá cuíbheamhlacht mhór ins na mná atá ann anois! Go bhféachaidh an t-Athair Síorraidhe ort a mhic ó, níl ort ach breathnú indiaidh do ghualann ar dhuine aca, agus tá sí agad ar sheol na braiche. Ach má chuireann sin an iomarca anró ort, níl call duit an oiread sin féin a dhéanamh ach fead a leigean. Sin é do dhóthain
·
Bhí mise lá thiar i dT. an Fh. agus mé ag tóraidheacht áit a dtugann siad an D. D. air. Casadh sean-fhear dom ag cros-bhóthar ann. Sean-fhear breagh gaedhealach i gcosamhlacht. "Cé'n áit annseo a bhfuil an D. D." adeirim féin. 'Bhfuil a fhios agad cé'n freagra a thug sé orm. Is beag bídeach nachar thuit mé as mo sheasamh. Cé'n bhrigh ach sean-fhear mar é. "Teirigh indiaidh do shrúine (sróine)" a deir sé "agus déanfaidh sí eolas duit." "Ná raibh maith agad, agus ní hé amháin" adeirimse … B'fhearr ná sin an rud a chuala mise ag fear as D. Fh. a tháinic ag damhsa thuas tigh Mh. Bh. Bhí an ghráin shíorruidhe ag M. B. ar fhear ar bith taobh thiar de'n Ch. Shaghd muid fhéin i bhfear Dh. Fh. é. "Céard a chas thusa annseo indiaidh do mhullaigh" adeir M. B. "Ní indiaidh mo mhullaigh a casadh ann mé, ach indiaidh mo ghléis" adeir an fear aniar
+–
Indiaidh a tosaigh a theigheas ceann de [na] soithigh sin síos i gcomhnaí.
'Bhfuil tú ag iarraidh an tlú sin a chur isteach ann. Bhuel má tá, sáith isteach indiaidh a phuintín é. Níl maith ar bith dhuit an brionglán a chur ann
TUILLEADH (7) ▼
Is fhearr dhuit an láighe a chur ins an talamh indiaidh a feac agus ní indiaidh a h-iarainn. Coinneochaidh sí an ghreim ar an gcaoi sin.
Sac an scian ann indiaidh a coise
Bhrugh sé an maide láimhe indiaidh a chaimín siar in a bhéal
Cuir isteach í indiaidh a crainn. Féadfaidh tú lann na speile a fhágáil taobh amuigh, agus greim a choinneál uirre agus ní bheidh a dhath clóic' uirre
Cuirigidh isteach í indiaidh a deireadh (curach) = a deireadh a chur 'un tíre idtosach
Níor fhéad muid a cur 'un tíre ach indiaidh a deireadh
Indiaidh a dhroma a theigheas sé isteach ins an leabaidh (Feic druim)
l.
ag seoladh, ag cinnireacht.
·
Chuaidh sé indiaidh na mbeithidheach ar ball = dá seoladh, dhá dtabhairt abhaile nó ag giollaidheacht orra
Tá sé thar am ag duine eicínt a dhul indiaidh na mbeithidheach, maran lib a bhfágáil amuigh go maidin
+–
'Sé a bhíos indiaidh an chapaill agus an chairr igcomhnaí = ag cinnireacht an chapaill agus í faoi'n gcarr
Níl duine ar bith aice anois le dhul in diaidh an chapaill. Caithfidh an bhean bhocht a díol
TUILLEADH (5) ▼
Níl mo dhóthain lúid ionnamsa feasta choidhchin le dhul indiaidh capall agus carr. Tá sé in am ag duine agaibh féin anois a bheith indon ceart a bhaint daob (díob)
Níl a dhóthain aoise ag an stócach sin fós le dhul indiaidh capaill, dá mbeadh sí buille meargánta chor ar bith. Is beag an baoghal
Caithfidh sé a dhul indiaidh an chairr indiu. B'fhéidir ambáireach faoin a bheith slán duinn, go bhféadfadh sé a dhul leat
Chonnaic mé carr ag dul siar indiu agus gan duine ar bith in a dhiaidh mara raibh duine eicínt in a chodladh istigh ins an mbosca
Dheamhan fear faoi'n mbogha bán agus is mór an rud le rádh é, is measa ná é indiaidh cairr. Dhá bhfeiceadh sé an capall cineál spéireamhail chor ar bith, 'sé mo mheas go bhfágfadh sé annsin í agus go rithfeadh sé thar claidhe
+–
Chaith sé an samhradh indiaidh an asail = le obair áirid eicínt, cuirim i gcás ag tarraint mhóna, fheamainne nó aoiligh nó a leithide
Cá'ide go mbeidh aon-mheisneach agad a dhul indiaidh an asail
TUILLEADH (2) ▼
Is iomdha a leithide ar fud na mbailteachaí atá indiaidh asail le dhá bhliain
Ní fhéadfaidh sé a bheith indiaidh an asail agus a bheith ag an scoil. Deir siad nach bhféadann an gobadán an dá thráigh a fhreastal
m.
ar thí, ar thóir, ar lorg.
+–
Is minic a bhíos sé indiaidh bradáin = ag lorg, ar thóir bradáin ins an abhainn
Indiaidh bradáin — ag saghdadh — a bhí tú aréir
TUILLEADH (15) ▼
Tá sé indiaidh coiníní
An bhfuil aon-chúis leis an gcú sin indiaidh girrfhiadhachaí?
Céard a chas aniar an scramaire sin. Indiaidh ban is dóigh
Tá sé an-mhór indiaidh cailíní le goirid
Ní theagann iabh ar bith anois air ach indiaidh mná
Indiaidh poitín atá sé. Sin é a thug annseo é = ar lorg poitín len a ól, nó má's póilí é le breith air
Cé'n meanmna a chas aníos chugainn é! Cheal nach bhfuil a fhios agad. Indiaidh óil. D'eile. Shíl sé go mbeadh aon-bhrabach orainn. Bailigheadh leis anois. Dhá dtuiteadh déidín aige ag súil leis, dheamhan deoir a gheobhfadh sé annseo
Indiaidh damhsaí a thug sé sin an tabhairt sin air féin anois. Nach hé an t-amadáinín é a theacht dhá mhíle dhéag bealaigh ar an gcuntar sin
Indiaidh "dole" atá an boc sin. Ní fhágann sé tigh an mháistir chor ar bith le seachtain, ach é dhá choinneál ag scríobhadh, i gcomhnaí, i gcomhnaí
Indiaidh airgid atá sé. M'anam marach gurb eadh, gur beag an luadh a bheadh aige sin trí lá a chur amú thíos ins an teach sin. Dheamhan baoghal a bheadh air
Indiaidh an airgid a bhíos 'chuile choir. Cá'il an té a ghabhfadh i gcontabhairt a chrochta marach an t-airgead
Is diabhlaí an tsaint a bhíos indiaidh an airgid ag cuid de na daoine. An bhfeiceann tú an rud a rinne sé sin thoir?
Indiaidh an airgid atá sé agus ní indiaidh na mná. Sin é grádh na h-ailpe
Is cóir adeir siad gur indiaidh an tsolamair a bhíos an grádh. Phós sé an ágóidín sin le saint in a cuid airgid. Is mór an feall in a dheidh sin féin a mhacsamhail d'fhear bhreagh a chur amú léithe
Is géar atá mé indiaidh mo shásamh a bhaint amach = tá mé ag lorg dioghaltais
+–
Tá na póilíos in a dhiaidh = ar a thóir
Chuir sé na póilíos in mo dhiaidh = ar mo thóir.
TUILLEADH (6) ▼
Shaghd sé an madadh gur chuir sé indiaidh na gcaorach é = ag rith in a ndiaidh
Tá mise in do dhiaidh a bhuachaill, agus ní chomhnóchaidh mé choidhchin go mbainidh mé sásamh dhaot (díot)
Is fada in do dhiaidh mé ach tá tú agam ins an deireadh. Cuir dhíot anois
Ní fhaca mé aon-fhear ariamh a chruthuigh cho maith leis, lá agus go raibh an Búrcach an fhad ina dhiaidh, gur thug sé an eang leis uaidh.
Tá an buachaill in do dhiaidh = tá tú i dtús slaghdáin
Bhí a fhios agam ar a theacht abhaile dhom aréir go raibh an buachaill in mo dhiaidh = an slaghdán orm
n.
ceanamhail, tóireamhail ar.
+–
Tá mé indiaidh greim a fháil ar an leabhar sin le fada = tá mé indiaidh an leabhair; bhí fonn orm a fháil le fada (feic "tá mé in a dhiaidh air")
Tá mé indiaidh é a fheiceál le dhá lá, ach chinn orm in a dheidh sin
TUILLEADH (3) ▼
Is fada mé indiaidh buille a fháil ar an gcarachán sin, ach níor casadh in mo bhealach ceart é in a dheidh sin
Sílim go bhfuil sé indiaidh seans a fháil ar T. Má fhaghann tiubharfaidh sé bóthar dó
Bhí sé indiaidh deis a fháil ar an talamh sin le tamall. Tá sé aige anois
o.
giollaidheacht a dhéanamh, aire a thabhairt.
+–
Breathnuigh in a dhiaidh sin, nó mara bhfuil mise ag dul amú go mór, is fear é a bhfuil rún aige droch-chor a thabhairt dhó féin = tabhair aire dhó; bí ins an áirdeall air
Ní raibh duine ar bith le breathnú in a diaidh, agus cuireadh isteach ins an "bpoorhouse" í faoi dheireadh
TUILLEADH (6) ▼
Caithfidh mé breathnú indiaidh na bó sin = aire a thabhairt di; a bheith ins an áirdeall uirre
Níl breathnú ar bith indiaidh na bhfataí agaibh agus gan a fhios agaibh nach leathta ins an bpota atá siad agus an dabhach teine atá fútha. Dubhairt mé lib a dtógáil cnag-bhruithte
Is beag a bhreathnóchas in mo dhiaidh féin ná indiaidh mo chloinne, má thárluigheann tada dom choidhchin, 'sábhálaidh Dia sinn. 'Sé an chaoi a bhfuil sé ins an saoghal seo, mara mbreathnuighidh 'chuile dhuine in a dhiaidh féin, beidh sé ar deireadh
Níl call breathnú indiaidh móna ná tada ar an aimsir seo. Triomóchaidh sí uaithe féin agus an spalpadh atá ann
Níl breathnú indiaidh aon-cheo ag S. anois. Tá sé ag fágáil 'chuile shórt fútha féin. Bhí sé in am aige ciall a theacht dó, agus gan a bheith dhá shárú féin 'scáth a bhuidheachais. Is fhearr go deireannach ná go bráth mar sin féin
Shílfeá nach bhfuil breathnú ar bith indiaidh na gcaorach sin, ach cead aca a rogha rud a dhéanamh. Bhí siad thoir ar chuid J. T. Mh. indiu. Mise imbannaí má bhíonn 'u' gcuid féin foghluighthe gur maith gasta a bhéas sib amuigh dhá fhuagairt
p.
aithmhéala, brón, diomdha.
+–
Tá caitheamh in a dhiaidh agam (orm freisin) nach raibh mé ann in am, arae ní mar sin a bheadh sé dhá mbeinn = brón, aithmhéala, diomdha orm (fuaim: caith. níl thairis sin ann. Sin í fuaim an fhocail caitheamh i gcomhnaí, go fiú agus an uair a bhíos guth in a dhiaidh)
Bhí an-chaitheamh in a dhiaidh aige nach bhfaca sé T. Bhí sé dhá thóraidheacht, ach níor eirigh leis a fheiceál in a dheidh sin fhéin
TUILLEADH (14) ▼
Cé'n mhaith dhuit caitheamh in a dhiaidh a bheith ort anois. An uair a bhí agad do ghnatha a thapú, níor thapuigh tú í, agus ó thárla nachar thapuigh tá tú as anois
Bhí an-chaitheamh in a dhiaidh agam an uair a d'imigh sé = cumha
Tá caitheamh mhór in a dhiaidh agad go deimhin!
"Báitheadh Tom agus Peadar orm agus bhí caitheamh mhór agam in a ndiaidh" (Currachaí Thír an Fhiaidh)
Ní raibh an oiread caitheamh indiaidh aonduine dhár thóig mé ariamh agam agus a bhí agam indiaidh Sheáin. Chuir sé duibhthean ar mo chroidhe an lá ar fhága sé an teach amach
B'fhéidir inDomhnach go bhfuil caitheamh indiaidh na scoile air
Tá an slaghdán dhaot (dhíot) agad anois. Shílfeá gur ag caitheamh in a dhiaidh atá tú. Dar príosta b'fhéidir gurb eadh!
'Sé a bhfuil de chaitheamh in a diaidh agam nachar chuir mé olc uirre tí (ní) ba mhinicí! B'fhurasta sin a dhéanamh
Ná déan. Fág len a anshógh féin é. Ní beag dhó a bhfuil air. Má thugann tú aon-iarraidh dhó, b'fhéidir gur caitheamh in a dhiaidh a bheadh agad aríst.
Ní beag dhom a bhfuil de chaitheamh in a ndiaidh orm agus gan tusa a bheith ag cur tuilleadh orm. Breagh nach ndúinfeá do chlab mór uair eicínt
Tá caitheamh in diaidh ag na daoine anois nachar ól siad a ndóthain chomh uain agus a bhí an t-ól saor. Ní fheicfidh tú an pionta anuas ar dhá phighinn aríst go deo.
Ná bíodh caitheamh in a dhiaidh ar bith ort. Tiocfaidh sé ar do dheis aríst le congnamh Dé. Béarfaidh bó eicínt laogh eicínt lá eicínt
Tá caitheamh indiaidh a chéile aca. Ach tá siad réidh le chéile anois. Tá 'chaon duine aca pósta le duine eile
Bíonn caitheamh mór indiaidh an óil agam an uair a mbím in áit nach mbíonn an coimhneas agam ar a fháil, ach dá mbeadh ní iarrfainn aon-deoir go h-éag
·
Bhí sí ag gol indiaidh Sheáin = é básuighthe
·
Ní raibh mé indiaidh an lae orm féin; ní raibh aon-chaitheamh in diaidh an lae agam = ní raibh aon-bhrón orm faoi'n gcaoi ar chaith mé é, nó faoi na rudaí a rinne mé
Ní raibh mé indiaidh an lae orm féin chor ar bith. Caithfidh duine eirghe-amach a fháil uair eicínt. Cidh Dia nach beag duinn an t-achar a bhíos muid ag obair
q.
is mór liom do (ní mór liom do … ).
+–
Níl mise indiaidh an méid sin air anois. Fuair sé lascadh maith = ní mór liom dó an lascadh a fuair sé; is maith liom go bhfuair sé an lascadh
Bailigheadh leis anois. Níl mise indiaidh an méid sin air. Fuair sé gob maith
TUILLEADH (9) ▼
Ní bheinnse in a dhiaidh ar Shasana, dhá bhfaghadh sí a sheacht n-oiread. Thuill sí é. Ba mhaith uaithe féin créatúlacht a dhéanamh chomh uain agus a d'fhéad sí
Thug tú fúithe garbh é, agus, 'ar ndú mo léan, má tá mise in a dhiaidh uirre, castar liom é. Is fada an méid sin ag tastáil uaithe; ag teacht isteach annsin 'chuile oíche dhá n-eirigheann ar a súil, agus an oiread gláimhthéisc' agus gailimaisidheacht aice agus a bhodhróchadh na daoine, dhá dtugaidís aon-chluais di
Is mé atá indiaidh mo chuid tobac air, ach céard a d'fhéadfainn a dhéanamh. Ní raibh aon-ghoir agam gan a chaitheamh aige ó a chonnaic sé ag deargadh mé
Ní bheinn indiaidh buille nó dhó air ach mé féin dhá dtabhairt dó. Ach dhá dtugadh duine eicínt eile dhó iad bheadh an duine sin do mo chur as mo shásamh. Níor mhór dom fhéin an bualadh a dhéanamh go mbeadh sógh ceart agam air
D'eirigh áit mhaith leis, agus níl mé ina dhiaidh air. Tá sé fhéin go maith. Dheamhan a bhualadh ann
Ní bheinn indiaidh a raibh istigh agus amuigh agam a thabhairt di, ná ní mhaoidhfinn uirre go bráth é, marach an bealach gránna atá léithe féin. Dhá dtugthá an saoghal mór di, bheadh sí ag banrán in a dheidh sin nach raibh a díol aice
Is mé atá indiaidh mo chuid pórtair air, ach ní fhéadfainn droichead a dhéanamh dhó in a dheidh sin ó a casadh ann é.
Bí indiaidh 'chuile shórt air sin. Ná tabhair solus an lae dhó má fhéadann tú a choinneál uaidh, mar 'séard é féin suaracháinín gortach daoitheamhail. Leaghfadh sé an talamh a siubhailfeadh duine air dhá mbeadh an "power" aige a dhéanamh
Níl mé in diaidh an "feaig" air! M'anam-sa ó'n diabhal go bhfuilim agus nach bhfuil maith ar bith a mhalrait a rádh. Ba ghéar a theastuigh sé uaim féin, agus go mbeidh mé spurtha shul a fheicfeas tú dhá lá
·
Sin é féin "oineach Uí Bhriain agus a dhá shúil in a dhiaidh" (sean-fhocal) = dá gcaitheadh fear féile nó gnaoidheamhlacht leat, ach go mbadh mhór leis duit í, nó go mbeadh sé in a diaidh ort, aindeoin sin, tugtar "oineach Uí Bhriain agus a dhá shúil in a dhiaidh" air sin (feic oineach)
r.
+–
Ní raibh sé indon aige in a dheidh sin (fuaim ei fearacht leis, breis, ceil, sleid, agus rl. An fhuaim sin a bhíos ar "dhiaidh" ins an leagan seo agus freisin i "in a dheidh sin agus uiliog", "in a dheidh sin féin". Má chialluigheann "dhiaidh" taréis i gcúrsaí áite nó ama, fuaim ia mar atá i "Dia" "ciall" agus rl. atá air. "Tá mise in a dhiaidh sin" = I am behind him. "Níor tháinic sé go dtí in a dhiaidh sin" = he only came afterwards; ach "ní raibh sé indon aige in a dheidh sin" = he was not able for him all the same (in spite of that agus rl.)
Mhasluigh sé tú, agus níor bhuail tú é in a dheidh sin
TUILLEADH (14) ▼
Mhasluigh sé thú agus, in a dheidh sin agus uiliog (uilig) ní bhuailfeá é = in spite of all; considering everything
Tá an-fhoghluim air agus in a dheidh sin féin níl tuiscint (tuigsint) ar bith aige = "just the same"
Tá "dole" mór aige, agus pinsean sean-I.R.A. agus tá punt sean-phinsean ag teacht isteach ann 'chuile sheachtain, agus chúig leath-choróin (alúntais páistí), agus deich nó dó dhéag de phunta d'airgead na Gaedhilge sin, agus in a dheidh sin féin, tá an béal bocht air, agus bíonn an oiread fuasaoid' aige agus shílfeá nach dtáinig aon-tsaoghal ariamh is measa ná é
Tháinic sé go dtí an béal agam ach níor dhubhairt mé é in a dheidh sin
Ní móide go raibh tú indon an méid sin a dhéanamh, ach in a dheidh sin agus uiliog, bhí tú indon rud eicínt a dhéanamh
In a dheidh sin féin anois, ní fhéadfá a rádh gur cneámhaire é. Is fada uaidh é. Thug sé rud duit in ómós do chuid airgid. Ní bhfuightheá sásamh ar bith i gcúirt air
Deir 'chuile dhuine nach ndearnadh leath an chirt leis, agus nach bhfuair sé ach ar thuill sé. Ina dheidh sin agus uiliog, an dream céadna, atá ar an gcaint sin, dhéanfaidís féin an rud ceanann céadna nó rud is measa ná sin ar maidin ambáireach, dá sílidís go rithfeadh leo
Rinne sé sin ar fad, agus cuid mhaith leis, ach in a dheidh sin féin, ní droch-fhear é, do'n té a bhfuil sé leis. 'Bhfeiceann tú a mhuintir féin annsin thiar, agus níl duine ar an bhfeadhain aca, nach bhfuil teach nua ceann-scláta as a chionn, gan sciúrtóig ariamh a chailleadh leis. Thiubharfainnse fear maith ar fhear ar bith nach bhfágfaidh a dhuine féin ar deireadh
Thiomain mé air é míle uair, ach ní raibh aon-mhaith ann, ní ólfadh sé é in a dheidh sin
Chuir sé a dheirbhshiúr de dhruim tighe. Chonnaic mé í an lá a mb'éigin di féin agus dhá h-áilín G. síos a thabhairt orra féin, agus scrúdfaidís thú breathnú orra. Rinne sé sin, agus déarfá gur beag an tsúil le Dia a bheadh ag duine ar bith a mbeadh baint na páirt aige len a leithide de chleas. In a dheidh sin agus uiliog, tá daoine ann — agus cuid dá mhuintir féin freisin — adéarfadh leat nach ndearna sé leath-cheart léithe
Chinn air aon-deoch a fháil in aon-teach ins an tsráid ag teacht anoir dó, arae bhí na póilíos amuigh ins an áirdeall orra. Tháinic sé abhaile agus chuir sé na buinn le teine. Ba ghearr go dtáinic M. Bh. isteach agus d'innis sé dhó faoi'n gcaoi ar chinn air aon-deoch a fháil. "'Chuile sheans go bhfuil siad ag leigean isteach daoine faoi seo" adeir M. Bh. "ní mhaireann an daol sin ach tamall." Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach an dá bhróig a shacadh air féin agus a dhul soir aríst de mhaol a mhainge. Ina dheidh sin féin nach diabhaltaí an cathú a bhí air sin
Chuir mé aoileach agus leasú siopa agus feamainn dubh orra: dalladh dhaob (dhíob). Bhí sé sean-leasuighthe agam freisin. Ina dheidh sin agus uiliog, ní raibh aon-fhata air. Cé'n chiall sin? Níl a fhios agam ó Dhia anuas. Gan an bhliain a theacht cóireamhail nó caoi eicínt
Bhí a raibh ins an teach thíos leis an bhfiabhras. Dheamhan lá dhár eirigh orm, nach dteighinn isteach ann, agus níor thóig mé é in a dheidh sin, míle buidheachas le Dia. Gan an t-imeacht a bheith orm chreidim. Marab eadh níl' fhios agam céard é
Ní fhaca mé an t-athair ariamh ag siubhal de réir a choise, ach ag bog-shodarnaighil igcomhnaí. Dhá suidheadh sé síos, bheadh sé dhá shníomh agus dhá lúbadh féin go mbeadh sé ina sheasasmh aríst. Dheamhan ab é an oiread sin oibre a bhíodh de bharr a chuid forú in a dheidh sin
Diaidh in iontrálacha eile (50+)
+
→
faitíos
Tá fonn air a dhul go Sasana ach tá faitíos imirce air in a dhiaidh sin
TUILLEADH (6) ▼
Bhí an fear thiar dhá chaidhleadh le clocha. Dheamhan d'fhaitíos a bhí air (aige) roimhe in a dhiaidh sin!
Bhí faitíos aige roimh an deartháir, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air in a dhiaidh sin, agus thosaigh sé ag spochadh léithi. Diabhal easna den deárthair nach dteagann isteach, agus nach mbeireann air …
An faitíos a chuir S. Dh. air, níor scar sé leis ariamh in a dhiaidh
D'fhan faitíos air go ceann bliana in a dhiaidh sin
Is lú faitíos Seán ná Pádraig, agus ní dhéanfadh Seán é in a dhiaidh sin
Má thugann tú an tabhairt ort fhéin, agus an snáth-feamainne a eirí leat, scoilt go maith í, faitíos na heirimisce. Tá fir istigh ar an mbaile seo, agus ghabhfaidís síos in do dhiaidh ann, agus dheamhan a dhath carghaís a bheadh orra a tógáil ort. Shéanfaidís go raibh sí scoilte chor ar bith
→
fara
Shílfeá gur codladh corrach a dhéanfadh rud ar bith ar fhara, ach sé buac na gcearc é in a dhiaidh sin
+
Sheas an chruach sé leoraí móna agus d'fhan fearasbár uaim in a dhiaidh sin inte
TUILLEADH (1) ▼
Agus le fearasbár siúráilteacht a dhéanamh chuir mé glas ar an doras. Diabhal mé gur goideadh iad in a dhiaidh sin! = to make assurance doubly sure
→
feadhain
Níl "stripe" ar an bhfeáin aca is measa ná mo "stripe-sa". Is gearr go mbeidh a bhfuil de phortaigh inte ídithe. Deich mbliana eile ar a mhéid agus deir tusa in a dhiaidh [sin] gur roinneadh an sliabh seo díreach! = ar an méid, nó an uimhir stripeannaí atá ann. Deirtear "féinn" freisin go háirid más daoine atá i gceist
Thug an leoraí feánach diabhalta móna leis. Chuir sé trí fhód de mhaolóig suas. M'anam narbh fhuláir dó sé phunt deich a thabhairt ar an leoraí úd: gur ag fear an leoraí a bhí an bhantáiste in a dhiaidh sin
→
fearadh
M'anam muise má tá sí sin san mbaile gur fearadh don phobal í (cuirfidh sí maith ar an bparáiste). Diabhal bréag nach hea. Fágfaidh sí cupla toirtín eile in a diaidh shul a n-imighe sí. D'eireódh di!
→
fios
Ná corruigh é. Cá bhfios go té sin. B'fhéidir gurb iad na póilíos a chuirfeadh sé in do dhiaidh
→
focal
Shíl sé sin go raibh sé ro-aigeanta le breith ar fhocal air. Ach feacha fhéin nach raibh sé sách beartuithe in a dhiaidh sin. Ní bhfuair sé comhaireamh na sop ar scáth an fhocailín fánach sin adúirt sé
+
Bhí sé annsin as comhair do dhá shúl cho follasach le coca féir, agus ní fhaca tú é in a dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Is follasach dom anois nach ndearna mé an ceart. Ach in a dhiaidh a fheictear a leas don Éireannach, adeir siad
Seachain anois a ndéanfá fraiseach den phunt sin mar a níos tú i gcomhnaí. Ní bheadh caitheamh in a dhiaidh ar bith agam, marach an dream a mbíonn tú ag tiomaint óil orra. Diabhal uisce na bhfataí a thiúrfainn dóibh
→
freagair
Shanntaigh mé é a fhreagairt faoin rud adúirt sé ach thug mé cead a chinn dó in a dhiaidh sin
+
Bhí mé ar bhráite mhaith, dar liom fhéin, agus diabhal freagairt in a dhiaidh sin. Sílim nach bhfuil sé sonaí an C. sin a thabhairt leat in a fhear fabhairne chor ar bith. Thug mé faoi deara chuile lá dhá mbíonn sé in éindigh liom, go mbíonn geis eicínt ar an iasc, go n-aithníonn siad ag teacht é
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ag líochán an chasáin in a diaidh sin leis an fhad seo aimsire, agus gan d'áird aice sin air ach an oiread agus dhá mba madadh é. An leadhb! Breá nach leigeann sé di fhéineacht, nuair nach bhfuil sí ag tabhairt aon-ugach dó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
Gabhfaidh mé ag leagan bruachannaí san ngarraí seo thiar go ham dínnéir. Sé is freagraí dhom ó a bhéas orm aistear portaigh a dhéanamh in a dhiaidh sin
+
→
frídeoir
Níl ann ach frídeóir de dhuine agus in a dhiaidh sin fhéin, is diabhlaí go deó an gníomh atá ann. M'anam mara bhfuil gabhail na gaoithe ann go bhfuil déanamh na ngnaithí ann, go bhfuil sin.
TUILLEADH (1) ▼
Sharaí dhó, an frídeóirín! 'Ar ndó, ní foghail fir atá sé sin indon a dhéanamh i ngarraí! M'anam muise nach cheal leithid ná talúna é in a dhiaidh sin
+
→
fág i
Tá sé in am agad an díomhaontas a fhágáil do dhiaidh feasta = eirí as an díomhaontas
TUILLEADH (10) ▼
Ní fhágfaidh sé an ghaisce in a dhiaidh go deo = ní eireóidh sé as an ngaisce
Shílfeá ó a phós sé go bhfágfadh sé na béasaí gránna sin in a dhiaidh = go ngabhfadh se ar athrú béasaí
D'imigh sé uaim go Sasana, agus d'fhága sé ag caitheamh in a dhiaidh ó shoin mé
Sin é an rud a d'fhága caitheamh in a dhiaidh agam ar fad
Bhí an oilbhéas in a athair agus níor fhága seisean ach oiread dual ná slis di in a dhiaidh (fc. dual)
Fág do dhiaidh ar fad an t-aisiléara sin = ná tabhair leat (ar an aistir etc.) é
Níor fhága sé pínn airgid in a dhiaidh (nuair a fuair sé bás)
Foighid ort! Tá an-tsaint san airgead aige, ach fágfaidh sé in a dhiaidh é ar ball = ní fhéadfaidh sé a thabhairt san uaigh leis
Oibríodh sé leis! Dearg-chnuastóir é. Ach fágfaidh sé in a dhiaidh cho maith linne é nach bhfágfaidh cianóg
Bhásaigh sí agus d'fhága sí áilín a bhí ar aon-chéill in a diaidh
→
fág
Ní raibh údar achrainn ar bith aige, ach cár fhága tú an dícéille in a dhiaidh sin? = ní raibh d'údar achrainn aige ach a bheith dícéillí dhó
→
fáinne
Cé leis an cut dubh sin a bhfuil an fáinne bán ann (timpeall a mhuiníl). Tá sé taithí ar an tsráid seo le seachtain. Dhá bhfaghainnse leigean air, ní thiúrfadh a chosa fhéin abhaile é in mo dhiaidh
→
fáinneog
Bhí maingíní agus bagáistí aige is chuile áit ar an gcarr, más amuigh ar an bhfáinneóig fhéin é. Tá mé ag ceapadh gur beag a d'fhága sé in a dhiaidh ag an teach chor ar bith agus an chaoi a raibh an carr foirghe.
→
féar
Mara dtogruighe tú a gceannacht (gamhna) fág do dhiaidh iad. Níl mise dhá dtiomaint ort chor ar bith a dhuine chroí. Is féar tirm dom fhéin iad = tá mé dearfa go ngabhfaidh siad chun sochair dom fhéin amach annseo, nó go ndéanfaidh mé fearasbar bantáiste orra
Fuair sé na físeachaí faoin méid adúirt sé. Dheamhan leath cheart a bhí leis. Ní mise a bhí in a dhiaidh air, ar chaoi ar bith. Tá a dhá dhíol fad ar a theanga ag an gceann céanna
→
cabach
'Sé bheadh in a riocht, marach chomh cabach a's atá sé. Ach dhá dtionnscl(ochth)á an scéal chor a' bith dhó, badh é scéal 'chuile dhuine é ambáireach nó an lá 'na 'dhiaidh sin."
→
cailm
Deir sé fhéin go bhfuil sé ar neamh-chodladh le seachtmhain, a's dar príosta má tá is beag a' chailm atá air, in a dhiaidh.
'D'fhága an chearc cleite in a diaidh a's tá an camán luaithe sin sa teine'. Sin é adeireadh S. 'ndéana Dia grásta air i gcomhnuidhe, nuair a bhíodh droch-uair air.
+
Bíonn an chaolóid (chaológ) riabhach i gcomhnuidhe in diaidh na cuaiche.
TUILLEADH (3) ▼
Céard tá an geoisteamán sin a dhéanamh soir, an eadh! Muise nach dall a' mhaise dhuit é. 'Bhfaca tú an chuach ariamh gan a' chaológ riabhach a fheiceál ina searrach indiaidh gearráin ina diaidh aniar? A's dheamhan blas í ach a' magadh — a' dearg-mhagadh — faoi.
Tá S. anois mar bheadh an chaolóid riabhach indiaidh na cuaiche. Dheamhan goir ag an D. a chois a chur amach as a' teach, nach bhfuil sí imthighthe dhá shiubhal ionnsuidhe in a dhiaidh. A's mara bhfuil mearbhall mór ormsa, dheamhan gnaoi a' bith ag an D. uirre.
Tá P. Sh. Dh. imthighthe siar. Is gearr go bhfeice tú an chaolóid riabhach anois anoir 'na dhiaidh. Ní dhéanfad sé aon-tsuaimneas thoir gan a bheith 'na chomhluadar.
→
caolóid
Ní fhéadfainn caolóid ithreach a chur anois, nach mbuaileann an tinneas droma sin mé. Má bhím cromta achar a' bith, ní fhéadaim mo dhruim a dhíriú chor a' bith 'na dhiaidh.