Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drantán
/drāɴtān/; /draɴtān/
ainm-fhocal
1.
giúnaighil, mion-thafann, nó grúscán de thafann.
a.
+
Cé'n chiall do'n mhadadh sin a bheith ag drántán (nó drantaireacht) ar an gcaoi sin = ag giúnaighil; ag grúscán tafainn; gan a bheith ag tafann go h-acmhuinneach
Shílfeá gur airigh an madadh sin rud eicínt tímpeall an tighe aréir. Chaith sé an oíche ag drántán agus ag grúscán
TUILLEADH (1) ▼
Chuala mé an madadh ag drántán thíos agus d'eirigh mé. Dheamhan ceo a fuair mé aige, mara nealltrúchaí codlata a bhí air. Is minic a d'fheicfeá madadh ag brionglóidigh thrín a chodladh.
b.
grúscán, casaoid, banrán.
+
Tá an sean-bhuachaill seo istigh ar a chuid drantáin (drántáin freisin) aríst = ag casaoid, ag grúscán, ag banrán
Ní sheasfadh an saoghal len a chuid drántáin. Sháróchadh sé thú maidineachaí. Bíonn sé ag mugailt agus ag grúscán agus ag banrán, ag fiafruighe cé'n fáth nach ndearnadh seo agus nach ndearnadh siúd. Is mór an tseanmóir é féin agus a chuid cainte
TUILLEADH (7) ▼
"A's drántán seanduine ar maidin níorbh áin liom é" (líne as amhrán — "Táilliúr an Mhagaidh")
Leig de do chuid drantáin anois. Tá muid ag cloisteáil a' (ar) ndóthain dhó sin, dhá mbeadh maith ann
Ara diabhal mé nach dtiubharfainnse toradh ar bith ar a cuid drantáin. Thiubharfainn a chead sin dó go mbeadh sé tuirseach
Tá an oiread grúscáin agus drantáin agad le seanduine a mbeadh míola air. Shílfeá nach mbeitheá cho cantalach drisíneach sin
Séard a bhí a dhéanamh leis nuair a chloisfeá ar an drántán sin é, cúl-bhadar a thabhairt treasna an phuis dó. Níl cheal ar bith dhá fhágáil ar an diabhal sin. Tá fuigheall na bhfuigheall aige, agus ní beo é gan a bheith [ag] casaoid in a dheidh sin
Bíonn an oiread drantáin aice istigh annsiúd 'sa gclúid, agus go mbodhróchadh sí thú. Ach is maith an chiall ag an dream é a chaithfeas éisteacht léithe i gcomhnaí
Bíonn sé i gcomhnaí ar an drántán sin, mar dhóigh dhe gurb air féin atá anshógh an tsaoghail agus nach bhfuil tada déanta; ach th'éis sin, dheamhan duine faoi thalamh an domhain is soilgheasaighe ná is grádh diadhamhla ná é dhá mbeitheá in a chall
2.
portaidheacht, ceol múchta, bog-chrónán.
+
Shílfeá go bhfuil drántán ceoil ag na h-éanachaí indiu. Shíl mé, dheamhan éan ar bith a bhí beo indiaidh an tsneachta mhóir
"Má ghníonn tú do theach annsin" arsa mise leis, "beidh aghaidh gréine agus cúl gaoithe agad ann. Is áit aerach fholláin é. Tá comhgar siopa, bóthair, agus cladaigh ann, agus cloisfidh tú drántan ceoil ag na h-éanachaí 'sa gcoill 'chuile lá 'sa mbliain"
TUILLEADH (4) ▼
Shílfeá go bhfuil drántán ceoil in áit eicínt siar annseo. Ní féidir gur ag dul ag damhsa ar an mbóthar a bheidís aríst, th'éis gur dhíbir an sagart as iad 'san oíche Dé Domhnaigh seo (gha)bh thart
Chuala mé féin drántán ceoil i dteaichín beag chois an bhóthair agus isteach liom ann. Ba ghearr gur phlúch an teach isteach, agus thosuigh an siamsa. Dheamhan mo chos ná mo chnámh fhéin a chorruigh as go maidin. Go deimhin bhí oíche chroidhe-dhílis agam ann
Ní bhfuair tú tuairisc faoi áit ar bith a mbeadh aon-drántán ceoil ann anocht. Áit ar bith anois níos goire ná Ceann Léime a mbeadh sé thiubharfainn an tabhairt orm fhéin, da mbadh de shiubhal mo chos é!
Bhí sé istigh agus an páiste in a bhaclainn aige agus é ag casadh drántáinín ceoil dhó ag iarraidh é a bhréagadh. Rath do cheirde istigh annsin ort arsa mise liom fhéin
3.
drandal nó cáir nó strainc a bheith ar dhuine.
a.
+
Rinne sé drantán de gháire = strainc nó cáir, nó an drandal a nochtadh go flith-mhagamhail
Ní lughar liom an diabhal ná an drántán de gháire siúd atá aige. Sin é féin an gáire gann gortach gangaideach
TUILLEADH (1) ▼
Bhí drandal an mhagaidh ar an mbitheamhnach agus é ag drántán gáirí fúm. Ní mórán a ghoill mo bhris air ar aon-nós. Ach dhéanfadh muintir an bhaile sin gáire leis an olc go maith. An bhfuil dream ar bith is measa croidhe ná iad
b.
madadh ag nochtú a dhraid ar tí áladh a thabhairt ar dhuine nó ar rud eicínt.
·
Tá gáire aige mar a bheadh drantán madaidh ann = drannadh madaidh; madadh ag nochtú a dhrandail
Ná bí ag déanamh madaidh dhíot féin ag drántán gháire mar sin. Má tá gáirí le déanamh agad, déan ceart é, sin nó leig dhó