Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diallait
ainmfhocal, baineann
ginideach: diallaite
iolra: diallaiteacha
 cineál uaime nó srathrach a bhíos ar chapall, le go mbeidh farasbarr sócúla agus daingneacht sa marcach.
+
D'fhéadfadh duine éirí i ndiallait leis an súgán saic (fc. súgán)
Bhí sé i ndiallait — bhí sé sa diallait
TUILLEADH (9) ▼
Chuaigh sé i ndiallait
Bhuail sé i ndiallait ar an gcapall
B'fhearr liom ag imeacht i ndiallait ná capall droimnochta.
Chuir sé chuile mhíle fear de na póilíos as an diallait le clocha
Ghlac an capall scéin eicínt agus cuireadh an marcach as diallait
Is furasta aineolaí a chur as diallait
Chonaic mé an capall ag teacht amach an geata faoi dhiallait agus srian — agus diallait uirthi
Sa saol a tháinig sé go bhfuil na diallaiteachaí ag imeacht aríst. Tuilleadh diabhail acu anois, théis a raibh de thóir acu ar bhusannaí
Sin í an tsrathar in áit na diallaite — sop in áit na scuaibe

diallait in iontrálacha eile (13)

 
de
Sin é an geospailín beag d'fhear a mbíodh an mála de dhiallait aige ar an mbicycle
+
"Chuir mé scéala siar aici go gceannóinn diallait ard; 'Sé an scéala a chuir sí aniar agam gur súgán saic ab fhearr" (lúibín a bhíos in Peigín Leitir Móir)
TUILLEADH (4) ▼
Bhíodh B. Ch. a bhí anseo thíos ag éirí i ndiallait aird. Is beag bean tuaithe a mbeadh diallait ard aici, ach bhí sí aici siúd agus cóiste agá n-a hathair
Séard a dhéanfas mé nuair a bheas tú cupla bliain eile le cúnamh Dé, diallait ard a cheannacht duit le cur ar an asal. Féadfaidh tú a dhul amach ar an bhfiach ansin ar nós na ladies ar fad
Diallait ard nár mhór dó ar nós mar a bhíodh ag na mná fadó. Níl sé in ann a dhul i scaradh gabháil chor ar bith ar an gcapall. Tá sáimhín aireach air
Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an am a mbíodh sé ag imeacht leis an m. beag. Chlis an jaunt agus b'éigean dó imeacht le capall diallaite. Sa samhradh a bhí ann agus thóg an diallait ar fad é, agus b'éigean dó imeacht ansin droimnochta uirthi. Tháinig sé aníos an bóithrín tráthnóna amháin agus é cróilithe uileag. 'Faigh diallait ard,' adeir M. B. leis, 'agus ní ghoillfidh sé chomh mór ort. Sin nó gheobhaidh mé snáth leoin duit ó Mh. Mh. Ph.' D'imigh sé mar a bhuailfeá ar an gcluais é agus níor labhair sé linn aríst go ceann leathbhliana
 
Bhí na C. sin agus a muintir díonmhar i ngach áit dá raibh siad. Ar ndóigh ní raibh taoisigh ar bith ar an mbaile seo fadó ach iad. Deiridís go raibh T. M. in ann duine a thabhairt ón gcroich. Bhí fear eile acu ansin thoir — C. Mór a thugaidís air — agus bhí cóiste cinn aige. Chonaic mise a inín. 'Sí a bhí pósta ag B. G. anseo thíos. Bhíodh sí ag éirí i ndiallait ard
 
drámh
Go bhféacha Mac Dé ort fhéin agus ar do chapall diallaite anois. Tá siad faoi dhrámh amach is amach ó d'fhairsingigh na busannaí. Ní fhaca mé aon fhear ag éirí i ndiallait le mo chuimhne ach P. Mh. Mh., agus shílfeá go bhfuil sé caite in aer aige sin féin anois
+
Capall droimnochta a bhí aige. Dheamhan diallait a chuir sé ar aon chapall ariamh. Ní thaitníodh éirí i ndiallait leis
TUILLEADH (3) ▼
B'fhearr liom a dhul ar chapall droimnochta uair ar bith ná a dhul i dtuilleamaí diallaite. Má théann scéin ar bith inti (sa gcapall), is mór an chontúirt í an diallait. Is maith nach mór duit a bheith in do mharcach le fanacht i ndiallait má thugann an capall léim leataoibhe. Tá a fhios agam é a mh'anam. Ach ar aon chor is mó go mór a thógfas an diallait duine ná an capall droimnochta. Is beag is ionann iad
An droimnochta a bhí sí nó an raibh diallait aige. Dheamhan diallait sa tír anois cé is moite de cheann atá ag P. Mh. Anois a d'fheilfidís muise agus chomh gann agus atá bicycles
Ní raibh uaim ná dromacán ná diallait uirthi ach í droimnochta mar a bhí sí an lá ar rugadh í. Ag fear Achréidh ar imigh a chapall uaidh anseo thoir lá aonaigh a chuala mé é. 'Sé an dromacán an gléas a bhíos uirthi leis an gcéachta. Murab é muise, diabhal a fhios agamsa céard é féin. Céard é mar sin?
 
dúil
Dá dteagadh dúil ag duine sa bpíopa aon uair amháin, ní dhéanfadh na fags sin maith ar bith dhó. Corruair má bhímse d'uireasa tobac, tugann siad ceann acu dhom. Bhainfinn mo ghaisneas as, ach mo chreach mhaidne, 'sé an tsrathar in áit na diallaite é. B'fhearr liom aon ghail amháin den phíopa ná a bhfuil faoi thalamh an domhain acu