Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dreas
/d′r′æs/; ach deirtear /ɡ′r′æs/ scaithtí. An d atá i gCois Fhairrge
ainm-fhocal, fireann
tuiseal geineamhnach uathaidh: an dreasa
ainmneach iolraidh: dreasa, dreasannaí
1.
a.
geábh, eadradh, scathamh.
+
Rinne sé dreas caointe
Chaith sé dreas ag caoineachán
TUILLEADH (11) ▼
Déanfaidh sé dreas damhsa anois daoib
Rinne sé dreas ceoil dhuinn
Is fadó an lá anois nach ndeárna mé aon-dreas cainte leis an gceann céadna. Diabhal é le saoghal agus aimsir
Breagh nach ndéanann tú dreas cainte leis. 'Ar ndú' níl aon-chíos ar an gcaint
Is breagh uaidh dreas ceoil a dhéanamh
Rinne sí dreas diabhalta caoineacháin. Is breagh bogúrach uaithe a dhéanamh freisin
Níl a fhios agam nach mb'fhearr dom dreas codlata a dhéanamh. Caithfidh mé eirghe le hóró lae le dhul 'nan aonaigh
B'fhearr dhuit dreas caraidheachta a dhéanamh liom. Is fear thusa nachar fhéach tú féin ariamh. Ní fhéadfá gan scráib-neart a bheith ionnad, bail ó Dhia ort!
Dubhairt sé dreas d'amhrán
Dubhairt sé dreas amhráin
Ní dhéanann tú dreas cúirtéaracht' ar bith anois
·
Tháinic an dreas sin liom go maith = damhsa
Bainfidh sé dreas aiste = as bean
+
Tabhair dreas de'n teine dhó. Triomóchaidh sin é = scathamh, geábh
Nach bhféadfá dreas de'n teine a thabhairt duit féin. Cá'il do dheifir ag dul. Déan do ghoradh
TUILLEADH (1) ▼
Má thugann tú dreas eile de'n teine dhó, bruithfidh sin é
b.
roint, scáird, goradh.
+
Fuair mé dreas fuaicht ar an tórramh sin aréir. Thiar leis an doras dúinte a bhí mé agus bhí an seoideadh isteach orm ann
Fuair mé dreas fuaicht indé ar an bportach. Ní raibh de chlúdadh orm ach mar a fheiceas tú mé, agus bhí gaoth thollta ann. Diabhal bréag nach raibh
TUILLEADH (1) ▼
Tá dreas fuaicht faighte agam le uair annsin thíos faoi chorr na binne ag éisteacht le C. ag cur caoi ar T. Dh.
+
Fuair mé dreas tae ann = scáird
An n-ólfaidh tú dreas tae, ó thárla nach bhfuil a mhalrait againn?
TUILLEADH (4) ▼
D'ól muid dreas tae annsin agus chaith muid dreas tobac, agus bhí sé ionann agus am baile annsin
M'anam go bhfuair mé dreas óil ann, agus gur fhan mé ina chíonn freisin, cho uain agus tugadh dom é.
Gheobhaidh tú dreas óil má theigheann tú suas ann, ach dheamhan an molfainn duit lonnú ann ro-fhada. Beidh siúite annsin roimhe mhaidin
B'ait liom fhéin dreas óil a dhéanamh scaithtí. Ach ní bhfuighinn leath sásamh air, mara bhféadainn mo sheolta a chrochadh agus a dhul i bhfad ó bhaile. Maidir len a dhul soir annsin thoir agus lá óil a dhéanamh ann, níl annsin ach leibideacht. Teirigh san áit a mbeidh nuaidheacht ann duit
2.
+
Bhuail sé dreas orm agus dreas maith (fc. griosáil)
Beidh sé ag bualadh dreas' air, de réir a láimhe
TUILLEADH (1) ▼
Bhuailtí dreasannaí móra air annsin soir fadó, ach ní bhíonn a aghaidh ann chor ar bith anois. Buaileadh an oiread air oíche amháin agus a bhuailfí ar dhual lín, agus diabhal mé go ndeachaidh sé ann aríst in a dheidh sin

Dreas in iontrálacha eile (2)

 
Chuir an gabha an t-iarann san teallach agus ba ghairid go raibh sé dubh-dhearg agus annsin cró-dhearg aige. Thosaigh sé dhá lascadh ar an inneoin annsin agus, marar bhain sé dreas as ní lá go maidin é
 
dlúth 1
Ní bheadh sé in a Chéideach mar a mbeadh sé mar sin. Bhí sin de dhlúth agus d'inneach ann. Deirimse leatsa go raibh. Thug na Céidigh an damhsa ó bhuaile leo. Bhí a athair, S. Mhag Céidigh, istigh ar rástaí Bhaile Uí Bhriota lá. Bhí bean an chláirín ann. Diabhal mé nuair a bhí dreas déanta aice nach bhfáisceann S. suas ar an gcláirín agus nach dtosuigheann sé féin. Is air a chruinnigh a raibh ar na rástaí. Thug sé an "sway" leis as 'chuile cheáird ag damhsa