Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diallaid
Ainm-fhocal; buineann
geineamhnach = diallaide
iolraidh = diallaideacha
cineál ughaime nó srathrach a bhíos ar chapall, le go mbeidh fearr agus barr socamhla agus daingneacht insan marcach.
+
D'fhéadfadh duine eirghe indiallaid leis an sugán suic (fc. súgán)
Bhí sé indiallaid = bhí sé ins an diallaid.
TUILLEADH (9) ▼
Chuaidh sé indiallaid.
Bhuail sé indiallaid ar an gcapall
B'fhearr liom ag imeacht indiallaid ná capall druimnochttha.
Chuir sé 'chuile mhíle fear de na póilíos as an diallaid le clocha
Ghlac an capall scéin eicínt agus cuireadh an marcach as diallaid
Is furasta aineoluidhe a chur as diallaid
Chonnaic mé an capall ag teacht amach an geata faoi dhiallaid agus srian = agus diallaid uirre
Ins an saoghal a tháinic sé go bhfuil na diallaideachaí ag imeacht aríst. Tuilleadh diabhail aca anois, th'éis a raibh de thóir aca ar bhusannaí
Sin í an tsrathar in áit na diallaide = sop in áit na scuaibe.

diallaid in iontrálacha eile (10)

+
"Chuir mé scéala siar aice go gceannóchainn diallaid árd; 'Sé'n scéala a chuir sí aniar agam gur súgán suic ab fhearr" ("lúibín" a bhíos in "Peigín Leitir Móir")
TUILLEADH (4) ▼
Bhíodh B. Ch. a bhí annseo thíos ag eirghe indiallaid áird. Is beag bean tuaithe a mbeadh diallaid árd aice, ach bhí sí aice siúd agus cóiste agán a h-athair
'Séard a dhéanfas mé an uair a bhéas tú cupla bliain eile le congnamh Dé, diallaid árd a cheannacht duit le cur ar an asal. Féadfaidh tú a dhul amach ar an bhfiadhach annsin ar nós na "ladies" ar fad
Diallaid árd nar mhór dó ar nós mar a bhíodh ag na mná fadó. Níl sé indon a dhul i scaradh gabhail chor ar bith ar an gcapall. Tá saimhín oidhreach air.
Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an am a mbíodh sé ag imeacht leis an m. beag. Chlis an "jaunt" agus b'éigin dó imeacht le capall diallaide. Ins an samhradh a bhí ann agus thóig an diallaid ar fad é, agus b'éigin dó imeacht annsin druimnochttha uirre. Tháinig sé aníos an boithrín trathnóna amháin agus é cróilighthe uiliog. "Fagh diallaid árd" adeir M. B. leis "agus ní ghoillfidh sé cho mór ort. Sin nó gheobhaidh mé snáth leoin duit ó Mh. Mh. Ph." D'imigh sé mar a bhuailfeá ar an gcluais é agus níor labhair sé linn aríst go ceann leath-bhliana
 
drámh
Go bhféachaidh Mac Dé ort fhéin agus ar do chapall diallaid' anois. Tá siad faoi dhrámh amach agus amach ó d'fhairsingigh na busannaí. Ní fhaca mé aon-fhear ag eirghe indiallaid le mo chuimne ach P. Mh. Mh. agus shílfeá go bhfuil sé caithte in aer aige sin féin anois
+
Capall druimnochttha a bhí aige. Dheamhan diallaid a chuir sé ar aon-chapall ariamh. Ní thaithnigheadh eirghe indiallaid leis.
TUILLEADH (3) ▼
B'fhearr liom a dhul ar chapall druimnochttha uair ar bith ná a dhul i dtuilleamuí diallaide. Má theigheann scéin ar bith innte (ins an gcapall) is mór an chontabhairt í an diallaid. Is maith nach mór duit a bheith in do mharcach le fanacht indiallaid, má thugann an capall léim leathtaoibhe. Tá a fhios agam é a mh'anam. Ach ar aon-chor is mó go mór a thóigfeas an diallaid duine ná an capall druimnochttha. Is beag is ionann iad.
An druimnochttha a bhí sí nó an raibh diallaid aige. Dheamhan diallaid ins an tír anois cé's moite de cheann atá ag P. Mh. Anois a d'fheilfidís muise agus cho gann agus atá "bicycles"
Ní raibh ughaim ná dromacán ná diallaid uirre ach í druimnochttha mar a bhí sí an lá ar rugadh í. Ag fear Achréidh ar imigh a chapall uaidh annseo thoir lá aonaigh a chuala mé é. Sé'n dromacán an gléas a bhíos uirre leis an gcéachta. Marab é muise, diabhal a fhios agamsa céard é féin. Céard é mar sin?