Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dreach
ainm-fhocal; fireann (boineann amanntaí freisin)
iolraidh = dreacha, dreachannaí.
1.
snuadh; gné; cuma; cosamhlacht; gothadh; tuinn chraicinn; leagan éadain.
a.
+
Is olc an dreach atá air = snuadh; tá sé droch-bhreathnuightheach; tá droch-ghothadh ar a cheann-aghaidh; is dona atá sé ag breathnú as a éadan; níl aon-deagh-chosamhlacht air
Is beag duine is measa dreach ná é. Ach tá sé ins an meath sin ó a chonnaic mé ariamh é, agus dheamhan lá clóic air, bail ó Dhia air
TUILLEADH (19) ▼
Is gearr an bás uaidh mara bhfuil sé féin agus a dhreach in aghaidh a chéile
Is olc liom an dreach atá air le 'bheith ar foghnamh. Sílim go bhfuil sé ag éagcaoineadh le fada. Níl neart ag an duine bocht air. Sin é an chaoi a mbíonn sé
Shílfeá go mba cheart dó dreach thairis siúd a bheith air agus an tógáil atá sé a fháil. 'Ar ndú níl beirt ins an tír ar a bheathú sin
Is breagh an dreach atá air muis. Ach níl aon-áirde le tabhairt air sin. Luisne bhradach na h-eitinne, ar chuala tú ariamh é. Feicfidh tú fear eitinne craosach dearg i gcomhnuí.
Is caillte an dreach atá ar Ch. siúd: an-chaillte go deo. Meastú an bhfuil sé siúd as a shláinte. Tá an bheirt eile ar chaoi ar bith
Tá dreach maith, agus snuadh a chodach air, deirimse leat. Nach bhfuil sé cho dearg cho bláthmhar le spíonán agad. Tá cuid de na daoine agus bíonn siad ro-thóigthe, ach cuid eile ní chuirfeadh an saoghal aon-sciolltar orra. Nach bhfeiceann tú an beithidheach ar an gcóir chéadna
Is dóibh is fusa dreach a bheith orra: fuigheall na bhfuigheall aca, agus gan tada ar a n-aire, ach ag imeacht ag traoitheadh a mbuilg. Mara mbeadh dreach orra sin, níl a fhios agam cé'n scéal é ag daoine dona
Ní fhaca mé a dhreach ar aon-duine ariamh ach ar fhear a bheadh ar an leabhar ag an bhfiach dubh.
Mara n-athruighidh sé dreach ar chuma ar bith tá faitíos orm gur ar a chruadhchúis dó bean a fháil. Dheamhan bean a bhreathnóchadh air an darna h-uair a phósfadh choidhchin é. Is túisce a phósfadh sí corp go mór
D'aithneochthá ar a dhreach nach fada a mhairfeadh sé. Teagaim leat. Ní ghabhfaidh sé i bhfad isteach ins an mbliain nua déarfainn
Ní fhaca tú aon-chlann ariamh is lugha atá ag dul i gcosamhlacht le chéile as a ndreach ná iad. Tá inghean ann agus tá sí cho círíneach dearg le búistéara, agus annsin an bheirt mhac in a mbás ar sliobarna. Sin é é. Is mór a bhíos idir na daoine
Phós sé beainín bheag éidtreorach nach bhfuil lán de ghlaice innte. Agus dhá bhfeictheá an dreach atá ar an nguróir bocht. Ní thiubharfá feoirling uirre maidin sheaca
Tá dreach an-bhán-ghnéitheach uirre. Ach dhéanfadh an áit istigh é sin. Duine ar bith a bhíos cuibhrighthe i gcomhnuí taebh istigh de dhorus, bíonn siad bán-ghnéitheach mar sin. Níl rud ar bith is folláine do dhuine ná a bheith isteach agus amach
Bhíodh dreach breagh snuadhamhail air sin roimhe seo, ach is geall le taisí anois é 'sábhálaidh Dia sinn! Is fear réidh é, ná fear ar bith eile a bhfuil a dhreach air.
Tá sí sin ag caitheamh 'chuile shórt ar foghnamh, agus níl sé de dhreach uirre in a dheidh sin = níl sé ag dul chun maitheasa di; níl slacht a codach uirre.
D'aithneochthá as a mháthair é. Tá an dreach mí-shlachtar céadna air, ní ag baint fogha ná easbaidh as é.
Is furasta aithinte ar a dhreach go bhfuil an cailín siúd (an eitinn) ag síneadh leis. 'Bhfeiceann tú cho lasmhanta agus atá sé
Tá dreach breagh conscluighthe uirre anois thar mar a bhíodh fadó. Chaith sí sin an tsíorruidheacht agus gan fios a imeacht nó a theacht di. Is maith a shrian sí as in a dheidh sin
Tá dreach breagh dathamhail air
+
M'anam nach hé dreach an choffee atá ar an mbruithlín sin. Sin fear anois dá gcuirtí fear i mbuidéal. Is cuma ins an míádh ach is maith atá a chuid ag dul dó agus bíodh sé ag fáil fuigheall na bhfuigheall féin. Breathnuigh ar na pluca atá air agus ar an gcairín tónach
Ní hé dreach na mbruithneog atá uirre sin chor ar bith, mar adubhairt S. G. le inghin Ch. an uair a tháinig sí aniar as an gC. R.
TUILLEADH (7) ▼
Ná bac le fear Achréidh a mhic ó. Breathnuigh cho bláthmhar agus a bhíos siad. Diabhal mé go bhfeicfeá "na fataí gáirí" agus an ghabáiste ag briseadh amach in a ndreach. Ach m'anam nach bhfeicfidh tú ag briseadh amach indreach Mh. Bh. ach gearbaí agus neascóideachaí agus salachar rásúir agus easbaidhe agus 'chuile rud is measa ná a chéile
Tá mh'anam, dreach an phionta air. Sin é an dreach atá air. Is iomdha nóta puint a cuireadh isteach thar chontar J. leis an dreach sin a chur ar an mbitheamhnach sin
Níl de dhreach uirre ach dreach cuirp
Mo léan géar ní hé dreach na n-uibheachaí lobhtha atá uirre ar maidin. Is beag an baoghal
Tá dreach na gréine agus na gaoithe air. Ní shiúd fear baile móir. Is furasta aithinte air é
Feacha na tincéaraí sin thoir. 'Siad atá craosach dearg agus dreach gréine agus gaoithe orra. Dheamhan duine in do thír is folláine ná iad
Ní luisneacháinín baile móir a phós sí chor ar bith ach forránach lúthmhar láidir a bhfuil dreach gréine agus gaoithe agus fairrge air. Máirnéalach é
b.
+
Is olc an dreach atá ar an spéir. Agus ní thaithnigheann an bun liom a bhfuil an ghaoth: gaoth aniar-ndeas. Tá tuairt bháistighe air
'Bhfeiceann tú an dreach dorcha atá ar an spéir. Breathnuigh cho dúinte agus atá sé agus na túineanna (tóineanna) dubha sin ó dheas. Crap do chuid féir nó beidh tú dhá fhuireasbhaidh
TUILLEADH (2) ▼
Ní thaithnigheann an dreach atá ar an aimsir chor ar bith liom. Shílfeá go mbeadh sé in a dhórtadh chuile lá ach diabhal mé mar sin féin go bhfuil sé ag coinneál suas. Ach níl triomach ar bith ann mar sin féin
Cé a leigfeadh féar amach indiu? Leig, má's maith leat é a bheith in a aoileach. 'Bhfeiceann tú an dreach atá ar an spéir sin thiar, agus an duibhthean atá imbun na gaoithe
·
Bhí dreach air (adhmad) mar atá ar an simléar sin anois. Shílfeá idtosach gur dóite a bheadh sé, ach níorbh ea = snua, cosúlacht
An bhfeiceann tú an dreach atá ar an mballa aríst th'éis a ghoirdeacht ó a cuireadh aol air. Tá an simléar sin ag puthaíl igcomhnaí agus beidh tá faitíos orm
2.
+
Tá dreach ar an mbó sin bail ó Dhia agus ó Mhuire uirre. Mo léan géar ní ar raithneach a tóigeadh í sin mar thóigtear beithidhigh ins an tír se'aghainne. Fuair sí sin togha an chimín
Ní raibh aon-bheithidhigh ar aonach indiu ab fhearr dreach ná trí ghamhain le C. Mh. N. An mbeadh a fhios ag aon-duine beo cé'n chaoi a gcuireann sé ordú orra, scáth leithead bráithlín de'n bhogach bháidhte siúd. Agus shílfeá freisin gur duine é atá bun-tsiléigeach go leor
TUILLEADH (1) ▼
Sin iad thuas ag T. Mh. na budógaí a bhfuil an dreach orra. Mise imbannaí dhuit nach gcomhnóchaidh an braon i logán an droma aca sin mar a bhíodh sé ag comhnú ar bheithidhigh Ch. 'Sé an scéal é, ní bheadh call dó sin a dhéanamh ach a gcoinneál istigh ins an gcró agus gan ghiollaidheacht ar bith a dhéanamh orra, agus bheidís ramhar slachtar aige in a dheidh sin. Tá an míádh ann do dhaoine agus an t-ádh do dhaoine eile mar adeir S. G.
3.
+
Tá dreach ar an bhfairrge indiu = í a bheith go breagh ciúin; gan aon-challóid a bheith innte; lághach soineannta
Tá dreach ar an bhfairrge indiu má's lib a dhul ag currachóireacht
TUILLEADH (6) ▼
Tá dreach uirre indiu. Fairrge lúm (lom) agus gaoth ó'n talamh. Ní fhaca mé cho suaimhneach le seachtain í. Bhí sí sáthach callóideach sáthach coipthe le cupla lá, ach is beag an ghúgaighil (guagaighil) chor ar bith atá innte indiu
Bhí sé teann go leor ar maidin, agus bláth bán uirre (ar an bhfairrge) agus clag-fhairrgí timcheall an Chinn. Ach leig sé faoi. Tá dreach uirre anois
Sílim gur currachthóirí chois teallaigh iad na currachthóirí se'againne. Má bhíonn puth as aer ná cuileoig gheal ar an uisce loicfidh siad (ní rachaidh siad chun fairrge). Shílfeá go raibh dreach ar an bhfairrge indiu ach ní ghabhfaidís ar meath in a dheidh sin. Nach aca a bheadh an ghna (gno) in aon-bhád le M. Mh. Á. Ní shásóchadh lá ar bith é ach an lá a chuirfeadh go "bend" í (an bád). Is iomdha pearsalacha aithrighe a bheadh déanta ag na bádóirí se'aghainne in éindigh leis
Is mór an t-iongnadh nach bhfuil currach ar bith amuigh indiu agus an dreach atá ar an bhfairrge. Ach tá 'chuile dhuine ro-chruadhógach. Pé aca sin é, níl aon-mharbhú ar na faidhtíní. Tháinig an churrach seo thíos isteach indé th'éis an lá a chaitheamh ar an meath mhóir, agus is ar éigin a leig an cut isteach iad (ní raibh aca ach breac nó dhó. Ní leigfidh an cat isteach iascaire muna mbí solamar eicínt aige dhó féin)
Bail ó Dhia ort! Dreach ar an bhfairrge indiu! 'Bhfeiceann tú cho coipthe agus atá sí. Tá liagáin fairrgí cháithte ag briseadh ar Mhulán an D. É. Ná bac le lá ar bith a bhfeicfidh tú ins an meath sin í (an fhairrge). Ní lá é atá in aruidheacht a dhul 'un fairrge ar chaoi ar bith, má tá aon-tsuím in do shaoghal agad. Tá sé ceart go leor ag currachthóirí na T. B. atá taithighthe ar fhairrge mhóir. Ach u (ar) leithidí se'aghainne — aineoluidhthe. 'Ar ndú, ní currachthóirí atá ins an tír seo.
Tá dreach uirre (ar an bhfairrge) ceart go leor indiu, ach is dreach sáthach colgach é. Dá mbeinnse amuigh anois ins [an] áit a bhfuil na P., i leabaidh a dhul ar an meath mhóir, 'séard a dhéanfainn rith cladaigh a thabhairt di (currach) cho beo in Éirinn agus a d'fhéadfainn. Tá droch-ghothadh ar an lá agus an fhairrge ro-ghúgach (guagach) ag currachaí. Is mór an mearbhall atá ormsa nó séidfidh deire an lae in a ghairbhshion, agus ní éadáil mhór do churrach gairbhshion a theacht uirre leath-cuain. Fuair mise mo dhóthain de'n cheird sin cheana an lá ar shéid sé in a ghaoith adtuaidh orm féin agus ar J. Ó. C. Shíl muid dheamhan fata a changlóchadh muid len u (ar) marthainn. Thug muid an eang linn míle buidheachas le Dia, ach gheall mé an lá sin dá dteagainn slán nach gcuirfinn mo láimh i mbéal an mhadaidh an dá lá agus a bheinn beo aríst. Agus níor chuir

Féach freisin

Dreach in iontrálacha eile (8)

 
Sin ó thuaidh spéir atá deisighthe amach ar shneachta. Is furasta aithinte uirre é! 'Bhfeiceann tú an dreach atá uirre?
 
deoir
Níl deoir fhola ann. Is furasta 'aithinte é agus an dreach atá air
 
Níor tháinig aon-bhiseach ariamh air, ach in a dheoruidhe dhona mar sin. Cé'n bhrigh ach dá mbeadh aon-dreach air. Ach mo léan níl, ach in a bhás ar sliobarna mar a fheiceas tú. Dheamhan bás a gheobhfadh sé in a dheidh sin, ach ag imeacht thart ag déanamh bioráin agus ins an mbealach ar 'chuile dhuine
+
Tá sí an-tslachtar, ach mar sin féin bíonn a dreach an-diúltach scaithtí. Is annamh a chuirim aighneas ar bith uirre. Ní bheadh a fhios ag duine nach hé a ionnsuighe bog te a dhéanfadh sí. Bíonn daolannaí ag dul thríthe go minic
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé ag siubhal soir agus anoir an bóthar agus a chaimín aige agus ba diúltach an dreach a bhí air. Ag tnuthán a bhí sé go gcasfaí aon-chúpla an bealach, a bheadh ag cúirtéaracht. Dhá gcastaí gheobhaidís bata ar na dromáin. Diabhal bréag nach bhfuigheadh. 'Ar ndú' sé atá siad a thuaradh dhóibh féin: ag imeacht annsin ar bhóithrí go dtí gairm na gcoileach. Is suarach an t-iongnadh go mbíonn sé ag cur dhó 'chuile Dhomhnach. Faghann sé a údar.
+
Ní raibh duine ar an bhfeadhain aca sin nach shin é an chaoi a raibh siad: droch-dhreach orra. Nach bhfeiceann tú an ceann aca atá annsin thoir ag T. Ch. cho droch-bhreathnuigheach, cho caithte agus atá sí. Ach thiocfadh di sin a bheith cho cruadh leis an miotal in a dheidh sin. Bíonn dreamanna daoine mar sin ann
TUILLEADH (2) ▼
Bhí an droch-dhreach air istigh ag an Aifreann ar maidin indé. Bhí sé ag athrú dathannaí. Shíl mé 'chuile phuinnte go dtuitfeadh sé i meirbhthean, ach bhí sé indon é a bharruidheacht in a dheidh sin
Is beag an dochar duit droch-dhreach a bheith ort. Ag imeacht le ragairne ó oíche go maidin agus gan goile dreoilín annsin ar feadh an lae aríst. Féachfaidh an phóit leat é, feicfidh tú féin air