Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dingliseach
aidiacht as dinglis
dinglis a bheith induine nó i mbeithidheach.
+
Tá sé an-dingliseach
Níl ort ach do láimh a leagan ar a ghualainn agus eireochaidh sé de chothrom talmhana le dinglis. Ní fhaca mise aon-duine ariamh is dinglisighe ná é. Is mó dinglis é ná N. agus tá sin sáthach dona
TUILLEADH (1) ▼
An-fhear dinglis' é. Ní bheadh ort ach do lámha a chur amach mar sin, mar dhóigh de go raibh tú ag cur dinglis' ann, agus thosóchadh sé ag léimneach ar fud an tighe. Is gránna an rud a bheith cho dingliseach sin
+
Is capall dingliseach go leor í = capall bruithte meargánta nach féidir lámh a leagan uirre
Tá an capall sin aige an-dingliseach. Chonnaic mé annsin thuas í an lá faoi dheireadh. Chuaidh sé isteach go dtí í len a cuid a leagan aice, agus fhobair go spréachfadh sí. Maidir le eirghe in áirde bhí sé uirre; mo léan
TUILLEADH (2) ▼
Broimín an-dingliseach í … Leag do láimh uirre feiceamuist! Má leagann, beidh a fhios agad é
Bíonn an "breed" sin an-dingliseach. Dheamhan capall dhá dtáinig ó stail Ch. nach raibh amhlaidh; bruithte, spéireamhail agus daol is 'chuile cheann aca! Bhfeiceann tú an cleas a rinne capall an Fh.?

Féach freisin

Dingliseach in iontrálacha eile (1)

 
Nach drilleach an mhaise di é. Níl ort ach do láimh a chur in a goire, agus eireochaidh sí de chothrom talmhana ar an toirt. Diabhal an dinglis é ach an oiread. Is iomdha duine a bheadh dingliseach nach mbeadh ar an gcaoi siúd