Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díbeartha
aidiacht
rite, sceirdiúil, ar bhinntséideadh gaoithe, báistí agus drochshíne, ag fuagairt drochshíne; garbh, fuar, crotalach, feidheartha, gan foscadh ná dídean. droim díbeartha, fc. droim.
+
Cén fáth a dtabharfá a leithide sin de thabhairt ort féin a leithide de lá. Más dona anseo é, tá an bóthar amach díbeartha ar fad. Níl claí ná fál leis, ná foscadh ná dídean air, ach lorg cois na bó ar an gcnagaire
Dhá dheannachtaí dá dtiocfaidh an lá, bíonn foscadh eicínt ar na bóithrí seo, ach tá na bóithrí siar an-díbeartha críochnaithe. Ní bheadh a fhios agat dhá dtéiteá ar bhicycle san oíche ann nach amach i ndiaidh do mhullaigh i bhfeadán a chuirfí tú. Fuair mise mo dhóthain díobh
TUILLEADH (10) ▼
An bóthar L., bóthar an-díbeartha é. Tháinig oíche shneachta orm cheana idir M. agus an áit seo, agus shíl mé nach srianfainn anuas go deo é. Bhí an bóthar plúchta, agus gan a fhios agam cén nóiméad a gcaithfí ar mo bhéal agus ar m'fhiacla soir le fána sna lagphoill domhaine siúd mé. Is mise a bhí buíoch ach ar rug mé anuas ar na fálta ag tigh Ph. Ch.
Tá an áit siúd a bhfuil sé chomh rite, chomh díbeartha le tamhnóig i lár an tsléibhe. Ní fhaca mé aon áit go hiomaí is mó a fhuagraíos gála ná é. Bhí mé thuas ann oíche ar cuairt anuraidh, agus shílfeá go raibh an teach dhá thógáil dhá lúdracha leis an gcaoi a raibh an ceann ag sníomh agus ag gíoscán
Is díbeartha an áit a bhfuil sé ag cur a iníne: isteach ar an mbáinseoigín luachra sin idir dhá chíocra, agus nach síon dá séidfidh nach mbainfidh cleite aisti (fuadóidh sí an teach uirthi)
Ná bac le foscadh. Níl foscadh ansiúd ar ghaoith ar bith. Nach bhfuil sé i mbéal an ghairfin. Áit díbeartha críochnaithe é
Mo choinsias is dar m'anam, bainfidh an ghaotalach seo gíoscán as na creatlaigh aige inniu, ná ag fear ar bith eile atá ag déanamh an bhóthair sin. 'Sé leiceann ó thuaidh Ch. Bh. an geadán is díbeartha in Éirinn. Níl aon tsíon dhá séideann aníos ó mhullach an domhain nach n-aimsíonn é
Cladach díbeartha é. Tá sé ar aghaidh na riteachta ceart. Ba é do chlochneart seasamh ann lá geimhridh. D'fhuadódh an soinneán de do bhonnaíochaí thú. Dheamhan thairis sin de ghaisce sa samhradh féin é
Is dona na gnaithe a bheadh ort a dhul do do chailleadh féin suas an bealach díbeartha sin leithide an lae inniu. Dhá mbeadh an bóthar faoi do chois, níor chás duit é, ach ag coraíocht le réchosáin nach siúlfadh na gabhair. Ní leithne an t-aer ná an timpiste a mhic ó. Is fánach an chaoi a mbainfí leagan asat, agus thú a chur go dtí do dhá shúil i gcaochpholl. Tá do dhóthain breithe agat a dhul ansin. Is iomaí lá breá a thiocfas as seo go dtí Lá Bealtaine seo chugainn
Is doiligh díbeartha an t-aistir é ag aon Chríostaí beo inniu. Ach dheamhan a dhath drogaill aige siúd roimhe. Tá an chleachtadh mhór aige air. Chonaic mise é sin ag imeacht oícheantaí as seo le dhul abhaile, agus dheamhan a dtiocfá chomh fada le ceann an sconsa sin dá mbeadh do chailleadh go deo leis. Ní bheadh aon mhaith é a bhacadh ina dhiaidh sin. Bhuailfeadh sé a dhá sheirín taobh thíos dhá dhá ghlúin, agus dá mba í an oíche í ar ith Ceile na bradáin, ghreadfadh leis abhaile
Is ridire caorach é, ach tá sé cinnte dubh is dubh air aon bhean a fháil ina dhiaidh sin. Níl aon tsaint ag bean ar bith a dhul amach ar thamhnóig chomh haistreánach, chomh díbeartha leis an áit siúd. Cén bhrí dhá mbeadh cupla teach ann, ach níl teach ná áras níos gaire dhó ná F., agus tá sin cheithre mhíle uaidh, má tá sé taobh leis. Cá'il an bhean a bhuailfeadh faoi áit den tsórt sin. Bhí an saol ann agus dhéanfadh, ach ní anois é
Tá an teach thiar ag gob na locha faoi aill. Tá lúbainn bheag isteach ann agus é le hais na lúbainne. Níl tada timpeall air ach eascaíochaí agus cíocraí agus scraith ghlugair, agus seiscealach ann a dtiocfá go hascallaí inti. Nuair a bhíos stolladh ar bith ann, diabhal mé go mbíonn an loch chomh coipthe agus a bhíos an fharraige sin thíos. Áit díbeartha ceart é, ach mhairfeá ina dhiaidh sin ann, dhá mbeadh fuílleach airgid agat

Féach freisin

díbeartha in iontrálacha eile (9)

+
droim
Ní fhágfaí in aon choláiste faoin domhan é nach gcuirfí droim díbeartha air as, mura i ndán is go gcasfaí i gcoláiste bligeards é go díreach. Bheadh sé ina cheann feadhain ansin (droim díbeartha a chur air: é a dhíbirt, a ruaigeadh, a ionnarbadh, a chur chun bealaigh den bhuíochas)
TUILLEADH (8) ▼
Cuireadh droim díbeartha air uileag as an tír seo. An t-am a raibh sé tugtha síos faoin ngearrchaile sin thoir, chuaigh an sagart go dtí é agus d'fhuagair sé air a bheith ag imeacht go beo deifreach nó go gcuirfeadh sé féin ag imeacht é. Go deimhin, níorbh áirge mhór ar bith i bpobal é
Ar an mbaile seo a bhí sé taithithe uileag tamall, ach cuireadh droim díbeartha air as. D'ionsaigh seala de na gearrbhodaigh oíche é. Dheamhan ceo dhá chuid millteanais a chonaic mé, ach bhí le rá ina dhiaidh sin go raibh sé ag tabhairt scabhaitéireacht faoi deara dhó féin san aimsir deiridh
Is diabhlaí nach bhfuil deoir phoitín ar bith sa tír anois. Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid póilíos! Bhí sé fánach ag na póilíos an ceann is fhearr a fháil air, ach 'siad na misinéaraí a chuir droim díbeartha air. 'Siad a bhí deas air. Nuair a thosaigh sé siúd ag scamhailéireacht agus ag loscadh mionnaí mhóra, níor lig an faitíos d'aon duine gan a chomhairle a dhéanamh mura mbeadh bairillín bréan — poll fataí d'fhear — mar é sin thíos ann go díreach. Ach duine ar an deascán é sin … Tá a fhios ag an lá gur imigh an tsuáilce as an tír an lá ar imigh an poitín. Ba é "Bainne Dubh na Féile" é dháiríre
Meas tú cáid go dté droim díbeartha ar na Sasanaigh as Cúige Uladh nó an ngabhfaidh go brách. Is fusa é a rá ná a dhéanamh arsa tusa. Tá siad an-dubh ann, agus tá na Sasanaigh chomh geantáilte sin ann agus go dtógfaidh sé aimsir a gcur de dhroim seoil. Déanann siad an-dícheannadh ar na Rómhánaigh (Caitlicigh) thíos ann nach ndéanann. Ó, tá rútaí Chromail go daingean ansin fós
Ba cheart droim díbeartha a chur ar na Ghiúdaigh sin ar fad as an tír agus cead a thabhairt dóibh a dhul ar ais go dtí an áit arb as iad. Ní éadáil ar bith sa tír iad. Nach in iad a chroch Mac Dé sa gcrann. Chrochfadh agus aríst dhá bhfaighidís luach saothair as a ucht. Is orthu nach mbeadh an mhairg
Droim díbeartha a bhí a chur air fhéin agus ar a dhream as an tír agus cead a thabhairt dóibh a dhul anonn go Sasana ós ann atá a gcroí. Bhí an-chion acu ar thiarnaí i gcónaí, ach ní fhaigheann siad deis ar a gcuid brocamais a dhéanamh anois mar a rinne siad roimhe seo do na B. nuair a chaith siad an bhean a bhí i dtinneas clainne amach chois an chlaí
Dhá bhfairsingíodh na heasógaí chuirfidís droim díbeartha ar na luchain agus ar na francaigh. Deirimse leat gur beag an luch ná an fhrancach a lonnós san áit a mbeidh siad sin
Meas tú an féidir droim díbeartha a chur chor ar bith ar an sionnach. Tá an baile — an tír arsa tusa — sladta aige. Céard adeir tú leis a d'ardaigh leis cearc den tsráid ansin inné go deireanach, os comhair mó dhá shúl. Airíonn sé go bhfuil púdar gann. Murach sin is beag den tsirtheoireacht seo a bheadh air in aice na dtithe