Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
droiminn
ainmfhocal, baineann
ginideach uatha: na droiminne
dromainn (fc. droim, dromainn sa gcnuasach seo); dromán, forchruit ar an droim, nó droim ard, teangmháilte.
+
Duine ar bith nach gcuirfidh droiminn air siúd le pórtar, ní gar dó a bheith ag súil go dtabharfaidh sé uain dó le bara. Dheamhan é muis
Chreidim go raibh droiminn ar an gcaiptín seo thíos lenar ól sé lá an aonaigh. Deir sé féin go ndearna sé craos. Ar ndóigh sin dhá phionta
TUILLEADH (4) ▼
Níorbh fholáir droiminn a chur ar an asal sin le a mbuailfí air. Tá sé ag cinnt orm a chuibhriú chor ar bith. Tá a bhfuil de cheanglacháin ann briste aige
Chuir mé droiminn orm féin le ar ith mé de cheaile inniu
Fágfaidh an scaróireacht droiminn air, cuirfidh mise geall leat. Tá an diabhal sin ag imeacht ina ríste ariamh, gan buille maitheasa, nó go mb'éigean dó an méid sin a dhéanamh ar na portaigh
Má chloisimse druid uait aríst go faoithin, cuirfidh mé droiminn ort le a dtabharfaidh mé de bhata dhuit. Ní hé a mhalrait atá tú a thuaradh dhuit féin; ag imeacht ag cur allais asat ansin, agus gan méir i gcluais le cloisteáil agat. Nach breá nach mbeifeá cuibhiúil fearacht do leithide ar bith sa tír, agus gan na daoine a náiriú

Féach freisin

droiminn in iontrálacha eile (3)

+
Tá droiminn (droimeann) bhán sa mbó sin aige
TUILLEADH (2) ▼
Bhí gamhain urrúnta ag M. Ó H.: gamhain breá agus droiminn ann. Dheamhan thiomanta pínn a tairgeadh dhó air ach seacht bpunt. Ná a bhfaigheadh sé fear a fhiafraí chor ar bith ó bhí ucht an lae caite
Cé leis an lao droiminn bhán atá ag scoitheadh claíochaí síos ansin. Ní hea ach is ginn é! Is beag an stró a bhí air a dhul de léim choscartha thar chlaí an bhóthair agamsa ansin thíos ar ball. Déarfainn gur maith a chuaigh a lacht dó ar chaoi ar bith, bail ó Dhia air!