Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dingliseach
aidiacht as dinglis
dinglis a bheith i nduine nó i mbeithíoch.
+
Tá sé an-dingliseach
Níl ort ach do láimh a leagan ar a ghualainn agus éireoidh sé de chothrom talúna le dinglis. Ní fhaca mise aon duine ariamh is dinglisí ná é. Is mó dinglis é ná N. agus tá sin sách dona
TUILLEADH (1) ▼
An-fhear dinglise é. Ní bheadh ort ach do lámha a chur amach mar sin, mar dhóigh de go raibh tú ag cur dinglise ann, agus thosódh sé ag léimneach ar fud an tí. Is gránna an rud a bheith chomh dingliseach sin
+
Is capall dingliseach go leor í — capall bruite meargánta nach féidir lámh a leagan uirthi
Tá an capall sin aige an-dingliseach. Chonaic mé ansin thuas í an lá faoi dheireadh. Chuaigh sé isteach go dtí í lena cuid a leagan aici agus fhóbair go spréachfadh sí. Maidir le éirí in airde, bhí sé uirthi; mo léan
TUILLEADH (2) ▼
Broimín an-dingliseach í … Leag do láimh uirthi feiceamuist! Má leagann, beidh a fhios agat é
Bíonn an breed sin an-dingliseach. Dheamhan capall dhá dtáinig ó stail Ch. nach raibh amhlaidh; bruite spéiriúil agus daol i chuile cheann acu! An bhfeiceann tú an cleas a rinne capall an Fh.?

Féach freisin

dingliseach in iontrálacha eile (1)

 
Nach drithleach an mhaise di é. Níl ort ach do láimh a chur ina gaire agus éireoidh sí de chothrom talúna ar an toirt. Diabhal an dinglis é ach an oiread. Is iomaí duine a bheadh dingliseach nach mbeadh ar an gcaoi siúd