Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dreach
ainmfhocal, fireann (baineann amantaí freisin)
1.
 snua; gné; cuma; cosúlacht; gotha; tuin chraicinn; leagan éadain.
a.
+
Is olc an dreach atá air — snua; tá sé drochbhreathnaitheach; tá drochghotha ar a cheannaghaidh; is dona atá sé ag breathnú as a éadan; níl aon dea-chosúlacht air
Is beag duine is measa dreach ná é. Ach tá sé sa meath sin ó chonaic mé ariamh é, agus dheamhan lá clóic air, bail ó Dhia air
TUILLEADH (19) ▼
Is gearr an bás uaidh mura bhfuil sé féin agus a dhreach in aghaidh a chéile
Is olc liom an dreach atá air le a bheith ar fónamh. Sílim go bhfuil sé ag éagaoineadh le fada. Níl neart ag an duine bocht air. Sin é an chaoi a mbíonn sé
Shílfeá go mba cheart dó dreach thairis siúd a bheith air agus an tógáil atá sé a fháil. Ar ndóigh níl beirt sa tír ar a bheathú sin
Is breá an dreach atá air muis. Ach níl aon airde le tabhairt air sin. Luisne bhradach na heitinne, ar chuala tú ariamh é. Feicfidh tú fear eitinne craosach dearg i gcónaí
Is caillte an dreach atá ar Ch. siúd: an-chaillte go deo. Meas tú an bhfuil sé siúd as a shláinte. Tá an bheirt eile ar chaoi ar bith
Tá dreach maith, agus snua a chodach air, deirimse leat. Nach bhfuil sé chomh dearg chomh bláfar le spíonán agat. Tá cuid de na daoine agus bíonn siad róthógtha, ach cuid eile ní chuirfeadh an saol aon scioltar orthu. Nach bhfeiceann tú an beithíoch ar an gcóir chéanna
Is dóibh is fusa dreach a bheith orthu: fuíoll na bhfuíoll acu agus gan tada ar a n-aire ach ag imeacht ag traoitheadh a mboilg. Mura mbeadh dreach orthu sin, níl a fhios agam cén scéal é ag daoine dona
Ní fhaca mé a dhreach ar aon duine ariamh ach ar fhear a bheadh ar an leabhar ag an bhfiach dubh
Mura n-athraí sé dreach ar chuma ar bith, tá faitíos orm gur ar a chruachúis dó bean a fháil. Dheamhan bean a bhreathnódh air an darna huair a phósfadh choíchin é. Is túisce a phósfadh sí corp go mór
D'aithneofá ar a dhreach nach fada a mhairfeadh sé. Teagaim leat. Ní ghabhfaidh sé i bhfad isteach sa mbliain nua déarfainn
Ní fhaca tú aon chlann ariamh is lú atá ag dul i gcosúlacht le chéile as a ndreach ná iad. Tá iníon ann agus tá sí chomh círíneach dearg le búistéara, agus ansin an bheirt mhac ina mbás ar sliobarna. Sin é é. Is mór a bhíos idir na daoine
Phós sé beainín bheag éidreorach nach bhfuil lán do ghlaice inti. Agus dhá bhfeictheá an dreach atá ar an ngoróir bocht. Ní thabharfá feoirling uirthi maidin sheaca
Tá dreach an-bhánghnéitheach uirthi. Ach dhéanfadh an áit istigh é sin. Duine ar bith a bhíos cuibhrithe i gcónaí taobh istigh de dhoras, bíonn siad bánghnéitheach mar sin. Níl rud ar bith is folláine do dhuine ná a bheith isteach is amach
Bhíodh dreach breá snúúil air sin roimhe seo, ach is geall le taisí anois é go sábhála Dia sinn! Is fear réidh é, ná fear ar bith eile a bhfuil a dhreach air
Tá sí sin ag caitheamh chuile shórt ar fónamh, agus níl sé de dhreach uirthi ina dhiaidh sin — níl sé ag dul chun maitheasa di; níl slacht a codach uirthi
D'aithneofá as a mháthair é. Tá an dreach míshlachtmhar céanna air, ní ag baint fogha ná easpa as é
Is furasta a aithinte ar a dhreach go bhfuil an cailín siúd (an eitinn) ag síneadh leis. An bhfeiceann tú chomh lasúnta agus atá sé
Tá dreach breá cúnsclaí uirthi anois thar mar a bhíodh fadó. Chaith sí sin an tsíoraíocht agus gan fios a imeacht nó a theacht di. Is maith a shrian sí as ina dhiaidh sin
Tá dreach breá dathúil air
+
M'anam nach é dreach an choffee atá ar an mbruithlín sin. Sin fear anois dá gcuirtí fear i mbuidéal. Is cuma sa mí-ádh ach is maith atá a chuid ag dul dó agus bíodh sé ag fáil fuíoll na bhfuíoll féin. Breathnaigh ar na pluca atá air agus ar an gcairín tónach
Ní hé dreach na mbruithneog atá uirthi sin chor ar bith, mar adúirt S. G. le inín Ch. nuair a tháinig sí aniar as an gC. R.
TUILLEADH (7) ▼
Ná bac le fear Achréidh a mhic ó. Breathnaigh chomh bláfar agus a bhíos siad. Diabhal mé go bhfeicfeá na fataí gáirí agus an ghabáiste ag briseadh amach ina ndreach. Ach m'anam nach bhfeicfidh tú ag briseadh amach i ndreach Mh. Bh. ach gearbaí agus neascóideachaí agus salachar rásúir agus easpaí agus chuile rud is measa ná a chéile
Tá mh'anam, dreach an phionta air. Sin é an dreach atá air. Is iomaí nóta puint a cuireadh isteach thar chuntar J. leis an dreach sin a chur ar an mbithiúnach sin
Níl de dhreach uirthi ach dreach coirp
Mo léan géar ní hé dreach na n-uibheachaí lofa atá uirthi ar maidin. Is beag an baol
Tá dreach na gréine agus na gaoithe air. Ní hiúd fear baile móir. Is furasta a aithinte air é
Féacha na tincéaraí sin thoir. 'Siad atá craosach dearg agus dreach gréine agus gaoithe orthu. Dheamhan duine in do thír is folláine ná iad
Ní luisneacháinín baile móir a phós sí chor ar bith ach forránach lúfar láidir a bhfuil dreach gréine agus gaoithe agus farraige air. Mairnéalach é
b.
+
Is olc an dreach atá ar an spéir. Agus ní thaitníonn an bun liom a bhfuil an ghaoth: gaoth aniar aneas. Tá tuairt bháistí air
An bhfeiceann tú an dreach dorcha atá ar an spéir. Breathnaigh chomh dúnta agus atá sé agus na tóineanna dubha sin ó dheas. Crap do chuid féir nó beidh tú dhá uireasa
TUILLEADH (2) ▼
Ní thaitníonn an dreach atá ar an aimsir chor ar bith liom. Shílfeá go mbeadh sé ina dhórtadh chuile lá ach diabhal mé mar sin féin go bhfuil sé ag coinneáil suas. Ach níl triomach ar bith ann mar sin féin
Cé a ligfeadh féar amach inniu? Lig, más maith leat é a bheith ina aoileach. An bhfeiceann tú an dreach atá ar an spéir sin thiar, agus an duifean atá i mbun na gaoithe
·
Bhí dreach air (adhmad) mar atá ar an simléar sin anois. Shílfeá i dtosach gur dóite a bheadh sé, ach níorbh ea — snua, cosúlacht
An bhfeiceann tú an dreach atá ar an mballa aríst théis a ghairdeacht ó cuireadh aol air. Tá an simléar sin ag puthaíl i gcónaí agus beidh tá faitíos orm
2.
+
Tá dreach ar an mbó sin bail ó Dhia agus ó Mhuire uirthi. Mo léan géar ní ar raithneach a tógadh í sin mar thógtar beithígh sa tír s'againne. Fuair sí sin togha an chimín
Ní raibh aon bheithígh ar aonach inniu ab fhearr dreach ná trí ghamhain le C. Mh. N. An mbeadh a fhios ag aon duine beo cén chaoi a gcuireann sé ordú orthu, scáth leithead braillín den bhogach bháite siúd. Agus shílfeá freisin gur duine é atá buntsiléigeach go leor
TUILLEADH (1) ▼
Sin iad thuas ag T. Mh. na bodógaí a bhfuil an dreach orthu. Mise i mbannaí dhuit nach gcónóidh an braon i logán an droma acu sin mar a bhíodh sé ag cónú ar bheithígh Ch. 'Sé an scéal é, ní bheadh call dó sin a dhéanamh ach a gcoinneáil istigh sa gcró agus gan ghiollaíocht ar bith a dhéanamh orthu, agus bheidís ramhar slachtmhar aige ina dhiaidh sin. Tá an mí-ádh ann do dhaoine agus an t-ádh do dhaoine eile mar adeir S. G.
3.
+
Tá dreach ar an bhfarraige inniu — í a bheith go breá ciúin; gan aon challóid a bheith inti; lách soineanta
Tá dreach ar an bhfarraige inniu más libh a dhul ag curachóireacht
TUILLEADH (6) ▼
Tá dreach uirthi inniu. Farraige lom agus gaoth ón talamh. Ní fhaca mé chomh suaimhneach le seachtain í. Bhí sí sách callóideach sách coipthe le cupla lá, ach is beag an ghuagaíl chor ar bith atá inti inniu
Bhí sé teann go leor ar maidin, agus bláth bán uirthi (ar an bhfarraige) agus clagfharraigí timpeall an Chinn. Ach lig sé faoi. Tá dreach uirthi anois
Sílim gur curachóirí chois teallaigh iad na curachóirí s'againne. Má bhíonn puth as aer ná cuileoig gheal ar an uisce, loicfidh siad (ní rachaidh siad chun farraige). Shílfeá go raibh dreach ar an bhfarraige inniu ach ní ghabhfaidís ar meath ina dhiaidh sin. Nach acu a bheadh an ghnaithe in aon bhád le M. Mh. Á. Ní shásódh lá ar bith é ach an lá a chuirfeadh go bend í (an bád). Is iomaí pearsalacha aithrí a bheadh déanta ag na bádóirí s'againne in éindí leis
Is mór an t-ionadh nach bhfuil curach ar bith amuigh inniu agus an dreach atá ar an bhfarraige. Ach tá chuile dhuine róchruógach. Pé acu sin é, níl aon mharú ar na faoitíní. Tháinig an churach seo thíos isteach inné théis an lá a chaitheamh ar an meath mhóir, agus is ar éigean a lig an cat isteach iad (ní raibh acu ach breac nó dhó. Ní ligfidh an cat isteach iascaire muna mbí solamar eicínt aige dhó féin)
Bail ó Dhia ort! Dreach ar an bhfarraige inniu! An bhfeiceann tú chomh coipthe agus atá sí. Tá liagáin farraigí cháite ag briseadh ar Mhullán an D. É. Ná bac le lá ar bith a bhfeicfidh tú sa meath sin í (an fharraige). Ní lá é atá in araíocht a dhul chun farraige ar chaoi ar bith, má tá aon tsuim in do shaol agat. Tá sé ceart go leor ag curachóirí na T. B. atá taithithe ar fharraige mhóir. Ach a (ár) leithidí s'againne — aineolaithe. Ar ndóigh, ní curachóirí atá sa tír seo
Tá dreach uirthi (ar an bhfarraige) ceart go leor inniu, ach is dreach sách colgach é. Dá mbeinnse amuigh anois san áit a bhfuil na P., i leaba a dhul ar an meath mhóir, séard a dhéanfainn rith cladaigh a thabhairt di (curach) chomh beo in Éirinn agus a d'fhéadfainn. Tá drochghotha ar an lá agus an fharraige róghuagach ag curachaí. Is mór an mearbhall atá ormsa nó séidfidh deireadh an lae ina ghairfean, agus ní éadáil mhór do churach gairfean a theacht uirthi leath cuain. Fuair mise mo dhóthain den cheird sin cheana an lá ar shéid sé ina ghaoith aduaidh orm féin agus ar J. Ó. C. Shíl muid dheamhan fata a changlódh muid lena (ár) marthain. Thug muid an eang linn míle buíochas le Dia,ach gheall mé an lá sin dá dteagainn slán nach gcuirfinn mo láimh i mbéal an mhadaidh an dá lá agus a bheinn beo aríst. Agus níor chuir

Féach freisin

dreach in iontrálacha eile (5)

 
Sin ó thuaidh spéir atá deisithe amach ar shneachta. Is furasta a aithinte uirthi é! An bhfeiceann tú an dreach atá uirthi?
 
deoir
Níl deoir fhola ann. Is furasta a aithinte é agus an dreach atá air
 
Níor tháinig aon bhiseach ariamh air, ach ina dheoraí dhona mar sin. Cén bhrí ach dá mbeadh aon dreach air. Ach mo léan níl, ach ina bhás ar sliobarna mar a fheiceas tú. Dheamhan bás a gheobhadh sé ina dhiaidh sin, ach ag imeacht thart ag déanamh bioráin agus sa mbealach ar chuile dhuine
+
Tá sí an-tslachtmhar, ach mar sin féin bíonn a dreach an-diúltach scaití. Is annamh a chuirim aighneas ar bith uirthi. Ní bheadh a fhios ag duine nach é a ionsaí bog te a dhéanfadh sí. Bíonn daolannaí ag dul thríthi go minic
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé ag siúl soir agus anoir an bóthar agus a chaimín aige agus ba diúltach an dreach a bhí air. Ag tnúthán a bhí sé go gcasfaí aon chúpla an bealach, a bheadh ag cúirtéireacht. Dhá gcastaí gheobhaidís bata ar na dromáin. Diabhal bréag nach bhfaigheadh. Ar ndóigh sé atá siad a thuaradh dhóibh féin: ag imeacht ansin ar bhóithrí go dtí gairm na gcoileach. Is suarach an t-ionadh go mbíonn sé ag cur dhó chuile Dhomhnach. Faigheann sé a údar