Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dreas
/d′r′æs/; ach deirtear /ɡ′r′æs/ scaití. An d atá i gCois Fharraige
ainmfhocal, fireann
tuiseal ginideach uatha: an dreasa
ainmneach iolra: dreasa, dreasannaí
1.
a.
 geábh, eadra, scaitheamh.
+
Rinne sé dreas caointe
Chaith sé dreas ag caoineachán
TUILLEADH (11) ▼
Déanfaidh sé dreas damhsa anois daoibh
Rinne sé dreas ceoil dhúinn
Is fadó an lá anois nach ndearna mé aon dreas cainte leis an gceann céanna. Diabhal é le saol is aimsir
Breá nach ndéanann tú dreas cainte leis. Ar ndóigh níl aon chíos ar an gcaint
Is breá uaidh dreas ceoil a dhéanamh
Rinne sí dreas diabhalta caoineacháin. Is breá bogúrach uaithi a dhéanamh freisin
Níl a fhios agam nach mb'fhearr dom dreas codlata a dhéanamh. Caithfidh mé éirí le hóró lae le dhul chun an aonaigh
B'fhearr dhuit dreas coraíochta a dhéanamh liom. Is fear thusa nár fhéach tú féin ariamh. Ní fhéadfá gan scráibneart a bheith ionat, bail ó Dhia ort!
Dúirt sé dreas d'amhrán
Dúirt sé dreas amhráin
Ní dhéanann tú dreas cúirtéireachta ar bith anois
·
Tháinig an dreas sin liom go maith — damhsa
Bainfidh sé dreas aisti — as bean
+
Tabhair dreas den tine dhó. Triomóidh sin é — scaitheamh, geábh
Nach bhféadfá dreas den tine a thabhairt duit féin. Cá'il do dheifir ag dul. Déan do ghoradh
TUILLEADH (1) ▼
Má thugann tú dreas eile den tine dhó, bruithfidh sin é
b.
roinnt, scaird, goradh.
+
Fuair mé dreas fuaicht ar an tórramh sin aréir. Thiar leis an doras dúnta a bhí mé agus bhí an seoide isteach orm ann
Fuair mé dreas fuaicht inné ar an bportach. Ní raibh de chlúdú orm ach mar a fheiceas tú mé, agus bhí gaoth thollta ann. Diabhal bréag nach raibh
TUILLEADH (1) ▼
Tá dreas fuaicht faighte agam le uair ansin thíos faoi chorr na binne ag éisteacht le C. ag cur caoi ar T. Dh.
+
Fuair mé dreas tae ann — scaird
An n-ólfaidh tú dreas tae, ó tharla nach bhfuil a mhalrait againn?
TUILLEADH (4) ▼
D'ól muid dreas tae ansin agus chaith muid dreas tobac, agus bhí sé ionann is am baile ansin
M'anam go bhfuair mé dreas óil ann, agus gur fhan mé ina chionn freisin, chomh uain is a tugadh dom é.
Gheobhaidh tú dreas óil má théann tú suas ann, ach dheamhan a molfainn duit lonnú ann rófhada. Beidh siúite ansin roimhe mhaidin
B'ait liom fhéin dreas óil a dhéanamh scaití. Ach ní bhfaighinn leath sásaimh air, mura bhféadainn mo sheolta a chrochadh agus a dhul i bhfad ó bhaile. Maidir lena dhul soir ansin thoir agus lá óil a dhéanamh ann, níl ansin ach leibideacht. Téirigh san áit a mbeidh nuaíocht ann duit
2.
+
Bhuail sé dreas orm agus dreas maith (fc. greasáil)
Beidh sé ag bualadh dreasa air de réir a láimhe
TUILLEADH (1) ▼
Bhuailtí dreasannaí móra air ansin soir fadó, ach ní bhíonn a aghaidh ann chor ar bith anois. Buaileadh an oiread air oíche amháin agus a bhuailfí ar dhual lín, agus diabhal mé go ndeachaigh sé ann aríst ina dhiaidh sin

dreas in iontrálacha eile (2)

 
Chuir an gabha an t-iarann sa teallach agus ba ghairid go raibh sé dubhdhearg agus ansin cródhearg aige. Thosaigh sé dhá lascadh ar an inneoin ansin agus murar bhain sé dreas as ní lá go maidin é
 
dlúth 1
Ní bheadh sé ina Chéideach mura mbeadh sé mar sin. Bhí sin de dhlúth agus d'inneach ann. Deirimse leatsa go raibh. Thug na Céidigh an damhsa ó bhuaile leo. Bhí a athair, S. Mhag Céidigh, istigh ar rástaí Bhaile an Bhriotaigh lá. Bhí bean an chláirín ann. Diabhal mé nuair a bhí dreas déanta aici nach bhfáisceann S. suas ar an gcláirín agus nach dtosaíonn sé féin. Is air a chruinnigh a raibh ar na rástaí. Thug sé an sway leis as chuile cheaird ag damhsa