Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dochar
ainmfhocal, fireann
iolra: dochair
focal ríchoitianta i gcaint é dochar
codarsna: sochar; 'sé díobháil focal cuingire dochar
1.
 millteanas, damáiste, mísc, anachain, tubaiste, díobháil, rud a chur as do … ; goimh, gangaid.
a.
+
An ndearna sé aon dochar duit — díobháil, millteanas, damáiste, mísc
Ní dhéanfaidh sé aon dochar duit
TUILLEADH (14) ▼
Má tá rún aige aon dochar a dhéanamh, ní rachaidh leis
Ní beo é mura mbeidh sé ag déanamh dochair i gcónaí
Ní dhéanfaidh an bháisteach seo aon dochar
Rinne an craobhmhúr sin dochar mór. Is áibhéil an lear féir a bhí ligthe amach ag daoine inniu
Ba é a bhuac a bheith ag déanamh dochair dá chomharsa
Cén dochar a rinneadh dhó scáth cupla gearradh
Fágaidh ansin anois í. Níl mórán dochair le déanamh aici ann ó tharla go bhfuil chuile shórt craptha. Nach diabhaltaí bradach i gcónaí í
Déanfaidh an cogadh seo dochar fós feicfidh tú féin. Ní chónóidh siad ach oiread go dteaga sciorta dhe don tír seo nó is maith an t-ádh atá uirthi
Tuilleadh diabhail aige anois! Ba bheag an carghas a bhíodh aige féin dochar a dhéanamh don té údaí eile. Tá sé ag teacht ar a mhéis féin aige anois
Is iomaí dochar a rinne sé ariamh ach tá sé féin dhá fháil garbh anois, ní dhá roinnt leis é
Ní raibh aon mhaith dhuit ag caint an uair sin. Bhí an dochar déanta
Dochar fánach a rinne sé dhó, ach nach cuma sin, ó fuair sé a chuid airgid
D'éirigh mé as, leisce dochar a dhéanamh dhó
Diabhal dochar sa ngaoith sin. Ní scoirfidh sí an coirce mura neartaí sí
+
Nuair is mó an dochar sea is fearr an fhoighid (seanfhocal) — níl uair ar bith is mó a bhfuil ag (air) duine stuaim a chur ar an bhfoighid leis an uair a ndéantar millteanas mór nó foghail air. Má théann sé chun drochmhúineadh an uair sin, 'sé is dóigh dhó, gníomh a dhéanamh a mbeidh aiféala aríst air dhá bharr
Tá foghail mhór déanta ort, agus ní hé a d'fheil duit a dhuine bhoicht, ach níl rud ar bith is fhearr duit anois ná an buille réidh. Nuair is mó an dochar sea is fhearr an fhoighid
TUILLEADH (1) ▼
Buaileadh san éagóir thú. Diabhal bréag nár buaileadh. Ach má tá tú i ndiaidh do shásaimh air, fainic a n-ionsófá é. Tabhair suas do na póilíos iad. Nuair is mó an dochar sea is fhearr an fhoighid
+
Is mó an dochar an fear thall go mór ná é seo, théis gur mó an ghlaomaireacht é seo
Ba mhó an dochar chuile dhuine ná an créatúr sin. Fear nár chuir aon araoid ar aon duine ariamh
TUILLEADH (2) ▼
Is lú an dochar go fada leagan ó chapall ná leagan ó asal. Mharódh leagan asail thú
Is lú go mór an dochar gearradh ó speal nua nó ó sheanspeal. Bíonn gearradh an cheann nua glan
+
Fear ar bheagán dochair é — níl sé gangaideach
Ba rud ar bheagán dochair é sin le hais an rud seo
TUILLEADH (2) ▼
Is póilí ar bheagán dochair é sin, ach ní hé sin don cheann a bhí in éindí leis
Níl de dhochar ann ach an oiread le páiste — tá sé simplí, dea-chroíoch
+
Níl dochar ann a mhuirnín! — déarfadh máthair é dhá ngortaíodh a páiste é féin, nó dhá ndéanadh duine eicínt éagóir, nó rud eicínt air
Níl dochar ann a stór. Beidh sí ar fheabhas amárach. Cuirfidh mise ceirín léithe a chneasós í
TUILLEADH (3) ▼
Níl dochar ann. Ceannóidh mise liathróid duit chomh maith léithe ach a sroiche mé Gaillimh
Dia linn! Chuaigh sé le t'anáil. Níl dochar ann a chuidín
Thug sé leasainm ort a linbh, ach níl dochar ann. Níl duine ar bith is fhearr an oidhe leasainm ná é féin — an carracháinín bradach!
+
Dúirt sé i dtosach gur mé a rinne é, ach d'fhéach sé leis an dochar a bhaint as ina dhiaidh sin. 'Ní raibh tú ach ag breathnú orthu dhá dhéanamh,' adeir sé — goimh; bhí sé ag iarraidh an rud adúirt sé ar an gcéad iarraidh a thláthú
Ná bí ag baint an dochair as anois chor ar bith le do chuid leiciméireachta. An rud adúirt tú, dúirt tú é, agus sin é a bhfuil ina thimpeall
TUILLEADH (3) ▼
Ag iarraidh an dochair a bhaint as a chuir sé an t-agús sin ann. Thuig sé go raibh an anachain déanta aige agus an tairne sa mbeo
Thóg sé suas ort é muis. Tá sé sin an-aisteach. Ní chuimhneoidh sé chor ar bith gur sciorradh focail a d'éirigh dhuit. Más leat an dochar a bhaint as anois, níl agat ach a tharraingt anuas aríst an chéad oíche eile agus an chaint cheart a chaitheamh a dhó nó a trí de chuarta i riocht is go dtiocfaidh sí isteach sna cluasa go maith aige
Dhá gcloistheá an nathaíocht a bhí air. Chaith sé an oíche ag cur chaoi ar choiníní, agus mé ag ceapadh chuile phointe go bhfeicinn buailte ag an dream seo thiar é, mar dhóigh dhe gur ag scaoileadh acu féin a bhí sé. Ach bhaineadh sé an dochar as aríst ar ais lena chuid leiciméireachta
+
Ní dochar ach sochar a dhéanfas sin duit — má ghníonn tú é sin, 'sé do leas, agus ní hé t'aimhleas, a dhéanfas tú
Bail ó Dhia ort! Má théann tusa soir ansin thoir chun an aonaigh, agus péire banbh a cheannacht le airgead an ghearrbhodaigh eile, ní dochar ach sochar a dhéanfas sin daoibh beirt. Cé fearr dó ina chónaí mar airgead
TUILLEADH (8) ▼
M'anam nach dochar ach sochar — agus sochar mór freisin, a dhéanfadh múr báistí anois. Tá chuile shórt spalptha
Ba aon chás amháin duit dochar le sochar a dhéanamh dhó, arae is mar a chéile an buíochas a bheas aige ort. Dhá ndéantá an saol dó, bheadh sé in t'éadan lá arna mhárach
Is corr an sórt duine é. Déanfaidh sé an sochar agus an dochar duit i dteannta a chéile. Níl aon duine in Éirinn is grádiaúla ná é. Roinnfeadh sé an greim a bheadh sé a chur ina bhéal leat. Ach dhá dtéadh sé amach an nóiméad ina dhiaidh sin, agus asal leat a fháil istigh sa seanriasc bréan siúd thuas aige, bheifeá istigh aige an chéad chúirt eile
Níl an dochar ná an sochar sa gceann céanna. Ní chuirfidh sé ann ná as duit. Bhí a athair féin amhlaidh
Dheamhan dochar ann, ach tá sé mar sin leis an sochar. Níl an mhaith ná an t-olc ann. Sin é an chaoi a bhfuil sé
Dar príosta hé brí cén sochar a rinne sé do na daoine, ní fhéadfadh duine ar bith a rá go ndearna sé dochar. Chonaic muide an-tsoilíosach ariamh é — an fear croí
Níor chomaoin dó a dhul ag déanamh sochair ar bith dóibh sin agus a ndearna siad féin de dhochar air cheana. Ach d'ordaigh Dia maith in aghaidh an oilc chreidim
Ba ghearr le dhul a chuid sochair ar ghualainn a chuid dochair. Chuir sé amach a raibh sa leath thoir den dúiche ar fad, agus mar gheall gur shásaigh sé é féin, d'fhága sé cupla tionónta a bhí salach i seilbh anseo. Nár mhór an sochar é sin — nár mhór!
+
Ní dhearna sé díth ná dochar dó — ní go minic a bhíos sé seo i gcaint ach amháin i seanamhráin agus i seanphaidreacha, ach deirtear scaití é mar sin féin
Ní dhearna sé dochar ná díobháil d'aon duine ariamh
TUILLEADH (3) ▼
Is fada fada a bheinnse ag dul an bóithrín shula chuimhneoinn dochar ná díobháil a dhéanamh do do cheapachín phlandaí. Leag ar an dream é a bhíos tugtha síos leis an bhfoghail i gcónaí
Cé a dhéanfadh é ach an dream a ghníos an dochar agus an díobháil i gcónaí? Tá sé de bheith ar na háibhirseoirí sin nach ligfidh siad rud ar bith thartu gan araoid a chur air. Tá seanaithne agamsa orthu sin
Sin rud nach bhfuair aon dhuine ann féin ariamh a rá liomsa, go ndearna mé dochar ná díobháil do bheithíoch a bheadh aige. Ní dhearnas muis. Dhá mbeadh an chloch sa muinchille agam do dhuine, ní ar a bheithíoch a ghabhfainn dhá ídiú. D'ídeoinn air féin é
+
Mo chuid tubaiste dhó, gan dochar gan díobháil dúinne! — ní mian liom go bhfearfadh aon cheo den eascainí a chuirim airsean, orm féin ná ar aon duine dá mbaineann liom, ná dá bhfuil in aon mhuirín liom go háirid
Brú agus ding air, gan dochar gan díobháil dúinne!
TUILLEADH (5) ▼
Má tá slaghdán air, go ngreamaí sé dhó muise, gan dochar gan díobháil dúinne!
Bail na codach sin ar an gcuid eile dá bhfuil aige, gan dochar gan díobháil domsa. Dhá bhféadadh sé féin rud a chur as do dhuine, is umhal éasca a dhéanfadh sé é
Ní mór liomsa don bhrútaí caochshrónach sin a bhfaighidh sé gan dochar gan díobháil dúinne, dár gcuid ná dár muintir amuigh ná sa mbaile!
Sin é anois an duine deiridh dhá chuid clainne imithe uaidh. Tá sé fágtha gan Murchadh gan Mánas anois. Tuilleadh diabhail anois aige gan dochar gan díobháil dúinne, dár gcuid ná dár maoin. Ní hin í mo chéad eascainí air muis, agus fearann an eascainí ar chaoi eicínt. Ba bheag an scrupall a bhí aige féin eascainí a dhéanamh ná daoine a dhíbirt. Tá sé faighte faoi na foraí aige féin anois
Go laga Dia é muis, gan dochar gan díobháil domsa. Ní chaoinfidh mórán é os cionn cláir. Má chaoineann, ní hiad mná an Bh. L. iad ar chaoi ar bith. Shaothraigh siad sin an saol aige
b.
+
Cén dochar? — an-choitianta i gcaint — what harm, what is the harm, no matter, alright, very well
Dhóirt mé é ach cén dochar — ní miste faoina dhóirteadh
TUILLEADH (5) ▼
Cén dochar má d'imigh sé féin
Mura bhfuair tú féin é, cén dochar?
Má briseadh féin é, cén dochar?
Níor thug mé isteach aon fhód móna, ach cén dochar. Tá fuílleach istigh
Maraíodh an madadh orainn, ach cén dochar. Tá breac sa bhfarraige chomh maith agus a maraíodh fós
+
Níl aon dochar uair nó dhó a chaitheamh ag cuartaíocht chuile oíche. Is mó an sochar é go fada, thar is a bheith sactha istigh go hacht is go háirid
Níl a dhath dochair (níl dochar ar bith, níl lá dochair, níl blas dochair srl.) i bpeaca sologhtha. Peaca fánach é. Nuair nach sceadfadh duine é féin an-mhór
TUILLEADH (6) ▼
Ní dochar ar bith é sin a bhualadh
Dheamhan ceo dochair corrchniogaide a choinneáil buailte air
Níl aon dochar an buidéal ar fad a ól má thograíonn tú
Níl dochar ar bith an phuchóid sin a bheith amach ar an tyre. Chuaigh mise as seo siar go dtí an Ch. R. agus aniar aríst ar phuchóid níos measa
Ní dochar ar bith an méid sin a thabhairt in t'aghaidh. Mura rug sé thall ortsa i dteach an ósta, níl beann ar bith agat air
Ní bheadh aon dochar dhuit an bhó sin a ligean amach cupla uair inniu hidir dhá mhúr. Níor mhór di é
+
Ní dochar duine a leagan mura ngortaítear é (seanfhocal)
Dheamhan brí sa méid sin ó tháinig tú as chomh saor. Deir siad nach dochar duine a leagan mura ngortaítear é
TUILLEADH (1) ▼
Níor éirigh liom ach sceadadh beag ar an ngrua. Is maith a chuaigh mé as mar sin féin, nach ndearna siad mo lá. Ar ndóigh ní dochar duine a leagan mura ngortaítear é
2.
ionadh; is suarach an t-ionadh … ; tá air (ag, agat, srl.); ba cheart duit …
+
Is beag an dochar duit náire a bheith ort — tá agat (air) náire a bheith ort; tá ceart agat náire a bheith ort; tá údar náire agat, bíodh náire ort nó na bíodh; is suarach an t-ionadh dhuit náire a bheith ort
Is beag an dochar duit náire a bheith ort ag leadaíocht istigh ansin lá breá samhraidh i leaba dhuit a dhul amach i gcionn do chuid oibre. Meas tú an bhfaighidh tú beatha ó neamh ansin ar do ghogaide!
TUILLEADH (9) ▼
Is beag an dochar di náire a bheith uirthi ag imeacht ina rúisc chomh míchuibhiúil ar bhóithrí ansin síos. Ba chóra di go mór luaith bhuí na seachtaine a chur amach sa mbaile
Má tá sí beaite féin is beag an dochar di. Sin é a maith agus a maoin ó Luan go Satharn
Is beag an dochar dó cluasa te a bheith aige agus ar dúradh faoi anseo ó tháinig oíche. Diabhal a (bhur) leithidí a chonaic mé ariamh ag cóiriú daoine. Is beag a thaitneodh sé libh féin, dhá dtosaíodh daoine eile ag flithmhagadh fúibh. Is gearr go mbeadh "te te" ann
Is beag an dochar do Ph. fuacht féin a bheith air, thuas ansin ar aghaidh na riteachta ó mhaidin sna barrannaí garbha sin, agus an gála dhá chriathrú. Áit gan foscadh ar bith é. Is maith an clúdadh nár mhór do dhuine a bheith air agus an aimsir atá ann — aimsir choimhthíoch críochnaithe
Is beag an dochar dó. I nDomhnach, daoine atá luath láidir féin, is beag an acmhainn oibre atá acu ar an mbeatha atá ag imeacht anois, ní áirím eisean a bhfuil aois an phinsean bailithe aige. 'Sé cuid an bheagáin atá fear deich mbliana is trí fichid in ann a dhéanamh
Ba bheag an dochar di codladh féin a bheith uirthi agus í seachtain as éadan a chéile ar neamhchodladh, ar scáth néillín fhánach a d'fhaigheadh sí i ndeireadh oíche. Is agamsa atá a fhios é. Chaith mé féin ráithe in mo dhúiseacht ó oíche go maidin an t-am a raibh an triuch ar an gcuid a bhí anseo agam féin
Is beag an dochar di a bheith céasta féin agus an ruacán d'fhear atá aici. Ag imeacht ag ragairne agus ag ól ó oíche go maidin agus ina chodladh go headarshuth ansin, agus má dheireann sí aon cheo leis, í ite, sceanta, buailte aige. Is olc an áit ar chuir a hathair í
Is beag an dochar don díthreabhach sin an ghearradh ghionach a bheith ina phutóig scáth a bhfaigheann sé ag baile. Tá an leasmháthair ina droch-cheann dó, agus maidir leis an athair, níl sé in ann aon cheart a sheasamh dó féin, gan trácht ar aon duine eile
Is beag an dochar dó a gcailleadh air. Nach in é an ghiollaíocht a thugas sé orthu. Ar an dá luath is a mbeirtear iad, a gcaitheamh amach sa ngarraí agus a bhfágáil ansin, agus cead acu beatha a bhaint as a gcrága. Ní mór don lao aire an linbh, bíodh a fhios agat
3.
 laghdú mór in do chuid airgid nó maoine. Níor chuala mé dochar sa gcéill seo (laghdú ar do chuid airgid) ach mar sin: ní gan dochar srl. Ach d'fhéadfá a rá freisin: is dochar mór do do sparán, do do phóca srl. bainbh a cheannacht anois
+
Ní gan dochar na bainbh chéanna a cheannacht, ach más le duine an saol a ríochan, ní mór dó a bheith ag plé le rud eicínt (ní gan poll maith in do chuid airgid bainbh a cheannacht; ní i ngan fhios do do sparán nó do do phóca é)
Tá a fhios ag mo chroí nach gan dochar a dhul ag ceannacht éadaigh anois, ach caithfidh na daoine a gceannacht muran leo imeacht ina gcraiceann
TUILLEADH (2) ▼
Ní gan dochar a dhul isteach i dteach ósta ar an saol seo. Pionta dhuit féin agus do do chomrádaí dhá scilling. Cén bhrí ach má bhíonn fuisce sa deoch!
Ní gan dochar bicycle a fheistiú anois, dhá mbeadh na bícéid a bhíos air le fáil féin — rud nach bhfuil! An bhfuil a fhios agat cé mhéad a thug mé ar dhá tyre anuraidh sa mb. Trí phunt coróin. Ó dheamhan an oiread is a dhéanfadh torann ar leic a fuair mé as. Ach buíoch beannachtach a bhí mé agus a bhfáil ar an méid sin fhéin
4.
 fabht, donacht; uireasa, easpa.
+
Cén áit a bhfuil an dochar? — cén áit a bhfuil an fabht, an donacht, an gortú, an phian, nó an éagaoineadh ort?
Cén áit a bhfuil an dochar ar an mbó?
TUILLEADH (6) ▼
Ní bheadh a fhios agat cá'il an dochar chor ar bith. Deir sé féin amantaí gur in íochtar a bhronn é, amantaí eile isteach díreach ina imleacán. Tá an phian chomh luaineach leis an ngaoith más ceart géilleadh dó féin. Tá an dochtúr sifleáilte aige chomh maith le duine
Sin é an geadán muis a bhfuil an dochar ann — isteach in mo chorróig. Gortaíodh ann mé fadó an lá, an áit ar thit maide orm thuas sa gcoill. Níor éagaoin mé ariamh ó shin é go dtí le ríghairid
Tá bua eicínt aige. Níl baol ar bith nach bhfuil. Níor fhiafraigh sé a dhath dhíom ach an oiread is atá tusa a fhiafraí dhíomsa, ach siúl anall go dtí mé. 'Anseo atá an dochar,' adeir sé go leathfhánach, agus rug sé ar na féitheacha faoin nglúin, agus bhain sé fáscadh astu. Chuir sé pian bheag orm, ach ba bheag an bhrí í le hais an phian ghártha a bhíodh orm roimhe sin. 'Téirigh abhaile,' adeir sé. 'Tá sí deasaithe. Ná corraigh í go ceann trí seachtainí go snadhma sí ceart. Féadfaidh tú a bheith ag déanamh teanntáis uirthi ansin i leaba a chéile.' Sin é an fear a bhfuil an scil i gcnámha aige!
Sa ngualainn atá an dochar. Ní fhéadfadh sé a láimh a lúbadh thairis sin anois slán an tsamhail. Ní raibh sé baol ar chomh dona sin i dtosach, ach ní dheachaigh sé roimpi in am
Beannacht Dé dhuit, bhí siad do mo chartadh agus do mo streachailt ar feadh seachtaine i mbéal a chéile. Chuir siad an rud eile sin orm — an X-ray. Ach ní raibh siad in ann an dochar a fháil ina dhiaidh sin gur 'speáin mé féin dóibh é
An bhfaca tusa an dochtúr dubh? Thug S. Sh. amach é lena chuid tinneas droma a leigheas. Níor fhága sé snáth air, agus chuir sé ar a bhéal faoi sa leaba é. D'inis S. Sh. dó cá raibh an dochar. 'Anseo,' arsa seisean, agus bhuail sé a sheandorna anuas ar an gcaoldroim air agus chuir sé snadhmannaí sa leaba air. Ach chomh luath agus a fuair S. a anáil leis, d'éirigh sé de léim choscartha agus fuair sé an píce. Bhí an dochtúr dubh ligthe leis féin agus níor mhór dó féin go raibh. Ní changlódh sé aon fhata go brách aríst!
·
Tá dochar eicínt roimhe thuas atá dhá chur anuas — simléar a bhí ag cur anuas na deataí; tá bacainn roimhe, nó rud uireasach eicínt ar an simléar
5.
 drochábhar nó máthair an ghoir.
+
Tá an dochar istigh fós — máthair an drochábhair, nó an ghoimh i lot
Lig mé seile aisti ach shéid sí suas chun bracha aríst. Tá an dochar istigh fós
TUILLEADH (3) ▼
Tá an dochar istigh sa lot fós, mura dtuga an ceirín seo amach é. 'Sé an ceirín é a chonaic mise ag dul lena leithide ariamh
Is danra an lot é sin anois nach féidir an dochar a thabhairt as. Má chinneann seo anois ort, caithfidh tú teanga an tsionnaigh a chur léithe. Sin í an cailín a thabharfas an dochar amach. Ní fhágfaidh sí a dhath ann ar feadh lá amháin
Rinne a mhéir braon. Lig sé í. Shílfeá go raibh cneasaithe di. Bhí ainfheoil ag teacht i mbéal an ghearrtha taobh amuigh. Ach rinne sí seile in athuair. Drochsheile. Lig sé aríst í. Má lig féin níl ag cneasú dhi. Is méir bhocht í. Tá ábhar i gcónaí inti, ach dar leat féin nach bracha é ina dhiaidh sin. Mura dté sé roimpi gan mórán achair, fiachfaidh (féachfaidh) sí é, mar tá an dochar istigh inti fós

Féach freisin

dochar in iontrálacha eile (50+)

 
Caith síos iad. Ní dochar ar bith neart fataí a chur síos. Is fhearr ina earasbarr ná ina easpa iad — bruitear neart fataí le haghaidh an bhéilí, mar is fhearr cuid a bheith le cois ná gan ár ndóthain a bheith againn
 
Tá chuile fhata ar an bhfeadhain acu lofa. Bhí a fhios agam sin. An chéad bhéilí céadfhómhair a bhain mé i mbliana, d'aithin mé go raibh siad righnithe. Is beag an dochar dóibh ar scáth a bhfuair siad de thriomach
 
Cuireann sí feadhnach leamhnachta ar chuid na muc chuile lá. Is beag an dochar dóibh éifeacht féin a bheith iontu. Go bhfóire Dia ar na muca nach bhfaigheann ach an fata tor! Is deacair dóibh aon rath a bheith orthu
 
Ní fearadh mór don bhaile seo í sin a bheith ann ar aon nós. Hé brí cén dochar a dhéanfas sí, ní dhéanfaidh sí sochar ar bith
 
feart
Tá mé éirithe as an tobac inniu agus ní chaithfidh mé aon ghráinne aríst le cúnamh Dé go dtí Lá Fhéil Pádraig na bhfeart. Bainfidh mé píopa as an lá sin. Deir siad nach dochar é
 
Ní drochfhliuchán ar bith é fliuchán farraige. Ní dhearna an sáile aon dochar d'aon duine ariamh adeir siad
 
Tá féar agus fothair aige sin, agus is beag an dochar dhó agus a gcuireann sé de mhúirín agus de leasú air. Thug sé suas le trí thonna amach as an bhfóidín i mbliana
 
Bhí sí sin ina beathach chomh tógtha agus d'fheicfeá in do shiúl ionsaí nuair a cheannaigh sé ina gamhain í, ach chuirfeá amach i bhfáinne anois í. Níl bior eanga uirthi. Is beag an dochar di: cuibhrithe sna breaclachaí siúd ó tháinig an geimhreadh agus gan aon ghabháil a chaitheamh ariamh aici. Go deimhin ba chóir dhó náire a bheith air, amhgar a thabhairt do bheathach ar bith mar siúd
 
Ní chuirfidh muid níos mó sprae (spray) ar an ngarraí siúd faitíos na fálach thuas. Gabhfaidh sé rite linn an oiread a bheith againn agus a riarfas uileag é (an cur ar fad). M'anam muise nach ndéanfadh ceobáinín beag eile aon dochar don gharraí siúd féin mar go bhfuil muid gann
+
fána
Go dtóga an diabhal le fána aille thú gan dochar gan díobháil dúinne! (eascaine)
TUILLEADH (1) ▼
Ní féidir go bhfuil an madadh imithe aríst! Go dtóga an diabhal le fána aille é, gan dochar gan díobháil do na daoine
 
fóir
Nach beag an dochar duit náire a bheith ort a theacht ag iarratas ormsa. Ní raibh aon fhear fóirithinte agam fhéin ariamh ach cead agam a raibh agam a bhaint as allas mo chnámh. D'fhéad tusa an cleas céanna a dhéanamh ach bhí an iomarca den spreallaireacht ag siúl leat
 
Is beag an dochar dhó a bheith sínte fhéin, má bhí sé dhá chaidhleadh le sneachta ar feadh an lae mar sin, agus gan foscadh ná dídean aige ach mar a bheadh lorg coise na bó ar an gcnagaire (fc. cnagaire)
 
carn
Is beag an dochar dhá mhuineál a bheith carnaithe fhéin agus an bhís chainte atá air ó thosaigh an election seo. Diabhal aithne air nach aige atá iad (na teachtaí Dála) a chur isteach ar fad. Tá sé ardaithe uileag!
 
Chaith sé an lá ag ceartú dhom thíos ar an mbóithrín. Is aige atá údar chuile shórt. Ach is beag an dochar dhó agus gur ag léamh a chaitheanns sé a shaol.
 
Is beag an dochar do na muca sin a bheith ramhar beaite fhéin arae fuair siad togha na cinnireachta ón lá ar ceannaíodh iad.
 
Is beag an dochar dhó coimhthíos a bheith aige leis an athair, agus chomh dúnárasach, dorcha agus atá sé fhéin.
 
Is beag an dochar dhi sin a bheith ina coinicéar mhóir mhillteach. Sin é a maith is a maoin.
 
Peige: go dtóga an diabhal leis thú!; Nóra: an chomaoin chéanna ort, gan díobháil gan dochar domsa, ná de mo chuid.
+
Más i ngan fhios nó i gcomhfhios a rinneadh é, nach é an dá mhar a chéile é anois. Tá an dochar déanta, agus nach in é a bhfuil ina thimpeall.
TUILLEADH (1) ▼
Ar ndóigh, muran i gcomhfhios a rinne sé, is i ngan fhios a rinne sé é, ach nach in é a bhfuil ina thimpeall? Ní fiú a dhul ag sáraíocht faoi, scáth a bhfuil de dhochar déanta. Dheamhan is móide a leathoiread cainte a bhainfeadh scéal mór amach.
 
Is beag an dochar don dream sin a bheith ina gcorcáin agus a n-itheann siad de bhia cladaigh, agus chuile sholamar den tsórt sin.
 
Is beag an dochar dhó oighreachaí fhéin a bheith air — duine ar bith atá cosnochtaithe ar an aimsir seo.
 
cíble
Is beag an dochar de do theanga a bheith tuirseach agus an scíble atá fúithi. Shílfeá go dtabharfá scíth di uair eicínt agus gan a bheith ar an táirm chéanna i gcónaí.
 
bannaí 1
'Sé an chaoi le bannaí a chur ar ghliomach an fhéith atá ina chrúib a ghearradh, nó a bhriseadh, agus níl aon dochar ann ansin mar ní fhéadfaidh sé tada a dhéanamh ort.
 
Sin é suas an bealach agat, agus nár fhille tú go luath, gan dochar gan díobháil dúinne!
 
Is beag an dochar di loirgní breaca fhéin a bheith aici agus gur thíos sa mbéalóig atá siad sactha aici ó mhaidin go faoithin.
 
Dheamhan dochar sa gcraobhmhúr sin. 'Sé an chaoi a n-éireoidh an teas as.
 
crinn
Is beag an dochar dá chuid beathach gan bior eanga a bheith thuas ar an gcraiceann, ag iarraidh bheith ag crinneadh na mbreaclach sin agus gan solamar ná súiteán orthub.
 
Tá sé ídithe uileag, agus is beag an dochar dhó agus a bhfuil de chasacht agus de chrochaillí air.
 
Is beag an dochar dhó a bheith ina chráisiléad fhéin agus laghad a chuid maitheasa. Ar ndóigh, ní dhéanann sé smeach ó mhaidin go faoithin ach gróigthe istigh ar an teallach.
 
Tá chuile shórt ina mhoirt ag an gcramhar sin. Dheamhan cineál ar bith báistí is sailí ná í. Dá gcaitheadh sé foracan breá in éindí agus éirí as ansin, níor leath dochair é, ach tá an cramhar sin mífholláin.
 
Nár thé ó chrích ach í gan dochar gan díobháil dúinne, ná dhár nduine fhéin!
+
Deile cár nigh sí iad ach sa tobar. Nach bhfaca mé na cuilíní gallaoireach air nuair a chuaigh mé amach ag iarraidh an aistir uisce sin! Is beag an dochar di náire a bheith uirthi feasta choíchin gan fios a gnaithe a bheith aici thairis sin, ach ní hí is measa ach sibhse a lig amach í.
TUILLEADH (2) ▼
Ní fhaca tú aon fhear ariamh a chuaigh i ngeallta ach é nuair a thit an chuilín súí ar an bpáipéar. Ach ba bheag an dochar dó: b'éigean dó tosaí as a nua, agus chuile mhíle focal den litir a scríobh aríst.
Níl dochar ar bith sna cuilíní tirime sin nuair nach mbeadh an súí fliuch ann.
 
Is beag an dochar don gharraí sin a bheith ina churásach agus gan é ag tabhairt scíthe ar bith dhó ach dhá chur chuile bhliain i mbéal a chéile. Tá sé spíonta aige.
+
beo 1
Is beag an dochar dhom a bheith beo beithíoch thíos sa talamh agaibh agus an chaoi a bhfuil sibh i m'éadan.
TUILLEADH (2) ▼
Níl dochar ar bith ansin a leainbhín. Éasc beo é sin. Bíonn sé ar chuile dhuine beo uair eicínt.
Is diabhaltaí an tóir atá ag an éasc beo ortsa tharas aon duine. Níl de leathrann agat ó mhaidin go faoithin ach éasc beo. Ó tharla nach bhfuil aon dochar ann, tuige a mbíonn tú ag bodhrú na ndaoine ag caint air! Nach thú an seanpháiste againn!
 
biorach 1
Is beag an dochar do ghasúir, speireachaí agus bonnbhualadh fhéin a bheith orthub agus a bhfuil de chlocha bioracha ar na bóithrí. Tá cladach acub ansin thíos agus dheamhan duine dhá dteangmhóidh ceann acub le na chosa nach mbeidh buailte suas aríst ar feadh na bliana.
 
Is beag an dochar dhó a bheith otraithe fhéin mar ólann sé bleánach mar sin go minic.
 
Is beag an dochar dhom a bheith thíos sa talamh fhéin ag iarraidh a bheith ag bruitheachán leis an mbodhránach móna sin. Dhá gcuirtheá síos í ar éirí dhuit ar maidin, dheamhan an mó ná lasta a bheadh sí tráthnóna.
+
bruach
Rinne an fheoil fíniú i dtosach agus lobh sí ar fad ansin. D'éirigh bruachannaí timpeall ar an ngeadán a raibh an dochar ann agus chuaigh sé in othras. Shíl mé nach gcneasódh sé chor ar bith, bhain sé an fhad sin asam.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan dochar é a bheith ag déanamh bruachannaí. Déanann chuile lot iad sin más drochlot é.
 
Is beag an dochar dhó a bheith ina bhrísteachán fir, mar sin é a mhaith agus a mhaoin.
 
aerach
Bhí sí aerach ach sin é a raibh de dhochar inti
 
Is beag an dochar dhuit aiféala a bheith ort agus an rud adúirt tú léithe.
 
buail
Ba bheag an dochar dhó faitíos dhá bhualadh, agus an gotha a bhí ar Sh. B.
 
Is gártha an buinneán de ghlór a bhíonns aige nuair a bhíonns braon sa gcírín aige. Chloisfeá thiar aduaidh é. Is beag an dochar dhó tinneas cinn fhéin a bheith air agus an bhúireach a bhíonns aige.