Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dochar
ainm-fhocal, fireann,
iolraidh = dochair.
Focal rí-choitianta i gcaint é "dochar"
cotarsna: sochar; 'sé díobháil focal cuingire "dochar".
1.
millteanas, domáiste, mísc, anachain, tubaiste, díobháil, rud a chur as do … ; gaimh, gangaid.
a.
+
An ndearna sé aon-dochar duit = díobháil, millteanas, domáiste, mísc
Ní dhéanfaidh sé aon-dochar duit
TUILLEADH (14) ▼
Má tá rún aige aon-dochar a dhéanamh, ní racha leis
Ní beo é mara mbeidh sé ag déanamh dochair igcomhnuí
Ní dhéanfaidh an bháisteach seo aon-dochar
Rinne an craoi-mhúr sin dochar mór. Is áibhéil an lear féir a bhí leigthe amach ag daoine indiu
Ba é a bhuac a bheith ag déanamh dochair dá chomharsa
Cé'n dochar a rinneadh dhó scáth cupla gearradh
Fágaighidh annsin anois í. Níl mórán dochair le déanamh aice ann, ó thárla go bhfuil 'chuile shórt craptha. Nach diabhaltaí bradach i gcomhnuí í
Déanfaidh an cogadh seo dochar fós feicfidh tú féin. Ní chomhnóchaidh siad ach oiread go dteagaidh sciorta dhe do'n tír seo, nó is maith an t-ádh atá uirre
Tuille diabhail aige anois! Ba bheag an carghas a bhíodh aige féin dochar a dhéanamh do'n té údaidh eile. Tá sé ag teacht ar a mhéis féin aige anois
Is iomdha dochar a rinne sé ariamh, ach tá sé féin dhá fháil garbh anois, ní dhá roint leis é
Ní raibh aon-mhaith dhuit ag caint an uair sin. Bhí an dochar déanta
Dochar fánach a rinne sé dhó, ach nach cuma sin, ó fuair sé a chuid airgid
D'eirigh mé as, leisce dochar a dhéanamh dhó
Diabhal dochar ins an ngaoith sin. Ní scuirfidh sí an coirce, mara neartuighidh sí
+
An uair is mó an dochar 'seadh is fearr an fhoighid (sean-fhocal) = níl uair ar bith is mó a bhfuil (air) ag duine stuaim a chur ar an bhfoighid, leis an uair a ndéantar millteanas mór nó foghail air. Má theigheann sé chun droch-mhúineadha an uair sin, 'sé is dóigh dhó gníomh a dhéanamh a mbeidh aithmhéala aríst air dhá bharr
Tá foghail mhór déanta ort, agus ní hé a d'fheil duit a dhuine bhoicht, ach níl rud ar bith is fhearr duit anois ná an buille réidh. An uair is mó an dochar 'seadh is fhearr an fhoighid
TUILLEADH (1) ▼
Buaileadh 'san éagcóir thú. Diabhal bréag nar buaileadh. Ach má tá tú indiaidh do shásamh air, fainic a n-ionnsóchthá é. Tabhair suas do na póilíos iad. An uair is mó an dochar 'seadh is fhearr an fhoighid
+
Is mó an dochar an fear thall go mór ná é seo, th'éis gur mó an ghlaodhmaireacht é seo
Ba mhó an dochar 'chuile dhuine ná an créatúr sin. Fear nar chuir aon-araoid ar aon-duine ariamh
TUILLEADH (2) ▼
Is lugha an dochar go fada leagan ó chapall ná leagan ó asal. Mharbhóchadh leagan asail thú
Is lugha go mór an dochar gearradh ó speal nuadh nó ó shean-speal. Bíonn gearradh an cheann nuadh glan
+
Fear ar bheagán dochair é = níl sé gangaideach
Ba rud ar bheagán dochair é sin le h-ais an rud seo
TUILLEADH (2) ▼
Is póilí ar bheagán dochair é sin, ach ní hé sin do'n cheann a bhí in éindigh leis
Níl de dhochar ann ach an oiread le páiste = tá sé simplí, deagh-chroidheach.
+
Níl dochar ann a mhuirnín! = déarfadh máthair é dhá ngortuigheadh a páiste é féin, nó dhá ndéanadh duine eicínt eagcóir, nó rud eicínt air
Níl dochar ann a stór. Beidh sí ar fheabhas ambáireach. Cuirfidh mise ceirín léithe a chneasóchas í
TUILLEADH (3) ▼
Níl dochar ann. Ceannóchaidh mise liathróid duit cho maith léithe, ach a sroichidh mé Gaillimh.
Dia linn! Chuaidh sé le t'anáil. Níl dochar ann a chuidín
Thug sé leas-ainm ort a leinbh, ach níl dochar ann. Níl duine ar bith is fhearr an aghaidh leas-ainm ná é féin — an carracháinín bradach!
+
Dubhairt sé i dtosach gur mé a rinne é, ach d'fhéach sé leis an dochar a bhaint as in a dhiaidh sin. "Ní raibh tú ach ag breathnú orra dhá dhéanamh" adeir sé = gaimh; bhí sé ag iarraidh an rud adubhairt sé ar an gcéad-iarraidh a thláthú
Ná bí ag baint an dochair as anois chor ar bith le do chuid leiciméaracht'. An rud adubhairt tú, dubhairt tú é, agus sin é a bhfuil in a thimcheall
TUILLEADH (3) ▼
Ag iarraidh an dochair a bhaint as a chuir sé an t-agús sin ann. Thuig sé go raibh an anachain déanta aige, agus an tairnge ins an mbeo
Thóig sé suas ort é muis. Tá sé sin an-aisteach. Ní chuimhneochaidh sé chor ar bith gur sciorradh focail a d'eirigh dhuit. Má's leat an dochar a bhaint as anois, níl agad ach a tharraingt anuas aríst an chéad oíche eile, agus an chaint cheart a chaitheamh a dhú (dó) nae (nó) trí de chuarta i riocht agus go dtiocfaidh sí isteach ins na cluasa go maith aige
Dhá gcloistheá an nathuidheacht a bhí air. Chaith sé an oíche ag cur chaoi ar choiníní, agus mé ag ceapadh 'chuile phuínte go bhfeicinn buailte ag an dream seo thiar é, mar dhóigh dhe gur ag scaoileadh aca féin a bhí sé. Ach bhaineadh sé an dochar as aríst ar ais len a chuid leiciméaracht'
+
Ní dochar ach sochar a dhéanfas sin duit = má ghníonn tú é sin, 'sé do leas, agus ní hé t'aimhleas a dhéanfas tú
Bail ó Dhia ort! Má theigheann tusa soir annsin thoir 'na'n aonaigh agus péire banbh a cheannacht le airgead an ghearrbhodaigh eile, ní dochar ach sochar a dhéanfas sin daoib beirt. Cé fearr dó in a chomhnuí mar airgead.
TUILLEADH (8) ▼
M'anam nach dochar, ach sochar — agus sochar mór freisin a dhéanfadh múr báistighe anois. Tá 'chuile shórt spalptha
Ba aon-chás amháin duit dochar le sochar a dhéanamh dhó, arae 's mar a chéile an buidheachas a bhéas aige ort. Dhá ndéantá an saoghal dó, bheadh sé in t'éadan lá'r na bháireach
Is corr an sórt duine é. Déanfaidh sé an sochar agus an dochar duit i dteannta a chéile. Níl aon-duine in Éirinn is grádhdiadhamhla ná é. Roínnfeadh sé an greim a bheadh sé a chur in a bhéal leat. Ach dhá dteigheadh sé amach an núiméad (nóiméad) in a dhiaidh sin, agus asal leat a fháil istigh ins an sean-riasc bréan siúd thuas aige, bheitheá istigh aige an chéad-chúirt eile
Níl an dochar ná an sochar ins an gceann céadna. Ní chuirfidh sé ann ná as duit. Bhí a athair féin amhlaidh
Dheamhan dochar ann, ach tá sé mar sin leis an sochar. Níl an mhaith ná an t-olc ann. Sin é an chaoi a bhfuil sé
Dar príosta hébrí cé'n sochar a rinne sé do na daoine, ní fhéadfadh duine ar bith a rádh go ndeárna sé dochar. Chonnaic muide an-tsoilgheasach ariamh é — an fear croidhe
Níor chumaoin dó a dhul ag déanamh sochair ar bith dóibh sin, agus a ndearna siad féin de dhochar air cheana. Ach d'orduigh Dia maith in aghaidh an uilc chreidim
Ba ghearr le dhul a chuid sochair ar ghualainn a chuid dochair. Chuir sé amach a raibh ins an leath thoir de'n dúithche ar fad, agus mar gheall gur shásuigh sé é féin, d'fhága sé cupla tunónta a bhí salach, i seilbh annseo. Nachar mhór an sochar é sin — nachar mhór!
+
Ní dhearna sé díth ná dochar dó = ní go minic a bhíos sé seo igcaint ach amháin i sean-amhráin agus i sean-phaidreacha, ach deirtear scaithtí é mar sin féin
Ní dhearna sé dochar ná díobháil d'aonduine ariamh
TUILLEADH (3) ▼
Is fada fada a bheinnse ag dul an bóithrín shul (dh)a chuimhneóchainn dochar ná díobháil a dhéanamh do do cheapaichín phlandaí. Leag ar an dream é a bhíos tugtha síos leis an bhfoghail i gcomhnuí
Cé a dhéanfadh é ach an dream a ghníos an dochar agus an díobháil i gcomhnuí? Tá sé de bheith ar na h-aidhbheirseoirí sin nach leigfidh siad rud ar bith tharta gan araoid a chur air. Tá sean-aithne agamsa orra sin
Sin rud nach bhfuair aon-dhuine ann féin ariamh a rádh liomsa, go ndearna mé dochar ná díobháil do bheithidheach a bheadh aige. Ní dhearnas muis. Dhá mbeadh an chloch ins an muinchille agam do dhuine ní ar a bheithidheach a ghabhfainn dhá ídiú. D'ídeochainn air féin é
+
Mo chuid tubaiste dhó, gan dochar gan díobháil duinne! = ní mian liom go bhfearfadh aon-cheo de'n eascainidhe a chuirim airsean, orm féin ná ar aonduine dá mbaineann liom, ná dá bhfuil in aon-mhuirghín liom go h-áirid
Brughadh agus ding air, gan dochar gan díobháil dúinne!
TUILLEADH (5) ▼
Má tá slaghdán air, go ngreamuighidh sé dhó muise, gan dochar gan díobháil duinne!
Bail na codach sin ar an gcuid eile dá bhfuil aige, gan dochar gan díobháil domsa. Dhá bhféadadh sé féin rud a chur as do dhuine, is umhal éascaidh a dhéanfadh sé é
Ní mór liomsa do'n bhrútaidhe caochshrónach sin a bhfuighidh sé gan dochar gan díobháil duinne, dár gcuid ná dar muintir amuigh ná ins an mbaile!
Sin é anois an duine deire dhá chuid cloinne imighthe uaidh. Tá sé fágtha gan Murrchadha gan Mánus anois. Tuilleadh diabhail anois aige gan dochar gan díobháil duinne, dar gcuid ná dar maoin. Ní shin í mo chéad eascainidhe air muis, agus fearann an eascainidhe ar chaoi eicínt. Ba bheag an scruball a bhí aige féin eascainidhe a dhéanamh ná daoine a dhíbirt. Tá sé faighte faoi na foraí aige féin anois
Go lagaidh Dia é muis, gan dochar gan díobháil domsa. Ní chaoinfidh mórán é as cionn cláir. Má chaoineann ní h-iad mná an Bh. L. iad ar chaoi ar bith. Shaothruigh siad sin an saoghal aige
b.
+
Cé'n dochar? = an-choitianta i gcaint — "what harm, what is the harm, no matter, alright, very well"
Dhóirt mé é ach cé'n dochar = ní miste faoi'n a dhóirteadh
TUILLEADH (5) ▼
Cé'n dochar má d'imigh sé féin
Mara bhfuair tú féin é, cé'n dochar?
Má briseadh féin é cé'n dochar?
Níor thug mé isteach aon-fhód móna, ach cé'n dochar. Tá fuighleach istigh
Marbhuigheadh an madadh orainn, ach cé'n dochar. Tá breac ins an bhfairrge cho maith agus a marbhuigheadh fós
+
Níl aon-dochar uair nó dhó a chaitheamh ag cuartuidheacht 'chuile oíche. Is mó an sochar é go fada, thar agus a bheith sactha istigh go h-acht agus go h-áirid
Níl a dhath dochair (níl dochar ar bith, níl lá dochair, níl blas dochair agus rl) i bpeacadh sologhtha. Peacadh fánach é. An uair nach sceadfadh duine é féin an-mhór
TUILLEADH (6) ▼
Ní dochar ar bith é sin a bhualadh
Dheamhan ceo dochair corr-chriogaide a choinneál buailte air
Níl aon-dochar an buidéal ar fad a ól má thogruigheann tú
Níl dochar ar bith an phuchóid sin a bheith amach ar an "tyre". Chuaidh mise as seo siar go dtí an Ch. R. agus aniar aríst ar phuchóid níos measa
Ní dochar ar bith an méid sin a thabhairt in t'aghaidh. Mara rug sé thall ortsa i dteach an ósta níl beann ar bith agad air
Ní bheadh aon-dochar dhuit an bhó sin a leigean amach cupla uair indiu h-idir dhá mhúr. Níor mhór di é
+
Ní dochar duine a leagan mara ngortuighthear é (sean-fhocal)
Dheamhan brigh ins an méid sin, ó a tháinic tú as cho saor. Deir siad nach dochar duine a leagan mara ngortuighthear é
TUILLEADH (1) ▼
Níor eirigh liom ach sceadadh beag ar an ngruaidh. Is maith a chuaidh mé as mar sin féin nach ndearna siad mo lá. 'Ar ndú ní dochar duine a leagan mara ngortuighthear é
2.
iongnadh; is suarach an t-iongnadh … ; tá air (ag, agad, agus rl); ba cheart duit …
+
Is beag an dochar duit náire a bheith ort = tá (air) agad náire a bheith ort; tá ceart agad náire a bheith ort; tá údar náire agad, bíodh náire ort nó na bíodh; is suarach an t-iongnadh dhuit náire a bheith ort.
Is beag an dochar duit náire a bheith ort ag leaduidheacht istigh annsin lá breagh samhraidh i leabaidh dhuit a dhul amach igcíonn do chuid oibre. Meastú an bhfuighidh tú beatha ó Neamh annsin ar do ghugaide!
TUILLEADH (9) ▼
Is beag an dochar di náire a bheith uirre ag imeacht in a rúisc cho mí-chuíbheamhail ar bhóithrí annsin síos. Ba chóra di go mór luaith bhuidhe na seachtaine a chur amach ins an mbaile
Má tá sí beaithte féin is beag an dochar di. Sin é a maith agus a maoin ó Lúan go Satharn.
Is beag an dochar dó cluasa te a bheith aige agus ar dubhradh faoi annseo ó a tháinig oíche. Diabhal a (bhur) leithidí a chonnaic mé ariamh ag cóiriú daoine. Is beag a thaithneochadh sé lib féin, dhá dtosuigheadh daoine eile ag flith-mhagadh fúib. Is gearr go mbeadh "te te" ann
Is beag an dochar do Ph. fuacht féin a bheith air, thuas annsin ar aghaidh na rithteachta ó mhaidin ins na bárrannaí garbha sin, agus an gála dhá chriathrú. Áit gan fascadh ar bith é. Is maith an clúdadh nar mhór do dhuine a bheith air agus an aimsir atá ann — aimsir choimhigheach críochnuighthe
Is beag an dochar dó. InDomhnach daoine atá luath láidir féin, is beag an acmhuinn oibre atá aca ar an mbeatha atá ag imeacht anois, ní áirighim eisean a bhfuil aois an phinsean bailighthe aige. 'Sé cuid an bheagáin atá fear deich mbliana agus trí fichid indon a dhéanamh
Ba bheag an dochar di codladh féin a bheith uirre agus í seachtain as éadan a chéile ar neamh-chodladh, ar scáth néillín fhánach a d'fhaghadh sí indeireadh oíche. Is agamsa atá a fhios é. Chaith mé féin ráithe in mo dhúiseacht ó oíche go maidin an t-am a raibh an treoch ar an gcuid a bhí annseo agam féin
Is beag an dochar di a bheith céasta féin agus an rúacán d'fhear atá aice. Ag imeacht ag ragairne agus ag ól ó oíche go maidin agus in a chodladh go h-eadarshuth annsin, agus ma (dh)eireann sí aon-cheo leis, í ithte, sceanta, buailte aige. Is olc an áit ar chuir a h-athair í
Is beag an dochar do'n dithreabhach sin an ghearradh-ghíonnach a bheith in a phutóig scáth a bhfaghann sé ag baile. Tá an leas-mháthair in a droch-cheann dó, agus maidir leis an athair níl sé indon aon-cheart a sheasamh dó féin, gan trácht ar aonduine eile.
Is beag an dochar dó a gcailleadh air. Nach shin é an ghiollaidheacht a thugas sé orra. Ar an dá luath agus a mbeirtear iad, a gcaitheamh amach ins an ngarrdha agus a bhfágáil annsin, agus cead aca beatha a bhaint as a gcrága. Ní mór do'n laogh aire an leinbh, bíodh a fhios agad
3.
laghdú mór in do chuid airgid nó maoine. (Níor chuala mé "dochar" ins an gcéill seo (laghdú ar do chuid airgid) ach mar sin: "ní gan dochar agus rl. Ach d'fhéadfá a rádh freisin: "is dochar mór do do sparán, (do do phóca etc.) bainbh a cheannacht anois")
+
Ní gan dochar na bainbh chéadna a cheannacht, ach má's le duine an saoghal a righeachan, ní mór dó a bheith ag pléidh le rud eicínt. (ní gan dochar = ní gan poll maith in do chuid airgid bainbh a cheannacht; ní ingan fhios do do sparán nó do do phóca é)
Tá a fhios ag mo chroidhe nach gan dochar a dhul ag ceannacht éadaigh anois, ach caithfidh na daoine a gceannacht maran leo imeacht in a gcraiceann
TUILLEADH (2) ▼
Ní gan dochar a dhul isteach idteach ósta ar an saoghal seo. Pionta dhuit féin agus do do chomráduidhe dhá scilling. Cé'n bhrigh ach má bhíonn fuisce ins an deoch!
Ní gan dochar bicycle a fheistiú anois, dhá mbeadh na bícéid a bhíos air le fáil féin — rud nach bhfuil! Bhfuil a fhios agad cé mhéad a thug mé ar dhá "tyre" anuiridh ins an mb. Trí phunt coróin. Ó dheamhan an oiread agus a dhéanfadh torann ar leic a fuair mé as. Ach buidheach beannachtach a bhí mé agus a bhfáil ar an méid sin fhéin
4.
fabht, donacht; fuireasbhaidh, easbaidh.
+
Cé'n áit a bhfuil an dochar? = cé'n áit a bhfuil an fabht, an donacht, an gortú, an phian, nó an éagcaoineadh ort?
Cé'n áit a bhfuil an dochar ar an mbó?
TUILLEADH (6) ▼
Ní bheadh a fhios agad cá'il an dochar chor ar bith. Deir sé féin amanntaí gur in iochtar a bhrún é, amanntaí eile isteach díreach in a imleacán. Tá an phian cho luaithneach leis an ngaoith má's ceart géilleadh dó féin. Tá an dochtúr sifleáilte (shuffleáilte?) aige cho maith le duine
Sin é an giodán muis a bhfuil an dochar ann — isteach in mo chorróig. Gortuigheadh ann mé fadó an lá, in áit ar thuit maide orm thuas ins an gcoill. Níor éagcaoin mé ariamh ó shoin é go dtí le rí-ghairid
Tá buadh eicínt aige. Níl baoghal ar bith nach bhfuil. Níor fhiafruigh sé a dhath dhíom ach an oiread agus atá tusa a fhiafruighe dhíomsa, ach siubhal anall go dtí mé. "Annseo atá an dochar" adeir sé, go leath-fhánach agus rug sé ar na féitheacha faoi'n nglúin, agus bhain sé fáscadh asta. Chuir sé pian bheag orm, ach ba bheag an bhrígh í le h-ais an phian ghártha a bhíodh orm roimhe sin. "Teirigh abhaile" adeir sé. "Tá sí deasuighthe. Ná corruigh í go ceann trí seachtainí go snumaidh (snadhmaidh) sí ceart. Féadfaidh tú a bheith ag déanamh teanntáis uirre annsin i leabaidh a chéile." Sin é an fear a bhfuil an scil i gcnámha aige!
Ins an ngualainn atá an dochar. Ní fhéadfadh sé a láimh a lúbadh thairis sin anois slán an tsamhail. Ní raibh sé baoghal ar cho dona sin i dtosach, ach ní dheacha sé roímpe in am
Beannacht Dé dhuit, bhí siad do mo chartadh agus do mo strachailt ar feadh seachtaine imbéal a chéile. Chuir siad an rud eile sin orm — an X-ray. Ach ní raibh siad indon an dochar a fháil in a dheidh sin gur 'sbáin mé féin dóib é
An bhfaca tusa an dochtúr dubh? Thug S. Sh. amach é len a chuid tinneas droma a leigheas. Níor fhága sé snáth air, agus chuir sé ar a bhéal faoi ins an leabaidh é. D'innis S. Sh. dó cá raibh an dochar. "Annseo" arsa seisean agus bhuail sé a shean-dorna anuas ar an gcaoldruim air, agus chuir sé snamannaí (snadhmannaí) ins an leabaidh air. Ach cho luath agus a fuair S. a anáil leis, d'eirigh sé de léim chascartha agus fuair sé an píce. Bhí an dochtúr dubh leigthe leis féin agus níor mhór dó féin go raibh. Ní changlóchadh sé aon-fhata go bráth aríst!
·
Tá dochar eicínt roimhe thuas atá dhá chuir anuas = simléar a bhí ag cur anuas na deataí; tá bacainn roimhe, nó rud uireasach eicínt ar an simléar
5.
droch-ábhar nó máthair an ghuir.
+
Tá an dochar istigh fós = máthair an droch-ábhair, nó an ghaimh i lot
Leig mé seile aisti ach shéid sí suas 'un bracha aríst. Tá an dochar istigh fós
TUILLEADH (3) ▼
Tá an dochar istigh ins an lot fós, mara dtugaidh an ceirín seo amach é. 'Sé an ceirín é a chonnaic mise ag dul len a léithide ariamh
Is danra an lot é sin anois, nach féidir an dochar a thabhairt as. Má chinneann seo anois ort, caithfidh tú teanga an tsionnaigh a chur léithe. Sin í an cailín a thiubharfas an dochar amach. Ní fhágfaidh sí a dhath ann ar feadh lá amháin
Rinne a mhéir braon. Leig sé í. Shílfeá go raibh cneasuighthe di. Bhí ainfheoil ag teacht i mbéal an ghearrtha taobh amuigh. Ach rinne sí seile in ath-uair. Droch-sheile. Leig sé aríst í. Má leig féin níl ag cneasú dhi. Is méir bhocht í. Tá ábhar i gcomhnuí innte, ach dair leat féin nach bracha é in a dheidh sin. Mar dteighidh sé roímpe gan mórán achair, fiachfaidh (féachfaidh) sí é, mar tá an dochar istigh innte fós

Féach freisin

dochar in iontrálacha eile (50+)

 
Caith síos iad. Ní dochar ar bith neart fataí a chur síos. Is fhearr in a earasbár ná in a easbaidh iad = bruitear neart fataí le haghaidh an bhéilí, mar is fhearr cuid a bheith le cois, ná gan ar ndóthain a bheith againn
 
Tá 'chuile fhata ar an bhfeáin aca lofa. Bhí a fhios agam sin. An chéad-bhéilí céad-fhómhair a bhain mé i mbliana, d'aithin mé go raibh siad roighnithe. Is beag an dochar dóibh ar scáth a bhfuair siad de thriomach
 
Cuireann sí feánach leamhnacht 'ar chuid na muc 'chuile lá. Is beag an dochar dóibh éifeacht féin a bheith ionta. Go bhfoire Dia ar na muca nach bhfánn ach an fata tor! Is deacair dóibh aon-rath a bheith orra
 
Ní fearadh mór don bhaile seo í sin a bheith ann ar aon-nós. Hébrí cén dochar a dhéanfas sí, ní dhéanfaidh sí sochar ar bith
 
feart
Tá mé eirithe as an tobac inniu, agus ní chaithfidh mé aon-ghráinne aríst le cúnamh Dé go dtí lá Fheil Pádraig na bhFeart. Bainfidh mé píopa as an lá sin. Deir siad nach dochar é
 
Ní droch-fhliuchán ar bith é fliuchán farraige. Ní dhearna an sáile aon-dochar d'aon-duine ariamh adeir siad
 
Tá féar agus fóthar aige sin, agus is beag an dochar dhó agus a gcuireann sé de mhúirín agus de leasú air. Thug sé suas le trí thonna amach as an bhfóidín i mbliana
 
Bhí sí sin in a beitheach cho tóighe agus d'fheicfeá in do shiúl ionsaí nuair a cheannuigh sé in a gamhain í, ach chuirfeá amach i bhfáinne anois í. Níl bior eanga uirre. Is beag an dochar di: cuibhrithe sna breaclachaí siúd ó a tháinig an geimhreadh agus gan aon-ghabhail a chaitheamh ariamh aice. Go deimhin ba chóir dhó náire a bheith air, amhgar a thabhairt do bheitheach ar bith mar siúd
 
Ní chuirfidh muid níos mó sprae (spray) ar an ngarraí siúd faitíos na fálach thuas. Gabhfaidh sé rite linn an oiread a bheith againn agus a riarfas uiliog é (an cur ar fad). M'anam muise nach ndéanfadh ceobáinín beag eile aon-dochar don gharraí siúd féin, mar go bhfuil muid gann
+
fána
Go dtóige an diabhal le fánaidh aille thú gan dochar gan díobháil duinne! (eascaine)
TUILLEADH (1) ▼
Ní féidir go bhfuil an madadh imithe aríst! Go dtóige an diabhal le fánaidh aille é, gan dochar gan díobháil do na daoine
 
fóir
Nach beag an dochar duit náire a bheith ort a theacht ag iarratas ormsa. Ní raibh aon-fhear fóirínte agam fhéin ariamh, ach cead agam a raibh agam a bhaint as allas mo chnámh. D'fhéad tusa an cleas céanna a dhéanamh ach, bhí an iomarca den spreallaireacht ag siúl leat
 
Is beag a' dochar dhó a bheith sínte fhéin, má bhí sé dhá chaidhleadh le sneachta ar feadh an lae mar sin, a's gan fascadh ná dídean aige, ach mar bheadh lorg coise na bó ar a' gcneagaire (Féach "cneagaire")
 
carn
Is beag a' dochar dhá mhuineál a bheith cárnuighthe fhéin, a's an bhís chainnte atá air, ó thosuigh an 'Election' seo. Diabhal aithne air, nach aige atá iad (na teachtaí Dála) a chuir isteach ar fad. Tá sé árduighthe uileag!
 
Chaith sé an lá a' ceartú dhom thíos ar a' mboithrín. Is aige atá ughdar chuile shórt. Ach is beag a' dochar dhó, a's gur a' léigheamh a chaithea(nn)s sé a shaoghal.
 
Is beag a' dochar do na muca sin a bheith ramhar beaithte fhéin arae fuair siad togha na cinnireachta ó'n lá ar ceannuigheadh iad.
 
Is beag a' dochar dhó coimhightheas a bheith aige leis an athair, a's chomh dúnárusach, dorcha a's tá sé fhéin.
 
Is beag a' dochar dhi sin a bheith in a coinicéar mhóir mhillteach. Sin é a maith a's a maoin.
 
Peige: go dtóige an diabhal leis thú!; Nóra: an chumaoin chéadna ort, gan díoghbhail gan dochar domsa, ná de mo chuid.
+
Má's ingan-fhios nó igcoimhfhios a rinneadh é, nach hé an dá mhara chéile é anois. Tá'n dochar déanta, a's nach shin é 'bhfuil 'na thimcheall.
TUILLEADH (1) ▼
(D)ar ndóigh, maran i gcoimhfhios a rinne sé, is ingan fhios a rinne sé é, ach nach shin é 'bhfuil 'na thimcheall? Ní fiú a dhul a' sáruightheacht faoi, scáth a bhfuil de dhochar déanta. Dheamhan's móide a leath-oiread cainnte a bhainfeadh scéal mór amach.
 
Is beag a' dochar de'n dream sin a bheith in a gcorcáin a's a n-itheann siad de bhiadh cladaigh, a's chuile sholamar de'n tsórt sin.
 
Is beag a' dochar dhó oighreachaí fhéin a bheith air — duine 'bith atá cosnochtuighthe ar an aimsir seo.
 
cíble
Is beag a' dochar de do theanga a bheith tuirseach, a's an scíble atá fúithe. Shílfeá go dtiubharfá scíth di uair eicínt, a's gan a bheith ar a' táirm chéadna i gcomhnuidhe.
 
bannaí 1
Sé'n chaoi le bannaídhe a chuir ar ghliomach an fhéith atá in a chrúib a ghearradh, nó a bhriseadh, a's níl aon-dochar ann annsin, mar ní fhéadfa sé tada a dhéanamh ort.
 
Sin é suas a' bealach agad, a's nar fhille tú go luath, gan dochar gan díoghbháil dúinne!
 
Is beag a' dochar di loirgní breaca fhéin a bheith aice, a's gur thíos sa mbéalóig atá siad sactha aice ó mhaidin go faoithin.
 
Dheamhan dochar sa gcraobh mhúr sin. Sé'n chaoi a n-eireocha an teas as.
 
crinn
Is beag an dochar dá chuid beitheadhach gan bior-eanga a bheith thuas ar a' gcraiceann, ag iarraidh [bheith] a' crinneadh na mbreaclach sin, a's gan solamar ná súighteán orra(b).
 
Tá sé ídighthe uileag, agus is beag a' dochar dhó, a's a bhfuil de chasacht a's de chrochaillí air.
 
Is beag a' dochar dhó a bheith in a chráisiléad fhéin, a's laghad a chuid maitheasa. (D)ar ndóigh, ní dhéanann sé smeach ó mhaidin go faoithin, ach gróigthe istigh ar a' teallach.
 
Tá chuile shórt in a mhoirt ag an gcramhar sin. Dheamhan cineál a' bith báistighe is sailighe ná í. Dá gcaitheadh sé foracán breagh in éindigh a's eirghe as annsin, níor leath-dochair é, ach tá'n cramhar sin mío-fholláin.
 
Nár theighe ó chrích ach í gan dochar gan díoghbhail dúinne, ná dhár nduine fhéin!
+
D'eile cá'r nigh sí iad ach sa tobar. Nach bhfaca mé na cuilíní gallaoireach air nuair a chuaidh mé amach ag iarraidh an aistir uisce sin! Is beag a' dochar di náire a bheith uirre feasta choidhchin gan fios a gna(ithe) a bheith aice fhairis sin, ach ní hí is measa ach sibse a leig amach í.
TUILLEADH (2) ▼
Ní fhaca tú aon-fhear ariamh a chuaidh ingeallta ach é, 'nuair a thuit an chuilín súighe ar a' bpáipéar. Ach ba bheag a' dochar dó: b'éigean dó tosuighe as a nuadh, a's chuile mhíle focal de'n leitir a scríobhadh aríst.
Níl dochar a' bith 'sna cuilíní tirme sin, 'nuair nach mbeadh an súighe fliuch ann.
 
Is beag a' dochar de'n gharrdha sin a bheith in a churásach, a's gan é 'tabhairt scíthe a' bith dhó, ach dhá chur 'chuile bhliadhain imbéal a chéile. Tá sé spíonta aige.
+
beo 1
Is beag a' dochar dhom a bheith beo, beithidheach thíos sa talamh agaibh, a's an chaoi a bhfuil sibh i m'éadan.
TUILLEADH (2) ▼
Níl dochar a' bith annsin a leain(bh)ín. Iasc beo é sin. Bíonn sé ar chuile dhuine beo, uair eicínt.
Is diabhaltaidhe an tóir atá ag an iasc beo ortsa fharras aonduine. Níl de leathrann agad ó mhaidin go faoithin ach iasc beo. Ó thárla nach bhfuil aon-dochar ann, tuige a mbíonn tú a' bodhrú na ndaoine a' cainnt air! Nach thú an sean-pháiste againn!
 
biorach 1
Is beag a' dochar do ghasúir, speireachaí a's bonn-bhualadh fhéin a bheith orra(b), a's a bhfuil de chlocha bioracha ar na bóithrí. Tá cladach aca(b) annsin thíos, a's dheamhan duine dhá dteang(mh)ócha ceann aca(b) le na chosa, nach mbeidh buailte suas aríst ar feadh na bliadhna.
 
Is beag a' dochar dhó 'bheith otraighthe fhéin mar ólann sé bleághanach mar sin go minic.
 
Is beag a' dochar dhom a bheith thíos sa talamh fhéin, ag iarraidh a bheith a' bruitheachán leis a' mbodhránach móna sin. Dhá gcuirtheá síos í, ar eirighe dhuit ar maidin, dheamhan a' mó, ná lasta a bheadh sí trathnóna.
+
bruach
Rinne an fheoil fínniú idtosach, a's lobh sí ar fad annsin. D'eirigh bruachannaí timcheall ar a' ngiodán a raibh an dochar ann, a's chuaidh sé in óthras. Shíl mé nach gcneasóchad sé chor a' bith, bhain sé an fhad sin asam.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan dochar é 'bheith a' déanamh bruachannaí. Déanann chuile lot iad sin, má's droch-lot é.
 
Is beag a' dochar dhó, 'bheith ina bhrísteachán fir, mar sin é mhaith a's a mhaoin.
 
aerach
Bhí sí aerach ach sin é 'raibh de dhochar innte
 
Is beag an dochar dhuit aithmhéala a bheith ort agus an rud adubhairt tú léithe.
 
buail
Ba bheag a' dochar dhó, faitchíos dhá bhualadh, a's an gothadh a bhí ar Sh. B.
 
Is gártha an buinneán de ghlór a bhío(nn)s aige, nuair a bhío(nn)s braon sa gcírín aige. Chloisfeá thiar adtuaidh é. Is beag a' dochar dhó tinneas cinn fhéin a bheith air, a's an bhúithreadhach a bhío(nn)s aige.