Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Díbeartha
Aidiacht
righte, sceirdeamhail, ar bhinn-tséideadh gaoithe, báistighe agus droch-shíne, ag fuagairt droch-shíne; garbh, fuar, crotalach, feidheartha, gan fascadh ná dídean. (Druim díbeartha cf. druim)
+
Cé'n fáth a dtiubharfá a leithide sin de thabhairt ort féin a leithide de lá. Má's dona annseo é tá an bóthar amach díbeartha ar fad. Níl claidhe ná fál leis, ná fascadh ná dídean air, ach lorg cois na bó ar an gcneagaire
Dhá dheannachtaighe dá dtiocfaidh an lá, bíonn fascadh eicínt ar na bóithrí seo, ach tá na bóithrí siar an-díbeartha críochnuighthe. Ní bheadh a fhios agad dhá dteightheá ar "bhicycle" ins an oíche ann nach amach indiaidh do mhullaigh i bhfiodán a chuirfí tú. Fuair mise mo dhóthain díob
TUILLEADH (10) ▼
An bóthar L., bóthar an-díbeartha é. Tháinic oíche shneachta orm cheana idir M. agus an áit seo, agus shíl mé nach srianfainn anuas go deo é. Bhí an bóthar plúchta, agus gan a fhios agam cé'n nóiméad a gcaithfí ar mo bhéal agus ar m'fhiacla soir le fánaidh ins na lag-phuill domhainne siúd mé. Is mise a bhí buidheach ach ar rug mé anuas ar na fálta ag tigh Ph. Ch.
Tá an áit siúd a bhfuil sé cho righte, cho díbeartha le tamhnóig i lár an tsléibhe. Ní fhaca mé aon-áit go h-iomaidh is mó a fhuagruigheas gála ná é. Bhí mé thuas ann oíche ar cuairt anuiridh, agus shílfeá go raibh an teach dhá thógáil dhá lúdracha leis an gcaoi a raibh an ceann ag sníomh agus ag gioscán
Is díbeartha an áit a bhfuil sé ag cur a inghine: isteach ar an mbáinseoigín luachra sin idir dhá chíocra, agus nach síon dá séidfidh nach mbainfidh cleite aisti (fuadóchaidh sí an teach uirre)
Ná bac le fascadh. Níl fascadh annsiúd ar ghaoith ar bith. Nach bhfuil sé i mbéal an ghairbhshin. Áit díbeartha críochnuighthe é.
Mo choinsias 's dar m'anam, bainfidh an ghaothtalach seo gíoscán as na creatlaigh aige indiu, ná ag fear ar bith eile atá ag déanamh an bhóthair sin. 'Sé leiceann ó thuaidh Ch. Bh. an giodán is díbeartha in Éirinn. Níl aon-tsíon dhá séideann aníos ó mhullach an domhain nach n-aimsigheann é
Cladach díbeartha é. Tá sé ar aghaidh na righteachta ceart. Badh é do chloch neart seasamh ann lá geimhridh. D'fhuadóchadh an sinneán de do bhonnaidheachaí thú. Dheamhan thairis sin de ghaisce insan samhradh féin é
Is dona na gnatha a bheadh ort a dhul do do chailleadh féin suas an bealach díbeartha sin leithide an lae indiu. Dhá mbeadh an bóthar faoi do chois, níor chás duit é, ach ag caruidheacht le réidh-chasáin nach siubhalfeadh na gabhair. Ní leithne an t-aer ná an timpiste a mhic ó. Is fánach an chaoi a mbainfí leagan asad, agus thú a chur go dtí do dhá shúil igcaochpholl. Tá do dhóthain breithe agad a dhul annsin. Is iomdha lá breagh a thiocfas as seo go dtí lá Bealtaine seo chugainn
Is doiligh díbeartha an t-aistir é ag aon-Chríostuidhe beo indiu. Ach dheamhan a dhath drugail aige siúd roimhe. Tá an chleachtadh mhór aige air. Chonnaic mise é sin ag imeacht oícheanntaí as seo le dhul abhaile, agus dheamhan a dtiocfá cho fada le ceann an sconnsa sin dá mbeadh do chailleadh go deo leis. Ní bheadh aon-mhaith é a bhacadh in a dheidh sin. Bhuailfeadh sé a dhá shéirín taobh thíos dhá dhá ghlúin, agus dá mbadh í an oíche í ar ith Ceile na bradáin ghreadfadh leis abhaile
Is ridire caorach é, ach tá sé cínnte dubh agus dubh air aon-bhean a fháil in a dheidh sin. Níl aon-tsaint ag bean ar bith a dhul amach ar thamhnóig cho h-aistreánnach, cho díbeartha leis an áit siúd. Cé'n bhrigh dhá mbeadh cupla teach ann, ach níl teach ná árus níos goire dhó ná F., agus tá sin cheithre mhíle uaidh, má tá sé taobh leis. Cá'il an bhean a bhuailfeadh faoi áit de'n tsórt sin. Bhí an saoghal ann agus dhéanfadh, ach ní anois é
Tá an teach thiar ag gob na locha faoi aill. Tá lúibinn bheag isteach ann agus é le h-ais na lúibinne. Níl tada timcheall air ach eascaidheachaí agus cíocraí agus scrath-ghlugair, agus seisceallach ann a dtiocfá go h-ascallaí innte. An uair a bhíos stolladh ar bith ann, diabhal mé go mbíonn an loch cho coipthe agus a bhíos an fhairrge sin thíos. Áit díbeartha ceart é, ach mhairfeá in a dheidh sin ann, dhá mbeadh fuighleach airgid agad

Féach freisin

Díbeartha in iontrálacha eile (9)

+
droim
Ní fhágfaí in aon-choláiste faoin domhan é, nach gcuirfí druim díbeartha air as, mara indán agus go gcasfaí i gcoláiste "bligeárds" é go díreach. Bheadh sé in a cheann feadhain annsin (druim díbeartha a chur air = é a dhíbirt, a ruaigeadh, a ionnarbadh, a chur chun bealaigh de'n bhuidheachas)
TUILLEADH (8) ▼
Cuireadh druim díbeartha air uiliog as an tír seo. An t-am a raibh sé tugtha síos faoi'n ngearrchaile sin thoir, chuaidh an sagart go dtí é, agus d'fhuagair sé air a bheith ag imeacht go beo deifreach, nó go gcuirfeadh sé féin ag imeacht é. Go deimhin, níorbh áirge mhór ar bith i bpobal é
Ar an mbaile seo a bhí sé taithighthe uiliog tamall, ach cuireadh druim díbeartha air as. D'ionnsuigh seala de na gearrbhodaigh oíche é. Dheamhan ceo dhá chuid millteanais a chonnaic mé, ach bhí le rádh in a dheidh sin go raibh sé ag tabhairt scaibhtéaracht faoi deara dhó féin insan aimsir deireadh
Is diabhlaí nach bhfuil deoir phoitín ar bith ins an tír anois. Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid póilíos! Bhí sé fánach ag na póilíos an ceann is fhearr a fháil air, ach 'siad na misinéaraí a chuir druim díbeartha air. 'Siad a bhí deas air. An uair a thosuigh sé siúd ag scaimhléaracht agus ag loscadh mionnaí mhóra, níor leig an faitíos d'aonduine gan a chomhairle a dhéanamh mar a mbeadh bairillín bréan — poll fataí d'fhear — mar é sin thíos ann, go díreach. Ach duine ar an dioscán é sin … Tá a fhios ag an lá gur imigh an tsubháilce as an tír an lá ar imigh an poitín. Ba é "Bainne Dubh na Féile" é dháiríre
Meastú cá'id go dteighidh druim díbeartha ar na Sasanaigh as Cúige Uladh, nó an ngabhfaidh go bráth. Is fusa é a rádh ná a dhéanamh arsa tusa. Tá siad an-dubh ann, agus tá na Sasanaigh cho geanntáilte sin ann, agus go dtóigfidh sé aimsir a gcur de dhruim seoil. Déanann siad an-dícheannadh ar na Rúmhánaigh (Rómhánaigh = Caitlicigh) thíos ann, nach ndéanann. Ó tá rútaí Chromail go daingean annsin fós
Ba cheart druim díbeartha a chur ar na Ghiúdaigh sin ar fad as an tír, agus cead a thabhairt dóib a dhul ar ais go dtí an áit ar b'as iad. Ní éadáil ar bith ins an tír iad. Nach shin iad a chroch Mac Dé ins an gcrann. Chrochfadh agus aríst dhá bhfaghaidís luach saothair as a ucht. Is orra nach mbeadh an mhairg.
Druim díbeartha a bhí a chur air fhéin agus ar a dhreám as an tír, agus cead a thabhairt dóib a dhul anonn go Sasana ó's ann atá a gcroidhe. Bhí an-chion aca ar thighearnaí i gcomhnaí, ach ní fhaghann siad deis ar a gcuid brocamais a dhéanamh anois, mar a rinne siad roimhe seo do na B., nuair a chaith siad an bhean a bhí idtinneas cloinne amach chois an chlaidhe.
Dhá bhfairsingigheadh na h-easógaí chuirfidís druim díbeartha ar na luchain agus ar na francaigh. Deirimse leat gur beag an luch ná an fhrancach a lonnóchas ins an áit a mbeidh siad sin
Meastú an féidir druim díbeartha a chur chor ar bith ar an sionnach. Tá an baile — an tír arsa tusa — sladtha aige. Céard adeir tú leis a d'árduigh leis cearc de'n tsráid annsin indé go deireannach, as comhair mó dhá shúl. Airigheann sé go bhfuil púdar gann. Marach sin is beag de'n tsireoireacht seo a bheadh air in aice na dtighthe