drantán
—/drāɴtān/, /draɴtān/
—ainmfhocal
1.
geonaíl, mionthafann, nó grúscán de thafann.
a.
+–
Cén chiall don mhadadh sin a bheith ag drantán (nó dranntaireacht) ar an gcaoi sin — ag geonaíl; ag grúscán tafainn; gan a bheith ag tafann go hacmhainneach
Shílfeá gur airigh an madadh sin rud eicínt timpeall an tí aréir. Chaith sé an oíche ag drantán agus ag grúscán
TUILLEADH (1) ▼
Chuala mé an madadh ag drantán thíos agus d'éirigh mé. Dheamhan ceo a fuair mé aige, mura nealltrúchaí codlata a bhí air. Is minic a d'fheicfeá madadh ag brionglóidí thrína chodladh
b.
grúscán, casaoid, banrán.
+–
Tá an seanbhuachaill seo istigh ar a chuid drantáin aríst — ag casaoid, ag grúscán, ag banrán
Ní sheasfadh an saol lena chuid drantáin. Sháródh sé thú maidineachaí. Bíonn sé ag mungailt agus ag grúscán agus ag banrán, ag fiafraí cén fáth nach ndearnadh seo agus nach ndearnadh siúd. Is mór an tseanmóir é féin agus a chuid cainte
TUILLEADH (7) ▼
"Agus drantán seanduine ar maidin níorbh áin liom é" (líne as amhrán — Táilliúr an Mhagaidh)
Lig de do chuid drantáin anois. Tá muid ag cloisteáil a (ár) ndóthain dhó sin, dhá mbeadh maith ann
Ara diabhal mé nach dtabharfainnse toradh ar bith ar a cuid drantáin. Thabharfainn a chead sin dó go mbeadh sé tuirseach
Tá an oiread grúscáin agus drantáin agat le seanduine a mbeadh míola air. Shílfeá nach mbeifeá chomh cantalach drisíneach sin
Séard a bhí a dhéanamh leis nuair a chloisfeá ar an drantán sin é, cúlbhadar a thabhairt trasna an phuis dó. Níl cheal ar bith dhá fhágáil ar an diabhal sin. Tá fuíoll na bhfuíoll aige, agus ní beo é gan a bheith ag casaoid ina dhiaidh sin
Bíonn an oiread drantáin aici istigh ansiúd sa gclúid agus go mbodhródh sí thú. Ach is maith an chiall ag an dream é a chaithfeas éisteacht léithe i gcónaí
Bíonn sé i gcónaí ar an drantán sin, mar dhóigh dhe gurb air féin atá anó an tsaoil agus nach bhfuil tada déanta; ach théis sin, dheamhan duine faoi thalamh an domhain is soilíosaí ná is grádiaúla ná é dhá mbeifeá ina chall
2.
portaíocht, ceol múchta, bogchrónán.
+–
Shílfeá go bhfuil drantán ceoil ag na héanachaí inniu. Shíl mé dheamhan éan ar bith a bhí beo i ndiaidh an tsneachta mhóir
'Má ghníonn tú do theach ansin,' arsa mise leis, 'beidh aghaidh gréine agus cúl gaoithe agat ann. Is áit aerach fholláin é. Tá cóngar siopa, bóthair, agus cladaigh ann, agus cloisfidh tú drantán ceoil ag na héanachaí sa gcoill chuile lá sa mbliain'
TUILLEADH (4) ▼
Shílfeá go bhfuil drantán ceoil in áit eicínt siar anseo. Ní féidir gur ag dul ag damhsa ar an mbóthar a bheidís aríst, théis gur dhíbir an sagart as iad san oíche Dé Domhnaigh seo (gha)bh thart
Chuala mé féin drantán ceoil i dteachín beag chois an bhóthair agus isteach liom ann. Ba ghearr gur phlúch an teach isteach, agus thosaigh an siamsa. Dheamhan mo chos ná mo chnámh fhéin a chorraigh as go maidin. Go deimhin bhí oíche chroídhílis agam ann
Ní bhfuair tú tuairisc faoi áit ar bith a mbeadh aon drantán ceoil ann anocht. Áit ar bith anois níos gaire ná Ceann Léime a mbeadh sé, thabharfainn an tabhairt orm fhéin, dá mba de shiúl mo chos é!
Bhí sé istigh agus an páiste ina bhaclainn aige agus é ag casadh drantáinín ceoil dhó ag iarraidh é a bhréagadh. Rath do cheirde istigh ansin ort arsa mise liom fhéin
3.
drandal nó cáir nó strainc a bheith ar dhuine.
a.
+–
Rinne sé drantán de gháire — strainc nó cáir, nó an drandal a nochtadh go flithmhagúil
Ní luar liom an diabhal ná an drantán de gháire siúd atá aige. Sin é féin an gáire gann gortach gangaideach
TUILLEADH (1) ▼
Bhí drandal an mhagaidh ar an mbithiúnach agus é ag drantán gáirí fúm. Ní mórán a ghoill mo bhris air ar aon nós. Ach dhéanfadh muintir an bhaile sin gáire leis an olc go maith. An bhfuil dream ar bith is measa croí ná iad
b.
madadh ag nochtú a dhraid ar tí áladh a thabhairt ar dhuine nó ar rud eicínt.
·
Tá gáire aige mar a bheadh drantán madaidh ann — drannadh madaidh; madadh ag nochtú a dhrandail
Ná bí ag déanamh madaidh dhíot féin ag drantán gháire mar sin. Má tá gáirí le déanamh agat, déan ceart é, sin nó lig dhó
drantán in iontrálacha eile (3)
+
→
drandal
Nocht mo ghadharsa an drandal. Níor thaise leis an mbrocairín é. Bhí an péire ansin ar aghaidh a chéile agus iad ag drantán, ach théis gur shaighid muid iad, dheamhan a n-ionsóidís a chéile ina dhiaidh sin. Dheamhan loiceadh ar bith a bhí ag an mbrocairín uaidh. M'anam gurb é an cliobaire mór sin agamsa nach raibh rólíofa ag an troid
TUILLEADH (1) ▼
Bhí beithíoch istigh ann ar dhéanamh cait. B'áibhéalta an beithíoch é i gcosúlacht. Bhí sé cuibhrithe istigh ansiúd i mbosca. Murach go raibh; dhéanfadh sé mísc. Chuaigh mé féin suas go dtí an bosca agus chuir mé banlámh de mo theanga amach faoi. Dhá bhfeictheá an drantán a tháinig air, agus nocht sé a dhrandal agus thosaigh sé ag stealladh smugairlí mar a bheadh easóg ann. Dar príosta is beag a thaitneodh liom a bheith in aon pháirc leis dá mbeadh cead a choise aige … Bíodh a fhios agat gurb é an beithíoch is mó é dá dtug mé suntas ansiúd dó, ainneoin a raibh acu ann
Buail maistín de chic ar an madadh sin a chuirfeas ó dhranntaireacht é. Cén sórt drantán atá air ar feadh na hoíche