Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Druiminn
ainm-fhocal, buineann
geineamhnach uathaidh: na druiminne
dromainn (fc. druim, dromainn is an gcnuasach seo); dromán, for-chruit ar an druim, nó druim árd, teangmháilte.
+
Duine ar bith nach gcuirfidh druiminn air siúd le pórtar, ní gar dó a bheith ag súil go dtiubharfaidh sé uain dó le barra. Dheamhan é muis
Chreidim go raibh druiminn ar an "gcaiptín" seo thíos len ar ól sé lá an aonaigh. Deir sé féin go ndearna sé craos. 'Ar ndú' sin dhá phionta
TUILLEADH (4) ▼
Níor bhfuláir druiminn a chur ar an asal sin le 'mbuailfí air. Tá sé ag cínnt orm a chuibhriú chor ar bith. Tá a bhfuil de cheanglacháin ann briste aige
Chuir mé druiminn orm féin le'r ith mé de cheaile indiu.
Fágfaidh an scaróireacht druiminn air, cuirfidh mise geall leat. Tá an diabhal sin ag imeacht in a ríste ariamh, gan buille maitheasa, nó go mb'éigin dó an méid sin a dhéanamh ar na portaigh
Má chloisimse druid uait aríst go faoithin, cuirfidh mé druiminn ort le a dtiubharfaidh mé de bhata dhuit. Ní hé a mhalrait atá tú a thuaradh dhuit féin; ag imeacht ag cur allais asad annsin, agus gan méir i gcluais le cloisteáil agad. Nach breagh nach mbeitheá cuibheamhail fearacht do leithide ar bith 'san tír, agus gan na daoine a náiriú

Féach freisin

Druiminn in iontrálacha eile (1)

 
Má thugann tusa faoi deara anois é, feicfidh tú go bhfuil druiminn ins an talamh ann siar fré chéile. Deir sé gurb shin é an áit a raibh an sean-bhóithrín fadó. Chreidim nach bóithrín a bhí ann ach casán, agus go mbadh mhaith in a chasán féin é ins an am sin.